Friday 31 July 2009

Uh bheirí féamas sang baidh Teamaí Bhuineit


Sum taghaidhms iuts heard tú bí u bhuman
Guibhing ál iúr lubh tú diust bhun mean
Iúl habh bead taghaidhms
Eand híl habh gud taghaidhms
Dúbhaing thuings deat iú dóbhunt uindeirsteaind
Buit uif iú lubh huim iúl farguibh huim
Aoibheann dó híus heard tiú uindeirsteaind
Aind uif iú lubh huim
Ó bí prabhad obh huim
Cas aiftear ál hiús diust u mean


Tá ag cinnt orm cuimhneamh ar an gcéad chuid eile, ní áirim a bheith in ann é a litriú

Thursday 30 July 2009

Boiscín Facebook Futa Fata

Luaigh mé anseo cheana go bhfuil leathanach Facebook ag Futa Fata anois. Bealach an-éifeachtach é le daoine a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí agus foilseacháin nua. Tá rud nua anois acu gur féidir boiscín mar atá anseo ar dheis a fheistiú ar shuíomh eile, le daoine a chur ar an eolas faoin leathanach Facebook - agus tá simpleoir teicneolaíochta ar nós mé féin in ann é a fheistiú!

Wednesday 29 July 2009

I measc an tslua


Chuir Dennis nóta spéisiúil anseo an lá cheana i ndiaidh domsa cur síos ar an bpléisiúr a bhainfeadh le bheith i measc an tslua ag U2. Deir sé nach dtaitníonn sluaite móra leis, gurbh fhearr leis éisteacht le ceol i halla beag. Tuigim dó agus tagaim leis cuid mhaith. An rud a chailltear ag ócáid mhór mhillteach den tsórt ar fhreastal muid air san oíche Dé Luain ná an chaolchúis. Baineann ócáid ar scála ollmhór U2 le reitric, le teacht le chéile daoine atá aontaithe cheana féin, cuid mhaith, maidir le fiúntas na hócáide. Sin é an fáth go mbainfeá i bhfad níos mó sásaimh as ceolchoirm den chineál sin má bhíonn eolas roimhré agat ar na hamhráin. Bhain pléisiúr na hócaide Dé Luain leis na hamhráin a chloisteáil agus brí úr na beatha beo á séideadh isteach iontu. Bua ar leith atá ag U2 ná go n-éiríonn leo an bheatha agus an bhrí sin a chur san ábhar. Is grúpa beo den chéad scoth iad. Cuireann siad ar fad, Bono go háirithe, brú céadach orthu féin ar an stáitse - seó an-fhisiciúil atá ann. Tá an fear beagnach leithchéad bliain d'aois ach tá sé fós in ann rith de sciuird timpeall ar catwalk a bhfuil céad méadar bealaigh ann agus véarsa d'amhrán a bhleaisteáil amach ar an bpointe - níl mórán a bheadh in ann aige ag aois ar bith.

An rud eile a bhaineann leis an gcineál seo ócáide ná an rud a dtugtar "spectacle" i mBéarla air. ("Seó" atá ag focal.ie, nó "feic" agus ciall dhiúltach leis - níl ceachtar acu láidir go leor don bhrí atá i gceist). Tá fíor-scil ag U2 agus a lucht deartha agus eile maidir leis an ngné seo den cheird. Bhí an stáitsiú ar an oíche fíor-spéisiúil go deo.
Os cionn na gceoltóirí, thart timpeall i gciorcal, bhí scáileán so-lúbtha a raibh íomhánna de na ceoltóirí thíos faoi le feiceáil ann, chomh maith le pátrúin theibí anois is arís, grianghrafanna, agus ábhar físe. Ag pointe amháin, bhí fógra ann don charthanacht one.org - píosa cainte ón Ardeaspag Desmond Tutu a bhí ann. In íochtar an scáileáin bhí fotheidil dá chuid cainte ann, i nGaeilge (Gaeilge ghlan, chruinn, beidh áthas oraibh a chloisteáil!).

Is dóigh go raibh na fotheidil sin ann mar go raibh spás ann dóibh ar an scáileán ag an bpointe sin - dá mba i Rio a bhí muid, is i bPortaingéilis a bheadh an téacs, nó Sualainnis, mar a bheas in Gothenberg san oíche amárach. Ach ní hiad na fotheidil amháin a thug aitheantas don teanga s'againne - is léir go bhfuil ceangal déanta le gairid ag Bono é féin idir féiniúlacht na hÉireann agus an Ghaeilge. Ghabh sé búiochas leis an slua i nGaeilge. Chas sé cúpla líne, gan tionlacan, d'amhrán Gaeilge nár aithin mé sular chroch an banna suas an t-amhrán "Beautiful Day" agus ag deireadh na hoíche ghuigh sé "Codladh sámh" orainn. Léiriú é sin ar sheasamh na teanga, ar bhonn siombalach ar aon nós, in Éirinn an lae inniu - athrú suntasach é sin i gcultúr na tíre seo, feictear dom, ón uair ar thosaigh U2 ag casadh ceoil.

