Tuesday 31 March 2009

Anois teacht an Earraigh


Peata lae a bhí againn anseo i gCois Fharraige inniu. Bhí an cuan ina gloine. Ar maidin is mé ag tabhairt na ngasúr siar go hIndreabhán ar scoil, bhí tréad rónta ag snámh amach ó Thrá na mBan sa Spidéal - rud nach bhfeicfeá rómhinic. Ar ball tráthnóna, bhí cúig cinn de chadhnacha ann.

Ní mise an chéad duine ar thug a chroí taitneamh don chineál seo teagmhála, gan choinne, le saol diamhrach an nádúir. Seo sliocht gearr as an dán "Binn sin, a Luin Doire an Chiarn" - laoi cháiliúil Fiannaíochta. Sa bpíosa seo a leanas, tá Oisín ag inseacht do Naomh Pádraig faoi na radharcanna agus na fuaimeanna ba ghaire do chroí a athar, Fionn mac Cumhaill.

Cearca fraoigh um Chruachain Chuinn,
feadghail dobhráin Druim Dhá Loch,
gotha fiulair Ghlinn' na bhFuath,
longhaire cuach Chnuic na Scoth.

Gotha gadhair Ghleanna Caoin,
is gáir fhiolair chaoich na sealg,
tairm na gcon ag triall go moch
isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.

An tráth do mhair Fionn 's an Fhiann,
dob ansa leo sliabh ná cill;
ba binn leo-san fuighle lon,
gotha na gclog leo níor bhinn.

(Thóg mé an leagan seo ón Duanaire - 1600-1900: The Poems of the Dispossessed, Dolmen, 1981).

Céard is brí le "cuasán"?


Deich mbliana sular cailleadh í, bhuail stróc mo sheanmháthair. Bean an-ábalta, an-ghníomhach a bhí inti riamh anall agus ghoill sé go dóite uirthi a bheith caite ina staic le hais na tine, gan a bheith in ann siúl i gceart ná obair de chineál ar bith a dhéanamh. De réir mar a tháinig feabhas uirthi, d'fhill sí ar an léitheoireacht, ach ar feadh bliana nó mar sin, sular aistrigh sí isteach le m'aint, Dillie, i gClár Chlainne Mhuiris, bhíodh mé féin agus Mum, mar a thugadh chuile dhuine uirthi, ag cur is ag cúiteamh go minic.

Sa leabhar A Family Romance a scríobh mo chol ceathrar, John Lanchester, faoi m'aint, Julia Gunnigan, a mháthair féin, tá cur síos géar go maith ann ar mo Mhamó. Bhí teanga ghéar ag Mum, cinnte, ach bhí an-acmhainn grinn inti chomh maith. Agus ach an oiread le duine ar bith eile dá glúin, bhí go leor focla Gaeilge trína cuid Béarla aici.

Thosaigh sí á dtabhairt seo chun cuimhne an cúpla mí sin a chaith sí cois tine sa mbliain 1978 agus thosaigh mise á mbailiú uaithi. Ceann de na cinn ba deise liom ná an focal "cuasán" - spás folamh a gheofá uaireanta i lár fata mhóir. Tá gaol aige leis an bhfocal "cuas" atá ar fáil sa logainm Ciarraíoch "Cuas an Bhodaigh". Focal eile a bhí aici, a bhí cloiste ó mo Dhaid chomh maith agam ná "breilleamán" - duine a mbeadh pus na míshástachta i gcónaí air. Tá an focal "breill" i gCorca Dhuibhne ann agus fuaim láidir "i" leis (ar nós leac oighir).

Focal eile ná "maistín" - páiste a bheadh i gcónaí ag caoineadh. Tá an focal "maistín" anseo i gConamara ach an bhrí atá sa taobh seo tíre leis ná duine óg a dhéanann rudaí as bealach - maoin phoiblí a bhriseadh le teann spraoi, mar shampla.

"Codaí" a bhí aici ar mhadra tuaithe a raibh pór meascaithe ann - níl an ceann sin cloiste agam áit ar bith eile. "Rúiteach" a bhí aici ar thalamh bocht gan mhaith. Dá mbeadh rudaí caite thart ar an teach gan mórán eagair orthu, "tromach tramach" an cur síos a bheadh aici orthu - is cinnte gurb shin a thabharfadh sí ar m'oifig mhí-eagraithe anseo i gCeannáras Gharraí Johnny Mhorgan.

"Póirs' (póirse) a bhí aici ar bhóithrín beag gearr a thabharfadh ón mbóthar mór tú chuig teach duine eicínt, go háirithe má bhí sé dúnta isteach chaon taobh ag tomacha nó crainnte. Bhí an claonadh atá ann i nGaeilge Iorrais na gutaí neamhaiceanta ag deireadh focla a fhágáil ar lár (bosc', geat', uisc' srl. in ionad bosca, geata, uisce) le sonrú ar an stór focal a bhí ag Mum. "Pleidhc'" a bhí aici seachas "pleidhce" mar atá anseo i gConamara.

Thaitníodh liom na scéalta a bhíodh aici le focla áirithe a mhíniú. Agus í ag míniú ciall an fhocail "bradach", cuir i gcás, (duine nó rud a bhíonn ag goid nó ag baint le rudaí nach mbaineann leis) chuimhnigh sí siar ar a cuid laethanta cúirtéireachta - "Go on out of that with your lámh bhradach".

Cuirfidh mé leis an liosta focal seo anois is arís. Bheadh an-spéis agam a chloisteáil ó dhuine ar bith faoi na focla seo, féachaint an bhfuil fáil orthu in áiteacha eile in Éirinn - cuid acu, níl aon dé orthu i bhfoclóir an Duinnínigh, ná níl siad ag an Dónallach ach oiread.

Monday 30 March 2009

Ficsean seachas neamhfhicsean - Sol Stein


Ar thaobh na láimhe deise den scáileán, a chlann, feicfidh sibh liosta leabhar a chuir mé leis an mblag an lá cheana - leabhair úsáideacha don té a bhfuil spéis aige i gceird na scríbhneoireachta (seachas ceird na gramadaí, a phóilíní teanga!).

