Tuesday, 31 March 2009

Céard is brí le "cuasán"?


Deich mbliana sular cailleadh í, bhuail stróc mo sheanmháthair. Bean an-ábalta, an-ghníomhach a bhí inti riamh anall agus ghoill sé go dóite uirthi a bheith caite ina staic le hais na tine, gan a bheith in ann siúl i gceart ná obair de chineál ar bith a dhéanamh. De réir mar a tháinig feabhas uirthi, d'fhill sí ar an léitheoireacht, ach ar feadh bliana nó mar sin, sular aistrigh sí isteach le m'aint, Dillie, i gClár Chlainne Mhuiris, bhíodh mé féin agus Mum, mar a thugadh chuile dhuine uirthi, ag cur is ag cúiteamh go minic.

Sa leabhar A Family Romance a scríobh mo chol ceathrar, John Lanchester, faoi m'aint, Julia Gunnigan, a mháthair féin, tá cur síos géar go maith ann ar mo Mhamó. Bhí teanga ghéar ag Mum, cinnte, ach bhí an-acmhainn grinn inti chomh maith. Agus ach an oiread le duine ar bith eile dá glúin, bhí go leor focla Gaeilge trína cuid Béarla aici.

Thosaigh sí á dtabhairt seo chun cuimhne an cúpla mí sin a chaith sí cois tine sa mbliain 1978 agus thosaigh mise á mbailiú uaithi. Ceann de na cinn ba deise liom ná an focal "cuasán" - spás folamh a gheofá uaireanta i lár fata mhóir. Tá gaol aige leis an bhfocal "cuas" atá ar fáil sa logainm Ciarraíoch "Cuas an Bhodaigh". Focal eile a bhí aici, a bhí cloiste ó mo Dhaid chomh maith agam ná "breilleamán" - duine a mbeadh pus na míshástachta i gcónaí air. Tá an focal "breill" i gCorca Dhuibhne ann agus fuaim láidir "i" leis (ar nós leac oighir).

Focal eile ná "maistín" - páiste a bheadh i gcónaí ag caoineadh. Tá an focal "maistín" anseo i gConamara ach an bhrí atá sa taobh seo tíre leis ná duine óg a dhéanann rudaí as bealach - maoin phoiblí a bhriseadh le teann spraoi, mar shampla.

"Codaí" a bhí aici ar mhadra tuaithe a raibh pór meascaithe ann - níl an ceann sin cloiste agam áit ar bith eile. "Rúiteach" a bhí aici ar thalamh bocht gan mhaith. Dá mbeadh rudaí caite thart ar an teach gan mórán eagair orthu, "tromach tramach" an cur síos a bheadh aici orthu - is cinnte gurb shin a thabharfadh sí ar m'oifig mhí-eagraithe anseo i gCeannáras Gharraí Johnny Mhorgan.

"Póirs' (póirse) a bhí aici ar bhóithrín beag gearr a thabharfadh ón mbóthar mór tú chuig teach duine eicínt, go háirithe má bhí sé dúnta isteach chaon taobh ag tomacha nó crainnte. Bhí an claonadh atá ann i nGaeilge Iorrais na gutaí neamhaiceanta ag deireadh focla a fhágáil ar lár (bosc', geat', uisc' srl. in ionad bosca, geata, uisce) le sonrú ar an stór focal a bhí ag Mum. "Pleidhc'" a bhí aici seachas "pleidhce" mar atá anseo i gConamara.

Thaitníodh liom na scéalta a bhíodh aici le focla áirithe a mhíniú. Agus í ag míniú ciall an fhocail "bradach", cuir i gcás, (duine nó rud a bhíonn ag goid nó ag baint le rudaí nach mbaineann leis) chuimhnigh sí siar ar a cuid laethanta cúirtéireachta - "Go on out of that with your lámh bhradach".

Cuirfidh mé leis an liosta focal seo anois is arís. Bheadh an-spéis agam a chloisteáil ó dhuine ar bith faoi na focla seo, féachaint an bhfuil fáil orthu in áiteacha eile in Éirinn - cuid acu, níl aon dé orthu i bhfoclóir an Duinnínigh, ná níl siad ag an Dónallach ach oiread.

10 comments:

  1. Cheapaim féin gur brí le maistín ná 'bully,' duine a chuirfeadh páiste eile ag gol. Agus mastiff/cur, mar atá sa bhfoclóir.

    ReplyDelete
  2. Níor chuala mé riamh "maistín" ar bully, ach is deas é. Bhí baint bheag agam le clár beochana ar TG4 roinnt blianta ó shin - "Maistíní" an teideal a bhí air. An chiall a bhí le baint as an teideal ná "páistí dána, fiáine" - ach ní ar bhealach gránna nó mímhorálta. An chiall atá i nGalltacht Mhaigh Eo le maistín ná "cry baby".

    ReplyDelete
  3. Chuala méféin "maistín" ar páiste ag caitheamh "tantrum".

    ReplyDelete
  4. Go raibh an páiste ag maistínteacht, nó rud eicínt mar sin, ab ea? Tá sé sin cloiste agam féin chomh maith, ach gur "dánaíocht" a bhí i gceist.

    ReplyDelete
  5. Nach an "Póirse Chaoch" atá acu ar The Spanish Arch i nGaillimh? I gcomhtheacs an miniú a thug tú luíonn sé le reasún: pasáiste beag idir dhá áit.

    ReplyDelete
  6. Is fíor dhuit. Is é an bhrí eile, brí níos coitianta, sílim, atá le póirse ná réamhsheomra i dtosach tí - "porch" an Bhéarla. Rud a chuireann i gcuimhne dom nach "seomra" (á tháinig chugainn ó na Normannaigh, cheapfainn - chambre?) atá in Iorras, ach "rúma".

    ReplyDelete
  7. Chuartaigh mé an focal "porch" san Collins English Dictionary. Tagann sé tríd an seanFhraincis ón bhfocal Laidine "porta" a ciallaíonn pasáiste.

    Deallraíonn sé go dtagann póirse na Gaeilge agus "porch" an Bhéarla ón bhfreamh céanna.

    ReplyDelete
  8. Aha! Mo bhuíochas leat faoin méid sin.

    ReplyDelete
  9. I bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill tugtar "room" nó "floor space" ar an focal Gaeilge "rúm".

    Nuair a bhí mé ag fás aníos i dtuaisceart Mhaigh Eo sna seascadaí, bhí cineál lathair seandálaíochta i mBéal Deirg ar an gcósta thuaidh a bhí tocailt ar siúl ann. Lathair cosúil leis na Céide Fields a bhí ann a bhí rian na seanpáirceanna ón iarnaois le feiceáil ann fós. De réir m'athair, thug bunadh na háite "the roomeens" air

    ReplyDelete
  10. Tá mé ag déanamh amach go bhuil an "-een" sin an-tréan againn sa mBéarla i Maigh Eo, nach gceapfá a Sheosaimh? Agus rialacha docht go maith ag baint lena úsáid m.sh: house agus housheen - s caol (ar nós go mba focal Gaeilge a bhí ann agus an litriú "habhaisín" aige.

    ReplyDelete