Sunday 26 July 2009

Seáinín Smaoiseach agus AC Milan

In ainneoin an mhéid atá scríofa sa bpíosa thíos agam, is beag mo scil i gcúrsaí peile de chineál ar bith. Ach más beag féin, ní bhaineann an easpa eolais sin den sásamh atá le baint as an bpíosa seo le Seáinín Smaoiseach, an t-ealaíontóir anaithnid aniar is é féin agus a leathbhádóir "Michael" ag tráchtaireacht ar chluiche de chuid AC Milan. Is iad atá roghnaithe le haghaidh físeán na seachtaine seo agam.

Bainigí taitneamh as an bhfootball!

Maigh Eoch sona i bPáirc an Chrócaigh


Amárach le maidneachan lae, beidh mé féin agus Marcus s'againne ag bualadh bóthair go Baile Átha Cliath le seó U2 a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh. Fuair mé amach san oíche Dé Sathairn go raibh cúpla ticéad fós ar fáil le haghaidh gig na hoíche amárach agus chinn muid bualadh faoi.

Táim ag súil leis an ócáid ar chúpla chúis. Cé nach leantóir fíordhílis de chuid U2 mé, is maith liom iad agus bheadh eolas maith agam ar a gcuid ceoil - eolas maith go leor le sásamh a bhaint as ceolchoirm dá gcuid. Chonaic mé beo uair amháin cheana iad, i Staid Bhóthar Lansdúin le linn chamchuairt "Popmart".

Tá spéis agam sa gcur chuige ardteicneolaíochta a bhíonn acu dá gcuid seónna beo agus tá suntas ar leith tugtha agam do na tuairiscí faoin dearadh réabhlóideach stáitse atá ceaptha acu don chamchuairt reatha, 360 céim. "An chrág" atá baistithe air, agus má éiríonn leis, is mór an seans go mbeidh grúpaí go leor eile ag déanamh aithrise air sna blianta atá romhainn.

Tá rud eile a bhaineann le hócáid mhór den chineál seo, rud atá tábhachtach don duine daonna, sílim - is é sin an teacht le chéile i ngrúpa mór, ag daoine a bhfuil an spéis chéanna acu, in aon spás amháin, leis an ngnáthshaol a fhágáil tamaillín agus díriú ar rud níos mó. Ní adhradh ceathrar ceoltóir méanaosta atá i gceist agam, ach ligint do na ceoltóirí sin muid a a thabhairt leo ar aistear, muid a mhealladh le ceiliúradh a dhéanamh ar a bheith beo agus ina gcuideachta agus iad ag casadh ceoil a mhúsclaíonn cuimhní agus mothúcháin ionainn, smaointe a bhaineann go minic le pointí tábhachtacha inár saol.

Ar ndóigh tá cúis amháin eile fós leis an oilithreacht. Creidim go bhfuil sé tuillte ar a laghad uair amháin ina shaol ag Maigh Eoch go dtabharfadh sé cuairt ar Pháirc an Chrócaigh agus teacht as arís agus ardú croí air. Tá mé ag brath ort a Bhono - ná lig síos mé.....

Friday 24 July 2009

An Cás ar son Dé


Tá leabhar Dawkins "The God Delusion" díreach léite agam. An-phíosa oibre atá ann, é lán d'eolas agus de léargais spéisiúla. Is fiú do dhuine ar bith é a léamh, is cuma cén rud a gcreideann siad ann. Léigh mé féin an ceann eile "The Selfish Gene" roimhe agus sílim gur chuir sé le mo thuiscint ar an darna leabhar an chéad cheann, a foilsíodh tríocha bliain ó shin, a bheith léite roimhré agam. Tá sé tuillte ag Darwin i mbliain seo a chomórtha, go léifí "The Selfish Gene", le tuiscint a fháil ar a oidhreacht.

Cuirtear i leith Dawkins go mbíonn sé maslach. Ní thiocfainn leis an argóint sin agus mar dhuine a tógadh i dteaghlach a raibh an-bhéim ar chúrsaí creidimh ann, sílim go n-aithneoinn masla dá mbeadh sé déanta. Bíonn rudaí láidre le rá aige, cinnte, ach éiríonn leis na ráitis sin a chur i gcomhthéacs atá ciallmhar. Fillfidh mé ar ábhar a chuid leabhar amach anseo.

Díreach cúpla nóiméad ó shin, leandáil fear an phosta le pacáiste ó Amazon. Istigh ann, bhí leabhar a fuair an-mholadh le cúpla seachtainí anuas sna páipéir deireadh seachtaine - "The Case for God" le Karen Armstrong. Tá mé ag súil go mór le tabhairt faoin gceann seo - iarbhean rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí í Armstrong, agus tá beathaisnéisí scríofa aici de Mhahamad, den Bhúda, chomh maith le leabhar dar teideal "A History of God" agus dhá bhliain ó shin, "The Bible: A Biography".