Ceann de na cinn is fearr a bhfuil eolas agam orthu ná an ceann ar bharr an liosta - Stein on Writing le Sol Stein. Eagarthóir liteartha ab ea Sol Stein a d'oibrigh i gcaitheamh a shaoil le scríbhneoirí ar nós Dylan Thomas agus W.H. Auden. Scríbhneoir an-ildánach é féin chomh maith.


Gar do thús an leabhair, pléann sé an neamhfhicsean - cén chaoi le fíricí a chur abhaile ar an léitheoir ar bhealach a spreagfaidh a shamhlaíocht. Ag eascairt as an bplé sin, déanann sé cur síos ar an gcaoi is féidir scéal ficsin a fhorbairt bunaithe ar thuairisc fíriciúil. Seo sliocht gearr a thabharfaidh blaiseadh daoibh dá bhfuil sa leabhar:

Traditional Nonfiction: New York City has more than 1,400 homeless people.

Better Nonfiction: The man who has laid claim to the bench on the corner of 88th Street and Park Avenue is one of New York City's 1,400 homeless people.

Fiction: His skin the colour of rust, the man sits on his park bench next to his bag of belongings, staring at the brightly lit windows in the apartments across the street, at the strange race of people who still have hope.

Ní fhaca mé riamh "Stein on Writing" i siopa leabhar anseo in Éirinn, ach tá fáil air ó Amazon - sladmhargadh faoi láthair don Éireannach, ar aon nós, agus an dollar fós sách lag le hais an euro.

Ceann sciobtha - freagra ar an gceist a cuireadh an lá cheana

Ceist: Cén difríocht is mó atá ann idir giotáraí rac













agus giotáraí snagcheoil?


Freagra: Casann giotáraí rac, ar an meán, trí chorda, os comhair lucht éisteachta míle duine.....

Sunday 29 March 2009

iGaeilge agus na Póilíní Teanga


Feicim go bhfuil na póilíní teanga th'éis a bheith ag batráil ar dhoras áirithe i gceantar Chúil Aodha. Tá samplaí liostáilte acu ar an mblag iGaeilge de mhíchruinneas a scríbhneora, Conchubhar Ó Liatháin maidir le cúrsaí inscne (ar eagla na míthuisceana, ní trasghléasadh ná tada mar é atá i gceist agam).

Diabhal mórán sásaimh a thugann iar-eagarthóir Lá do Ghardaí na Gramadaí. Ach cé acu atá an ceart? - an blagadóir ar fearr leis an scian a shá go feirc i bhfeoil bhog an Fhorais, nó na póilíní teanga atá ag tathaint air níos mó cúraim a chaitheamh lena chuid scríbhneoireachta?

Bhuel, maithigí dom má cheapann sibh gur Tadhg an Dá Thaobh mé, ach airím go bhfuil cuid den cheart ag Fear Biadáin Mhúscraí agus ag Póilín Rúnda an Phinn Dheirg araon.

Is galar é an cruinneas teanga nuair atá an té atá i ngreim aige go hiomlán dírithe ar mhianach na teanga, gan aird ar bith aige ar ghné na cumarsáide den scéal.

Agus an méid sin ráte, is teanga í an Ghaeilge - teanga ársa, teanga chasta. Tá gramadach achrannach go leor aici. Creidim féin go bhfuil sé de dhualgas ar chuile dhuine a shaothraíonn an teanga a dhícheall a dhéanamh í a scríobh chomh cruinn agus is féidir. Tá an nua-theicneolaíocht tar éis léas nua beochta a thabhairt don Ghaeilge. Tá duine ar bith ar fud na cruinne (go teoiriciúil, ar aon nós) in ann an t-alt seo uaimse a léamh. Seo an áit a bhfuil freagracht orainn a bheith cruinn.

Dá scríobhfainn "an Fhoras" mar shampla, seachas "an Foras", an faitíos a bheadh orm ná go gcothódh sé éigínnteacht agus mearbhall intinne i measc phobal na bhfoghlaimeoirí - an botún atá i gceist leis an séimhiú seo ar an bhocal "Foras", nó an pointe canúna atá ann? Nó an cuma?

An bhfuil gá ag duine ar bith atá ag obair as féin go díograiseach i gCleveland, Ohio, nó i bPáras, Teicseas, a bheith ag cur stró air féin an difríocht idir "Tá an Foras lofa" (mar shampla, a chairde, mar shampla ó bharr mo chinn) "Tá an t-uafás airgid ag an bhForas lofa" agus "Cén fáth nach dtugtar domsa cuid d'airgead an Fhorais lofa" a fhoghlaim?

Leis an gceart a thabhairt don Liathánach, fear a bhfuil aithne agam le fada air agus meas dá réir, sílim go mbaineann an cur chuige laissez faire atá aige i leith chúrsaí gramadaí agus litrithe lena chúlra teanga féin. Tógadh Conchubhar i bpobal beag Gaeltachta, oileáinín teanga atá faoi léigear le fada ag an mórtheanga atá ag guailleáil isteach air ó chuile thaobh. Agus é ag éirí aníos, tá mé cinnte gur chuala sé an-mheascán cainteoirí Gaeilge ina thimpeall - daoine a raibh eolas cruinn acu ar inscne ainmfhocal, mar shampla agus daoine nach raibh.

Ar bhealach, tá sé i bhfad níos éasca ag an ábhar póilín teanga - duine, den chuid is mó, a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ina dhuine fásta, is atá in ann na rialacha éagsúla a dhaingniú ina chloigeann ar bhealach measartha loighiciúil, ná mar atá ag an gcainteoir dúchais, go háirithe an fear Gaeltachta a tógadh i gceantar a raibh brú ar leith ar an teanga ann agus é ag éirí aníos.
Mar nuair a théann botún de chineál ar bith i bhfastó i do chloigeann, is deacair é a dhíbirt.
Mar shampla, d'fhoghlaim mé féin an t-amhrán "Cill Aodáin" i mo dhéagóir óg dom, roinnt blianta sular thug mé i gceart faoi líofacht a bhaint amach sa nGaeilge. Is le bliain nó dhó anuas a thug mé faoi deara go bhfuilim ag casadh an amhráin sin riamh anall agus botún bunúsach á rá agam "Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo" seachas an rud ceart "Go seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo". Táim á rá le blianta mar go raibh an rud mícheart tar éis é féin a neadú i gcúl mo chinn agus fanacht ann go stuacach.

