Tuesday 30 June 2009

Lúibín

Seo lúibín a scríobh me píosa ó shin. Is é Tadhg Óg a mhol an scenario agus thriail mé an scéal a insint i bhfoirm lúibín. Bíonn go leor athrá i gceist le lúibín a théann chun leadráine má bhíonn go leor véarsaí i gceist. Chomh maith leis sin, ní scéal a bhíonn i gceist go hiondúil agus rólanna ar leith ag an dá ghlór. Ní thugtar le fios go hiondúil ach oiread go bhfuil glór amháin atá ar easpa eolais faoina bhfuil ag tarlú. Ag iarraidh na teorannacha a bhrú siar de bheagán a bhí mé. Cineál nuaibín atá i gceist. Ar aon chaoi, seo agaibh é:

An Caitín Álainn Bán

Tá Johnny Joe agus Delia in aois an phinsin.

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Ghnothaigh mise an lotto
Fuair mé ceithre mhilliún breá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Cheannaigh mé Mercedes
Agus caitín do mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Ba mhór an spóirt an caitín
Lena chloigeann álainn bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró a leithéidí de charr
Bhí pabhar sa Mercedes sin
Is í ag dul thar bráid
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ím bím babaró is orm a bhí an crá
Bhí Kit e Kat i mbabhla a’am
Is gan dé ar mo chaitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró mo chreach agus mo chrá
Ag casadh isteach sa driveway dhom
Nár leag mé an caitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
“An bhfaca tú mo Bháinín beag
Mo chead ‘s mo mhíle grá?”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró, céard a d’fhéadfainn ‘ rá
“Ní fhaca” arsa mise bocht
“Ach fillfidh sé ar ball”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE :
Ím bím babaró a leithéidí de lá
Isteach sa Merc de thintreach liom
Mé fhéin ‘s an caitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Bhí mo chroí ag briseadh ‘nois,
Ag briseadh ina lár
Labhair mé le Saint Anthony go bhfaigheadh sé mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ní raibh gíog ná míogín
As an gcaitín álainn bán
Siar liom chuig an vet ansin, go leighfeasfadh sé mo chrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Thriail mé bleaist ronnachaí
A thairiscint ar ball
Meas tú ab é ‘n Kit-E-Kat nár thaithnigh le mo ghrá?
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
“Ní dóchasach an scéal é seo”
A dúirt an vet ar ball
“Ní leigheas atá ón gcaitín sin, ach miorúilt, mo chrá”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Níor chuir sí suim sna ronnachaí,
An scuitín álainn bán
Thriail mé tin caviare go meallfadh sé mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
“Seo jab don Golden Pages
Má tá fix ar bith le fáil”
Bhreathnaigh sé faoi “Miorúiltí” – bhí number áitiúil ann
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Labhair mé leis na Gardaí
Nó go bhfaighidís mo ghrá
“Glaoigh ar ais Dé Céadaoin,
Tá muid fíor-flat out faoi láthair”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Istigh sa teachín aisteach seo,
Bhí fear le cóta bán
“Cuirim caoi gan stró ar bith
Ar bheithigh chuile lá ”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ghlaoigh mé ar an mobile
Ar mo Johnny Joe ar ball
Ach bhí a number crúogach
‘S níor fhreagair sé an call
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá


JOHNNY JOE:
Ba ghearr gur bhain sé an cloigeann
De mo chaitín álainn bán
Chuir sé isteach bleaist wireannaí
Is microchip ‘na lár
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
D’fhreagair na Samaritans
Mhínigh mé mo chás
“Ar thriail tú fish fingers air?”
A dúirt an cailín lách
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY:
Chas mé isteach sa driveway arís
Mé fhéin ‘s an caitín bán
“Seo abhaile Báinín beag
Do pheata is do ghrá!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
“Míle thanks, Saint Anthony!”
A bhéic mé amach go hard
“A pheata bháin, bí ag ithe leat,
Triail an caviare!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Fish fingers – sin mo rogha fhéin!”
A bhéic an cat go hard
“Glanaigí an áit seo uileag
Tá an teach seo ina chás!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Bhí caint anois, caint chantallach ag mo chaitín bán
“Liomsa an teach” a d’fhógair sé
“Amachaigí sa tsráid!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Sa teach atá sé riamh ó shin
An caitín bradach bán

DELIA:
Is codlaíonn muid sa Mer-ce-des
Mé fhéin ‘s mo mhíle grá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Só, má bhíonn tú ag cuartú míorúiltí
A leighfeasfadh duit do chrá
Ná bac le Golden Pages
Nó is measa a bheas do chás
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

(c) 2008 Tadhg Mac Dhonnagáin

Bhí an píosa seo ar cheann de chnuasach lúibíní agus agallamh beirte a chum mé anuraidh le cúnamh ó scéim Deis na Comhairle Ealaíon, an ciste a thacaíonn leis na hEalaíona Traidisiúnta in Éirinn.