Tuilleadh faoin leabhar seo nuair a bheidh sí léite agam.

Thursday 23 July 2009

Ceartchreidmheacht na heolaíochta

Spreag an píosa anseo an lá cheana faoi leabhar Richard Dawkins roinnt freagraí spéisiúla, ina measc an méid seo:

"Tá creideamh docht déanta den eolaíocht [ag lucht molta an aindiagachais] atá chomh bunúsach le reiligiún ar bith. Is tríd dogmaí na heolaíochta agus tríd na dogmaí sin amháin gur féidir linn teacht ar an fhírinne - cibé rud é sin!"

Ach an fíor é sin?

Seo sainmhíniú den fhocal "dogma" ó Wikipedia, ceann cruinn, sílim:

Dogma is the established belief or doctrine held by a religion, ideology or any kind of organization: it is authoritative and not to be disputed, doubted or diverged from.

An fíor gur féidir labhairt faoi "dogma(í) na heolaíochta"? Nach é próiséas na heolaíochta ná teoiricí a chumadh agus iad a thriail, féachaint an bhfuil siad fíor de réir cúinsí oibiachtúla agus má tá, glacadh leo, mura bhfuil diúltú dóibh. De réir mar a chuirtear leis an eolas, bréagnaítear teoiricí (nó rudaí a creideadh a bheith fíor go dtí sin) agus tagann forbairt ar ár gcuid eolais agus dá réir ar ár dtuiscint ar an saol. Is ar an gcaoi sin a ghluais an cine daonna ó bheith ag cumarsáid le comharthaí deataigh agus drumadóireacht go dtí an bhlagáil (cé gur mó an chiall a bhíonn le baint as na sean-mhodhanna scaití ná mar a bhíonn as na blaganna, ach sin scéal thairis).

An féidir próiseas loighiciúil na heolaíochta sin a chur i gcomparáid leis an ngaol atá ag lucht leanta creidimh a bhfuil cur chuige ceartchreidmheach acu leis na dogmaí atá acu?

Mar shampla, tá na milliúin Críostaí ann a chreideann gur sa mBíobla atá fírinne na beatha ar fáil, focal ar fhocal. Is ar an tuiscint seo a bhunaíonn siad an creideamh, nó an dogma, go ndearna Dia an pláinéad seo tuairim is deich míle bliain ó shin. Diúltaíonn siad d'fhianaise na heolaíochta agus na seandálaíochta a bhréagnaíonn an bharúil sin. Maíonn cuid acu, cuir i gcás, gur maraíodh na díneasáir sa tuile agus ar chúis eicínt gur chinn Noah gan aon chúpla de chuid na mbeithíoch sin a thabharit ar bord na hÁirce leis. Ní féidir a n-intinn a athrú mar go gcuireann sé isteach ar an rud a gcreideann siad ann.

Is fada é sin, sílim, ó chur chuige na heolaíochta.

Wednesday 22 July 2009

Cúig leabhar ar son pléisiúir

Tá an fhéile litríochta Gaeilge, IMRAM, a bhíonn ar siúl chuile bhliain i mBaile Átha Cliath i mí Mheán an Fhómhair tar éis iarraidh orm a bheith páirteach in ócáid dar teideal "Cúig leabhar ar son pléisiúir" le linn féile na bliana seo. Tá orm cúig leabhar Gaeilge a mholadh le léamh ar son pléisiúir. Tá smaointe go leor agam agus bainfidh mé taitneamh as an liosta a chur le chéile as seo go ceann seachtaine nó mar sin.

Má tá moltaí ar bith agaibhse, a spreagfadh mo chuimhne maidir le leabhar atá léite agam is atá ligthe i ndearmad nó a chuirfeadh ar an eolas mé faoi leabhar nach bhfuil léite agam go fóill, bheadh an-spéis agam bhur gcuid tuairimí a chloisteáil.

Tuesday 21 July 2009

An leathrann ríme


An ionann "leathrann ríme" agus "rhyming couplet" an Bhéarla?

Cibé céard a thugtar ar a leithéid, is uirthi/orthu atá mé ag cuimhneamh faoi láthair. Tá scil ar leith ag Ciarán Ó Fátharta, an cumadóir amhrán aniar i gcúrsaí ríme agus íomhá láidir a chruthú san am céanna. Go minic, éiríonn leis macalla a bhaint as liricí seanamhrán a bheadh ar eolas ag a lucht éisteachta. An líne seo a leanas, cuir i gcás, ón amhrán "Ráth Cairn Glas na Mí"

"Gur thug muid an ruaig
Sa mbliain tríocha cúig
Go Ráth Cairn glas na Mí"

Ní ró-mhinic a chloisfeá "Thug mé an ruaig" sa ngnáthchaint, ach tá sé ann go fairsing sna hamhráin - "An Caisideach Bán", cuir i gcás.