Níl a fhios agam cén leigheas atá ar an scéal ag iGaeilge - is léir go bhfuil pobal léitheoireachta aige, ach le léimneach anuas den chlaí (an Béarlachas é sin, meas sibh?) sílim gurbh fhiú dó beagán machnaimh a dhéanamh ar an bhfreagracht atá air mar scríbhneoir a bheith ina eiseamláir stíle agus cruinnis dá phobal léitheoireachta.
Go maire tú an céad, a iGaeilge, ag sá na scine géire go feirc i mbolg beathaithe an Fhorais lofa. (Is mar eiseamláir gramadaí amháin is cóir an abairt dheiridh seo a léamh - dáiríre.)

Ceann sciobtha

Cén difríocht is mó atá ann idir








giotáraí rac agus giotáraí snagcheoil?

Freagra amárach......

Friday 27 March 2009

Foilsitheoireacht na Gaeilge sa gcomhthéacs domhanda

Is mé á scríobh seo ag geata A19 in Aerfort Bhleá Cliath, ag fanacht le heitleán na Gaillimhe a bhordáil, tá mé ag cuimhniú ar chúrsaí foilsitheoireachta. Ceann de na rudaí is mó a ritheann liom th'éis don an turas bliantúil a thabhart go hAonach Leabhar Bhologna ná a amaitéaraí is atá saol foilsitheoireachta na Gaeilge. Seachas comhlacht mór amháin, Cló Iar Chonnachta, agus An Gúm, ar chuid d'Fhoras na Gaeilge le tamall de bhlianta é, is ar bhonn amaitéarach a dhéantar an fhoilsitheoireacht Ghaeilge, cuid mhaith (agus ar fhaitíos na míthuisceana, táim ag úsáid an fhocail "amaitéarach" sa mbunchiall dhearfach - is é sin duine a dhéanann obair éigin le grá don obair sin, seachas ar mhaithe le slí bheatha a bhaint as). Is comhlachtaí beaga páirtaimseartha cuid mhaith de na tithe foilsitheoireachta. Duine aonair atá i mbun cuid acu, agus jab lae ag an duine sin nach mbaineann i gcónaí le foilsitheoireacht.

Déanann na daoine amaitéaracha seo a ndícheall déileáil leis an obair eagarthóireachta, leis an dearthóireacht, leis na clódóirí, leis an margaíocht, leis na dáílitheoirí agus leis an bpáipéarachas ar fad a bhaineann le maoiniú a bhaint as an Státchóras. Éiríonn réasúnta maith leo den chuid is mó (agus go hiontach maith go leor den am), mura bhfuil an foilsitheoir ag cur an iomarca bunteideal ar an margadh in aghaidh na bliana agus má chloíonn sé le réimse ar leith a bhfuil saineolas aige uirthi.
Ach i margadh chomh bídeach beag le margadh na Gaeilge, is deacair cloí le speisealtóireacht ar bith go ródhocht. An toradh a bhíonn air sin ná go sciorann leabhair gan slacht trí chóras eagarthóireachta an fhoilsitheora atá faoi bhrú, nó i gcás comhlachtaí áirithe, córas nach bhfuil sách eolach ar shainréimse ar leith (pictiúrleabhair do pháistí óga, cuir i gcás, nó ficsean coiriúlachta). I gcás comhlachtaí eile, is é an"córas" eagarthóireachta atá i réim ná an eagarthóireacht ar fad a fhágáil faoin scríbhneoir. Fágann sé seo an foilsitheoir saor leis na scórtha leabhar a fhoilsiú chuile bhliain, gan mórán de chaighdeán inmheánach a bheith le sonrú ar a bhfuil á chur ar an margadh ag an gcomhlacht.

Bhí tráth den saol ann go raibh a laghad sin ábhair ar fáil i nGaeilge go gcuirtí fáilte roimh leabhar ar bith mar "gurbh fhearr ann nó as" dó mar leabhar. Tá an lá sin caite agus seanchaite. Is fiú an cheist a chur - cén céatadán dá bhfuil de leabhair Ghaeilge á bhfoilsiú in aghaidh na bliana a sheasfadh gualainn ar ghualainn ó thaobh caighdeáin lena bhfuil á fhoilsiú go hidirnáisiúnta, dá gcuirfí i láthair iad ag aonach ar nós Bologna, nó Londain, nó Frankfurt ? Bheadh roinnt teideal ann chuile bhliain, cinnte - ach an leor é sin mar chaighdeán?

Ceann de na bealaí is fearr le feabhas a chur ar chúrsaí caighdeáin, creidim féin, ná béim i bhfad níos mó a chur ar chúrsaí eagarthóireachta. An tuiscint atá go coitianta ann i saol scríbhneoireachta na Gaeilge ná gurb ionann "eagarthóireacht" agus caoi a chur ar an teanga - an ghramadach a bheith cruinn agus an litriú a bheith ceartaithe.

"Desk editing" a thugtar air sin sa mBéarla. An eagarthóireacht atá in easnamh go minic ná an eagarthóireacht choincheapúil - an bhunobair ar struchtúr, ar loighic agus ar inchreidtheacht an scéil - ar charachtracht, ar dhílseacht an domhain shamhalta dá chuid rialacha féin. Sin an creatlach. Os cionn an chreatlaigh seo, tá an guth le cruthú, an rithim, an ceol a thabharfas aontacht don saothar is a chuirfeas craiceann ar an scéal. Ar ndóigh tá an ghramadach agus an litriú tábhachtach, ach is bunscileanna iad sin - chomh bunúsach le cumas ceoltóra a bheith in ann casadh i dtiún.
Níl eagarthóir ar domhan a bheadh in ann sainchomhairle a chur ar chuile chinéal scríbhneora atá ag plé le chuile réimse dá bhfuil á shaothrú i nGaeilge, nó ar chuile réimse ar mhaith linn a bheith á saothrú - filíocht liteartha, véarsaíocht éadrom, ficsean triaileach, prós acadúil, an bheathaisnéis, tráchtaireacht pholaitiúil, chultúrtha, spóirt nó siamsaíochta; ficsean rómánsúil, ficsean bleachtaireachta nó coiriúlachta; cumadóireacht ghrafach, ficsean den uile genre do dhéagóirí, do réamhdhéagóirí, nó do pháistí atá díreach tosaithe ag léamh go neamhspleách; pictiúrleabhair do pháistí réamhscoile agus mar sin de - gan trácht ar an lúthchleasaíocht liteartha agus teangeolaíochta a bhaineann le hábhar inspéise a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí na teanga, dream a bhfuil bearna mhór idir a n-aois léitheoireachta agus a n-aois chroineolaíoch.