Monday 29 June 2009

Bainne géar

Ach ní taobh leis na "f"-anna amháin a bhíonn sé. Seo vignette álainn uaidh - "Bainne géar"

Seáinín Smaoiseach

Bhí mé ag cuartú YouTube don amhrán "Cá'il tú ag goil?" leis an ngrúpa Aerach, mar iarratas speisialta do Kelly D i Siceagó. Ní cosúil go bhfuil sé ann, ach i measc na gclipeanna atá acu de chultúr comhaimseartha Chonamara, tá an píosa seo le Seáinín Smaoiseach. Ní fios cé hé Seáinín ach is treallchogaí d'ealaíontóir é. An modus operandi atá aige ná clipeanna ó shobalchláracha (cuid Shasana go mórmhór, a bhfuil an-tóir in Éirinn orthu) a athghuthú i nGaeilge chraicneach Chonamara. É fhéin a dhéanann chuile chrachtar agus na maisíochtaí fuaime le cois. Seo píosa dá athleagan de shobalchlár duairc Londain Thoir, Eastenders. Ní fhéadfainn a rá go bhfuil mórán aithne agam ar na carachtair sa mbunleagan den seó - dá mbeadh, sílim go gcuirfeadh sé go mór leis an ngreann. Ach fiú gan an cúlra sin, tá an comhrá a chumann sé chomh barrúil agus chomh Conamarach sin, go raibh mise lagaithe ag gáire aige.

Foláireamh sláinte - tá Seáinín sách tugtha don F-fhocal (agus ní Futa ná Fata atá i gceist agam). Cineál cine verité atá idir lámha aige ó thaobh caint chomhaimseartha neamhfhoirmiúil Chonamara.

Más maith leat do mholadh, faigh bás


"Más maith leat do cháineadh, pós" a deir an seanfhocal; "más maith leat do mholadh, faigh bás".
Is maith a fheileann sé don mhéid atá scríofa le cúpla lá anuas ó cailleadh Michael Jackson.
Níl aon amhras ach go raibh cumas iontach ceoil agus damhsa i bhfear Gary, Indiana. D'éirigh leis gaiscí go leor a bhaint amach lena linn - an t-albam ba mhó díol riamh, agus áit i measc íocóin an phopchultúir idirnáisiúnta, áit a bhí tuillte as a chumas aige.

Nuair a phós sé iníon Elvis Presley, Lisa, bhí sé ag cruthú go raibh laincisí na cine inar rugadh é sáraithe aige. Bhí dragúin na cinniúna ar lár agus iníon an rí ghil mar chéile aige. An de bharr an ghráin a bheith ar a chine féin aige, faoi ndear na hobráidí go léir a rinne fear chomh geal sin de féin? Cibé cén chúis a bhí leis, is léir gur duine é Jackson a bhí ag strachailt, ar feadh a shaoil, le ceisteanna féiniúlachta.

Tá ceist mhór amháin a bhaineann le saol Jackson is fiú a chur. Luaitear an drochthógáil a bhí air mar chúis lena iompar féin, mar dhuine fásta, le gasúir - athair cruálach, clú agus cáil ó bhí sé ina leaidín óg, brú oibre nuair ba chóir dó a bheith amuigh ag spraoi.

Thóg sé Neverland, mar chineál tearmainne do ghasúir a raibh deacrachtaí leighis acu. Tá mé cinnte go raibh sé i ndáiríre faoin togra sin agus go raibh fonn air cúnamh a thabhairt do dhaoine agus súil aige, b'fhéidir, go n-éireodh leis féin teacht ar shonas de chinéal eicínt é féin agus é á dhéanamh.

Ach ón méid atá léite agamsa faoi, bhí an chuma riamh ar Neverland gur mar a chéile é agus an mála mór milseán a bhíodh i mbút an chairr ag an sagart péidifileach, Brendan Smith. Ar mhaithe le gasúir shoineanta a mhealladh ina threo féin a úsáideadh é.

