Friday 28 August 2009

Tír na nGall

"I Londain a bhí sibh?" a deir mo chara, iontas ina ghlór go ngabhfadh Ceilteach ceartchreidmheach de mo chineál i ngar ná i ngaobhar do phríomhchathair na bhfrithGhael. "Londain, Shasana?"

"Sea" a deirim, "I dTír na nGall í féin".
Chuir an dreas sáraíochta sin ag cuimhneamh mé ar an bhfocal sin "Gall" agus na bríonna éagsúla a baineadh as le breis agus míle bliain anuas ar na hoileáin Cheilteacha seo.

"Gaul" nó rud eicínt dá shórt a thugadh na Rómhánaigh ar na Ceiltigh fadó. Ach anois, dúinne, na Ceiltigh atá fós, ar éigean, inár seasamh, ciallaíonn "Gall" (más é an focal céanna é) Sasanach nó eachtranach - agus brí dhiúltach léi mar aidiacht.

Sa mBriotáinis, "Gall" a thugann siad ar a gcuid Sasanach féin, na Francaigh, agus "Galleg" atá acu ar an bhFraincis. Ach i dteanga na bhFrancach, "Le Pays de Galles" atá ar an mBreatain Bheag agus "Gallois" ar theanga na tíre sin.

"Bro Gembre" (nó "Kembre" gan an t-urú) atá ag na Briotánaigh ar an mBreatain Bheag. Glacaim leis go bhfuil gaol aige sin le "Cumbria" na Laidine - agus gur uaidh, chomh maith, a thagann an t-ainm atá ag na Breatnaigh Bheaga ar a dtír féin - "Cymru".

"A' Chuimrigh" atá ag na hAlbanaigh ar an mBreatain Bheag, agus leis an saol a dhéanamh níos casta fós, "An Bhreatain Bheag" nó rud eicínt fíor-chosúil leis, atá acu ar an mBriotáin.

Ainm spéisiúil ann féin é "Alba" - caithfidh go bhfuil gaol aige leis an ainm a bhaist na Rómhánaigh ar Shasana - "Albion" nó rud eicínt dá chineál - nach "Caledonia" a bhí ag lucht na Laidine ar Albain?

Tír na nGall indeed!

Wednesday 19 August 2009

Blagáil agus an chiontacht Chaitliceach

Níl mórán blagála déanta agam le coicís anuas, de bharr brú oibre. Tá ceithre leabhar nua sa tsraith "Bímis Ag Caint Faoi" curtha chuig na clódóirí againn agus tá muid faoi láthair ag obair ar leabhar aoibhinn, comheagrán le Dorling Kindersley. "Gairdín an Nádúir" a bheas i nGaeilge air, é dírithe ar pháistí idir 8 agus 10 mbliana d'aois. Leabhar faoin gcaoi leis an bhfiadhúlra a mhealladh isteach i do ghairdín atá ann (nó chuig do bhosca fuinneoige, mura bhfuil gairdín agat). Beidh na cúig leabhar ar fáil i mí Eanáir.

Dé Domhnaigh seo chugainn beidh mé féin agus mo chéirseach, móide na scalltáin, ag tabhairt sciuirde faoi Londain ar feadh cúpla lá. Bhí malartú tí sa bhFrainc beartaithe againn mar shaoire i mbliana, ach de bharr duine muinteartha a bheith tinn, b'éigean dúinn an plean sin a chaitheamh i dtraipisí.

De bharr na cruóige seo, is cupóga agus neantóga agus buachallán buí is mó a bheas le feiceáil sa ngarraí go ceann píosa.

Táim ag iarraidh déileáil leis an gciontacht a spreagann an scéal sin....

Tuesday 11 August 2009

Have you anything for me in Munster Irish?

Bhuail an fón anseo an lá cheana. Múinteoir scoile ó Luimneach a bhí ann. Ag cuartú samplaí saor in aisce a bhí sí d'ábhar Futa Fata. B'shin an chéad iarratas. Ach an darna ceann a chuir ag smaoineamh i gceart mé. "Tell mé" a deir sí "Have you anything for me in Munster Irish?"