Tá scríbhneoirí den scoth ag teastáil uainn, ach tá réimse saineagarthóirí ag teastáil chomh maith, iad ag obair ar bhonn gairmiúil do chomhlachtaí foilsitheoireachta a fhéachann i gcónaí le caighdeán idirnáisiúnta a bhaint amach. Níl tada níos lú ná sin tuillte ag lucht léite na Gaeilge.
Ach leis an méid sin a bhaint amach, is gá don chóras maoinithe Stáit athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcóras maoinithe agus béim as an nua a chur ar chaighdeán na foilsitheoireachta, seachas ar líon na leabhar atá á dtáirgeadh. Mar ceann de na deacrachtaí a chothaíonn an díograis amaitéarach (agus i gcásanna áirithe, is cruinne an cur síos é an focal "laochas" seachas "díograis") ná go dtugann sé pictiúr bréagach de chostas phróiséas na foilsitheoireachta - tá oiread obair eagarthóireachta á dhéanamh ar bhonn deonach gur deacair ag an gcomhlacht atá ag iarraidh maireachtáil go lán-aimseartha ar an obair an argóint a dhéanamh le breis maoinithe a fháil don am atá siad ag caitheamh leis an gceird. Agus tá cultúr agus íomhá na teanga thíos leis sin.

Thursday 26 March 2009

Brionglóid i bhfad ó bhaile

Dúisím de gheit. Tógann sé nóiméad orm a oibriú amach gur i mo sheomra ar an seachtú urlár den Novotel Fiera i mBologna atá mé. Tá mé th’éis teacht amach as briongloid chasta, brionglóid a d’airigh an-realaíoch, an-soiléir dom agus mé ina lár. Seo mar a bhí aici:

Tá mé féin is mo mhac, Tadhg Óg, ar an bhfeirm inar tógadh mé i gContae Mhaigh Eo. Tá an tuiscint ag an mbeirt againn gur ann atá muid ina gcónaí go buan. Tá Tadhg Óg ceaptha a bheith tugtha ar scoil agam ach tá an bheirt againn amuigh sa ngarraí trasna an bhóthair ón teach inar tógadh mé. Tá mé ag obair, nó ag spraoi, le meaisín. Is cosúil go bhfuil feidhm phraiticiúil leis an meaisín seo – cineál strimmer atá ann (cá bhfuil an Coiste Téarmaíochta nuair a theastaíonn siad ?), ach tá cuid an mhaide i mo láimh ceangailte le paca ar mo dhroim agam - tá mé in ann eitilt leis an meaisín seo chomh maith. Suas liom san aer, ag iarraidh na sreanga leictreachais a shíneann os cionn an gharraí a sheachaint.

Aisteach go leor, (cé nach n-airíonn sé aisteach sa mbrionglóid), níl Tadhg Óg ag tathaint orm deis a bheith aige féin imeacht ag eitilt leis an meaisín. Ag pointe amháin, buailim na sreanga leictreachais le lanntracha an mheaisín – cuid an strimmer, a choinníonn san aer mé, mar a bheadh heileacaptar ann. Tuigim go mbeinn maraithe dá mba ar an talamh a bhí mé agus deis ag an sruth leictreachais ransadh trí mo cholainn.

Faoi cheann píosa, tá an chumhacht ídithe sa meaisín agus ar chúis eicínt nach bhfuil go hiomlán soiléir, tugaim béal dorais é, lena chargeáil. Muintir Neary atá béal dorais linn i Lorgain, mo bhaile fearainn dúchais i gContae Mhaigh Eo. Nuair a théim féin agus Tadhg Óg isteach sa teach, tá an áit lán le daoine. Tá Mrs. Neary (a cailleadh thart ar an mbliain 1992, sílim) ann agus feicim uaim í, cé nach labhrann sí liom go díreach. Tá an-atmasféar ann i measc an chomhluadair sa gcisteanach - ní fhaighim aisteach é sin. (Is ar éigean a lasadh tine ar an teallach ó cailleadh Mrs. Neary – fuair a mac, fear álainn, uasal, ach an-chúthail, deacair glacadh lena bás agus chas isteach ann féin go mór).

I measc an chomhluadair (agus ní aithním duine ar bith acu, cé nach gcuireann sé sin as dom blas) tá triúr deirfiúr, mná dea-ghléasta, i ndeireadh na dtriochaidí nó tús na gceathrachaidí, highlights chostasacha ina gcuid gruaige acu triúr. Faighim an tuiscint uathu go bhfuil said th’éis páirt a ghlacadh le gairid i gclár tallaine ar an teilifís. Fiafráim díobh an raibh said sásta leis an gclár agus bíonn comhrá againn faoinar tharla ar chúla téarmaí, le linn don seó a bheith á dhéanamh.

Ní éistim i gceart leis an gcomhrá seo, mar go gcloisim uaim, ar an taobh eile den seomra, Mrs. Neary ag comhrá le fear as Conamara. Ina suí sa gcathaoir a shuínn fhéin inti i gcónaí ar feadh na mblianta a thugainn cuairt uirthi atá sí, í ag gaeilgeoireacht léi go sásta leis an gConamarach.

Tuigim go bhfuil sé seo as alt leis an saol mar atá, nó mar a bhí. Ní raibh labhairt na Gaeilge ag Mrs. Neary, cé go raibh Béarla an-ghaelach aici agus stór maith focal Gaeilge tríd, mar a bhí ag formhór na glúine sin sa mbaile. Ach an tuiscint atá agam sa mbrionglóid ná go raibh Gaeilge aici ar feadh an ama, ach go gcoinníodh sí faoi rún an cumas sin. Anois, tá Gaeilge ag formhór na ndaoine breátha, bríomhara atá ina timpeall, agus tá sí féin in ann í a labhairt gan fuacht, gan faitíos.

