Monday, 16 March 2009
An dochar atá déanta ag "saibhreas teanga"
Is fada an lá ó chuala mé an scéal faoin gConamarach a dúirt, gan íoróin dá laghad, go raibh "an tIrish language spoileáilte ag na hEnglish words". Uaireanta sílim gur measa an dochar atá déanta ag an rud seo ar a dtugtar "saibhreas teanga" - don teanga scríofa ar aon nós.
Is ar Mháirtín Ó Cadhain a leagaim féin cuid mhaith den mhilleán. Teangeolaí cumasach a bhí sa gCadhanach. Ba cuid lárnach dá stíl próis an cur chuige foclach. Dúirt Liam Ó Flaithearta uair amháin agus é ag trácht ar shaothar cruthaitheach an Chadhanaigh go raibh "an iomarca Gaeilge" aige. Caithfidh mé a rá go n-aontaím leis an tuairim sin. Ach is iomaí deisceabal a d'fhág an Cadhanach ina dhiaidh, scríbhneoirí a chreideann gur cuid lárnach den ealaín í an fhoclóireacht. Sílim féin go bhfuil dul amú orthu.
Nuair a d'fhoilsigh Cló Iar Chonnachta cnuasach nua de ghearrscéalta Phádraig Uí Chonaire le gairid, iad curtha in eagar ag Diarmaid de Faoite, léigh mé arís le fonn iad - cuid acu, ní raibh mé tar éis súil a chaitheamh orthu ón uair ar léigh mé go deireanach iad agus mé ag staidéar don ArdTeist i ndeireadh na seachtóidí.
Ba mhór an pléisiúr na scéalta sin a léamh arís, agus castáil in athuair ar na carachtair chumhachtacha sin a chruthaigh SeanPhádraig. (tuilleadh eolais anseo:Is ar éigean gur casadh focal amháin sa leabhar orm nach mbeadh agam féin go nádúrtha sa ngnáthchaint, nó ar a laghad ar bith i stór tánaisteach focal na léitheoireachta.
Agus nach mar sin ba chóir a bheith den chuid is mó? Nuair a léim scríbhneoirí áirithe próis, bíonn saothar orm go minic an chéad leathanach a chur díom gan castáil ar dhosaen focal nár chuala mé riamh cheana. Níl mé a rá nach bhfuil go leor le foghlaim fós agam faoin nGaeilge, nó nach bhfuil fonn orm i gcónaí a bheith ag foghlaim. Ach nuair a léim prós cruthaitheach, is ag iarraidh díriú ar charachtair agus ar scéalta agus ar léargas ar an saol a bhím, ní ar stór foclóra.
Sílim go bhfuil go leor daoine ar mo nós féin a bhíonn curtha ó dhoras ag an "saibhreas teanga" a thagann idir iad agus pléisiúr a bhaint as an ábhar átá siad ag iarraidh a léamh. Ní seasamh frith-intleachtúil é sin, ná ní ag moladh do dhaoine a bheith ag simpliú a saothair atáim. Ag moladh dóibh feabhas a chur ar a stíl próis atáim. Ní hionann stíl mhaith próis agus stór focal.
Más saibhreas teanga atá uait, níl sárú an Duinnínígh le fáil.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Ráite go maith, a chara. Tá an dearcadh ann go bhfuil sé tábhachtach don teanga saibhreas teangan a choimeáid beo sa litríocht, ionas go dtuillfear meas an domhain uirthi. Faraor, leis sin, ní bhíonn fonn ar an ngnáthdhuine an stuif sin a léamh. Cé mhéad daoine a léigh Finnegan's Wake? Ach Leabhar Tábhachtach atá ann, ceaptar. Cosúlacht atá ann, sílim.
ReplyDeleteM'úrscéal féin, scríobh mé don ghnáthléitheoir é. Déanaim amhlaidh le mo chuid filíochta agus pé rud a scríobhaim, de ghnáth. Easpa focal is cúis leis, b'fhéidir! Ach soiléireacht agus simplíocht, d'aon ghnó, freisin. Ní mór léitheoirí a shásamh, seachas ollúna, dar liomsa.
Ceist stíle atá ann, sílim. Is gá don scríbhneoir glór a aimsiú don scéal atá á inseacht aige. Is deacair a bheith ag múineadh Gaeilge ag an am céanna - tagann sé salach ar an stíl. Creidim go dtaitníonn stíl mhaith próis chomh mór céanna leis an ollamh is a thaitníonn leis an ngnáthléitheoir.
ReplyDeleteAn áit ina bhfuil an fíor “saibhreas” teanga isea tionscal an aistriúcháin. Níl an teanga inléite - ach tá sé ag cothú saibhris do dhaoine áirithe.
ReplyDeleteBhuel an té a bheadh in ann an obair sin a dhéanamh go leanúnach, tá luach saothair tuillte aige. Ach aontaím leat gurbh fhearr an t-airgead a chaitheamh i réimsí eile de shaol na Gaeilge seachas ar thuarascálacha nach léifidh éinne.
ReplyDelete