Thriail mé míniú di go bhfuil sé de pholasaí ag Futa Fata téacsanna do pháistí a choinneáil chomh soléite agus is féidir. Triaileann muid, oiread agus is féidir, a bheith neodrach maidir le cúrsaí canúna. Tuigeann muid nach féidir é sin a dhéanamh go hiomlán, ach tá eolas againn ar na deacrachtaí a bhaineann le canúnachas agus tugann muid an cheist sin san áireamh agus muid ag cur eagair ar leabhair.

Tá roinnt dár gcuid foilseachán atá préamhaithe i mbéaloideas Chonamara - Gugalaí Gug, cuir i gcás. Is mar eiseamláirí den teanga bheo is féidir iad sin a úsáid i scoileanna na tíre agus sa gcás sin, is mó an tábhacht atá leo mar áis éisteachta ná mar áis léitheoireachta.

Mar a bhíonn i gcás fhormhór múinteoirí bunscoile na tíre a ghlaonn ar uimhir Futa Fata, is i mBéarla a bhí an comhrá agam leis an múinteoir seo. Ní ag iarraidh a bheith diúltach atá mé - ar a laghad bhí sé de spéis ag an mbean san obair atá ar siúl againn agus an chuid atá ar siúl aici féin gur chuir sí an glaoch ar an gcéad dul síos.

Ach rith sé liom i ndiaidh dom an fón a chrochadh - cén tuiscint a bhí ag an múinteoir seo ar "Munster Irish"? Céard a thugann sí mar ainm ar an teanga? - "Gaoluinn"? Cé chomh docht is a chloíonn sí le córas gramadaí na Mumhan? An gcloíonn sí leis an bhfoirm tháite, cuir i gcás agus í ag múineadh na Gaoluinne: Bím, bír, bíonn sé/sé, bímid, bíonn sibh, bíd
Bhíos, bhís, bhí sé, bhíomar, bhíobhair, bhíodar? Bead, Beir, beidh sé/sí, Beimid, beidh sibh, beid srl?

An usáideann sí an focal "froiseáilte" in ionad "úr"? "Cúntúirt" in ionad "cúntar"? "Ilé" in áit "ola"? "Maicréal" in ionad "ronnach" nó "murlas"? An mbíonn sí "leata" leis an bhfuacht nuair a bhíonn cuid eile againn "stromptha"? Nó "sceimhlithe" nuair a bhíonn cuid eile againn "scanraithe"?

Cén fáth nár labhair sí Gaoluinn liom? An é go raibh faitíos uirthi nach mbeadh mo chluasa leochaileacha Connachtacha in ann ag a cuid consan coguasach aneas?

Nó an é gur ag caint ar rudaí ar nós "cad" a úsáid in ionad "céard" a bhí sí?

Ar ndóigh, níor rith na ceisteanna seo ar fad liom agus mé ag caint léi - ach an rud atá mé a rá anois ná é seo - déantar scéal i bhfad rómhór de dheacracht na gcanúintí. Tá caighdeánú ann a nglactar go forleathan leis.

Déarfainn gur beag scoil Ghalltachta i gcúige Mumhan a múintear struchtúir ar nós "Bhís go diail" iontu. Ach do mhuintir na Gaeltachta, sin Gaoluinn na Mumhan. Tá "bhí sibh" chomh aduain don chainteoir dúchais aneas, creidim, le "céard is ainm duit".