Tagann cailín óg dathúil sna fichidí i mo leith agus cuireann sí caint orm. Tá Gaeilge bhreá aici féin. Deir sí liom gur i Londain a tógadh í agus gur iníon í le pianadóir cáiliúil eicínt a bhfuil cónaí i Luimneach air, bíodh is nach bhfuil sí in ann cuimhniú ar a ainm. Micheál Ó Súilleabháin , b’fhéidir ? Ní mó ná sásta atá sí go luafainn an t-ainm sin léi, ach cinneann uirthi féin ainm a chur ar a hathair.

Agus an comhluadar ag scaipeadh, buailim féin bleid cainte, i mo theanga dhúchais féin, (Béarla Mhaigh Eo), ar fhear a aithním, sílim. (Sa ngnáthshaol, airím nach ndéanaim é seo leath sách minic – déanann daoine cúthaile mo chúthaileacht féin a threisiú agus ní thugaim dóibh ach miongháire. Airím ina dhiaidh go raibh sé de cheart agam labhairt leo).



Fear tuaithe ceart atá sa duine seo é, thart ar an dá scór. Deir sé liom gur duine de mhuintir Cleary é ó Chnoc Mhuire (tá an teach a bhfuil muid ina seasamh ann, nó a bhfuil mise ag brionglódeach muid a bheith ina seasamh ann, thart ar chúig nó sé de mhílte ó thuaidh den bhaile sin). Tá garáiste aige ar an mbaile, a deir sé - ceann beag, mí-eagraithe, a shamhlaím – garáiste ar an sean-nós. “The lasht time I was talkin to you” a deir sé “you were afther me over a car”. Déanaim gáire agus tugaim le fios dó go bhfuil dearmad déanta agam ar pé easaontas a bhí eadrainn – rud atá fíor.



Ritheann sé liom go bhfuil sé in am agam Tadhg Óg a thabhairt ar scoil. Téim amach chuig an gcisteanach cúil leis an meaisín eitile a fháil. Caite ar an urlár atá sé, ach ní chuireann sé as dom go raibh mé ceaptha a phlugáil isteach. Nuair a thugaim amach chuig an gcarr é (cé nár tháinig muid ann i gcarr) ní hé mo charr fhéin atá romham, ach eileatram snasta dubh – an cineál cairr a gcuirtear cónra isteach ann, lá sochraide.
Deireadh mo mháthair fadó gur cheart paidir a chur le hanam duine a thagann ar ais chugat i mbrionglóid, gan choinne, mar a rinne Mrs. Neary ar baillín. Teachtaireacht ó anam i bpéin a bhíonn sa gcineál seo brionglóide, dar le mo Mham – teachtaireacht a chuirtear chugat mar go bhfuil cúnamh ag teastáil ón duine básaithe agus iad faoi bhrú eicínt ar an saol eile.
Socraím go lasfaidh mé coinneal do Mrs. Neary ar ball tráthnóna, i seanséipéal eicínt, agus mé ag fánaíocht thart ar lár Bhologna.

Wednesday 25 March 2009

Conradh nua sínithe ag Futa Fata i mBologna




Is ag Aonach Leabhar Frankfurt a cuireadh tús leis an togra seo. Anseo i mBologna a síníodh na conarthaí idir Dorling Kindersley agus Futa Fata. Beidh an dá leabhar ar fáil i nGaeilge i mí Mheán an Fhómhair. Is iad COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta atá ag tacú le foilsiú na leabhar seo.

Futa Fata ag Aonach Leabhar na bPáistí, Bologna 2009 - an darna lá


Is cinnte go bhfuil níos mó spáis ag duine siúl thart ar Aonach Leabhar na bliana seo i mBologna. Tá laghdú tagtha ar na seastáin ag na comhlachtaí móra - bhí ceann mór millteach ag Random House anseo anuraidh, mar shampla - tá sé roinnt mhaith níos lú an iarraidh seo.
Chuile bhliain, bíonn náisiún ar leith mar aoi speisialta ag an Aonach - is í an Chóiré atá i mbliana ann. Chaith mé tamall ag faoileáil thart ar sheastáin na tíre sin inniu, ach dáiríre, bheadh sé an-deacair leabhar a aimsiú ann a bheadh feiliúnach le foilsiú in Éirinn, ó thaobh pictiúrleabhar go háirithe - tá stíl ealaíne an domhain thoir an-éagsúil ón gcineál ruda a bhfuil cleachtadh againn san Eoraip leis.
Deirtear liom go bhfuil Aonach Bhologna ag imeacht i léig de bheagán, de réir mar a thagann forbairt ar Aonach Londain, a bheas ar siúl seachtain th'éis na Cásca. Imeacht mhór idirnáisiúnta atá ann i gcónaí ina dhiaidh sin - i bhfad níos lú ná Frankfurt, ach i ngeall ar an bhfócas ar fhoilsitheoireacht don aos óg, tá atmasféar níos deise, níos séimhe, ar bhealach, ag baint leis mar aonach.
Is mór is fiú d'Éireannach ar bith a bhfuil spéis i ngné ar bith d'fhoilsitheoireacht na hóige aige a theacht ann ar a laghad uair amháin. An té atá eagraithe is a chuireann ticéad eitleáin in áirithe in am, is féidir taisteal anonn is anall ó Bhleá Cliath ar €160 ar thicéad fillte. Bíonn an lóistín sách daor (ach an méid sin ráite, tá sé i bhfad níos saoire i mbliana ná mar a bhí anuraidh), agus cosnaíonn cead isteach don tseachtain thart ar €45. Bíonn seimineáir ann d'aistritheoirí, do mhaisitheoirí agus ar ndóigh, d'fhoilsitheoirí.
Tá sé an-úsáideach ó thaobh saol foilsitheoireachta na hÉireann a chur i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá muid bídeach beag mar thionscal. Ach má tá féin, tá sé an-spreagúil, feictear dom féin, a theacht go Bolgona ó thaobh caighdeán idirnáisiúnta a mheas - is cúnamh é sin do dhuine ar bith atá ag iarraidh a chaighdeán inmheánach féin a choinneáil chomh hard agus is féidir.
Agus ar deireadh, tá an bia ann. Is cúis gáiré (nó cúis náire) é an cineál bia a chuirtear ar fáil i gcaitheamh an lae ag Aonach Frankfurt, nuair a chuirtear i gcomparáid le caintín an aonaigh anseo i mBologna é.

