Thursday 30 April 2009

Tá sé ina shamhradh!

Nó beidh amárach. Ó tharla go mbeidh mé ag fágáil an gharraí go luath ar maidin leis an mbóthar a bhualadh go Baile Átha Cliath, tá mé ag imeacht beagán chun cinn orm féin anseo. Is é an chéad lá de Bhealtaine céad lá an tSamhraidh anseo in Éirinn, agus le theacht an tsamhraidh bhuí a cheiliúradh, seo dán leis an bhfile ó Indreabhán, Seosamh Ó Donnchadha, nó Joe Shéamais Sheáin mar ab fhearr aithne air - Filidh Bhaile na mBroghach.

Foilsíodh an dán seo sa leabhar Aniar, chomh maith leis an aistriúchán véarsaíochta Béarla uaim féin - an chéad uair, go bhfios dom, gur foilsíodh leagan Béarla de cheann ar bith de dhánta an Fhilidh.

Foilsíodh an bundán den chéad uair sa leabhar a chuir Peadar Mac an Iomaire i dtoll a chéile i dtús na n-ochtóidí.
Ar dhluthdhiosca Aniar, tá na haisteoirí Peadar Ó Treasaigh, (mac deirféara le Johnny Mhorgan an gharraí seo) agus Áine Ní Dhroighneáin le cloisteáil ag aithris an dáin.

Maidin Bhealtaine – Joe Shéamais Sheáin Ó Donnchadha (1908 – 1982)

Nach aoibhinn liom ceiliúr na n-éan ar an gcrann
An mhaidin chiúin álainn is mé ag fáinneáil sa drúcht,
Bíogann mo chroí ‘gus m’intinn le áthas
Tráth a dhearcaim an tráth sin ar na gleannta amach romham.

Gach pabhsae ag goineadh is ag borradh go breá,
Grian gheal na Bealtaine ag ardú aníos,
Gan scamall gan smúit ar an spéir in aon áit –
Ó, céad míle fáilte roimh áilleacht an tsaoil.

An bheach is an chuileog ina luí ar an mbláth;
Is an sionnach go sásta ar an leac ina shuí,
Feiceann sé chuige an lacha is a hál
Atá ag teacht ins an snámh san loch atá faoi.

An t-uan, is an searrach ag diúl ar a mháthair,
‘S an smólach go hard ag caitheamh nótaí ón gcraobh,
An broc ar a bhealach fán gcarraig sin thall
Le codladh go sámh ann go titim na hoích’.

Feicim amach uaim na púicíní báite,
Ag teacht chugam ón láib, ag oscailt a gcroí,
Is an giorria ag treabhadh thrí na ceannabháin bhána –
Pé ar bith cén áit a chuirfidh sé faoi.

Rachaidh mé suas ar an strapa mór ard sin
Nó go bhfeice mé áilleacht na ngleannta fúm síos.
Tá sméara is sú salúin is fraochóga ag fás ann,
Ach níl siad an t-am seo sách aibí le n-ith’.

Rachaidh mé abhaile ar lomchosa in airde –
Ní fhéadfaidh mé an lá breá a chur tharam fá dhraíocht –
Ach rachaidh mé an bealach, le cúnamh Dé, amárach
Nó go mbaine mé sásamh as fíoráilleacht an tsaoil.


May Morning


This crystal-clean morning, I roam through the dewdrops
I love how the birds celebrate in the trees
My heart and my head are pulsating with joy
As I look on the valleys that stretch to the sea.

The flowers at their sprouting and blooming all round me
The bright sun of Maytime is climbing the sky
Not a cloud or a stain in all of the heavens
As I welcome the beauty assailing my eye.

The bee and the fly whiz and hover all over
A fox licks his paws as he lies on a flag
He watches a duck and her clutch in the water
Bobbing and paddling across to the bank.

The lamb and the foal drink the milk of their mother
The thrush up on high throws his tune to the wind
The badger goes homeward by rocks through the heather
To sleep til the moon lights the sky once again.

I see out before me the bright water lilies,
Rise from the mud towards the bright sun above,
The hare ploughs his way through a cloud of bog cotton,
He heads for the hills and the hollows he loves.

I’ll walk up myself through that path to the hillside
And look down again at the valleys all round
The strawberries, bilberries growing all over
Soon they’ll be ready to pick from the ground.

I’ll head on for home then, my bare feet beneath me
But I’ll treasure this magic for many a day
And maybe tomorrow I’ll walk here to savour
Once more all this beauty I see on my way.

Céad lá ag Obama sa Teach Bán


Shílfeá nach raibh Angela Merkel an-sásta an samhradh seo caite nuair a leandáil Barack Obama sa nGearmáín, le castáil léi, ar ndóigh, ach níos tábhachtaí fós, le labhairt os comhair slua ollmhóir i mBeirlín. Thuigfeá di, ar bhealach. Ach ar bhealach eile, bhain an imeacht sin le hathrú atá tagtha ar leagan amach an domhain mhóir, go háirithe ó tháinig ann don réabhlóid dhigiteach - is pobal comhdhlúite muid i bhfad níos mó ná riamh agus bímis sásta leis nó ná bíodh, tá ról an-lárnach ag an té a bhíonn ina shuí ag an deasc san oifig ubhchruthach sin ar Ascaill Pennsylvania.

Ní haon saineolaí polaitíochta mise, ach mar shaoránach Eorpach, tá mé i bhfad níos compórdaí le cur chuige Obama ná mar a bhí le modus operandi an IarUachtarán Bush. An cur chuige atá ag Obama le muintir na hIaráine, cuir i gcás. Tá sibhialtacht, fhada, shaibhir, chasta, luachmhar ag an Iaráin, nó an Pheirs, mar a thugtaí fadó uirthi.

Ach an oiread le tír ar bith, ní aontaíonn chuile shaoránach leis an gcuir chuige atá ag a nUachtarán féin, leis an mbuaileam sciath a bhíonn aige le hIosrael, cuir i gcás. Rinne Obama an rud ceart, dar liom, geataí na taidhleoireachta a oscailt do mhuintir na hIaráine. B'fhéidir gur simplíocht atá sa dearcadh sin agus b'fhéidir gur simplíocht atá sa bpolasaí nua atá á leanacht ag foireann reatha an Tí Bháin. Ach baineadh triail sách fada as bealach na mbriathra buille agus ní dóigh liom go raibh na torthaí chomh dearfach sin.

Is cinnte go bhfuil seans mór tógtha ag Obama leis an bpacáiste ollmhór atógála, nó athspreagtha nó pé rud a thabharfá air. An éireoidh leis sin? Beidh le feiceáil, mar a deir muintir Bhéal Feirste.

Pé rud a déarfá faoi, caithfidh mé a rá gur faoiseamh aigne dom nár éirigh le Sarah Palin a bealach a dhéanamh aniar aduaidh ó Wassilla go Washington. Tá go leor le rá ar shon John McCain, ach ní bheadh an cinneadh sin a thóg sé bean Alasca a cheapadh mar iarrthóir tánaisteach ar an gceann is stuama a rinne sé i gcaitheamh a shaoil pholaitíochta. Bhain muid an-spórt as an bhfeachtas ina dhiaidh sin anseo sa Spidéal, agus ó tharla ann do YouTube, bhí muid in ann í féin agus Tina Fey a leanacht ó sheachtain go seachtain is ó lá go lá. An-ábhar grinn, marach go raibh na stéiceanna chomh hard (uaireanta bím róleisciúil focal.ie a sheiceáil - mo leithscéal, a léitheoirí).

Beidh sé spéisiúil féachaint an mbeidh Obama fós ina bhuachaill bán againn anseo san Eoraip faoi chéann ceithre bliana eile. (Ní raibh aon díspeagadh ciníoch i gceist leis an leagan cainte deiridh sin, ach mé ag iarraidh an nath juste, mar a déarfadh an Francach, a aimsiú).

Lorg na Gaeilge ar Bhéarla Mhaigh Eo


Seo cúpla sampla eile de leaganacha cainte atá ar fáil go coitianta i mBéarla Mhaigh Eo, ar cosúil gur aistriúcháin ón nGaeilge iad:

I came on it abroad in the field (Tháinig mé air amuigh sa ngarraí - is annamh a d'úsáidfeadh glúin m'athar an briathar Béarla "to find" - níl sé ann sa nGaeilge)

The things he draws down to be talking about (Na rud a dtarraingíonn sé anuas le bheith ag caint orthu)

He came home from England and a big car at him (Tháinig sé abhaile ó Shasana agus carr mór aige)

To go in face of the work (Imeacht in éadan na hoibre)

He pulled a kick on me (Tharraing sé cic orm)

I'm very great with her (Tá mé an-mhór léi)

I hit up with him at the match (Bhuail mé leis ag an gcluiche)

The village is proud out of you (Tá an baile bródúil asat)

What's on you? (Céard atá ort?)

Wednesday 29 April 2009

Do Be Do Be Do (nó an aimsir ghnáthláithreach i mBéarla na hÉireann)


Ceann de na deacrachtaí is mó, sílim, a bhíonn ag eachtranaigh agus iad ag foghlaim na Gaeilge ná an úsáid is ceart a bhaint as an aimsir ghnáthláithreach. Do mo leithéid, a tógadh le Béarla na hÉireann, ní bhíonn an deacracht sin ann, mar go bhfuil leagan den aimsir ghnáthláithreach againn i mBéarla na tíre seo. Tá sé ag imeacht i léig, cheapfainn, i nGalltacht an lae inniu, ach tógfaidh sé glúin nó dhó eile fáil réidh go hiomlán leis.