Monday 10 August 2009

Ceist an aistriúcháin

Bíonn plé ar siúl ar bhlaganna éagsúla faoin bhfiúntas a bhaineann le leithéidí tuarascálacha bliantúla na gComhairlí Contae a aistriú go Gaeilge agus mar sin de. Tá mé féin idir dhá chomhairle faoin scéal (agus ní dhá chomhairle chontae atá i gceist agam). Sílim gur rud maith a bhí ann gur ritheadh an tAcht Teanga agus go bhfuil sé i bhfad níos éasca anois gnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge. Tá fáil ar bhileoga eolais agus ar fhoirmeacha a bhaineann leis an Státchóras ar bhonn níos leithne ná mar a bhíodh. Maidir leis na tuarascálacha - an moladh a bheadh agam féin ná go nglacfaí leis gan ceist iad a chur ar fáil i gcontae a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceist ann agus i gcontaetha eile a bhfuil leibhéal suntasach gníomhaíochtaí Gaeilge ar bun ann - agus an leibhéal sin a bheith sainmhínithe ar bhonn comhaontaithe, trédhearcach.

Ar ndóigh, is iomaí cineál aistriúcháin atá ann. Bím féin, agus mé i mbun foilsitheoireachta, ag plé le sainréimse ar leith - leabhair do pháistí. Tá sainscileanna i gceist leis an obair seo, agus creidim go láidir go bhfuil tábhacht léi mar obair. Go minic, i gcás pictiúrleabhair, cuir i gcás, is cóiriú scaoilte a theastaíonn, seachas aistriúchán.



Tá an obair seo ar siúl leis na blianta, ach ar feadh i bhfad, ní bhíodh mórán cuma ar thoradh na hoibre. Bhíodh leabhair á n-aistriú go Gaeilge agus téacsanna á gcur ar fáil a bhí i bhfad ró-chasta don aoisghrúpa a bhí i gceist. Leis an scéal a dhéanamh níos measa, dhéantaí leabhair aistrithe a scríobhadh i dtosach i mórtheanga éigin agus iad dírithe ar pháistí idir 4 agus 7 mbliana, cuir i gcás, a fhógairt mar leabhair a bhí anois dírithe, i nGaeilge, ar pháistí idir 8 agus 10 mbliana d'aois. Agus b'fhéidir go raibh sé sin fíor ó thaobh leibhéal na teanga san aistriúchán (b'fhéidir - dá mba páiste thú de bheirt Ghaeilgeoirí díograiseacha a raibh céimeanna dochtúra sa léann Ceilteach ag Mamaí agus ag Daidí araon agus sibh ag maireachtáil i dteach gan teilifís, gan mórán teagmhála leis an ngnáthshaol i bhur dtimpeall). Ach ó thaobh leibhéal spéise de, ó thaobh pointe forbartha an pháiste ó thaobh na síceolaíochta de, ní raibh an leagan Gaeilge feiliúnach beag ná mór don aoisghrúpa a raibh sé anois á dhíriú air, ná ó thaobh teanga, ar an aoisghrúpa a raibh sé scríofa dó sa mbunteanga, an chéad lá riamh.

Is gá, mar sin, don aistritheoir atá ag plé le leabhair do pháistí a aistriú go Gaeilge glacadh leis go bhfuil foclóir i bhfad Éireann níos lú ag an nGaeilgeoir óg ná mar atá ag a mhacasamhail a tógadh go haonteangach le mórtheanga. Is gá a bheith cúramach maidir le gan a bheith ró-chanúnach - caithfidh an foilsitheoir a bheith in ann an leabhar a dhíol ó cheann ceann na tíre. Caithfidh an t-aistritheoir glacadh leis nach é a ghnó a bheith ag iarraidh cora deasa cainte a mhúineadh don léitheoir. Fadó, bhíodh oiread cora deasa cainte sna leabhair nach mbíodh fonn ar ghasúr ar bith tabhairt faoina léamh go neamhspleách. Is cinnte gur chóir don léitheoireacht a bheith ag cur le stór foclóra agus eile an léitheora - ach má bhíonn an bhearna ró-mhór idir cumas tuisceana an léitheora agus castacht an téacs, caithfidh an léitheoir óg an leabhar i dtraipisí sula mbíonn mórán de léite aige. Sin obair agus airgead amú.

