Saturday 21 March 2009

An t-amadán san Irish Times

Tá muid ag tiomáint abhaile ón bpictiúrlann, lá fliuch samhraidh. Tá an seisear againn th'éis an scannán "Nacho Libre" le Jack Black a fheiceáil. Bhí muid ag súil go mór leis. Thaitin "School of Rock" thar barr linn ar fad - é cruthaithe ag an bhfoireann chéanna - scríofa ag Mike White agus Jack Black sa bpríomhpháirt.


Deich nóiméad ó thús "Nacho Libre" is léir nach bhfuil an ceann nua ar aon chaighdeáin le Scoil an Raic (an Rac? an Raca? - Dála an scéil, ar thug duine eile ar bith faoi deara an Ghaeilge atá ag Waterstones ar Rock Music - Roc-cheol = Wrinkly music - agus é sin ráite, tá neart leabhar faoi na Rolling Stones acu.)



Ní mó ná sásta atá mo bhean chéile leis an rogha scannán do chuairt seo an teaghlaigh ar an bpictiúrlann. (Canathaobh go dtugais chuig an rud seo sinn?). Déanann an chuid eile againn ár ndícheall taitneamh a bhaint as an scéal faoin manach ramhar a thriaileann páistí na díleachtlainne a shábháil trí shl bheatha nua, rúnda a tharraingt chuige féin mar iomrascálaí. Tá cuid mhaith den ghreann bunaithe ar an gcuma atá ar Black agus é gléasta ina éide troda agus an chuma ar a bholg nach fada uaidh go dtiocfaidh an cúpla ar an saol.



Ar an mbealach abhaile, aontaíonn muid nach bhfuil clú ag an amadán san Irish Times a thug ceithre réalta do Nacho Libre. Tá Marcus (14 ag an am) ag cur dhó faoi struchtúr fabhtach an scannáin. An fhadhb, dar leis (agus an ceart aige) ná inchreidtheacht an scéil - ní raibh dóthain cúise ag carachtar Black an rud a rinne sé a dhéanamh. "I mean, smaoinigh air" a deir Marcus, agus paisean ina ghlór - "cén chúis a bhí aige? What did he have to lose?"

Éabha (10 ag an am) "A little weight?"

3 comments:

  1. Maidir le cumas aistriúcháin Waterstones, tá sé cineál aisteach. Blianta ó shin bhí seastán irisí acu díreach taobh istigh den doras. Ar an seastán seo bhí an focal "Magazines" priontáilte go soléir. Díreach faoi agus i gcló níos lú bhí an aistriúchán Gaeilge priontáilte, "Armlann"!

    ReplyDelete
  2. Cuimhnigh ar an leagan a bheadh acu ar "The Irish Canon"!

    ReplyDelete
  3. Gunna mór na nGael, is dócha!

    ReplyDelete