Tuesday, 14 April 2009
"Off-en" nó "off-ten"?
Agus muid suite síos chun dinnéir anseo tráthnóna aréir, chuir Ophélie, cailín Mharcuis, ceist orm. Deir a múinteoir Béarla i mBordeaux nár chóir an "t" sa bhfocal Béarla "often" a fhuaimniú - tá sé an-diongbháilte faoin bpointe seo, a deir sí. (Francach atá ann). Ach tá sé tugtha faoi deara aici go mbíonn Marcus s'againne á rá agus an "t" le cloisteáil.
Ní shílim go mbíonn an "t" le cloisteáil uaim féin mórán riamh in "often" ach samhlaítear dom go mbaineann sé sin níos mó le mo chanúint Mhaigh Eoch ná le cruinneas foghraíochta. Go deimhin, tá barúil agam go mbíonn an "t" le cloisteáil i mBéarla an BhBC - an RP, nó "received pronunciation" mar a thugtar ar an mBéarla "caighdeánach" labhartha a chloistear, cuid mhaith, ar aerthonnta na Breataine.
Ba bhreá liom oiread tuairimí agus is féidir a fháil uaibh faoin gceist seo - vote early and - often.
Labels:
BBC,
Béarla,
Béarla Mhaigh Eo,
canúint,
foghraíocht,
often,
received pronunciation
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Is cuimhin liom go mbíodh an port céanna ag na múinteoirí agus mé féin ag foghlainm Béarla sa tSeicslóvaic sna 1990í luatha. "Off-en" ceart, "off-ten" mícheart. Ba gheall le bo naofa acu é, mar aon le roinnt cásanna eile ar nós "potahto" seachas "potayto", "bi-cyke-le" seachas "bi-sick-le" agus mar de. Seafóir iomlán, dar ndóigh. Tá an dá leagan "ceart", a mhéid agus is féidir sainmhíniú a thabhairt ar "ceart" ar chor ar bith.
ReplyDeleteTá tíortha ann san Eoraip a bhfuil traidisiún láidir caighdeanaithe teanga acu agus is maith leo idirdhealú soiléir a dhéanamh idir ceart agus mícheart. Cuireann na múinteoirí an mheoin chéanna i bhfeidhm ar an Bhéarla agus cuireann siad a gcuid daltaí ar strae dá bharr.
Béarla mí cheart atá agamsa, is léir. Often a bheadh agamsa. Thug mé faoi ndeara agus mé i mo chonaí thoir sa Ghearmáin go raibh Bearlóirí a là "Oxford English" (nach chualathas a leithéidí in Oxford riamh, sílim) agus Béarla faoi thionchar na bPoncán ann.
ReplyDeleteMeasaim go dtéann freagra Mhichal go croí na ceiste.
Sílim é - agus creidim go bhfuil an caighdeánú sin i gceist go mór ag na Francaigh, a bhfuil amhras orthu i dtaobh fiúntas canúintí agus atá tar éis caitheamh go dona lena gcuid mionteangacha - oidhreacht Réabhlóid na Fraince, is dóigh.
ReplyDeleteBun gach oilc, Réabhlóid na Fraince...
ReplyDeleteI Meiriceá, deirtear go bhfuil 'offen' níos fearr, agus tá blas ardnósach ar 'often.' Ach tá siad araon ann. Deirtear freisin nach bhfuil 'often times' (go minic) ceart - oft times, nó often, is dócha. Is iomaí rud 'mícheart' a mbíonn i mbéal na ndaoine. Mise, I could care less (brí = a mhalairt).
"OfTen" a d'fhoghlaim mé sa bhaile, ach dúirt múinteoir liom go raibh "offen" níos fearr, rud a chuir ionadh orm ag an am. Is fada ó smaoinigh mé ar an gceist seo. Ach *sílim* gur mar "offen" a deirim anois é... níos minice ná a mhalairt, ar aon nós. Tá sé níos éasca gan an -t- a rá. Is cainteoir leisciúil mise. Tá offen~often ar aon dul le EEther~EYEther (either) agus an dá fhuaimniú de "roof" i mo chuid Béarla... gan trácht ar probably~probly!
ReplyDeleteCén dá fhuaimniú atá agat le "roof" a Dennis?
ReplyDeleteOhhh cuireann sé seo an gubh orm!
ReplyDeleteTuige?
ReplyDeleteAn dá fhuaimniú a chloistear abhus anseo ná:
ReplyDelete"roof" a dhéanann rím le "poof"
agus "roof" a bhfuil an guta céanna is atá in "soot" ann
Suite cois leaba, bhí coladh sámh agam. Gubh = fearg i gCorca Dhuibhne, agus mé dúsaithe an maidin seo, tá an gubh orm fós.
ReplyDeleteAg iarraidh féachaint orm fhéin, agus ag iarraidh scaoil leis. Seo chubhaibh.
This is the language that was imposed on us for 800 years! Tis the language of the oppressor. In effect i consider this to be my slave language. Why are we bothered about how many links there should be in the fucking chain!
Is Ciarraíoch mise, agus is cuma liom faoin fuaim, sticks nó sthicks, tree nó three, dere nó there.
Scaoil do racht a Bhriain!
ReplyDeleteNíl ann ach go bhfuil spéis agam sna cúrsaí seo go ginearálta agus is léir ón méid freagraí a tháinig ar ais go bhfuil go leor eile a fhaigheann chomh spéisiúil céanna iad.
Is breá liom na samplaí a luann tú agus cloisim féin cuid de stair shóisialta na hÉireann ar bhéal na ndaoine nuair a chloisim Ciarraíoch a rá "trough" (trew) in ionad "through" - rócheartú atá ann ar an "t" gaelach atá an-tréan againne i gContae Mhaigh Eo, cuir i gcás - we climb threes, an dtuigeann tú. Ach murab ionann is tú féin, is cosúil go raibh an-fhaitíos ar na Ciarraíochaí roimh an "th" láidir Gaelach sin agus iad ag foghlaim an Bhéarla, rud a d'fhág gur sheachain siad an fhuaim go hiomlán nuair ba chóir dó a bheith ann. They go trough life gan "th" ar bith acu dá bharr.
Cuireann sé i gcuimhne dom an bhean ó Lios Póil (ar imeall Ghaeltacht Chorca Dhuibhne) a casadh orm ar cheann de mo chéad chuairteanna ó dheas, nuair a thosaigh mé ag dul amach le Cristín, mo bhean. Gaeilge a bhí á labhairt sa gcomhluadar ach níor airigh an bhean seo go raibh a cuid Gaeilge féin sách máith (rud nach bhfuil fíor, ach sin scéal eile).
"I'll speak to you in English" a deir sí. "My Irish isn't very well".
I don't eff-en know...
ReplyDeleteana dheas MiseAine :)
ReplyDeleteIs léir nár fgoghlaim sé an Béarla mar theanga iasachta agus an meon sin aige! Sin ceann de na dúshláin is mó a bhaineann lena fhoghlaim - an bhearna idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa ó thaobh rialtacht litrithe de - consain gan fuaimniú i gcás amháin agus le fuaimniú i gcás eile.
ReplyDeleteAn gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
ReplyDeleteláithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.