San amhrán céanna agus é ag cur síos ar

"Mná agus páistí
Ina mbaclainn fáiscthí
Ag déanamh ar Thír na n-Óg"

Tá cur síos níos cuimsithí ar shaothar Chiaráin ar fáil i leabhar Shíle Denvir "Ciarán Ó Fátharta - Amhráin."

Fear eile a bhfuil scil sa leathrann gonta aige ná fear Texas, Lyle Lovett. Tháinig mé le gairid in athuair ar an albam is deise liom dá chuid, "Joshua Judges Ruth", cnuasach a cheannaigh mé ar caiséad blianta fada ó shin.

Tá sé fáil arís ar iTunes.

Céard a déarfá leis an méid seo mar leathrann:

"Honey put down that fly swatter
And pour me some iced water"

Monday 20 July 2009

Diamhaslú


Ó tharla go bhfuil oidhreacht Charles Darwin á cheiliúradh i mbliana, thug mé faoi leabhar Richard Dawkins, "The Selfish Gene" a léamh an tEarrach seo. An-scríbhneoir é Dawkins, feictear dom, ó thaobh coincheapanna casta a chur i láthair daoine ar nós mé féin, nach bhfuil cúlra láidir eolaíochta acu.

Tá mé tosaithe anois ar "The God Delusion" a léamh - tuilleadh faoi sin amach anseo.
Gar do thús an leabhair, tarraingíonn Dawkins anuas ceist a chonaic sé ar ghreamán cairr - "Is blasphemy a victimless crime?"

Fliú na muc - comhairle

Tá mé th'éis a bheith ag cuartú eolais ar an idirlíon faoi fhliú na muc. Tá ag cinnt orm aon chomhairle de chineál ar bith a fháil ó Rialtas na hÉireann faoin víreas. An é go bhfuil an t-eolas ann agus nár éirigh liom a theacht air, nó an é nach bhfuil tada dá shórt foilsithe ag an idirlíon ag Rialtas na hÉireann?

Friday 17 July 2009

Físeán na Seachtaine - "Poitín" - Bob Quinn

Cúpla clip ó fhadscannán Bhob Quinn ó na seachtóidí, "Poitín" atá mar fhíseán na seachtaine. Niall Toibín agus beirt nach maireann a bhí sna príomhpháirteanna - sin iad Dónal McCann agus Cyril Cusack.

Thursday 16 July 2009

An Bord Snip agus an Ghaeilge



Tá an t-aer ag titim ar an talamh, a chlann. Chuaigh mé tríd an pdf de thuairisc Bhord na Snipeanna agus is cuimsitheach an cháipéis í féin.

Tá mé féin den tuairim le fada go bhfuil an iomarca Taoiseach i mbun na treibhe Gaelaí agus gan oiread sin Indiach faoina gcúram. Aithníonn an Bord é sin, mar a aithníonn sé an locht céanna ar réimsí go leor eile den chóras Stáit. Sílim gur fíor don tuarascáil chomh maith gur caitheadh airgead ar an nGaeilge ar feadh i bhfad agus gan mórán bunús oibiachtúil leis an gcaiteachas. Tá deontais a bhaineann le cás na Gaeltachta i dtús ré an Stáit - deontas tithíochta agus Scéim Labhairt na Gaeilge, cuir i gcás, a raibh tábhacht leo tráth den tsaol ach nach bhfuil aon ghá mór leo a thuilleadh.

Tá mé buartha faoin moladh atá ann deireadh a chur le COGG - eagras a d'fhéach le gníomhú ar bhun eolaíochtúil agus taighde a dhéanamh faoi chúrsaí oideachais. Le grá na trédhearcachta, is cóir dom a lua go bhfaigheann mo chomhlacht, Futa Fata, tacaíocht ó COGG. Níl aon amhras ach go bhfuil obair mhaith ar siúl ag an gComhairle seo in earnáil an oideachais agus tuiscint ar leith acu ar an tábhacht atá le cur chun cinn na litearthachta - dris chosáin atá tar éis forbairt na teanga a choinneáil siar, mar go bhfuil fadhb mhór litearthachta ann i measc phobal na Gaeilge. Tá scil agus tuiscint ag COGG ar an bhfadhb agus tá sí ag díriú ar na ceisteanna cuí go tomhaiste, céim ar chéim.


B'fhéidir go mbeadh an Roinn Oideachais in ann ról COGG a ghlacadh chuige féin, ach.....

Tá moltaí eile a chuireann buairt orm - deireadh a chur leis an mBord Scannán, deireadh (is cosúil) leis an bhfaoiseamh cánach a bhí ar fáil le hinfheistiú i gcláracha teilifíse agus scannán - scéim a thacaigh le tograí ar nós Aifric, cuir i gcás; deireadh le Culture Ireland, a thacaíonn le healaíontóirí Éireannacha taisteal thar lear agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar an ardán idirnáisiúnta; agus ar ndóigh deireadh le Roinn na Gaeltachta agus deireadh le Roinn na nEalaíon. Arís, beidh mé féin thíos leis má ghlactar leis na moltaí seo.