Is deacair leagan Jackson den scéal a chreidiúint maidir leis an socrú a bhíodh ann go gcodlaíodh buachaillí óga leis i Neverland. Mhionnaigh sé san agallamh a chuir Martin Bashir air gur rud soineanta amach is amach a bhí ann.

Ach bhí Jackson saibhir go leor le theacht as an tsáinn a bhain le líomhaintí mí-úsáid ghnéis. De bharr an airgid, bhí sé in ann a fhreagracht mar dhuine fásta a sheachaint agus cluas bhodhar a thabhairt dá chuid dragún inmheánacha.

Is cinnte go gcuireann cáil agus saibhreas thar cuimse claí mór bréagach idir an duine cáiliúil agus saol na réalaíochta taobh amuigh. Bíonn súmairí ar chuile thaobh, cait ag crónán ar mhaithe leo féin. Tá freagracht ar na daoine sin chomh maith.

Bíonn sé deacair saol pearsanta an duine phoiblí a scaradh óna shaothar. Ar chóir é a dhéanamh? Pearsa casta, tragóideach é Michael Jackson. Is cinnte gur chóir a bhuanna agus a thallann a cheiliúradh. Agus tá sé tábhachtach i gcónaí, creidim, a bheith tuisceanach maidir le cúlra daoine agus a gcuid lochtanna á meas.

Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil bhfuil sé de dhualgas orainn ar fad, idir shaibhir agus daibhir, freagracht a ghlacadh as na rudaí a dhéanann muid.

Friday 26 June 2009

Deireadh le Foinse?


Cé nach bhfuil oifig an nuachtáin ach dhá mhíle déag bealaigh siar an bóthar uaim anseo sa Spidéal, is ón mBrasaíl a tháinig an scéala ar maidin chugam go raibh Foinse ar lár. Alex Hijmans, fear a bhíodh ag scríobh go rialta don nuachtán a chuir in iúl dom i nóta ar Facebook go raibh an nuachtán imithe den saol. Léiriú é sin ar an athrú atá tagtha ar chúrsaí cumarsáide ó tháinig an páipéar ar an bhfód.

Tá go leor anonn is anall ar maidin ann faoi "chúlchistí" agus arduithe ar dheontais agus a leithéid, agus ceal eolais, tá leisce orm aon tuairim a nochtadh i dtaobh na cainte sin Bhí cuma dhóchasach ar an scéal cúpla lá ó shin agus daoine ag ceapadh go n-éireodh leis an idirbheartaíocht a bhí ar bun. Is deacair a rá go fóill cén taobh is mó ar a bhfuil an locht.


Ach ag an bpointe seo, ba mhaith liom mo thacaíocht a léiriú ar maidin le foireann an nuachtáin agus buíochas a ghlacadh leo faoin obair bhreá atá déanta seachtain i ndiaidh seachtaine acu iad ag cur an pháipéir ar fáil do phobal a bhí á cheannach, ní ar bhonn cúise, ach mar gheall ar sheirbhís fhiúntach, úsáideach, ard-chaighdeáin a bhí á chur ar fáil dóibh.

Thursday 25 June 2009

Físeán na Seachtaine - Conamara


Don chlár Ardán, nach maireann, a rinneadh an taifeadadh slachtmhar seo de leagan Phatrick Connolly de rosc catha na n-imirceánach, Conamara le Seán Ó hÉanaigh. Is é Seán ba túisce a rinne taifeadadh air ar an albam a eisíodh ar Chló Iar Chonnachta dá bhanna ceoil, Éinniú.

Tá Patrick Connolly ar dhuine den ghlúin nua ceoltóirí a lean sa stíl a bhí leagtha amach roimhe ag John Beag. Fonnadóir breá é Patrick agus tá fios a bhealaigh timpeall ar an ngiotár chomh maith céanna aige.

An bhanríon Victoria ag ól pórtair


Tá mé ag baint an-sásaimh le cúpla mí anuas as an spéis atá curtha in athuair agam i dtraidisiún amhrán Béarla na tíre seo. Thosaigh sé nuair a cheannaigh mé albam Andy Irvine agus Paul Brady ar iTunes - an ceann iontach sin a rinne siad thart ar an mbliain 1974. Cheannaigh mise ina cheirnín ar an sean nós, an chéad uair é i siopa Leo MacDonagh i gCoillte Mach, thart ar an mbliain 1976. Bhí sé an-deacair teacht ar cheirníní amuigh faoin tuath an uair sin, ach bhí spéis ag Leo sa gceol agus bhí cúinne dá shiopa earraí leictreacha a raibh seastán ceirníní sáite ann, i measc na meaisíní níochán agus na teilifíseanna.