Domsa, fós, tá rud éigin míshásúil ag baint le "He talks about the weather all the time". "He does be talking about the weather all the time" a bheadh ó dhúchas agam. Tá maolú áirithe tagtha ar m'úsáid den aimsir ghnáthláithreach i gcaitheamh na mblianta, go háirithe agus mé ag meascadh le daoine meánaicmeacha i mBaile Átha Cliath, daoine a mbeadh an-drochmheas acu ar an gcineál sin Béarla. Ach nuair a bhím sa mbaile i Maigh Eo, ag seanchas le mo dhream féin, bíonn "does bes" agus "do bes" ag imeacht go tréan agam.

Ní cuimhneach liom riamh gur dearnadh aon cheartú ar an aimsir ghnáthláithreach agus muid ag dul ar scoil. Ní cuimhneach liom brú ar bith a bheith orainn "She tells stories" a rá in ionad "She does be telling stories". Spéisiúil go leor, sa scoil Ghaeltachta ar fhreastal mo bhean uirthi agus í beag, dhéantaí géarleanúint ar na "does bes" agus na "do bes". DrochBhéarla a bhí ann agus ní ligfeadh an máistir le rá go raibh drochBhéarla ag a chuid scoláirí, díreach mar go raibh an Ghaoluinn mar chéad teanga acu. Fágann sé sin gur minic Béarla níos cruinne, ó thaobh na gramadaí, ag muintir na Gaeltachta in Éirinn ná mar a bhíonn ag muintir na Galltachta.

Tá níos mó ná leagan amháin ann den aimsir ghnáthláithreach ar fáil in Éirinn. Tá "he bes" cloiste agam (ó mhuintir Mhuineacháin, sílim) in ionad "he does be". Go deimhin, agus mise beag, d'airigh mé i gcónaí go raibh "he does be" ní b'fhearr mar Bhéarla ná "he do be", caint a chloisfeá ó dhaoine a bhí ar fíorbheagán oideachais. Gearán an chorcáin leis an gciteal, mar a deir muintir Chiarraí.

B'fhéidir gurb iad scriptscríbhneoirí Giúdacha Hollywood, a chuir go mór leis an íomhá "stage Irish" agus iad ag cumadh comhrá do leithéidí Bharry Fitzgerald, a chuir ár gcairde Gaelacha i Meiriceá in aer agus iad ag strachailt leis an aimsir ghnáthláithreach. Bhí sé tugtha faoi deara ag na scríbhneoirí sin go raibh rud eicínt mar é ar fáil i mBéarla na hÉireann, ach ní rómhinic a d'éirigh leo breith i gceart air - chloisfeá a leithéidí "Will you be havin' a drink there, father?" nó níos fearr fós "Is it a drink you'll be after havin' father and you after walkin' these four score and twenty miles for to get here?" ó Bharry Fitzgerald. Caithfidh go raibh a fhios aige siúd go maith nach raibh struchtúir Bharócacha den chineál sin, dá fheabhas iad, le fáil ar an oileán iathghlas.

Ach an oiread leis an bplé a bhí an tseachtain seo caite againn faoi na dathanna (oscailt súl dom ab ea an t-alt ar wikipedia a chuir an cainteoir dóchais faoi mo bhráid, faoin éagsúlacht tuiscintí atá ar fáil i dteangacha éagsúla ar dhathanna) is léiriú spéisiúil an aimsir ghnáthláithreach ar na tuiscintí éagsúla is féidir a bheith ann ó chultúr go cultúr ar rud chomh bunúsach le caitheamh agus imeacht an ama - a subject I do be often thinking about.

Tuesday 28 April 2009

Nuair a theipeann ar chuile shórt eile, lig ort go bhfuil tú caillte


Sin seanfhocal Laidine an lae, a chairde - Quando omni flunkus, moritatus. An rud is mó a thugaim suntas dó sa gceann seo ná an focal sin "flunkus". Samhlaím an focal Béarla "flunk" le leithéidí Tony Soprano "You flunk one more time, you'll be swimmin' with the fishes". Ar ndóigh is de bhunadh na hIodáile é Antaine Mór, ach an ón Laidin a tháinig an focal "flunk" isteach i gcaint sráide Mheiriceá? (In ainneoin an tslada atá déanta ag Béarla Mheiriceá ar Bhéarla na hÉireann - "line" tagtha in áit "queue", "closet" in ionad "press" srl, ní focal é atá cloiste agam ó Éireannaigh d'aois ar bith.)

(Tá súil agam nach gcuirfidh an píosa seo as do shláinte ár gcara, Brian, ar tháinig taom an uair dheiridh ar tharraing mé anuas Béarla na hÉireann, taom a d'fhág beagáinín buartha mé, le fírinne).

Annabel agus Curach Chill Dara



Chuir píosa an lae inné faoi na rannta mé ag cuimhniú ar an tréimhse a chaith mé ag obair leis na gasúir a bhí páirteach sa dlúthdhiosca, Gugalaí Gug! Bhí dhá ghrúpa i gceist - gasúir ó cheantar Indreabháin, a bhí ag freastal ag an am ar Scoil Sailearna, ceann de na bunscoileanna is mó i nGaeltacht Chonamara. An darna grúpa, bhain siad le ceann de na scoileanna is lú - Scoil an Chnoic i Leitir Mealláin. Naonúr gasúr a bhí ar na rollaí nuair a rinne muid an taifeadadh ann i 2005 agus bhí ceathrar acu sin i rang a sé. Dúnadh an scoil an bhliain dar gcionn, ceal scoláirí. Ní raibh an scoil i bhfad tar éis comóradh a dhéanamh ar chéad bliain a bunaithe agus leabhar breá foilsithe acu a chuir síos ar stair na scoile.

I bhFómhar na bliana 2005, d'eagraigh muid ócáid in Ionad Ealaíon an Ark, i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Is é an Ark an t-aon ionad cultúrtha in Éirinn, go bhfios dom, ar ealaín do pháistí amháin a bhíonn le feiceáil agus le cloisteáil ann.

Shocraigh mé naonúr Scoil an Chnoic a thabhairt aniar le ceolchoirm bheag a dhéanamh san Ark agus aird na hardchathrach a dhíriú ar "Gugalaí Gug!"

Tháinig cuid mhaith de na máithreacha linn don lá agus bhí an-scléip againn, agus Bláthnaid Ní Chofaigh mar bhean an tí don ócáid.

Duine de na gasúir ba mhó ar bhain mé féin agus an léiritheoir John Ryan taitneamh as a bheith ag obair léi ná an cailín beag ba óige ar fad sa scoil - Annabel Ní Chonghaile, a bhí ceithre bliana d'aois an uair a rinne muid an taifeadadh. (Creidim féin gur fiú luach Gugalaí Gug lena glóirín álainn a chloisteáil ag aithris "Tic Teaic Tiú, Péire bróga nua").

Ba é seo an chéad uair ag Annabel ar thuras traenach, agus más buan mo chuimhne, a céad chuairt ar Bhaile Átha Cliath. Ba mhór idir garrantaí beaga, bóithríní cúnga agus sconsaí cloiche na háite thiar agus an talamh réidh a bhí le feiceáil taobh thoir de Ghaillimh. Bhí Annabel ina suí trasna uaim agus muid ag sciúrdáil linn trí Churach Chill Dara. Bhain sí lán a súl as an bhfairsinge a bhí ag leathnú roimpí chaon taobh de na ráillí iarainn. Chas sí chuig a mam le hiontas "Breathnaigh a mhama!" a deir sí. "Garraí mór millteach!"

Monday 27 April 2009

Pobalbhreith - Ginmhilleadh




60% agaibh a bhí i bhfábhar ginmhilleadh a bheith dleathach. Bhí dhá fhoghrúpa i gceist anseo - an 25% a cheap gur rogha pearsanta a bhí ann agus an 35% a bhí ar a shon i gcásanna áirithe. 30% a bhí ina choinne agus 10% a cheap go mba chuma mar go bhfuil fáil air sa mBreatain ar aon nós.

Tá pobalbhreith nua ar fáil anois.

Leabhar na Seachtaine - Cniogaide Cnagaide le Nicholas Williams


Scríofa ar bhrollach na cóipe atá agam den sárleabhar seo le Nicholas Williams, tá an dáta "Dé Sathairn, 7ú Meán Fómhair, 1991" agus an nóta - "an chéad deireadh seachtaine in Inse Chór".

Bhí mé féin agus í féin díreach tar éis bogadh isteach sa teach ar Bhóthar Thír Chonaill, teach a bheadh mar bhaile againn go dtí go bhfágfadh muid Baile Átha Cliath naoi mbliana ina dhiaidh sin. Bhí ár gcéad pháiste, Marcus, ar an mbealach agus is léir ó mo rogha ábhar léitheoireachta go raibh mé ag iarraidh réiteach faoina chóir.

