Wednesday 21 October 2009

Pléimeannaigh Phraiticiúla


Bhí comhrá spéisiúil agam le hionadaí ón gcomhlacht foilsitheoireachta Abimo agus mé ag freastal ar Aonach Leabhar Frankfurt an tseachtain seo caite. Foilsitheoir Pléimeannaise é Abimo. Beidh Futa Fata ag foilsiú leabhair i gcomhar leis roimh dheireadh na bliana seo. Mar is eol daoibh, seans, is canúint de chuid na hOllainnise í an Phléimeannais, ceann de na teangacha a labhraítear sa mBeilg.

D'fhiafraigh mé de mo chomhghleacaí Beilgeach, le teann fiosrachta, an raibh mórán difríochta ann idir an Phléimeannais agus an Ollainnis - ar ghá, cuir i gcás, eagráin Ollainnise agus eagrán Pléimeannaise a dhéanamh de leabhar a bheadh á fhoilsiú acu. "Níl" a deir sé. "Dírímid ar an ábhar a bheith feiliúnach don dá mhargadh. Sula bhfoilsímid leabhar ar bith, cuirimid chuig eagarthóir Ollannach é. Má aimsíonn sé siúd focal Pléimeannaise a mbeadh deacracht ag léitheoir Ollannach leis, déantar leasú ar an téacs, ar mhaithe leis an leabhar a bheith intuigthe sa dá thír".

Nuair a chuimhním ar leabhair Ghaeilge do pháistí óga atá feicthe agam agus abairtí ar nós "Tá Mamó ag ithe a coda" iontu, bím ag cuimhneamh go bhféadfaimis ceacht nó dhó a fhoghlaim ó na Pléimeannaigh....

Monday 19 October 2009

Claonadh nua gránna in iriseoireacht na hÉireann

Duine ar bith a léigh an t-alt suarach a chuir an Sunday Times i gcló cúpla seachtainí ó shin faoi scríbhneoirí na Gaeilge a bheith ar maos in airgead Stáit agus gan oiread agus bosca amháin leabhar dá saothar díolta, aithneoidh sé nó sí nach iriseoir a scríobhfadh a leithéid ach duine a bhí ag iarraidh mioscais agus gangaid a spreagadh i measc an phobail.

Ba mheasa go mór fada na sáiteáin ghránna a caitheadh le cuimhne Stephen Gately agus a cholainn bhocht fuaraithe ar éigean. Níor casadh Stephen Gately orm riamh agus ní fhéadfainn a rá cén cineál duine a bhí ann, ach fiú dá mba bithiúnach lofa é, ní raibh an chúlchaint bhréan a thriail an óinseach sin sa Daily Mail a dhúiseacht tuillte aige. Fear pósta ab ea Gately agus de réir cosúlachta bhí sé féin agus a pháirtí sásta le chéile. Dá mba cúpla heitrighnéasach iad, an mbeifí ag tabhairt le fios go raibh rud eicínt gránna, lúbtha ar siúl acu dá dtiocfadh cara leo ar ais chuig an árasán, an oíche sular cailleadh duine acu go tragóideach?

Ba chóir don NUJ cur i gcoinne an cineál seo suarachais atá curtha i láthair i gculaith na hiriseoireachta. Is cúis náire do ghairm na hiriseoireachta saothar na beirte a chuir an dá alt thuasluaite i gcló. Mo náire iad.

Friday 9 October 2009

Duais na síochána d'Obama?


Mar chathaoirleach ar an eagraíocht Baile an Dónalláin Ar Son Obama, bhí ríméad croí orm nuair a toghadh mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá é. Fear ciallmhar, cliste é agus scil sa bpéintéireacht theibí chomh maith le chuile shórt eile aige, mar a fritheadh amach le cúpla lá anuas!

Agus an méid sin ráite, sílim go bhfuil Gradam Nobel na Síochána bronnta róluath ina ré ar an Uasal Ó Bámadh. Is léir gur bronnadh an gradam sa gcás seo ar mhaithe le taispeáint gur féidir dea-thoil a chothú go hidirnáisiúnta do Mheiriceá ach duine a bhfuil beagán cap-ann aige a chur i mbun na hOifige Ubhchruthaí.

Ach nárbh fhearr fanacht bliain amháin eile ar a laghad go dtí go mbeadh dul chun cinn níos substaintiúla déanta ag an Óbámach san iliomad iarrachtaí atá ar siúl aige an domhan a shábháil?

Thursday 8 October 2009

Fliú na muc is na madraí?

Tá mé ar ais ar mo chosa deiridh le cúpla lá i ndiaidh dom ráig ghránna de fhliú nó de shlaghdán de chineál eicínt a chur díom. Níl mé cinnte fós céard a bhí ann - tá barúil agam nárbh é an dós H1N1 é, nó cibé cén t-ainm atá faoi láthair air. Ní hé gur mhair sé i bhfad, ach d'fhág sé chomh lag le caitín mé.

Ón Luan i leith, tá mé ag teacht chugam féin agus ar ball inniu, ag am lóin, beidh mé ag tabhairt faoi cheolchoirm a thabhairt thiar in Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua.

Beidh mé ag bualadh siar faoin mbaile céanna arís an tseachtain seo chugainn le dhá sheisiún a dhéanamh do ghasúir, i Leabharlann álainn na Ceathrún Ruaidh. Dé Máirt seo chugainn. Ansin, an lá dar gcionn, anonn liom go Frankfurt na Gearmáine, áit a mbeidh Futa Fata ag glacadh páirte, den chéad uair, ar sheastán na hÉireann ag Aonach Mór na Leabhar. Ag cuartú leabhar le haistriú isteach go Gaeilge a bheas mé, don bhliain 2010 chomh maith le teagmhálacha a chothú go hidirnáisiúnta i comhair roinnt tograí atá ar na bacáin don dá bhliain atá romhainn amach.

Tar éis dom filleadh ón nGearmáin, tá súil agam bogadh isteach san oifig nua atá cóirithe againn os cionn an gharáiste anseo sa ngarraí.

Bliain an-deacair ab ea 2009 do chomhlachtaí beaga foilsitheoireachta. Is deacair a rá an mbeidh 2010 mórán níos fearr - tá sceanairt déanta ar bhuiséid na scoileanna agus na leabharlanna araon agus tá an gnáthphobal ag coinneáil an-súil ar a gcuid pingeacha. Tá na siopaí leabhar faoi bhrú ag an gcúlú, agus ó tharla nárbh iad na leabhair Ghaeilge ba mhó a rinne saibhreas riamh dóibh, tá spás seilfe do na foilseacháin s'againne ag éirí níos lú ar feadh an ama. Le himeacht Foinse, tá sé níos deacra ná riamh poiblíocht a fháil.

Ach ar an taobh eile den scéal, tá gréasáin nua ar nós Facebook á dhéanamh níos éasca do dhreamanna beaga pobal a chothú agus coinneáil i dteagmháil leo. Tiocfaidh muid as. Tá an slaghdán curtha díom agam - agus tá an ghrian ag scalladh anuas ar Chonamara....