Ní thagann Foras na Gaeilge faoi théarmaí na tuarascála mar go mbaineann sé leis an struchtúr trasteorann. Ach tá gné amháin de shaol na Gaeilge arbh fhiú solas breá láidir a scalladh air. Is é sin Ciste na Gaeilge. Luaitear sa tuarascáil gurb as an gciste seo a mhaoinítear Taibhdhearc na Gaillimhe agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Cén fáth é sin? Má tá ciste ar leith Gaeilge ann (agus cén fáth go bhfuil nuair atá oiread eile struchtúr Gaeilge ann?) cén fáth go bhfuil Comhaltas Ceoltóirí Éireann á mhaoiniú as? Is é an ceol príomhchúram an Chomhaltais, ní an teanga. Cén obair a dhéanann siad leis an teanga a chur chun cinn? Anois, b'fhéidir go bhfuil dul amú orm agus b'fhéidir go bhfuil an-tábhacht leo mar eagraíocht in earnáil na Gaeilge, ach más ea, is go ciúin agus go han-chiúin atá siad ag gníomhú. Ní heol dom go bhfuil mórán ar siúl anseo i gConamara acu, mar shampla. Bíonn comórtais a bhaineann le fonnadóireacht agus mar sin de ag na Fleadhanna Ceoil, ach níl an t-aitheantas céanna ná baol orthu ag baint leo is atá ag comórtais an Oireachtais. Ba chóir scagadh grinn a dhéanamh ar an luach airgid atá á thabhairt ag an gComhaltas d'fhorbairt na teanga i gcomhthéacs a bhfuil á fháil ó Chiste na Gaeilge acu.

Wednesday 15 July 2009

10,000 maniacs!

Bhí grúpa ag an amhránaí Natalie Merchant tráth agus 10,000 Maniacs mar ainm orthu. Nó b'fhéidir gur cruinne a rá go raibh Natalie Merchant ina ball, seal, den ghrúpa 10,000 Maniacs. Níl a fhios agam an bhfuil siad ann mar mhaniacs a thuilleadh ach tá Natalie ag treabhadh léi i gcónaí - bhí an-chuma ar an albam deiridh dá cuid, Motherland.

Ach ní le Natalie a mholadh atáim ach le buíochas a ghlacadh libhse, a lucht léite, agus an pháirt a bhí agaibh sa méadú leanúnach atá tagtha ar líon na n-amas atá á gcóireamh in íochtar an leathanaigh. Focal nua é "amas" a thug mé liom ó thosaigh mé ag cartadh sa ngarraí seo, i dtús na Márta - cén cúlra atá leis mar fhocal, meas sibh?

Ar chaoi ar bith, tá 10,000 amas go dtí seo ann agus an clog ag ticeáil leis i gcónaí.

Muisteais frog oraibh ar fad!

Tuesday 14 July 2009

Inchinn Raiftearaí


Tharla gur phioc mé suas leabhar fíorspéisiúil i siopa Charlie Byrne i nGaillimh, leis an néareolaí agus scríbhneoir, Oliver Sachs, an lá sular bhuail muid bóthar go Ciarraí. Bhí sé mar lón léitheoireachta ar feadh na seachtaine agam thíos. "Musicophilia" is teideal don leabhar, a chuireann síos, i measc rudaí eile, ar an mbunús néarólaíoch atá leis an gceol.

Tá rannóg spéisiúil ann faoin bhfeiniméan sin a dtugtar "plasticity" i mBéarla air - ("plaisteacht" atá ag focal.ie) - an cumas atá san inchinn jabanna éagsúla a aistriú ó shuíomh go súiomh san inchinn, má tharlaíonn dochar don rannóg atá curtha i mbun na hoibre an chéad lá. Chomh maith leis sin, má fhágtar rannóg ar leith díomhaoin, rannóg an radhairc, cuir i gcás, is minic go n-úsáidtear an chuid sin den inchinn le breis cumais a chur ar fáil do chéadfá nó do thréith eile. Is minic, cuir i gcás, cumas ar leith ceoil nó cainte ag daoine atá caoch, go háirithe má rugtar caoch iad, nó má chailleann siad radharc na súl agus iad óg. Is fearr mar a éiríonn le próiséas na plaisteachta (an mé an chéad scríbhneoir Gaeilge a bhain úsáid as an bhfocal sin sa tuiseal ginideach, meas sibh?!) más faoi bhun sé bliana a chailleann an páiste radharc na súl.

Tá an dá thuairim ann maidir leis an aois ar bhuail an bholgach Raiftearaí, an fear a bheidh mar ábhar scríbhneoireachta agam go ceann cúpla mí agus mé ag díriú ar script faisnéise teilifíse faoi - an cúig bliana a bhí sé nuair a buaileadh tinn é nó naoi mbliana? Seans nach mbeidh réiteach deifnídeach go deo ar an gceist, ach feictear dom go dtacaíonn an t-eolas atá faigthe agam i leabhar Sachs leis an argóint gur ina leaidín beag a tharla sé.