Is gearr go mbeidh ocht mbliana déag caite ó scríobh mé an nóta sin. Tá Marcus níos airde ná mé féin faoin tráth seo (níl mé a rá gur gaisce mhór é sin, ach sin mar atá) agus tá triúr eile tagtha sna sála air. Tá an leabhar agam ó shin agus le blianta beaga anuas, chomh maith le húsáid a bhaint as i saol an teaghlaigh, tá mé th'éis filleadh air arís is arís mar fhoinse ábhair i mo shaol cruthaitheach.

Séard atá in "Cniogaide Cnagaide" ná cnuasach thar a bheith cuimsitheach de rannta traidisiúnta na Gaeilge. Tharraing mé féin go láidir ar bhailiúchán an leabhair agus mé ag roghnú ábhair don dá dhlúthdhiosca/leabhar ón traidisiún atá léirithe agam féin agus John Ryan le roinnt blianta anuas - Gugalaí Gug agus Peigín Leitir Móir.

Tá ábhar anseo ó chuile chanúint agus go leor ó áiteacha sa tír nach gcloistear an Ghaeilge á labhairt mar theanga dhúchais níos mó. D'éirigh liom píosa álainn a aimsiú ann ó Chlár Chlainne Mhuiris, cuir i gcás, le cóiriú agus le taifeadadh don chnuasach is deireanaí uainn, "Peigín Leitir Móir" - "Seo í Olann na Caorach Báine" (tá a fhios agaibh mise agus an tuiseal ginideach...)


Don té a bheadh ag iarraidh cur lena eolas ar an réimse seo den bhéaloideas a bhfuil oiread di ann sa nGaeilge, níl sárú "Cniogaide Cnagaide" ar fáil.

Sunday 26 April 2009

Físeán na Seachtaine - Clannad, Téir Abhaile Riú 1977


Seo an chuma a bhí ar Chlannad an chéad uair ar leag mise súil orthu sa mbliain 1977 ag Féile Cheoil Bhaile Easa Dara i gContae Shligigh. Bhí an darna albam "Clannad 2" ar an saol (bhíodh daoine spárálach leis an tsamhlaíocht an uair sin agus iad ag cumadh teideal dá gcuid albam) agus bhí an fhuaim úr aniar aduaidh ag dul i gcion ar dhaoine. Bhí mise faoi dhraíocht acu - na hamhráin, na cóiriúcháin, an chanúint exotic Gaeilge a bhí acu a bhí an-deacair le tuiscint ach an-spreagúil mar dhúshlán. Cheannaigh mé an chéad albam chomh maith leis an darna ceann is thug faoi na hamhráin ar fad a fhoghlaim. Cuid d'fhuaimrian m'óige é "Téir Abhaile Riú"

Amor caecus est


An pléisiur is mó domsa a bhaineann le bheith ag útámáil ar bhonn amaitéarach leis an teangeolaíocht ná an nóiméad sin anois is arís nuair a thagaim ar cheangail nach raibh a fhios agam a bheith ann idir focail i dteangacha éagsúla. Cuimhním fós ar an lá cúpla bliain ó shin agus mé i mo shuí i mbialann Mhic Dhonncha ar shráid na céibhe i nGaillimh agus mé ag tabhairt faoi phláta sceallóg agus trosc, gur thug mé faoi deara ar phóstaer le mo thaobh ar an mballa go raibh gaol idir an focal Gaeilge "trosc" agus "torsk" na Danmhairgise. Is léir gurb iad na Lochlannaigh, nó na Danair, mar a thugtaí go minic orthu agus mise ag dul ar scoil, a thug an focal sin dúinn ar an iasc breá sin atá ag éirí an-ghann na leathanta seo.

Díreach anois a thug mé ceangal eile faoi deara. An lá cheana, chuir mé isteach giuirléidín ar an mblag seo a chuireann seanfhocal Laidine faoinár mbráid chuile lá. Inniu, is é an seanfhocal atá romhainn ná "Amor caecus est" - "Bíonn an grá caoch". Is léir gur ón bhfréamh chéanna a shíolraigh "caoch" agus "caecus" ("cieco" atá ann san Iodáilis).

"Dall" atá ag na Briotáinigh, mar a chéile leis an bhfocal eile atá againn féin sa nGaeilge - an bhfágann sé sin gur ón Laidin a thánig "caecus>caoch" nó an ó na Ceiltigh a fuair na Rómhánaigh é?

Friday 24 April 2009

Tiarnas an duine dhaonna


Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: "Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh."


Geineasas 1:26 - 28

Tá an ráiteas sin thuas, dar le James Lovelock, údar "The Vanishing Face of Gaia" ar cheann de na cúiseanna is mó a bhfuil an duine daonna imithe amú. An té a chreideann gur ar dheilbh Dé a cruthaíodh é, creideann sé go bhfuil sé ar leibhéal eile ó gach neach beo eile ar an bpláinéad. An té a chreideann go bhfuil sé de cheart aige tiarnas a bheith aige ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar an talamh, tá cead aige na neacha beo sin a úsáid chun a shástachta féin.

An neach a chreideann gur chóir dó a dhul i líonmhaire, an talamh a líonadh agus smacht a chur ar an talamh sin, déanfaidh sé scrios ar an talamh céanna sin faoina chosa ag deireadh thiar.

Is de bharr na tuisceana sin atá iasc na farraige ag éirí gann, go bhfuil an talamh ag éirí tirim, go bhfuil an spéir ag éirí salach, go bhfuil an t-oighear ag leá.

Ar ndóigh, mar a deir Lovelock, is é nádúr gach ainmhí a dhul i líonmhaire. Cuimhnigh ar ár gcara, an t-iora glas, mar shampla. Tugadh an t-ainmhí sin chun na tíre seo am éicint i gcaitheamh na naoú haoise déag ó Mheiriceá, le bheith mar mhaisiúchán ar eastát boic mhóir eicint i lár tíre. Bhí an t-iora glas torthach, mar a bhíonn ainmhí ar bith a mbíonn an deis sin aige. Chuaigh sé i líonmhaire. Ach de bharr nár bhain sé leis an gcóras nádúrtha a bhí th'éis forbairt anseo in Éirinn thar thréimhse fhada ama, ní raibh aon ainmhí ann a d'íosfadh é, agus a choinneodh é ó bheith ag éirí ró-líonmhar. Anois, tá an t-iora glas chuile áit a bhfuil crann ann in Éirinn. Tá an t-iora dúchasach rua curtha as riocht aige.

Is mar a chéile an scéal ag an duine daonna, ach ar scála i bhfad níos mó. Dar le Lovelock, is é an cumas sin a chúiseos an t-athrú tubaisteach atá romhainn - tubaiste a fheicfeas mo leithéid féin, atá ag druidim leis an leithchéad, le mo linn féin.

Tá súil le hOllmháthair na Cruinne agam (i gcead do MhiseÁine) nach bhfuil an ceart aige, ach feicim an chiall a bhaineann lena argóint....

Thursday 23 April 2009

Dea-scéala don Ghaeilge, fíordhrochscéala don chine daonna?


Ní raibh a fhios agam go dtí tráthnóna inné go raibh "Earth Day" Lá na Cruinne, á chomóradh inné ar fud an domhain bhig atá anois againn. Dá mbeadh, bheinn tar éis an píosa seo a phostáil inné.
Tá mé direach th'éis an leabhar is deireanaí ón eolaí cáiliúil James Lovelock a léamh. "The Vanishing Face of Gaia" is teideal dó agus tá teachtaireacht scanrúil le fáil ann.
Is é Lovelock a chum an téis, atá ina teoiric inghlactha anois, gur orgánach comhdhéanta atá sa domhan ina maireann muid. "Gaia" a bhaist sé, beagnach dhá scór bliain ó shin, ar an gcoincheap seo. Tá an t-údar ag druidim anois leis an deich mbliana le cois ceithre scór agus é fós an-ghníomhach i gcúrsaí eolaíochta.

Taobh istigh de dheich mbliana fichead, a deir Lovelock sa leabhar nua, d'fhéadfadh an pláinéad a bheith ina chíor thuathail ag an téamh domhanda ("global heating" a thugann sé air, mar a thugann muid féin air sa nGaeilge). Beidh oighear na gcríocha fuara ó thuaidh agus ó dheas ag leá leo agus de bharr nach mbeidh aon sneachta geal sna réigiúin sin le teas na gréine a fhrithchaitheamh ar ais san aer, cuirfear dlús leis an próiséas téite. Scaoilfear oiread céanna arís CO2 isteach san aer is atá cheana féin ann, gás atá sáinnithe faoi láthair faoi thailte reoite na Síbéire. Ardóidh teocht na cruinne ar an meán 6 céim Celcius, sciobtha go maith - beidh an t-ardú i bhfad níos mó ná sin in áiteacha.


Sna hilchríocha móra is measa a bheidh an slad, a deir Lovelock. Ní bheidh uisce ar fáil agus ní fhásfaidh barraí, nó mórán plandaí eile, leis na daoine a bheathú. Leathfaidh na gaineamhlaigh go rábach trasna dromchla an domhain. Beidh sé ina chogadh dearg maidir le soláthar uisce. Caillfear na billiúin duine. Ní bheidh fágtha faoi dheireadh ach líon laghdaithe daoine daonna - daonra idir 100 milliún agus billiún duine.
Beidh deireadh leis an tsibhialtacht chomhaimseartha mar is eol dúinn í.

