Tuesday 17 March 2009

Tá dúil agam in "Dual"



Seo moladh uaim le lá 'le Pádraig a cheiliúradh, le seod de dhlúthdhiosca - "Dual" - comhfhiontar idir an fonnadóir Julie Fowlis, ó Oileán Uist ó Thuaidh in Oileáin na hAlbain agus Muireann Nic Amhlaoibh ó Chorca Dhuibhne.

Tuilleadh eolais anseo:

An-phíosa oibre atá ann - tá sníomh álainn déanta ann idir amhráin rithimiúla na hAlban agus na hÉireann, idir an dá ghlór, an dá theanga agus an dá thraidisiún. Tá mianach ar leith sa dá ghlór - réimse níos airde nótaí ag Julie - glór saibhir contralto ag Muireann. Tá an-meascán ábhair ann, ina measc laoi Fiannaíochta, "Laoi na Mná Móire" - ábhar nach gcloistear á chasadh i nGaeilge na hÉireann níos mó, ach atá fós beo i dtraidisiún béil na hAlban.

Saothar uaillmhianach, ealaíonta é "Dual". Fair play dhaoibh a mhná! Albam traidisiúnta na bliana domsa go dtí seo. Ná scaoil an Lá Mór tharat gan é a chloisteáil - tá sé ar fáil ó iTunes nó ar díol anseo ó shuíomh Julie Fowlis:

1 comment:

  1. Tá lámhscríbhinn ón naoú haois déag de Laoi na Mná Móire (Thar Sáile) le feiceáil in An Gael, Geimhreadh 2009 (ó 1879 nó mar sin, más buan mo chuimhne). Gaeilge na hÉireann atá ann. Tá an cóip beagán níos lú ná an buntéacs (atá agam), agus beagán dorcha, ach inléite, den chuid is mó, tá súil agam.

    ReplyDelete