Monday 13 July 2009

Dánlanna an Daingin

Chaith mé cúpla uair an chloig go pléisiúrtha an tseachtain seo caite ag siúl thart ar dhánlanna Dhaingean Uí Chúis. Do bhaile nach bhfuil chomh mór sin, tá neart acu ann. Thosaigh mé sa siopa Commodum. Siopa geansaithe atá ann go bunúsach. Ar chúis eicínt nach dtuigim, chuile uair beo ar shiúl mé isteach san áit ón gcéad chuairt ar thug mé ar an Daingean thart ar an mbliain 1987 nó mar sin, tá an t-albam "Clannad 2" le cloisteáil ann. Chuile uair beo - gan áibhéil dá laghad. Cineál Groundhog Day de chúram, an dtuigeas tú. Ó thaobh na healaíne de, tá bailiúchán breá de shaothar páipéir Marie Simmonds Gooding acu.

Formhór na ndánlanna eile, ní fhaca mé mórán rud ar bith a thaitin liom ann - seachas píosa amháin sa Man Art Gallery, cúpla doras suas ó Thigh Dick Mack. Canbhás radharc tíre teibithe, má tá a leithéid d'fhocal ann, a bhí i gceist ach níor thug mé liom ainm an phéintéara. Níos faide síos an tsráid, bhí réimse bhreá le feiceáil i siopa Lisbeth Mulcahy, idir chriadóireacht agus fhíodóireacht.

Trasna ó ollmhargadh Garvey (tá fios mo bhealaigh go maith timpeall an Daingin agam, ach ní bhím in ann riamh cuimhniú ar ainmneacha na sráideanna, ar an mbaile sin nó i mórán baile ar bith eile), bhí seó ollmhór á réiteach le hoscailt i nGailearaí Susan Callery. Saothar an ealaíontóra thráchtála Graham Knuttel a bhí i gceist. Rinne Knuttel airgead mór as caitíní an Tíogair Cheiltigh, ar mhó a scil in airgead a chaitheamh go fánach ná san ealaín. Is deacair a shamhlú go mbeadh mórán fágtha le húvaráil de shráideanna an Daingin an samhradh seo aige.

Beidh sé spéisiúil a fheiceáil cé mhéad dánlann a bheas fós ar oscailt ann faoi cheann bliana.....

Saturday 4 July 2009

Ar ais sa stiúideo


Tá mé díreach ar ais ó lár tíre, th'éis lá a chaitheamh ag plé le cúpla amhrán nua a thaifeadadh le mo sheanmhéit, John Ryan. Tá mé féin agus fear Áth Luain ag obair le chéile le fada anois agus airíonn muid an-sábhailte i gcomhluadar a chéile agus muid ag plé leis an bpróiséas cruthaitheach. B'fhéidir go gceapfá gur ráiteas cineál aisteach é sin - an focal "sábháilte" a úsáid - ach tá sé cruinn mar chur síos, go háirithe nuair a bhíonn ábhar pearsanta i gceist.

Tá cuid mhaith tograí déanta agam féin agus John le blianta anuas a bhí an-ghar dár gcroí agus fíor-thaitneamhach le bheith ag plé leo - na halbaim do pháistí, cuir i gcás agus an leabhar/CD do dhaoine fásta, Aniar. Ach nuair is ábhar ón traidisiún atá i gceist, ní ráiteas chomh pearsanta céanna atá á dhéanamh agat.

Le hamhráin nuachumtha atá dírithe ar dhaoine fásta, ach atá dírithe ar an gcéad dul síos ar rud eicínt a rá faoin saol, obair leochaileach atá sa gcomhoibriú stiúideo. Agus cé go bhfuil go leor ama caite os comhair scáileán Digital Performer againn le cúig bliana anuas, ní hé an t-uafás uaireanta atá caite againn ag plé le hamhráin a cumadh ar mhaithe leo féin, seachas ar mhaithe le ceann de na tograí thuasluaite. Cineál faoisimh a bhí ann a bheith ag spraoi arís inné le smaointe ceoil agus gan aon sprioc ama ná margaidh a bheith ag baint leo.

An rud a thaitin riamh liom faoi John ná a bhreithiúnas eagarthóra - is ceoltóir fíor-chumasach é,ach más ea féin, ní theastaíonn riamh uaidh an traic a spraeáil le nótaí, lena chumas virtuoso a chur in iúl - tá sé níos cinnte dó féin ná sin.

Is minic a chuireann sé síos ar a chuid moltaí ceoil i dtéarmaí físiúla. Mhol sé struchtúr áirithe inné agus é ag caint ar líne curfá a bhí le teacht arís is arís ag pointí áirithe sa bpíosa a bhí idir lámha againn. "We could stand them up like markers" a deir sé - "like telegraph poles on a bog road". Ó bharr a chinn a thagann na híomhánna seo agus níl aon mhór is fiú ná cuir i gcéill i gceist.