Má tá dóchas ar bith ann, is do lucht na n-oileán é (agus ní náisiúin oileánda an Aigéin Chiúin atá i gceist agam) - An tSeapáin, An Nua-Shéalain, Na hOileáin Bhriotanacha (nach againn a bheidh an gáire dóite faoi na díospóireachtaí beaga a bhíodh ann fadó faoin teideal sin!). Beidh na háiteacha seo fós tais agus gan a bheith róthe agus dá réir sin, beidh na daoine sna réigiúin sin in ann bia a chur ar fáil dá bpobal féin. Tá dóchas aige go mbeidh daoine in ann maireachtáil i dtuaisceart Cheanada chomh maith agus in áiteacha i gCríoch Lochlann.

Is éard ba chóir dúinn a dhéanamh anois, a deir Lovelock, seachas a bheith ag útamáil le muilte gaoithe agus trádáil carbóin, ná réiteach ar bhonn práinne don tubaiste seo agus a bheith mar aidhm againn go dtiocfadh an duine daonna slán, sa gcaoi is nuair a bheas an tréimhse teasa seo thart, faoi cheann 100,000 bliain eile, go mbeidh muid in ann teacht chun cinn arís agus foghlaim cén chaoi le maireachtáil le Gaia, mar chuid comhtháite den chóras nádúrtha, seachas mar víoras atá á scrios.

Agus an deá-scéala? Bhuel, ní ag iarraidh mugadh magadh a dhéanamh de theachtaireacht chomh tromchúiseach le "The Vanishng Face of Gaia" atáim, ach má thagann an tuar faoin tairngreacht seo, d'fhágfadh sé go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de mhórtheangacha an domhain - nó an chuidín den phláinéad a bhféadfadh an duine daonna fós maireachtáil ann ar aon chaoi. Ach más fíor do thairngreacht James Lovelock, ní dóigh liom go mbeadh stádas na Gaeilge ar an rud ba mhó a bheadh ag déanamh tinnis do dhuine ar bith againn....

Wednesday 22 April 2009

Breis is dhá mhíle cuairteoir go dtí seo!


Am eicínt aréir, tháinig an darna míliú (meas sibh an bhfuil an struchtúr sin ceart?) cuairteoir isteach sa ngarraí, ón uair ar cuireadh tús leis an mblag seo ar an 9ú lá de Mhárta. Mo bhuíochas libh faoi theacht, a chlann.

Tuesday 21 April 2009

"Glas" agus "green"



Sular tháinig mé chun cónaithe i gConamara, bhíodh mé ag déanamh iontais cén fáth go n-úsáidfeadh cainteoirí breátha focla Béarla i gcásanna áirithe, nuair a bhí focal Gaeilge ar fáil. Thuig mé riamh don bhycicle, do na sweets, don suitcase fhéin - ach cén fáth go mbeadh daoine agus iad ag cur síos ar rud eicínt, a rá go raibh dath "green" air?

Ceist chasta í. Ceann de na cúiseanna gurb ea ná an t-idirdhealú a bhíodh ann (déanaim amach gur treise in Árainn ná i gConamara sa lá atá inniu ann é) idir "uaithne" agus "glas" - d'úsáidtí an focal "uaithne" le cur síos ar rud beo - féar nó duilleog nó planda de chineál ar bith. Bhain "glas" le rudaí neamhbheo - dath péinte nó a leithéidí sin.

Bhuel, b'shin a d'fhoghlaim mo mham ar scoil. Ach an fíor é? I gCorca Dhuibhne, mar shampla, "féar glas" a thugtar ar "grass" agus "féar tirim" ar "hay". Cá bhfágann sé sin "glas" agus "uaithne"?

An rud eile a dhéanann casta mar scéal é ná gurb é an focal coitianta atá i gConamara ar an dath "grey" - go háirithe i gcás fionnach ainmhithe, ná "glas" - an t-iora glas, cuir i gcás. Ach i gcaint na Gaeltachta, áit nach bhfuil mórán crainnte ann, ní áirím ioraí glasa, chloisfeá trácht ar chat glas, nó ar asal glas.

De réir mar a thuigimse an scéal, (agus seans maith nach bhfuil an rud ar fad seo tugtha liom i gceart agam agus bheadh an-spéis agam tuairimí daoine a fháil) baineann an focal "liath" den chuid is mó le gruaig seanduine a bhfuil dath "grey" tagtha uirthi. Ní usáidtear an focal "glas" le cur síos ar ghruaig seanduine - nó an úsáidtear? Chloisfeá "liath" á thabhairt ar dhath na spéire chomh maith, ach fágaimis é sin ar leataobh go fóilleach.

An rud eile, b'fhéidir, a chas daoine in éadan "glas" ná nach mbíodh an oiread sin rudaí neamhbheo ann san am a caitheadh agus dath "green" orthu, rud a d'fhág gurbh é an chiall "grey" i gcás fionnach ainmhithe ba mhó a bhí i gceist le "glas".

Ansin, tháínig Gaeilge na leabhar chun cinn sna scoileanna agus scéalta sna leabhairíní ag tabhairt "glas" air seo agus siúd - agus ag brú an idirdhealaithe a d'fhoghlaim mo mham ar scoil, seans, ar chainteoirí dúchais nár bhain an t-idirdhealú sin leis an gcanúint a bhí acu ón gcliabhán. Chuir sé sin daoine in aer ceart, sa gcaoi is nach raibh siad cinnte an dtuigfí go cruinn iad dá n-úsáidfeadh siad an focal "glas". Cé a thógfadh orthu ina dhiaidh sin ach an focal cruinn "green" a úsáid?

Aimsir thoghcháin, d'fheicfeá póstaeirí á gcrochadh anseo i gConamara, ag moladh do dhaoine tacú le "Gaeltacht Ghlas". Daoine le gruaig liath, cuid mhaith, a bhíonn ag plé leis an ealaín sin....

Tadhg Óg agus na Gorillas

Tá muid ar an traein go Gaillimh, tráthnóna samhraidh, th'éis deireadh seachtaine a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Tá dhá bhliain caite ó d'fhág muid slán le Bóthar Thír Chonaill in Inse Chór agus bóthar Chois Fharraige a thabhairt orainn féin. Bhí Tadhg Óg ag druidim leis na trí bliana nuair a d'fhág muid an ardchathair - is gearr anois go mbeidh sé cúig bliana d'aois. Ón uair ar chuir muid fúinn thiar, tá dhá bhliain iontacha caite aige i Naíonra Chois Fharraige, áit a mbíonn sé ar maidin, agus ina dhiaidh sin, sa Naíolann, go dtí go mbionn a Mham aniar tráthnóna ó na hoileáin. Tá sé ag caitheamh an lae le togha na nGaeilgeoirí, idir ghasúir agus daoine fásta agus tá snas ar a bhlas dá réir.

Agus an traein ag sciúrdáil léi trí phortaigh lár na tíre, tá mé féin agus an leaidín beag ag cur is ag cúiteamh faoin gcuairt a thug muid an mhaidin sin ar Zú Bhleá Cliath. Tá Tadhg Óg chomh craiceáilte faoi na hainmhithe is atá mé féin agus is iomaí tráthnóna breá atá caite againn ag póirseáil trí mo bhailiúcháin de leabhair David Attenborough. Anois, tá cuid de na hainmhithe sin feicthe ina steilleabheatha againn. Pléann muid na cinn a thaitníonn linn - Panda Rua na Síne, an tíogar Indiach(atá difriúil ón tíogar Síbéireach sa leabhar sa mbaile), moncaithe beaga Mheiriceá Theas agus mar sin de.

"Céard faoi na gorillas, a Thaidhgín?" a fhiafraímse de, ag cuimhniú ar na hápaí móra a chonaic muid ar ball agus na cloigne arda orthu. "Ara, bhí siad alright" a deir Tadhg Óg "ach ní fear mór gorillas mé".

Monday 20 April 2009

Trí Nithe

Trí nithe nach gcoinníonn a slacht i bhfad:

Teach ar ard,
Capall bán
Agus bean bhreá.

Físeán na Seachtaine - Liam Ó Maonlaí


Seo amhrán Connachtach á chasadh ag Liam Ó Maonlaí fonnadóir traidisiúnta agus rac-amhránaí araon a tógadh i mBaile Átha CLiath ach go bhfuil préamhacha aige i gConnachta agus i gCuíge Mumhan. Tá an t-amhrán ar fáil go coitianta i dtraidisiún Chonamara agus an teideal atá ag Liam air - Sadhbh Ní Bhruinnealaigh. Is in oileán Inis Gé (nó ceann d'oileáin Inis Gé) atá an t-amhrán suite - dhá oileán amach ó chósta leithinis an Mhuirthid in Iorras, in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Sadhbh Ní Mhuinghile a thugtar go minic ar an amhrán in Iorras agus is mór an seans gurb shin an sloinne a bhí i gceist leis an gcumadóir - tá muintir Uí Mhuinghile fairsing go maith in Iorras agus ní heol dom go bhfuil a leithéid de shloinne ann agus "Ní Bhruinnealaigh" - fuaimníonn sé cosúil leis an bhfocal "Broinngheal" a chloistear in amhráin mholta ban go minic, nó go deimhin an focal "bruinneall" (Ó Dónaill - fair maiden).