Tuesday 24 March 2009

Aonach Leabhar Bhologna 2009


Aréir a leandáil mé anseo i mBologna, agus rinne mé mo bhealach trí cheo draíochta an Xanax (a thógaim le déileáil leis an sceon a thagann in eitleáin orm). Faoin am go raibh an tríú cruinniú curtha díom ar maidin agam, bhí mé beagnach ar mo sheanléim. Th'éis a raibh d'aimsir bhreá againn sa mbaile do dheireadh seachtaine na Féile Pádraig, bhí mé ag súil le teas anseo i lár na hIodáile. Bhí sé de cheart agam na thermals a phacáil.

An rud ba mhó a chonaic mé inniu a chuaigh i gcion orm ná taispeántas de chuid saothar Roberto Innocenti, maisitheoir aitheanta leabhar ón Iodáil. (Ní dóigh liom féin gur focal ró-shásúil é "maisitheoir", go háirithe i gcás leithéidí Innocenti.) Stíl
an-réalaíoch atá aige.

Tá maisiú (nó léiriú) déanta aige ar an-réimse scéalta, ina measc Pinocchio, Luaithríona agus go leor eile. Na híomhánna ba mhó a chuaigh i gcion orm ná sraith atá déanta don leabhar Rose Blanche, scéal faoi champaí géibhinn na Naitsíoch i gcaitheamh an darna cogaidh mhóir.

Bhí an fear é féin i láthair ag seimineár inniu agus bhronn an foilsitheoir atá sa tSín aige bronntanas air leis an aitheantas atá á thabhairt dó ag Aonach na bliana seo a mharcáil.

Saturday 21 March 2009

Lá na Máthar le Nuala Rua


Le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Máthar, seo dán ó fhile a bhfuil gaol na máthar lena páiste mar théama leanúnach ina saothar. Is scríbhneoir ar leith í Nuala Ní Dhomhnaill, scríbhneoir tábhachtach Eorpach, sílim féin. Seo ceann de na dánta is deise liom dá cuid, a foilsíodh den chéad uair sa gcnuasach "Féar Suaithinseach" - tá ceol curtha agam féin leis an gceann seo. Tá súil agam é a thaifeadadh níos deireanaí i mbliana.


Dán do Mheilissa

Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,
ribín id cheann is fáinní óir ar do mhéaranta
duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta
tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.

An gearrcach éin ag léimt as tóin a nide,
an feileastram ag péacadh da díog,
an portán glas ag siúl fiarsceabhach go néata,
is leatsa iad le tabhairt faoi ndeara, a iníon.

Bheadh an damh ag súgradh leis an mhadra allta,
an naíonán ag gleáchas leis an nathair nimhe,
luífeadh an leon síos leis an uan caorach
sa domhan úrnua a bhronnfainn ort mín mín.

Bheadh geataí an ghairdín ar leathadh go moch is go déanach,
ní bheadh claimhte lasrach á fhearadh ag Ceiribín,
níor ghá dhuit diulliúr fige mar naprún íochtair
sa domhan úrnua a bhronnfainn ort mín mín.

A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín
go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian
is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn
i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.

An t-amadán san Irish Times

Tá muid ag tiomáint abhaile ón bpictiúrlann, lá fliuch samhraidh. Tá an seisear againn th'éis an scannán "Nacho Libre" le Jack Black a fheiceáil. Bhí muid ag súil go mór leis. Thaitin "School of Rock" thar barr linn ar fad - é cruthaithe ag an bhfoireann chéanna - scríofa ag Mike White agus Jack Black sa bpríomhpháirt.


Deich nóiméad ó thús "Nacho Libre" is léir nach bhfuil an ceann nua ar aon chaighdeáin le Scoil an Raic (an Rac? an Raca? - Dála an scéil, ar thug duine eile ar bith faoi deara an Ghaeilge atá ag Waterstones ar Rock Music - Roc-cheol = Wrinkly music - agus é sin ráite, tá neart leabhar faoi na Rolling Stones acu.)



Ní mó ná sásta atá mo bhean chéile leis an rogha scannán do chuairt seo an teaghlaigh ar an bpictiúrlann. (Canathaobh go dtugais chuig an rud seo sinn?). Déanann an chuid eile againn ár ndícheall taitneamh a bhaint as an scéal faoin manach ramhar a thriaileann páistí na díleachtlainne a shábháil trí shl bheatha nua, rúnda a tharraingt chuige féin mar iomrascálaí. Tá cuid mhaith den ghreann bunaithe ar an gcuma atá ar Black agus é gléasta ina éide troda agus an chuma ar a bholg nach fada uaidh go dtiocfaidh an cúpla ar an saol.



Ar an mbealach abhaile, aontaíonn muid nach bhfuil clú ag an amadán san Irish Times a thug ceithre réalta do Nacho Libre. Tá Marcus (14 ag an am) ag cur dhó faoi struchtúr fabhtach an scannáin. An fhadhb, dar leis (agus an ceart aige) ná inchreidtheacht an scéil - ní raibh dóthain cúise ag carachtar Black an rud a rinne sé a dhéanamh. "I mean, smaoinigh air" a deir Marcus, agus paisean ina ghlór - "cén chúis a bhí aige? What did he have to lose?"

Éabha (10 ag an am) "A little weight?"

Thursday 19 March 2009

Teacht an Earraigh


Tháinig mé ar sheanchóip den chnuasach filíochta "Lux Aeterna" le hEoghan Ó Tuairisc, i siopa athlámhach leabhar, i Sráid na Pairliminte i mBaile Átha Cliath, thart ar an mbliain 1982. Bhí mé th'éis castáil le hEoghan cúpla géabh i ndeireadh na seachtóidí agus mé ag freastal ar an meánscoil. Bhíodh sé ag moltóireacht ag féilte drámaíochta agus ag Slógadh.

D'imigh na blianta agus d'imigh "Lux Aeterna" amú orm. Dhá bhliain ó shin agus mé ag obair ar an gcnuasach "Aniar", chinn mé an dán "Oíche Nollag" (nó "Dá mbeadh meileoidean agamsa" mar is fearr aithne anseo i gConamara air) a chur san áireamh ann. Is ansin a fuair mé amach go raibh eagrán álainn nua de "Lux Aeterna" curtha in eagar ag Seán Ó Cearnaigh, agus foilsithe go slachtmhar ag Cois Life.