Chuir muid bunstruchtúr ar cheithre phíosa nua inné - lá maith oibre! Tá mise ag bualadh bóthair ar maidin le cúpla lá a chaitheamh ag giggeáil ó dheas (tá cúpla ticéad fanta don seó san amharclann nua sa Daingean, Lab na Mainistreach, san oíche Dé Máirt!) agus faoin am go dtiocfaidh muid le chéile arís, faoi cheann deich lá no mar sin, beidh forbairt déanta ar na traiceanna aige. An uair sin, déanfaidh mé mo ghlór a thaifeadadh in athuair, oibreoidh mé ar na línte giotáir agus seans go gcuirfidh mé cúpla eilimint eile chomh maith ann, de réir mar a ritheann siad linn - comhcheol gutha, dord, orgán béil srl.

Obair thrialach atá ann faoi láthair, ag iarraidh na smaointe a bhfuilim ag spraoi leo le cúpla mí a chur i bhfoirm taifeadta, agus seasamh siar go fuarchúiseach uathu.

Tá an comhoibriú sin ar cheann de na rudaí a mheallann i dtreo an cheoil mé - an deis a bheith ag cruthú i gcomhar le daoine eile. Sin ceann de na fáthanna nach bhfuil spéis agam úrscéal a scríobh, cuir i gcás - obair uaigneach í sin, ró-uaigneach domsa.

Tar éis na gigeála, tá fúinn cúpla lá a thógáil go réidh ó dheas. Tá sé i gceist agam beagáinín beag oibre a dhéanamh - caithfidh mé díriú ar an léitheoireacht a bhaineann leis an script a bheidh á scríobh agam do chlár drámaíochta faisnéise faoi shaol Raiftearaí. Ach tá súil agam cúpla iarnóin a chaitheamh ar Thráigh an Fhíona chomh maith céanna, mura mbeidh Corca Dorcha ró-dhorcha chuige sin.

Beidh an garraí gan saothrú, mar sin, go ceann seachtaine nó deich lá.

Wednesday 1 July 2009

Suite Française


Tá mé díreach th'éis an leabhar Suite Française leis an scríbhneoir Irène Némirovsky a léamh. Rúiseach ab ea Némirovsky, de bhunadh Giúdach, a rugadh i gcathair Kiev sa mbliain 1903. Theith a muintir ón bPoblacht Shóivéideach nuabhunaithe i 1917 agus rinne a mbealach go Páras. Fear an-saibhir ab ea a hathair, ach chaill sé a shaibhreas nuair a d'fhág sé an Rúis. D'éirigh leis saol nua faoi rath a dhéanamh dó féin sa bhFrainc agus is sa tír sin a chaith Némirovsky an chuid eile dá saol.

Bhí an-bhua scríbhneoireachta ag Irène, agus faoin am ar cuireadh tús leis an dara cogadh domhanda sa mbliain 1939, bhí cáil uirthi sa bhFrainc agus níos faide i gcéin mar úrscéalaí fíorchumasach.

Níor tógadh i dteaghlach cráifeach í - Giúdaigh ab ea a seantuismitheoirí, ach níor chleachtaigh a tuismitheoirí féin creideamh ar bith. Thiontaigh sí féin, a fear céile agus a mbeirt iníon ar an gcreideamh Caitliceach sa mbliain 1939, ach shílfeá gur mar pholasaí árachais a rinne siad é.

Más éa, ní go rómhaith a d'éirigh leis mar pholasaí. B'éigean don teaghlach teiteadh faoin tuath. Aithníodh mar Ghiúdaigh iad agus cuireadh iachall ar an gceathrar acu réalta Dháibhí a chaitheamh.

Is é an sainmhíniú a bhí ag na Naitsithe ar Ghiúdach ná duine ar Ghiúdaigh triúr dá seantuismitheoirí - níor bhain cleachtadh an chreidimh le hábhar. De réir mar a d'éirigh na dlíthe agus an ghéarleanúint níos géire, thuig Némirovsky go mbeadh an t-ádh léi fanacht beo go deireadh an chogaidh. Bhí an ceart aici - gabhadh sa mbliain 1942 í agus dúnmharaíodh in Auschwitz í roimh dheireadh na bliana sin. Gabhadh a fear céile cúpla mí ina diaidh agus cuireadh é siúd chun báis freisin. D'éirigh le cairde na lánúine an dá iníon a chur i bhfolach as sin go deireadh an chogaidh. Choinnigh na cailíní comhad scríbhneoireachta a máthar mar chuimhne uirthi. Cheap siad gur dialann a bhí ann agus bhí leisce orthu í a léamh mar dhialann, ar fhaitíos go n-osclófaí sean-chréachtaí a n-óige. I 1998,chinn a hiníon, Denise, ar na cáipéisí a bhronnadh ar chartlann staire sa bhFrainc. Thug sí faoi na bileoga lámh-scríofa a chlóbhualadh. Is ansin a osclaíodh roimpi doras isteach sa domhan a bhí cruthaithe ag a máthair sa dá bhliain sular maraíodh í. Chinn sí an uair sin ar an lámhscríbhinn a thabhairt d'fhoilsitheoir, seachas don chartlann. Foilsíodh an leabhar sa bhFrainc sa mbliain 2004 agus bhain sé cáil mhór amach.