Bhí mé bíogtha an ceirnín a bheith i mo sheilbh agam ón uair go raibh Paul Brady feicthe ar an Late Late Show agam ag casadh "Arthur MacBride", an cur síos ar an iarracht a rinneadh fear óg an teidil agus scéalaí an amhráin a mhealladh agus a bhrú isteach in airm an rí. Maslaíonn Arthur an sáirsint, agus is gearr go mbíonn ina scliúchas. Éiríonn le Arthur agus a chol ceathrar an ceann is fearr a fháil ar na saighdiúirí. Is iontach an fhilíocht atá ar fáil san amhráin, ina measc an líne seo a chuireann síos ar an drochíde a tugadh do dhrumadóirín óg: "The little wee drummer we flattened his brow and we made a football of his rowdy dow dow"

Mar a bhíonn go minic i dtraidisiún na hÉireann (ní hionann agus traidisiún Shasana ná na hAlban) ní scéal iomlán atá san amhrán ach radharc amháin as scéal níos faide - cineál machnaimh ar rud atá tar éis tarlú nó rud a tharlós amach anseo.

Dá mba scannán é scéal Arthur MacBride, cuir i gcás, ní bheadh san amhrán ach radharc amháin. I gcás thraidisiún Shasana - "Little Musgrave", cuir i gcás, is scannán iomlán an t-amhrán, a bhfuil tús, lár agus deireadh leis, le carachtair, plota a ghluaiseann trí shuíomhanna agus radharcanna éagsúla.

Sa gcur chuige machnamhach atá ar fáil sa traidisiún Éireannach (atá an-chosúil leis an traidisiún Gaelach ó thaobh modh scéalaíochta de), is minic go mbíonn íoróin álainn le fáil sa gcur síos a dhéanann an liric ar an saol, íoróin nár thuig an cumadóir féin agus é á chumadh. An sampla is deise liom ná línte seo as "Craigie Hill", amhrán a chasann diva an traidisiúin Bhéarla, Dolores Keane:

"We'll be happy as Queen Victoria
All in her greatest glory
We'll be drinking wine and porter all in Amerikay."

Wednesday 24 June 2009

Dea-scéala faighte ag na foilsitheoirí - dea-scéala ar an mbealach do Foinse?


Bhí caint sna meáin agus ar na blaganna (ar cuid de na meáin iad, ar ndóigh) le seachtain nó dhó faoin siar is aniar a bhí ann idir foilsitheoirí na Gaeilge agus an Foras le gairid maidir le maoiniú. Airgead ar déanadh tairiscint air le tacú le scríbhneoirí éagsúla tabhairt faoi shaothair nua a scríobh a bhí i gceist. Is faoi Scéim na gCoimisiún a faomhadh an maoiniú agus nuair a tháinig an scéala chomh fada le Futa Fata thart ar mhí ó shin go raibh sé cinn de choimisiúin faofa, is orainn a bhí an t-áthas.

Baineadh siar asainn nuair a tháinig litir eile seachtain ina dhiaidh sin arís, a rá gur trí bhotún a scaoileadh amach na chéad litreacha agus nach mbeadh cinneadh anois ann ar na hiarratais go dtí an 19ú den mhí seo - Dé hAoine seo caite.

Bhí faitiós orainn, agus rothaí ag titim anuas de bhaigín an náisiúin ar chuile thaobh, gur cúinsí airgid ba chúis leis an tarraingt siar. Ach níorbh ea - agus is orainn atá an t-áthas a rá inniu go bhfuil na coimisiúin a bhí faofa de réir na chéad litreach (an bhfuil an ceann sin i gceart agam?) - go bhfuil siad fós faofa, agus an méid céanna airgid i gceist.

Tá maoiniú faighte ag Futa Fata coimisiúnú a dhéanamh ar Bhridget Bhreathnach, ar Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus ar Patricia Forde leabhair do pháistí a scríobh agus ar Bhrenda Ní Shúilleabháin agus ar an scríbhneoir seo le tabhairt faoi leabhair nua do dhaoine fásta. Tá súil againn, (ag brath ar mhaoiniú!) formhór na leabhar seo a bheith ar fáil i gcomhair mhargadh na Nollag, 2010.