Seo sliocht as an dán aoibhinn "An Londubh sa Choill Péine" - píosa a d'fhéadfadh a bheith scríofa ag díthreabhach sa seachtú haois:

"Is a Dhia nach ró-aoibhinn
Rúndiamhair na nead cruinn,
Bíogadh na n-ubh gorm
Faoi bhrollach an loin,

Cliabháín bheaga na coille
Á luascadh faoi leoithne shéimh
Is fuineadh na gréíne gile
Chun glóire Dé."

Wednesday 18 March 2009

Conamara - cárta poist ón imeall - uimhir a haon




Tá muid ag tiomáint isteach go Gaillimh, mé féin is mo chlann mhac - Marcus (15 ag an am) agus Tadhg Óg (8 mbliana ag an am). Tá Marcus (a bhí ocht mbliana d'aois nuair a d'aistrigh muid anuas go Conamara ó Bhleá Cliath) ag cur síos ar cheoltóir eicínt a bhfuil suim aige ann. Tá mé leath ag éisteacht leis.

Go tobann briseann Tadhg Óg (a bhí dhá bhliain d'aois nuair a leandáil muid sa taobh seo tíre) isteach ar an bhfear is sine. "Ag imirt ceoil?" a deir sé. "Ag imirt ceoil, ab ea? Ní bhíonn daoine ag imirt ceoil. Ag casadh ceoil a bhíonn siad"

Tost.

Tagann dath corcra ar éadan Mharcuis. É ceartaithe ag an spriocháinín sa suíochán cúil. "You know Tadhg Óg" a deir sé "maybe I shouldn't talk Irish to you at all. I'm not good enough for you, am I? Yourself and your big fancy Connemara accent".

Caithim súil sa scáthán. Cuireann Tadhg Óg strainc air féin. "Ara dún do chlab, a chuint" a deir sé, os íseal.

Tuesday 17 March 2009

Tá dúil agam in "Dual"



Seo moladh uaim le lá 'le Pádraig a cheiliúradh, le seod de dhlúthdhiosca - "Dual" - comhfhiontar idir an fonnadóir Julie Fowlis, ó Oileán Uist ó Thuaidh in Oileáin na hAlbain agus Muireann Nic Amhlaoibh ó Chorca Dhuibhne.

Tuilleadh eolais anseo:

An-phíosa oibre atá ann - tá sníomh álainn déanta ann idir amhráin rithimiúla na hAlban agus na hÉireann, idir an dá ghlór, an dá theanga agus an dá thraidisiún. Tá mianach ar leith sa dá ghlór - réimse níos airde nótaí ag Julie - glór saibhir contralto ag Muireann. Tá an-meascán ábhair ann, ina measc laoi Fiannaíochta, "Laoi na Mná Móire" - ábhar nach gcloistear á chasadh i nGaeilge na hÉireann níos mó, ach atá fós beo i dtraidisiún béil na hAlban.

Saothar uaillmhianach, ealaíonta é "Dual". Fair play dhaoibh a mhná! Albam traidisiúnta na bliana domsa go dtí seo. Ná scaoil an Lá Mór tharat gan é a chloisteáil - tá sé ar fáil ó iTunes nó ar díol anseo ó shuíomh Julie Fowlis:

Monday 16 March 2009

An dochar atá déanta ag "saibhreas teanga"


Is fada an lá ó chuala mé an scéal faoin gConamarach a dúirt, gan íoróin dá laghad, go raibh "an tIrish language spoileáilte ag na hEnglish words". Uaireanta sílim gur measa an dochar atá déanta ag an rud seo ar a dtugtar "saibhreas teanga" - don teanga scríofa ar aon nós.

Is ar Mháirtín Ó Cadhain a leagaim féin cuid mhaith den mhilleán. Teangeolaí cumasach a bhí sa gCadhanach. Ba cuid lárnach dá stíl próis an cur chuige foclach. Dúirt Liam Ó Flaithearta uair amháin agus é ag trácht ar shaothar cruthaitheach an Chadhanaigh go raibh "an iomarca Gaeilge" aige. Caithfidh mé a rá go n-aontaím leis an tuairim sin. Ach is iomaí deisceabal a d'fhág an Cadhanach ina dhiaidh, scríbhneoirí a chreideann gur cuid lárnach den ealaín í an fhoclóireacht. Sílim féin go bhfuil dul amú orthu.

Nuair a d'fhoilsigh Cló Iar Chonnachta cnuasach nua de ghearrscéalta Phádraig Uí Chonaire le gairid, iad curtha in eagar ag Diarmaid de Faoite, léigh mé arís le fonn iad - cuid acu, ní raibh mé tar éis súil a chaitheamh orthu ón uair ar léigh mé go deireanach iad agus mé ag staidéar don ArdTeist i ndeireadh na seachtóidí.

Ba mhór an pléisiúr na scéalta sin a léamh arís, agus castáil in athuair ar na carachtair chumhachtacha sin a chruthaigh SeanPhádraig. (tuilleadh eolais anseo:Is ar éigean gur casadh focal amháin sa leabhar orm nach mbeadh agam féin go nádúrtha sa ngnáthchaint, nó ar a laghad ar bith i stór tánaisteach focal na léitheoireachta.

Agus nach mar sin ba chóir a bheith den chuid is mó? Nuair a léim scríbhneoirí áirithe próis, bíonn saothar orm go minic an chéad leathanach a chur díom gan castáil ar dhosaen focal nár chuala mé riamh cheana. Níl mé a rá nach bhfuil go leor le foghlaim fós agam faoin nGaeilge, nó nach bhfuil fonn orm i gcónaí a bheith ag foghlaim. Ach nuair a léim prós cruthaitheach, is ag iarraidh díriú ar charachtair agus ar scéalta agus ar léargas ar an saol a bhím, ní ar stór foclóra.

Sílim go bhfuil go leor daoine ar mo nós féin a bhíonn curtha ó dhoras ag an "saibhreas teanga" a thagann idir iad agus pléisiúr a bhaint as an ábhar átá siad ag iarraidh a léamh. Ní seasamh frith-intleachtúil é sin, ná ní ag moladh do dhaoine a bheith ag simpliú a saothair atáim. Ag moladh dóibh feabhas a chur ar a stíl próis atáim. Ní hionann stíl mhaith próis agus stór focal.

Más saibhreas teanga atá uait, níl sárú an Duinnínígh le fáil.