Friday 7 August 2009

Sladmhargadh Thús an Fhómhair


Tá sladmhargadh ar siúl faoi láthair i siopa www.futafata.com - chuile leabhar, closleabhar agus dlúthdhiosca dá bhfuil ann ar fáil agus lacaisne 50% anuas de. Níl le déanamh ach do rogha earraí a chur sa gcairt siopadóireachta agus ansin in íochtar, sa mbosca "Discount Code" líon isteach an cód seo a leanas: Facebook50 agus ansin buail an cnaipe "Update Cart". Bainfear an lacaisne anuas ar an bpointe boise.

Beidh an sladmhargadh seo ar siúl go dtí an 23 Lúnasa.

Bí ar an bhfód nó bí i do chearnóg!

Cathair Saidhbhín


Bhain muid an-sásamh as an sciuird a thug muid faoi Uíbh Ráthach Dé Luain. Sheas muid le haghaidh greim lóin i gCathair Saidhbhín ar an mbealach aneas arís. Rith an cheist seo liom agus muid ann - dá mba i nGaeilge an lae inniu a bheifí ag baisteadh an bhaile, is é is dóichí ná gur "Cathair Shaidhbhín" a thabharfaí ar an áit. Cén uair ar tháinig an séimhiú sin isteach? Samhlaítear do dhaoine, sílim, go raibh gramadach na Sean- agus na Meán-Ghaeilge i bhfad níos casta ná cuid na teanga atá anois ann. Ach an fíor é sin? An bhfuil castachtaí breise tarraingthe againn orainn féin le cúpla céad bliain anuas nach mbíodh ann fadó? Agus má tá, cén fáth gur mar sin a tharla? "Gluaiseann teanga i dtreo na simplíochta" - sin nath ar tháinig mé trasna air in áit eicínt - an fíor dó mar nath?

Saturday 1 August 2009

Ar ais ar an mbóthar


Tá muid ag réiteach anseo tráthnóna le sciuird eile a thabhairt ó dheas. Tá gig againn Dé Luain sa Dromaid, in Uíbh Ráthach. Beidh sé seo ar mo chéad chuairt riamh ar Chiarraí Theas. Cheannaigh mé córas fuaime de mo chuid féin an samhradh seo, rud a fhágann go mbíonn sé i bhfad níos éasca orm seó mar seo a dhéanamh anois. Bhíodh mé ag fáil treallaimh ar cíos ó chomhlachtaí éagsúla i nGaillimh, rud a chuireadh leis an gcostas agus rud a chuireadh brú breise orm chomh maith lá nó oíche na gige - ag iarraidh meabhair a bhaint as córás nó deasc éagsúil chuile oíche a bhínn. Anois tá mo chóras féin agam agus cleachtadh agam air.

Tá seó mór eile romhainn an chéad deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair - beidh muid ag casadh ag an Electric Picnic i gContae Laoise. Tá dea-scéalta go leor cloiste agam faoin bhféile sin agus tá muid ag súil go mór le bheith páirteach sa réimse imeachtaí Gaelacha atá á gcur le chéile ag fear Kila, Rossa Ó Snodaigh. Beidh seó do na gasúir agus seit eile do na daoine fásta i gceist - beidh Róise, Éabha agus Tadhg Óg liom ar an stáitse le haghaidh seó na ndaoine beaga agus do ghig na seanóirí, beidh mo leathbhádóir John Ryan i mo chuideachta, ar an méarchlár.

Sa bhFómhar, tá seó gasúr le cur le chéile agus camchuairt ar Chonamara ar na bacáin agus san athbhliain, tá súil agam aghaidh a thabhairt ar Nua Eabhrac le haghaidh sraith gigeanna - ionaid agus dátaí fós le socrú ach is ag caint ar mhí Feabhra atá muid.

Beidh tuilleadh eolais le fáil anseo, ar leathanach Facebook Futa Fata agus ar leathanach nuachta www.futafata.com chomh maith.