Is mé á scríobh seo ag geata A19 in Aerfort Bhleá Cliath, ag fanacht le heitleán na Gaillimhe a bhordáil, tá mé ag cuimhniú ar chúrsaí foilsitheoireachta. Ceann de na rudaí is mó a ritheann liom th'éis don an turas bliantúil a thabhart go hAonach Leabhar Bhologna ná a amaitéaraí is atá saol foilsitheoireachta na Gaeilge. Seachas comhlacht mór amháin, Cló Iar Chonnachta, agus An Gúm, ar chuid d'Fhoras na Gaeilge le tamall de bhlianta é, is ar bhonn amaitéarach a dhéantar an fhoilsitheoireacht Ghaeilge, cuid mhaith (agus ar fhaitíos na míthuisceana, táim ag úsáid an fhocail "amaitéarach" sa mbunchiall dhearfach - is é sin duine a dhéanann obair éigin le grá don obair sin, seachas ar mhaithe le slí bheatha a bhaint as). Is comhlachtaí beaga páirtaimseartha cuid mhaith de na tithe foilsitheoireachta. Duine aonair atá i mbun cuid acu, agus jab lae ag an duine sin nach mbaineann i gcónaí le foilsitheoireacht.
Déanann na daoine amaitéaracha seo a ndícheall déileáil leis an obair eagarthóireachta, leis an dearthóireacht, leis na clódóirí, leis an margaíocht, leis na dáílitheoirí agus leis an bpáipéarachas ar fad a bhaineann le maoiniú a bhaint as an Státchóras. Éiríonn réasúnta maith leo den chuid is mó (agus go hiontach maith go leor den am), mura bhfuil an foilsitheoir ag cur an iomarca bunteideal ar an margadh in aghaidh na bliana agus má chloíonn sé le réimse ar leith a bhfuil saineolas aige uirthi.
Ach i margadh chomh bídeach beag le margadh na Gaeilge, is deacair cloí le speisealtóireacht ar bith go ródhocht. An toradh a bhíonn air sin ná go sciorann leabhair gan slacht trí chóras eagarthóireachta an fhoilsitheora atá faoi bhrú, nó i gcás comhlachtaí áirithe, córas nach bhfuil sách eolach ar shainréimse ar leith (pictiúrleabhair do pháistí óga, cuir i gcás, nó ficsean coiriúlachta). I gcás comhlachtaí eile, is é an"córas" eagarthóireachta atá i réim ná an eagarthóireacht ar fad a fhágáil faoin scríbhneoir. Fágann sé seo an foilsitheoir saor leis na scórtha leabhar a fhoilsiú chuile bhliain, gan mórán de chaighdeán inmheánach a bheith le sonrú ar a bhfuil á chur ar an margadh ag an gcomhlacht.
Bhí tráth den saol ann go raibh a laghad sin ábhair ar fáil i nGaeilge go gcuirtí fáilte roimh leabhar ar bith mar "gurbh fhearr ann nó as" dó mar leabhar. Tá an lá sin caite agus seanchaite. Is fiú an cheist a chur - cén céatadán dá bhfuil de leabhair Ghaeilge á bhfoilsiú in aghaidh na bliana a sheasfadh gualainn ar ghualainn ó thaobh caighdeáin lena bhfuil á fhoilsiú go hidirnáisiúnta, dá gcuirfí i láthair iad ag aonach ar nós Bologna, nó Londain, nó Frankfurt ? Bheadh roinnt teideal ann chuile bhliain, cinnte - ach an leor é sin mar chaighdeán?
Ceann de na bealaí is fearr le feabhas a chur ar chúrsaí caighdeáin, creidim féin, ná béim i bhfad níos mó a chur ar chúrsaí eagarthóireachta. An tuiscint atá go coitianta ann i saol scríbhneoireachta na Gaeilge ná gurb ionann "eagarthóireacht" agus caoi a chur ar an teanga - an ghramadach a bheith cruinn agus an litriú a bheith ceartaithe.
"Desk editing" a thugtar air sin sa mBéarla. An eagarthóireacht atá in easnamh go minic ná an eagarthóireacht choincheapúil - an bhunobair ar struchtúr, ar loighic agus ar inchreidtheacht an scéil - ar charachtracht, ar dhílseacht an domhain shamhalta dá chuid rialacha féin. Sin an creatlach. Os cionn an chreatlaigh seo, tá an guth le cruthú, an rithim, an ceol a thabharfas aontacht don saothar is a chuirfeas craiceann ar an scéal. Ar ndóigh tá an ghramadach agus an litriú tábhachtach, ach is bunscileanna iad sin - chomh bunúsach le cumas ceoltóra a bheith in ann casadh i dtiún.
Níl eagarthóir ar domhan a bheadh in ann sainchomhairle a chur ar chuile chinéal scríbhneora atá ag plé le chuile réimse dá bhfuil á shaothrú i nGaeilge, nó ar chuile réimse ar mhaith linn a bheith á saothrú - filíocht liteartha, véarsaíocht éadrom, ficsean triaileach, prós acadúil, an bheathaisnéis, tráchtaireacht pholaitiúil, chultúrtha, spóirt nó siamsaíochta; ficsean rómánsúil, ficsean bleachtaireachta nó coiriúlachta; cumadóireacht ghrafach, ficsean den uile genre do dhéagóirí, do réamhdhéagóirí, nó do pháistí atá díreach tosaithe ag léamh go neamhspleách; pictiúrleabhair do pháistí réamhscoile agus mar sin de - gan trácht ar an lúthchleasaíocht liteartha agus teangeolaíochta a bhaineann le hábhar inspéise a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí na teanga, dream a bhfuil bearna mhór idir a n-aois léitheoireachta agus a n-aois chroineolaíoch.
Tá scríbhneoirí den scoth ag teastáil uainn, ach tá réimse saineagarthóirí ag teastáil chomh maith, iad ag obair ar bhonn gairmiúil do chomhlachtaí foilsitheoireachta a fhéachann i gcónaí le caighdeán idirnáisiúnta a bhaint amach. Níl tada níos lú ná sin tuillte ag lucht léite na Gaeilge.
Ach leis an méid sin a bhaint amach, is gá don chóras maoinithe Stáit athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcóras maoinithe agus béim as an nua a chur ar chaighdeán na foilsitheoireachta, seachas ar líon na leabhar atá á dtáirgeadh. Mar ceann de na deacrachtaí a chothaíonn an díograis amaitéarach (agus i gcásanna áirithe, is cruinne an cur síos é an focal "laochas" seachas "díograis") ná go dtugann sé pictiúr bréagach de chostas phróiséas na foilsitheoireachta - tá oiread obair eagarthóireachta á dhéanamh ar bhonn deonach gur deacair ag an gcomhlacht atá ag iarraidh maireachtáil go lán-aimseartha ar an obair an argóint a dhéanamh le breis maoinithe a fháil don am atá siad ag caitheamh leis an gceird. Agus tá cultúr agus íomhá na teanga thíos leis sin.
Mh'anam gur fíor dhuit.
ReplyDeleteBeag an seans, faraor.
ReplyDelete