Saturday 14 March 2009

Amhrán dea-dhéanta - "Chinese" le Lily Allen


Tugann Lily faoi chuid mhaith ceisteanna éagsúla a chíoradh ar an albam nua, uaithi, "It's Not Me, It's You"

Tá cur síos ann ar dhrugaí, ar bheith ag aireachtáil sean ag deich mbliana fichead (an cuimhin le duine ar bith aireachtáil mar sin?), faoin gcaidreamh nó easpa caidrimh a bhí aici lena hathair agus faoi bheith ag luí le leannán nach gcuireann ag scréachaíl sa leaba í. An t-amhrán is caolchúisí, b'fhéidir ná "Chinese" - an cur síos a dhéanann sí ar fhilleadh ó bheith ag taisteal agus an sásamh a bhaineann sí as gnáthrudaí a dhéanamh arís - béile Síneach a ithe, an madra a thabhairt ag siúl, cupán tae, breathnú ar an teilifís. Éiríonn léi an t-uaigneas agus an brú a bhaineann le bheith ar an mbóthar a chur in iúl ar bhealach an-daonna. Éiríonn léi go leor a chur in iúl gan mórán a rá - obair ealaíonta, a Lily!

Thursday 12 March 2009

An Rosenstockach - an bhfuil a shárú ar fáil?


Duine de na filí is fearr atá againn in Éirinn ag scríobh filíochta do ghasúir ná Gabriel Rosenstock. Tuilleadh eolais anseo:


Chaith mé féin cúpla bliain ag múineadh scoile sna hochtóidí agus chuir mé eolas maith ar a shaothar do pháistí le linn na mblianta sin. Tá an ceann seo a leanas fós agam de ghlan mheabhair:

Dúnann an camall a shúile
Is beannaíonn don ghealach lán
"Sin a bhfuil istigh i m'intinn
Solas bán, solas bán"

Gaineamh agus gealach
Camall ina luí
Bíonn taibhreamh éigin aisteach
Ag gach sagshas ainmhí.

Wednesday 11 March 2009

Leabhar filíochta do ghasúir


Tá leabhar álainn filíochta do ghasúir scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus foilsithe ag Cló Mhaigh Eo. "Brionglóidí agus Aistir Eile" an teideal atá air agus is ealaíonta an píosa oibre é.


Cuid mhaith véarsaíochta a fhoilsítear do pháistí sa nGaeilge, is le bheith úsáidte mar áis theagaisc a scríobhtar í. Níl locht ar bith ar an méid sin, ach gasúir a bhfuil Gaeilge acu, tá gá acu le hábhar a bhfuil níos mó téagair ann. Tuilleadh eolais anseo:

Tuesday 10 March 2009

Turas na Cruaiche


Díreach ar ais ó sciuird ó thuaidh go Cathair na Mart, i mo chontae dúchais, Contae Mhaigh Eo. Bhí mé ag léamh is ag casadh ann do ghrúpa álainn páistí ó Ghaelscoil na Cruaiche, sa siopa leabhar leis an ainm dodhearmadta, "The Bookshop" i mbaile Chathair na Mart. Tugadh ann mé mar chuid den fheachtas bliantúil "Leabhar Power":

Faigheann Gaelscoil na Cruaiche a ainm ón sliabh cáiliúil taobh thiar de bhaile Chathair na Mart - Cruach Phádraig, nó an Chruach. (Ní thugtaí tada riamh air thoir againne in Achadh Mór ach "the Reek").

Sliabh beannaithe a bhí sa gCruach, i bhfad sular leag Naomh Pádraig súil ná cois air. Tá sé luaite i bhfad siar leis an dia dúchasach Crom - duine den bheagán déithe "págánacha" ar mhair a chuimhne isteach i ngnáthchaint na NuaGhaeilge, sa nath Muimhneach "in ainm Chroim".

Rith sé liom ar maidin agus mé ag breathnú siar ar an gcruach gur ar bhonn aesteitice a roghnaíodh an chéad lá riamh é mar shliabh beannaithe. Tá cuma an-speisialta air mar shliabh agus déanamh neamhghnáthach. Seasann sé amach i measc shléibhte na hÉireann agus an cruth álainn pirimide atá air. Sampla é den ghaol atá ann, dar liom, i samhlaíocht nó i síce an duine idir an spioradáltacht agus an aesteitic.

Monday 9 March 2009

Fáilte romhaibh


Fáilte romhaibh chuig Garraí Johnny Mhorgan. Mar thús, ba mhaith liom an teideal atá roghnaithe agam a mhíniú - ba le fear darbh ainm dó Johnny Mhorgan an garraí a cheannaigh muid mar shuíomh tí cúpla bliain ó shin, i mBaile an Dónalláin, taobh thoir den Spidéal, i nGaeltacht Chois Fharraige, i gContae na Gaillimhe. Tá muid lonnaithe ann ó Lá 'le Bríde 2006 i leith.

Ealaíontóir a bhí i Johnny Mhorgan, bíodh is go raibh formhór a shaoil caite ag feilméireacht aige. Is mór an seans nach dtabharfadh sé ealaíontóir air féin. Ach i ndeireadh a shaoil, thosaigh sé ag dealbhóireacht agus tá a shaothar fós le feiceáil thart ar a theach, taobh ó thuaidh dínn anseo i mBaile an Dónalláin.

Tiomnaím an blag seo dá chuimhne agus ba mhaith liom go mbeadh an spás seo dírithe ar an gcruthaitheacht a chur chun cinn. Cé nár casadh Johnny Mhorgan riamh orm, tá sé d'ádh orm go mbím ag obair anois is arís le healaíontóir eile ó Chois Fharraige a raibh gaol gairid aige le Johnny - sin é an t-aisteoir Peadar Ó Treasaigh (ar dheis).

Ba uncail le Peadar, (nó Petie, mar is fearr aithne dá chairde air) é Johnny Mhorgan. Tá Petie le cloisteáil ar an dá albam is deireanaí atá cruthaithe agam féin agus mo leathbhádóir ceoil John Ryan - sin iad "Aniar" - agus "Peigín Leitir Móir"
Cineál dialainne a bheas sa mblag seo, le béim, mar a dúirt mé, ar chúrsaí cruthaitheachta.

Tá suil agam go gcuirfidh sibh spéis ann.