Le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Máthar, seo dán ó fhile a bhfuil gaol na máthar lena páiste mar théama leanúnach ina saothar. Is scríbhneoir ar leith í Nuala Ní Dhomhnaill, scríbhneoir tábhachtach Eorpach, sílim féin. Seo ceann de na dánta is deise liom dá cuid, a foilsíodh den chéad uair sa gcnuasach "Féar Suaithinseach" - tá ceol curtha agam féin leis an gceann seo. Tá súil agam é a thaifeadadh níos deireanaí i mbliana.
Dán do Mheilissa
Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,
ribín id cheann is fáinní óir ar do mhéaranta
duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta
tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.
An gearrcach éin ag léimt as tóin a nide,
an feileastram ag péacadh da díog,
an portán glas ag siúl fiarsceabhach go néata,
is leatsa iad le tabhairt faoi ndeara, a iníon.
Bheadh an damh ag súgradh leis an mhadra allta,
an naíonán ag gleáchas leis an nathair nimhe,
luífeadh an leon síos leis an uan caorach
sa domhan úrnua a bhronnfainn ort mín mín.
Bheadh geataí an ghairdín ar leathadh go moch is go déanach,
ní bheadh claimhte lasrach á fhearadh ag Ceiribín,
níor ghá dhuit diulliúr fige mar naprún íochtair

A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín
go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian
is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn
i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.

Go raibh maith agat as sin, a Thaidhg, ceann de na dánta is áille a léigh mé riamh
ReplyDeleteIs breá liom gut thaitin sé leat, a Ursula. Ceann álainn eile uaithi ná "Ag Cothú Linbh" - níl mé cinnte cén leabhar a bhfuil sé ar fáil ann - "Féar Suaithinseach" chomh maith, seans.
ReplyDelete