An rud is spéisiúla faoi Suite Française ná an méid nach bhfuil ann - ní leagan de scéal Anne Frank atá i gceist, ach úrscéal, nó sraith úrscéalta gearra faoin bhFrainc agus í gafa ag na Naitsithe. Sa chéad scéal, cuirtear síos ar charachtair éagsúla agus iad ag teitheadh ó Pháras agus na Gearmánaigh ag réabadh leo anoir. Cuireann an dara scéal síos ar bhaile faoin tuath agus pobal ag maireachtáil leis na Gearmánaigh, a bhfuil seilbh glactha ar an tír acu.

Tá an dá scéal lán de charachtair a bhfuil cuisle na fírinne ag preabadh iontu. Níl maoithneachas ar bith ann. Spéisiúil go leor, níl Giúdach ar bith ach oiread ann - nuair a dhéantar tagairt do chúrsaí creidimh , is í an Eaglais Chaitliceach is mó a bhíonn i gceist.

Cruthaítear na Gearmánaigh, ní mar dheachtóirí gránna, ach mar dhaoine casta daonna, fir a bhfuil cultúr ag baint leo, daoine múinte atá ag iarraidh a gcuid orduithe a leanacht agus a gcuid oibre a dhéanamh go gairmiúil, gan cur as don chosmhuintir. Cuirtear bean mheánaicmeadh, Lucile, a bhfuil a fear céile gafa sa nGearmáin ina phríosúnach cogaidh inár láthair. Ní raibh ag éirí go maith lena pósadh agus nuair a chuirtear oifigeach óg Gearmánach ar lóistín sa teach, éiríonn sí mór leis - duine uasal é, a bhfuil ceol álainn pianó aige. Ansin, tarlaíonn tubaiste agus iarrtar ar Lucile feirmeoir atá ar a theitheadh a chur i bhfolach - cén rogha a dhéanfas sí?

Bhí faoi Nimérovsky trí scéal eile a bheith i gceist sa suite agus struchtúr sionfóine a bheith leis an rud ar fad. Bhí imlíne dréachtaithe aici don tríú cuid agus ní raibh sa gceathrú agus sa gcúigiú cuid ach teidil.

I ndeireadh an leabhair, tá trí cinn d'aguisíní ann - nótaí a bhreac Nimérovsky agus í á treorú féin maidir le forbairt an leabhair; comhfhreagras idir an scríbhneoir agus a cuid foilsitheoirí i bPáras, (a chaith go huasal agus go fial léi, in ainneoin na ndlíthe dochta a bhí tugtha isteach maidir le tacú le scríbhneoirí Giúdacha) agus idir fear céile Nimérovsky, Michel Epstein, agus údaráis "rialtas" Vichy agus na Gearmánaigh, i ndiaidh d'Irene a bheith gafa i 1942 agus é ag iarraidh a bhean a tharrtháil. An tríú aguisín ná achoimre ar bheatha Nimérovsky agus an méid a tharla dá cuid iníonacha i ndiaidh do na tuismitheoirí a bheith gafa - chuaigh an chuid seo trí mo chroí agus mé ag cuimhniú ar mo bheirt féin - iad ag seasamh lá i ndiaidh lae ag an Gare du Nord i bhFómhar na bliana 1945, a n-ainmneacha scríofa ar phíosa cairtchláir acu, iad ag súil go mb'fhéidir go mbeadh Mam agus Daid i measc na gcréatúr a bhí ag tuirlingt de na traenacha anoir, ag tabhairt ar ais na ndaoine a tháinig slán ó na campaí géibhinn sa bPolainn agus sa nGearmáin. Ní raibh a fhios fós acu go raibh Mam agus Daid caillte trí bliana roimhe sin, nuair a bhí an duine is óige den bheirt cúig bliana d'aois.

Leabhar ar leith é seo, lóchrann a lasadh in éadan an dorchadais, ag tráth go raibh an Eoraip faoi néal fíordhorcha. Tragóid uafásach a bhí san Uileloscadh - tragóid uafásach ab ea bás gach uile dhuine a maraíodh go barbartha ann. Níl luach níos mó ag beatha ealaíontóra seachas beatha duine ar bith eile - ach nuair a léifeá an leabhar seo bheifeá a rá leat féin 'Cé na seoda eile a bheadh curtha inár láthair ag an mbean seo, murach gur sciobadh uaithi an chuid eile dá saol?' Mar nuair a rinneadh sin, rinneadh éagóir orainn ar fad.