Rinne Liam an t-amhrán seo a thaifeadadh ar an albam aonair uaidh, Rian, roinnt blianta ó shin - cnaguirlisí is mó atá mar thionlacan ar an leagan atá ar an albam aige.
D'aimsigh sé fuaim ar leith ar an albam trína ghlór féin a thaifeadadh arís agus arís go dtí go raibh cór cruthaithe aige - fuaim a chuirfeadh Cór Chúil Aodha i gcuimhne duit.

Bhí teagmháil go leor go stairiúil idir oileáin Inis Gé, Inis Toirc, Inis Bó Finne agus Oileáin Árann - trádáil ar ndóigh, ach tá scéalta eile ann faoi chaismirtí idir eatarthu agus fuadach ban, fiú.

Sunday 19 April 2009

Leabhar na Seachtaine - Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill, 1942 - atheagrán, 1996, An Gúm


Is é fear an fhoclóra, Niall Ó Dónaill, Conallach ó Loch an Iúir i Rosa Thír Chonaill a chuir an cnuasach scéalta Fiannaíochta seo i dtoll a chéile den chéad uair i 1942. Is ar an gcnuasach scéalta a dtugtar "Agallamh na Seanórach" nó "Agallamh na Seanóirí" atá ábhar an leabhair bunaithe - sraith comhráití a bhí ag Oisín mac Fhinn agus Caoilte mac Rónáin le Pádraig mac Calprainn, an misiúnaí Breatnach a bhí tar éis teacht leis an gCríostaíocht a mhúineadh do phágánaigh na hÉireann.

Castar Caoilte ar Phádraig lá go dtáinig an misiúnaí ag beannú Ráth Droma Deirg, san áit a mbíodh Fionn mac Cumhaill na blianta fada roimhe sin. Tosaíonn comhrá idir an bheirt agus isteach linn ar an bpointe boise sa gcéad scéal.

Tá seacht bpíosa Fiannaíochta is tríocha ar fad sa leabhar álainn seo, ar chuir an Gúm barr slachta ar an atheagrán seo a foilsíodh i 1996, le léaráid chlúdaigh ón ealaíontóir aitheanta, Fionnuala Ní Chiosáin.

Bhí stíl bhreá próis ag an Dónallach - blas foirmeálta air, glór a chuireann an tseandacht in iúl gan na scéalta a mhúchadh leis an iomarca foclaíochta.

An t-aon rud a airím in easnamh ar an leabhar ná cuid den fhilíocht - na laoithe - a bhain leis an bhFiannaíocht. Glacaim leis gur ar mhaithe leis an ábhar a dhéanamh níos inléite don léitheoir ginearálta a socraíodh gan aon chuid de na laoithe a chur san áireamh anseo.

Tá daonnacht iontach sa bhFiannaíocht, taobh leis an draíocht agus leis an ngaisce ar fad agus éiríonn le Niall Ó Dónaill cuisle na daonnachta sin a chur ag preabadh os ár gcomhair in inseacht na scéalta seo.

Conradh Liospóin - fós idir dhá cheann na meá

Tá conradh Liospóin fós idir dhá cheann na meá sa bpobalbhreith bídeach beag, neamheolaíoch a reachtáladh anseo sa ngarraí an tseachtain seo.

Tá 35% agaibh den tuairim nár chóir glacadh leis, mar gur chaith muintir na hÉireann vóta ar an gceist cheana féin agus diúltaíodh dó. Bhí 11% eile den tuairim nár chóir mar go bhfuil an iomarca cumhachta ag an Eoraip in imeachtaí na hÉireann - sin 46% ina choinne.

Ar an taobh eile den chlaí, tá 23% agaibh den tuairim gur chóir glacadh leis mar gan an Eoraip, tá an tír seo réidh. Lena chois sin, cheap 29% agaibh gur chóir athvótáil a dhéanamh mar gur baineadh an reifreann deireadh le deargbhréaga.

Fágann sé sin go bhfuil 52% i gcoinne glacadh leis an reifreann.

Feicfidh muid linn sa bhFómhar.

Idir an dá linn, tá both vótála an gharraí ar oscailt arís.

Saturday 18 April 2009

Fuaireas-sa cuireadh le dul ar an bpósadh.....




.....hucstaí hó dí hidil dí dum! Agus tabhair pósadh air - is fada ó bhí oíche go maidin chomh pléisíurtha agam féin agus í féin is a bhí againn aréir i gcomhluadar na lánúine nuaphósta, Nuala Nic Con Iomaire agus Pádraig Harvey, a muintir agus a gcairde ar chaon taobh, istigh in Inis Bó Finne.

Is álainn go deo an t-oileán é féin. Ba é an chéad chuairt againne (agus ag go leor eile dá raibh i láthair) ar Inis Bó Finne. Bhí an t-ádh orainn é a fheiceáil agus grian an Earraigh ag lonrú anuas go geanúil air. Bhí an fharraige ina clár, mar a déarfadh Tadhg Óg, agus níor airigh muid an t-aistear farraige ceathracha nóiméad ag imeacht agus muid ag seanchas le seanchairde, a bhí tagtha le chéile ó chian is ó chóngar i gcóir na hócáide.

Liam Mac Con Iomaire, athair Nuala, a bhí ina fhear an tí don chuid fhoirmeálta den oíche, nuair a hiarraidh ar aoíanna éagsúla píosa ceoil nó amhrán nó agallamh beirte nó eile a chur i láthair an tslua. Bhí sé de mhórphléisiúr agam féin a bheith ina measc siúd a chas don chomhluadar agus an-bhródúil a bheith san áireamh i gcuideachta na n-ealaíontóirí agus orfidigh - Colm Mac Con Iomaire, (na Frames, deartháir Nuala) an t-amhránaí sean nóis Marcus Mac Conghaíl, Dee Armstrong (Kila), an scríbhneoir Biddy Jenkinson, Máirín agus Joe Steve Ó Neachtain, an t-amhránaí agus craoltóir Conallach, Sorcha Ní Mhonacháin, Rossa Ó Snodaigh (Kila), Liam Mac Con Iomaire féin agus ar ndóigh an bhrídeog, Nuala.

Amach linn ina dhiaidh sin chuig an mbeár, áit ar lean an seisiún ar aghaidh ar bhonn neamhfhoirmeálta go maidin, le hamhráin ó dheirfiúr Nuala, Máirín; le ceol fidile óna deartháir Darach agus a pháirtí seisean, Aoife, deartháir eile fós Ruairí, ar an mbodhrán, giotár agus feadóga de chineálacha éagsúla: chomh maith le Colm, Dee, Rossa, mé féin agus ceoltóirí eile nár thug mé a gcuid ainmneacha liom. Nuair a sciorr muid amach an doras ag a cúig ar maidin, bhí an chraic fós faoi lán tseoil.

Rud a d'fhág, a chairde, go ndeachaigh sé glan as mo chloigeann fiafraí de dhuine ar bith cén bunús a bhí le hainm an oileáin. Ach beidh arís ann - tá mé cinnte de sin. Idir an dá linn, mo bhuíochas libhse a chuir le mo chuid eolais inné le bhur gcuid teachtaireachtaí. Ní raibh mé th'éis an ceangal a dhéanamh cheana idir Bó Fhionn agus Bóinn ná idir an focal bó agus an téarma Béarla "bovine". Anois, nach breá an méid oideachais é sin le baint as bainis amháin?

Thursday 16 April 2009

Inis Bó Finne


Beidh an garraí tréigthe amárach mar go mbeidh mé féin agus mo chéirseach ag tabhairt aghaidh siar ar Inis Bó Finne ar maidin, le freastal ar bhainis istigh ar an oileán tráthnóna amárach.

Idir an dá linn, tá ceist agam oraibh - cén bunús atá leis an logainm "Inis Bó Finne" meas sibh? Tá oileán eile agus an t-ainm céanna air amach ó chósta Dhún na nGall, mura bhfuil dul amú orm. Agus tá "Bealach na Bó Finne" chomh maith ann - Milky Way an Bhéarla.

Cérbh í an bhó fhionn seo? Ba bhreá liom cloisteáil uaibh, má bhíonn aon eolas agaibh. Beidh mé féin ag cur na ceiste istigh ann. Dream as Conamara atá i gceist leis an mbainis mar sin bheadh súil agam cúpla tuairim a bheith ar fáil.

An Cultúr Idirnáisiúnta Tríthoiseach




D'imigh mo bhean agus an bheirt ba shine go Baile Átha Cliath inné agus fágadh mise sa mbaile leis an mbeirt bheag. Th'éis cúraimí an lae a chur díom (-foirmeacha Fhoras na Gaeilge do phlean foilsitheoireachta na bliana a líonadh, labhairt faoi aistritheoir faoin leabhar Seo Í Mo Scoil a bheas ag teacht uainn sa bhFómhar, idirbheartaíocht ríomhphoist a dhéanamh le foilsitheoir pictiúrleabhar ón Ísiltír atá sa Iordáin faoi láthair agus a bhí ag fágáil domhan an leathanbhanda le cúpla lá a chaitheamh ag fánaíocht sa ngaineamhlach, ar chamall, faoi stiúr treoraí Bedouach,) th'éis an méid sin a fháil déanta, isteach go Gaillimh leis an triúr againn le tráthnóna a chaitheamh ag babhláil, ag imirt púil agus ag breathnú ar scannán.

