Thursday 12 March 2009

An Rosenstockach - an bhfuil a shárú ar fáil?


Duine de na filí is fearr atá againn in Éirinn ag scríobh filíochta do ghasúir ná Gabriel Rosenstock. Tuilleadh eolais anseo:


Chaith mé féin cúpla bliain ag múineadh scoile sna hochtóidí agus chuir mé eolas maith ar a shaothar do pháistí le linn na mblianta sin. Tá an ceann seo a leanas fós agam de ghlan mheabhair:

Dúnann an camall a shúile
Is beannaíonn don ghealach lán
"Sin a bhfuil istigh i m'intinn
Solas bán, solas bán"

Gaineamh agus gealach
Camall ina luí
Bíonn taibhreamh éigin aisteach
Ag gach sagshas ainmhí.

3 comments:

  1. Chuala mé faoi Gabriel Rosenstock ach ní raibh 'fhios riamh go raibh cuma an chamaill air!

    ReplyDelete
  2. An bhfaca tú an méid a bhí le rá ag Gabriel Rosenstock (an Camall!) san Irish Times (18/03/09) faoi a chuid taithí ag obair leis An Gúm? Ón méid a bhí le rá aige b'fheidir ba chóir An Ghruaim a thabhairt air! Aon tuairimí agat?

    ReplyDelete