Bhí Monsters V. Aliens feicthe ag Tadhg Óg an lá cheana agus é ag cóisir lá breithe cara leis, ach bhí sé chomh tógtha sin leis mar scannán ("cheithre réalta, cinnte!") go raibh sé an-sásta a fheiceáil arís. Bhí spéis agam féin in Race to Witch Mountain, ach th'éis dúinn súil a chaitheamh ar chlip fógraíochta ar an ríomhaire sa leaba ar maidin, shíl Róise go raibh sé ró-scanrúil.

An nuaíocht a bhain le Monsters V. Aliens do Thadhg Óg agus é á fheiceáil don darna huair ná go raibh muid ag imeacht an iarraidh seo chuig an Eye Cinema, pictiúrlann atá feistithe le scannáin thríthoiseacha a thaispeáint.

Is mór an spóirt iad na spéaclaí tríthoiseacha a tugadh ag an doras dúinn is muid ar an mbealach isteach. Ní rockstar mise ar nós leis spéaclaí gréine a chaitheamh i gclubanna dorcha oíche, ach th'éis dúinn na gloiní a chur orainn don scannán, is fearr a thuig mé an bua a bhaineann le péire maith spéaclaí spéisiúla, ó thaobh chúrsaí íomhá de, fiú i seomra mór dorcha.

Ní raibh mé ag súil le mórán ó thaobh éifeacht na tríthoiseachta de, ach mura raibh, caithfidh mé a rá go raibh mé an-tógtha leis. Nuair a fheiceann tú bean bhocht, shocair, shéimh ar dearnadh fathach ar airde crann daraigh di, agus í ag flyeáil i do threo, bíonn tú a rá leat féin - mmm, tá sé seo níos fearr ná na seachtóidí, a fhear.

Agus muid ag plé an scannáin in Eddie Rocket's ina dhiaidh, chuimhnigh mé ar an méid a bhí le rá ag Brian anseo an lá cheana faoi "theanga an sclábhaí". Tuigim dó ar bhealach agus don spiorad inar léirigh sé a chuid tuairimí, ach san aois a maireann muid anois ann, tá an cultúr idirnáisiúnta tríthoiseach beagán níos casta ná sin.

In ainneoinn iarrachtaí mo leithéidí scéalta Fiannaíochta a chóiriú d'aoisghrúpa Thaidhg Óig agus Róise, dlúthdhioscaí Gaeilge a chur ar fáil dóibh, cur le réimse na leabhar Gaeilge atá ann dá n-aoisghrúpa, tá cultúr na scannán beochana, na gcluichí leictreonacha, na gclipeanna poiblíochta ar féidir breathnú sa leaba orthu - tá an cultúr sin ina "theanga sclábhaí" ag an domhan ar fad, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orainn, sa Spidéal nó i Seoul, nó i Stockholm.

Is measa an scéal, cinnte, i gcás na Gaeilge, teanga nach bhfuil d'acmhainn inti athghuthú a dhéanamh ar mhórscannáin Hollywood, rud nach n-éireodh go brách leis ar bhonn tráchtála.

Is é an rud is fearr ar féidir linn a bheith ag súil leis do ghlúin mo bheirt-se ná go nglacfaidh siad leis an nGaeilge i gcomhthéacs dátheangach, mar thoise breise den chultúr tríthoiseach ina bhfuil siad ag éirí aníos.

Fágann sé sin, is dóigh, gur saol ceithrethoiseach a bheas acu - níos fearr ná na seachtóidí, a fhear, i bhfad níos fearr.

Wednesday 15 April 2009

Lá breithe Famous Seamus


Is breá liom an t-aitheantas atá faighte ag ealaín na filíochta le cúpla lá anuas agus muid ag déanamh ceiliúrtha ar an deich mbliana agus trí scór a bheith slánaithe ag Seamus Heaney. Forlíonadh san Irish Times, fadscannán faisnéise ar RTÉ aréir - léiriú é an t-aitheantas ar fad, creidim, ar an nádúr atá ag an Éireannach leis an bhfilíocht.

Tá ardfhilíocht á cumadh ag muintir na hÉireann ón séú haois i leith, ó aimsir na ndíthreabhach go dtí an lá atá inniu ann. Is cuid an-tábhachtach den traidisiún sin é Seamus Heaney - ginearál cúig réalta an "standing army of Irish poets" mar a thug Patrick Kavanagh ar an líon daoine a bhíonn ag plé, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, leis an ealaín anseo in Éirinn.

Fear é Heaney a bhfuil an-mheas aige ar an traidisiún fada Éireannach lena mbaineann sé agus ar an teanga inar cumadh cuid mhór den fhilíocht atá ar fáil sa traidisiún sin.

Bhí an méid seo le rá aige sa leabhar agallamh leis a chuir Dennis O'Driscoll le chéile faoin teideal "Stepping Stones" is a foilsíodh roimh Nollaig:

"I don't believe that faith in Irish as a language and a value is misplaced; the evidence suggests that it now inheres in the cultural imagination of anglophone Ireland as a vital element. The TV slogan about it may sound trite, but it does express a common enough attitude: it's 'part of what we are'. This isn't to say that the demographics are about to change in its favour; but a line will be held, and there will continue to be a small, small Irish-speaking population."

Tuesday 14 April 2009

Fáinleoga agus cuacha


Tá inimirce na n-éan tosaithe. Chonaic Tadhg Óg céad fháinleog na bliana anseo i mBaile an Dónalláin i lár an lae inné. Chuir muid téacs go Maigh Eo, ag cur i gcuimhne do Dhaideó nach raibh muid ag iarraidh aon teachtaireacht mhagúil ar ais ag fiafraí dínn an raibh muid cinnte nár snag breac a bhí ann - bhí Tadhg Óg an-mhaslaithe cúpla bliain ó shin nuair a tháinig an freagra sin.

Tráthnóna inné, tháinig scéala eile ó phlánaí Mhaigh Eo - bhí an chuach cloiste ag an seanlead thíos ann.

Is annamh gur chuala mé an chuach ó tháinig muid chun cónaithe anseo taobh thoir de bhaile an Spidéil. Bhíodh sí le cloisteáil go treán thiar sna Minne, an baile ar chaith muid bliain ann, th'éis dúinn athrú anuas ó Bhaile Átha Cliath, naoi mbliana go ham seo. Ach ní bhíonn aon easpa fáinleoga orainn anseo i mBaile an Dónalláin - bíonn siad ag scimeáil is ag sciúrdáil leo os cionn Gharraí Johnny Mhorgan ó Aibreán go Deireadh Fómhair. Céad fáilte ar ais rompu ón Domhan Theas.

"Off-en" nó "off-ten"?


Agus muid suite síos chun dinnéir anseo tráthnóna aréir, chuir Ophélie, cailín Mharcuis, ceist orm. Deir a múinteoir Béarla i mBordeaux nár chóir an "t" sa bhfocal Béarla "often" a fhuaimniú - tá sé an-diongbháilte faoin bpointe seo, a deir sí. (Francach atá ann). Ach tá sé tugtha faoi deara aici go mbíonn Marcus s'againne á rá agus an "t" le cloisteáil.

Ní shílim go mbíonn an "t" le cloisteáil uaim féin mórán riamh in "often" ach samhlaítear dom go mbaineann sé sin níos mó le mo chanúint Mhaigh Eoch ná le cruinneas foghraíochta. Go deimhin, tá barúil agam go mbíonn an "t" le cloisteáil i mBéarla an BhBC - an RP, nó "received pronunciation" mar a thugtar ar an mBéarla "caighdeánach" labhartha a chloistear, cuid mhaith, ar aerthonnta na Breataine.

Ba bhreá liom oiread tuairimí agus is féidir a fháil uaibh faoin gceist seo - vote early and - often.

Monday 13 April 2009

Sinéad , Daid agus an Toupée


Lá saoire é an lá inniu agus dá réir sin, mar a deirtear ar na cláracha cócaireachta is fearr, seo ceann a réitigh mé roimhré.

Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht orm anuraidh le cnuasach agallamh beirte do dhaoine óga a chumadh. Seo ceann acu:



Sinéad, Daid agus an Toupée


Tá Daid th'éis teacht abhaile agus toupée air. Tá sé ag imeacht maol go maith agus ní maith leis é. Tá Sinéad (13) ina suí ag cur téacsanna chuig a cairde. Ní thugann sí aird ar bith ar Dhaid.

DAID
A Shinéad, a leanna, ansin thú sa gciúnas?
Murach an fón sin, bheifeá caillte le huaigneas !

Ní thugann sí aon aird air, ach coinníonn uirthi leis na téacsanna


DAID
ag ligint air go bhfuil Sinéad ag caint leis

Ó ansin thú a Dheaide, is cén scéilín a’at fhéin?
Is deas thú a fheiceáil, a stór geal mo chléibh!

Fós ní bhreathnaíonn Sinéad suas, ach tugann wave beag searbhasach dó

DAID
Dá mbreathnófa suas orm, d’fheicfeá gan stró,
Nach bhfuil scéilín ar bith a’am, ach scéal millteach mór!

Breathnaíonn Sinéad suas. Tost. Tá idir iontas agus uafás uirthi.

SINÉAD
A Dheaide, cén t-ainmhí é sin ar do chloigeann ?
Coinín nó coileán nó rud eicínt eile ?
Ná habair gur shiúil tú an baile aniar
Ag breathnú chomh haisteach is a chonaic mé riamh.

DAID
Ara a Shinéad a leanna nach n-éistfeá do bhéal?
Ní ainmhí ar bith í ach togha an toupée.
Ó Pháras a tháinig sí is bhí sí sach daor
Ach nach gceapfá gur orm a d’fhás sí riamh?

SINÉAD
An-bharrúil a Dheaide, an bharrúil go deo
Sa joke shop a bhí tú, nach shin do scéal mór?
Ag iarraidh mé a scantrú le scéal faoi toupée
Is chreid mé ‘feadh soicind thú –
(go searbhasach)
Bhí mo chroí i mo bhéal!

DAID
(beagán gortaithe)
A Shinéad ní ag mugadh ná ag magadh atáim
Seo toupée costasach, an cineál is fearr
Mar tá mise ró-óg le bheith ag siúl siar is aniar
Le cloigeann gan ghruaig, le bheith iomlán maol.


SINÉAD
Ach a Dheaide, má fheiceann mo chairde é sin
An rud sin tá neadaithe ar mhullach do chinn
Beidh náire an domhain orm, náire mo bháis
Ní chloisfidh mé a dheireadh ar scoil faoi go brách.

DAID
Ach céard faoi mo chás-sa, mo chloigeann bocht nocht?
Is gan mé ar éigean tríocha bliain agus hocht
Ar éigean go n-aithním sa scáthán an ceann
A stánann ar ais orm, é lom agus sean.

SINÉAD
Ach a Dheaide tá neart daoine cáiliúla maol ….

DAID
Neart daoine cáiliúla? - ainmnigh iad!

SINÉAD
(Ag smaoineamh ar feadh nóiméid – níl sí in ann cuimhniú ar dhuine ar bith. Ansin….)
Homer Simpson! Sin duine fíorcháiliúil go deo
Is tá sé níos maoile ná thusa go mór!

DAID
Is níl mé chomh buí leis ach oiread, nó níl?
Homer Simpson! Ná bí ag briseadh mo chroí!
Ainmnigh anois dom cúpla duine eile
Cúpla fear breá is gan ribe ar a gcloigeann

SINÉAD
(Tost - ag smaoineamh arís. Ansin…)

Seáinín Bán Breathnach! – tá sé maol is sách óg

DAID
Tá Seáinín Bán Breathnach chomh sean leis an gceo!
Tá brón orm a Shinéad, níl leigheas ar mo chás
Beidh an toupée seo orm nó go bhfaighidh mé bás.

SINÉAD
(Faoina cuid anála)
B’fhéidir nach fada a bheas tú ag fanacht

DAID
Fainic anois thú fhéin – seachain do theanga!


SINÉAD
Mura mbaineann tú anuas uait sin an rud sin go beo
Tá mise ag fágáil an tí seo – go deo !
B’fhearr liomsa imeacht gan dídean, gan beann
Ná Deaide a bhfuil gadhar Pharis Hilton ar a cheann

DAID
tocht ina ghlór
Bhuel más shin é do rogha, a Shinéad a chroí
Más mar sin atá sé, bí ag fágáil an tí.

SINÉAD
Ó ná bíodh aon bhuairt ort, tá mé ag imeacht ar an bpointe
Ní fheicfidh tú mise thart arís choíche!

DAID
Ach a Shinéad, sula bhfágann tú an teach seo go brách
Breathnaigh ar an bhféilire, mar a dhéanfadh bean lách

SINÉAD
Féilire? Féilire ? Céard tá tú a rá?

DAID
Inniu an chéad lá d’Aibreán a ghrá!
Baineann sé dó an toupée
Agus is amadán thusa – nó óinseach – ceann ceart !

SINÉAD
Maróidh mé thusa – sula mbeidh an lá thart!

Béiceann sí agus ritheann Daid amach ag scairteadh gáire, Sinéad ina dhiaidh aniar.

Sunday 12 April 2009

Lá gréine i gCois Fharraige - stop press!


Tá seanchas ag muintir Árann go mbíonn an ghrian ag damhsa le háthas sa spéir Domhnach Cásca. Níl a fhios agam an bhfuil dream ar bith ach muintir Árann in ann an radharc seo a fheiceáil - b'fhéidir fiú nach mbaineann sé ach leis an dream a dtugann muintir na n-oileán féin "muintir Árann" orthu - sin iad pobal an oileáin is mó den trí cinn atá le feiceáil agam ó m'fhuinneog anseo sa ngarraí. Níl a fhios agam ach oiread an ndéanann an ghrian an damhsa áthais Domhnach Cásca ar bith a mbíonn sí clúdaithe ag na scamaill. Ar aon chaoi, bíodh an ghrian ag damhsa os cionn na nÁrannach nó ná bíodh, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil sí le feiceáil agus go bhfuil sí ag scalladh anuas ar an ngarraí agus ar Chois Fharraige ar fad.

Cáisc mhaith agaibh, a chlann, cibé cén áit a bhfuil sibh féin.

Saturday 11 April 2009

Bás nó beatha? Bhur dtuairimí


Seachtain eile caite sa ngarraí agus pobalbhreith eile déanta. Bhí íslíu 5% ar líon na gcuairteoirí páirteach an tseachtain seo. Seo mar a bhí agaibh.

Creideann formhór agaibh, cé nach tromlach mór atá i gceist, go bhfuil saol eile ann i ndiaidh an bháis agus go ndéanann an duine aiséirí ón mbás. Tagann 15% agaibh leis an leagan amach atá ar fáil i gcreidimh éagsúla de chuid na hÁise go ndéantar athionchollú ar an duine - is é sin go dtagann sé ar ais ar aon saol i gcolainn eile, mar dhuine eile.

Tá 26% agaibh den tuairim gurb é an bás an stad deireanach ar an aistear agus 26% fós (ar nós mé féin) nach bhfuil cinnte faoi cheactar rogha thuasluaite.

Cé gur beag go leor an líon daoine a vótáil, ó lár na seachtaine seo, tá cuairteoirí chuig an ngarraí á gcóireamh ag meaisín beag atá le feiceáil thíos in íochtar, a dtugtar Statcounter air. Tá áthas orm a rá go bhfuil tarraingt láidir ar an suíomh - ó thráthnóna Dé Máirt i leith, tá 688 cuairt comhairithe ag Statcounter.

Beidh pobalbhreith eile ar fáil anseo amárach.

Jade Goody agus cultúr báis na Sasanach



Ceann de na caithimh aimsire ba ghaire do chroí mo Dhaid agus muide beag ná a bheith ag freastal ar shochraidí. B'shin an chuma a bhíodh ar an scéal dúinne, na gasúir, ar aon nós. Nuair a bhíodh na ba blite ar maidin, agus an bainne tugtha leis ar leoraí Mhick Lyons, shuíodh Daid ag an mbord leis an bpáipéar, ag scrúdú na bhfógraí báis go sásta. Corrmhaidin, lasadh an dá shúil ina cheann, d'íslíodh an páipéar agus fógraíodh ar mo Mham "There's one that's dead in the paper, Mary!"

Agus mé ag siúl isteach tigh Dhónaill anseo sa Spidéal tráthnóna inné, is nuair a chonaic mé romham ar sheastán na n-irisí, eagrán eile de chuid an fhoilseacháin lándaite OK, faoin teideal spreagúil "Jade Goody - the Exclusive Funeral edition", nó rud eicínt mar é, chuimhnigh mé ar mo Dhaid.

Is mór idir cultúr báis na hÉireann (faoin tuath, ar aon chaoi) agus an bealach atá ag muintir Shasana déileáil leis an gcuid doshéanta sin den saol. Tharraing an scríbhneoir Sasanach, Diana Athill, caint go leor cúpla mí ó shin nuair a foilsíodh leabhar léi dar teideal "Somewhere Towards the End". Deich mbliana le cois an cheithre scór atá Diana agus maíodh ag an am go raibh a leabhar th'éis dúshlán a thabhairt don tabú a bhaineann leis an mbás i gcultúr na Breataine. Chonaic mé agallamh teilifíse léi ar an mBBC ag an am agus í ag plé an scéil. An rud ba mhó faoin agallamh ar thug mé suntas dó ná gur dhúirt sí nach bhfaca sí riamh corp duine caillte go dtí go raibh sí féin isteach sna seachtóidí.

Sílim féin go mb'fhéidir gurb shin an fáth gur dearnadh sorcas chomh mór de bhás Jade Goody gona macallaí den tsochraid dheireanach a tharraing oiread cainte sa mBreatain - bás Diana.

Má tá tú ag maireachtáil i gcultúr a chuireann daoine caillte chomh mór i bhfolach go bhféadfá do shaol a chaitheamh gan súil a leagan ar chorp go dtí go raibh tú féin ag druidim le bruach na huaighe, ní haon iontas go dtapódh daoine an deis na mothúcháin cheilte ar fad a bhainfeadh leis an mbás a scaoileadh amach nuair a thiocfadh leithéidí Jade Goody faoin spotsholas.

De réir mar a théim in aois is ea is mó an meas atá agam ar chur chuige mo Dhaid agus ar an gcultúr báis lena mbaineann muid anseo in Éirinn.

Friday 10 April 2009

Caoineadh na dTrí Muire


Iarla Ó Lionáird, an sár-amhránaí sean nóis agus nua nóis ó Chúil Aodha le feiceáil sa ngarraí an tseachtain seo agus é ag casadh "Caoineadh na dTrí Muire". Glacaim leis (ach d'fhéadfadh dul amú a bheith orm) gur ó Sheosamh Ó hÉanaí a d'fhoghlaim sé an t-amhrán. Luaitear an t-amhrán le Joe Éinniú agus tá cur síos cuimsitheach ag Liam Mac Con Iomaire ina leabhar iontach "Nár Fhágha Mé Bás Choíche" ar an tábhacht a bhí leis an amhrán i saol ceoil Uí Éanaí.

Tháinig mé ar an leagan seo thíos ar ball de na liricí is mé i mbun gúglála. Tá sé beagáinín difriúil ó leagan Iarla - is breá liom na línte scáfara sin atá aige siúd "Cuireadh tairní maola trína chosa is trína lámha" Tá an úsáid a bhaineann sé as an aidiacht sin "maola" an-chumhachtach, sílim - déanann sé gníomh an chéasta níos barbartha fós, agus cuireann sé le réalachas na hinste.

Ní fios cé a chum an t-amhrán seo, ach samhlaím i gcónaí gur bean a rinne é. Tá sé chomh pearsanta mar phíosa - na línte "An é sin an maicín a d'iompar mé trí ráithe?/An é sin an maicín a rugadh ins an stábla?" - airím gur ag tarraingt ó thaithí phearsanta a bhí an té a chum.

Ní fhéadfainn a rá cén fáth go dtugtar Caoineadh na dTrí Muire ar an amhrán agus cén fáth go mbeadh triúr Muire i gceist ann. Scríobh Angela Partridge aka Aingeal de Búrca aka Angela Bourke leabhar ar an ábhar blianta fada ó shin - níl a fhios agam an bhfuil fáil i gcónaí air.

Seo chugaibh na liricí:

Caoineadh na dTrí Muire

A Pheadair, a aspail, an bhfaca tú mo ghrá geal? ochón agus ochón ó.
Chonaic mé ar ball é i láthair a namhad, ochón agus ochón ó.

Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise? ochón agus ochón ó.
An é nach n-aithníonn tú do mhac a mhaithrín? ochón agus ochón ó.

An é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe? ochón agus ochón ó.
An é sin an maicín a rugadh ins an stábla? ochón agus ochón ó.

Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire? ochón agus ochón ó.
Nó an í sin an tsleá a chuaigh trí do lár geal? ochón agus ochón ó.

An é sin an casúr a bhuail tríot na tairní? ochón agus ochón ó.
An é sin an choróin spíonta a chuaigh ar do mhullach álainn? ochón agus ochón ó.

Mhaise éist, a mháithrín, agus ná bí cráite, ochón agus ochón ó.
Tá mná mo chaointe le breith fós, a mháthair, ochón agus ochón ó.

Thursday 9 April 2009

Tairiscint Speisialta Cásca



A chairde an gharraí,
Le teacht na Cásca agus an Earraigh agus an lae fhada agus uile a cheiliúradh, tá áthas orm go bhfuil an comhlacht foilsitheoireachta úd, Futa Fata, i gcomhar le GJMh Inc. an-sásta tairiscint speisialta a chur faoi bhur mbráid - lascaine 40% ar an leabhar agus dlúthdhiosca "Aniar". Cnuasach atá ann de shaíocht, de sheanchas agus de véarsaíocht ó thraidisiún Chonamara, i bhfoirm leabhair lándaite le clúdach crua, é maisithe le grianghrafanna ón ealaíontóir cumasach ón gCeathrú Rua, Ceara Conway.

Cuid lárnach den phacáiste é an dluthdhiosca atá ag gabháil leis agus triúr aisteoir aitheanta ó Chonamara le cloisteáil ag aithris na bpíosaí éagsúla -sin iad Peadar Ó Treasaigh (Cré na Cille, Kings), Darach Ó Tuairisg (Cré na Cille, Ros na Rún) agus Áine Ní Dhroighneáin (Cré na Cille, Ros na Rún). Is é an cumadóir John Ryan a chruthaigh an dlúthdhiosca agus an ceol a chuir sé leis na glórtha. Tá nótaí dátheangacha agus aistriúcháin ar na píosaí ar fad san áireamh uaim fhéinín fhéin.

Bhí an iris idirlín Beo an-tógtha le Aniar nuair a foilsíodh é - tá an léirmheas le fáil anseo


Leis an lascaine a fháil, níl le déanamh agat ach dul isteach ar shuíomh Futa Fata, buail isteach chuig an siopa, an leabhar a ordú agus nuair a thiocfas tú chomh fada leis an gcairt siopadóireacha, feicfidh tú boiscín beag in íochtar. Cuir isteach an focal "garrai", brúigh "update cart" agus tá agat.

Lá na báistí


Deirtí faoi na hEiscimigh (an Iniuit atá orthu na laethanta seo, seans) go raibh an-saibhreas foclóra acu a bhain le sneachta. Ag breathnú amach ar an gcuan, siar ó dheas uaim ó Gharraí JMh, táim ag cuimhniú gur i gcás an chultúir s'againn féin, is í an bháisteach an réimse aimsire is mó a bhfuil scil againn ann, agus ní gan chúis.

Ó bharr mo chinn, mar sin, seo chugaibh mo stór foclóra féin:

Tá sé ag cur báistí
Tá sé ag báisteach
Tá sé ag gleáradh báistí
Tá sé ag clagar (Múscraí) ag clagarnaigh (Corca Dhuibhne) ag clagarnach (Conamara)
Tá sé ina sceana gréasaí
Salachar báistí
Brádán báistí
Cith báistí
Múr báistí
Múraíl scaipthe
Múiréileacha
Fearthainn - ag cur fearthainne srl. (Uladh)
Tháinig an lá ina chac báistí
Tá sé salach
Tá sé broghach (Iorras)
Tá sé ina dhíle
Báisteach throm, éadrom
Aimsir cheathach
Tá sé bog
Tá braon i mbéal na gaoithe
Tá báisteach air
Tá sé ag stealladh (báistí)
Tá sé ag cur (Uladh?)
Tá uisce mór déanta aige (Iorras)
Tá braon caite aige
Aiteall (sos idir dhá mhúr - Conamara)
Téigle (an rud céanna - Iorras)

Tá mé cinnte go bhféadfaí a bheith ag cur leis an liosta sin....

Cá ndeachaigh an Ghluaiseacht Fheimineach amú?


Is mé féin agus mo chlann mhac ag tabhairt sciúirde faoin ardchathair inné, le castáil ag aerfort Átha Cliath le cailín Mharcuis, atá ar cuairt chugainn ón Dordogne, bhí deis eile agam éisteacht le halbam Lily Allen. Scríobh mé píosa faoi anseo cúpla seachtainí ó shin. Tá mé an-tógtha le cumadóireacht Iníon Uí Fhallúin (Ní Allúin?) - tá rudaí le rá aici agus is í atá in ann iad a rá in amhráin atá dea-dhéanta agus snasta, ach lán daonnacht ag an am céanna.

Tá amhrán amháin a sheasann amach, ní mar phíosa ceardaíochta, ach sa dearcadh a léiríonn sé ar shaol na mban óg i dtús na mílaoise seo. Sin an t-amhrán 22 (an aois a bhí ag Lily nuair a rinne sí an t-albam seo). Is fiú breathnú ar na liricí:

When she was 22, the future looked bright
But she's nearly thirty now and she's out every night
I see that look in her face, she's got that look in her eye
She's thinking how did I get here and wondering why

It's sad but it's true how society says her life is already over
There's nothing to do and there's nothing to say
'Til the man of her dreams comes along
Picks her up and puts her over her shoulder
It seems so unlikely in this day and age

She's got an alright job but not a career
Whenever she thinks about it, it brings her to tears
'Cause all she wants is a boyfriend, she gets one night stands
She's thinking how did I get here, I'm doing all that I can....

Anois dá mba carachtar in úrscéal de chuid Jane Austen a bhí i gceist, thuigfeá don bhean óg a bhfuil Lily ag trácht uirthi agus í ag déanamh imní faoi bheith fágtha gan phósadh an chuid eile dá saol - ach seo duine óg, neamhspleách, i Londain, i dtimpeallacht liobrálach, ag tús an 21ú haois! Agus airíonn an bhean óg seo (nó airíonn an tsochaí ina timpeall) go bhfuil a saol caite cheana féin aici mar nach bhfuil fear aici? Agus is cosúil ó liricí an amhráin gurb é aimsiú an fhir sin an aidhm is mó atá sa saol aici.

Cá ndeachaigh an ghluaiseacht fheimineach amú?