Is cosúil gur ceist mhaorlathais de chineál eicínt faoi ndear an tarraingt siar. Tarlaíonn na rudaí sin - agus tuigeann muid go mbíonn ar dhaoine a bheith cúramach le pingeacha an Stáit.

Dea-scéala, mar sin, do na foilsitheoirí leabhar agus do na scríbhneoirí - le cúnamh Dé agus a bhfuil eile ann, beidh dea-scéala den chineál céanna ag an nuachtán Foinse gan mórán achair.

Tuesday 23 June 2009

An focal mar dhéantúsán

Bhí an-phíosa comhrá agam féin agus an bheirt bheag agus muid ag dul siar ar scoil ar maidin faoin bhfocal iontach Ciarraíoch sin, "ciotrúnta". Duine ar deacair déileáil leis nó léi, duine a dhéanann scéal mór de chuile rud, duine casta, nach féidir é nó í a shásamh. Sin duine ciotrúnta. D'aontaigh na gasúir liom gur beag nach féidir leat brí an fhocail a thabhairt leat ón rithim agus ón bhfuaim a bhaineann leis - "ciot-a-rún-ta". Chaith muid nóiméad nó dhó ag spraoi leis, ag baint sásaimh as an drumadóireacht a bhí muid in ann a bhaint as siollaí an fhocail.

Is cuid spéisiúil de chultúr na Gaeilge í an tusicint sin ar an bhfocal mar dhéantúsán . Is cinnte go bhfuil an tuiscint chéanna ar fáil i ngach cultúr teanga ar domhan, ach i ngeall ar an mbochtanas, b'fhéidir, bhí deis ag na Gaeil ar feadh i bhfad anailís ar leith a dhéanamh ar a dteanga féin, mar nach mbíodh mórán eile de mhaoin an tsaoil acu.

Duine de na daoine ba mhó a bhí tugtha don anailís sin ar casadh mise riamh uirthi ná seanbhean a raibh cónaí ar an bhFál Mór uirthi, in íochtar leithinis an Mhuirthid, in Iorras, i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Bhí focail ar fáil sa gcanúint sin nach raibh taithí agamsa orthu agus nuair a chuirinn ceist ar Mhary Neil ina dtaobh, is í a bhíodh sásta freagra cuimsitheach a thabhairt.

An focal "leitheadach", cuir i gcás. Sin é an focal is coitianta atá sa gceantar sin ar dhuine sotalach, nó mustrach, nó duine a raibh éirí in airde ann. "Focal an-úsáideach é sin" a deireadh sí, amhail is a bhí sí ag caint ar uirlis a bhféadfá breith uirthi le jab ar leith a dhéanamh.

Bhí an-scéal aici faoi chomharsa léi a chaith seal gearr i Meiriceá i dtús na fichiú haoise. Rud neamhchoitianta a bhí ann agus Mary ina cailín óg go ngabhfadh duine anonn go Meiriceá agus a theacht as arís, gan leathchéid bliain nó níos mó a chaitheamh thall, ach b'shin mar a bhí ag a comharsa, Séamas.

Bhí an-spéis ag muintir an cheantair sa gcur síos a bhí ag Séamas, agus é tagtha abhaile, ar na hiontaisí a bhí feicthe thall aige. Bhí cuimhne ag Mary ar an oíche cois tine go raibh seal caite ag muintir an bhaile ag éisteacht le scéalta Shéamais faoi shaol na Yanks. Mar chlabhsúr ar an oíche, bhí iarratas speisialta ag duine de na comharsana - "abair arís é" a deir sí "an focal mór millteach Béarla sin a fuair tú i Meiriceá, a Shéamais. Abair arís é!". Bhí tost ar an gcomhluadar - bhí chuile phéire súl dírithe ar Shéamas. Amhail is go raibh sé ag nochtadh píosa dealbhóireachta, chuir Séamas an charraig mhór Béarla i láthair an chomhluadair uair amháin eile, á fhógairt go cúramach, siolla ar shiolla álainn - "extra-ordi-na-ry".

Monday 22 June 2009

Ryan ar an aer


Agus mé ag teacht aniar ó Indreabhán ar ball, th'éis na gasúir a fhágáil ar scoil, bhí mé ag éisteacht le Ryan Tubridy ar Raidió a hAon. Ag cur agallaimh ar bheirt óg a rinneadh bulaíocht ar scoil sna déaga dóibh i ngeall ar iad a bheith aerach a bhí sé. Ábhar tráthúil é sin agus ábhar tábhachtach le plé. Bhí mé ag samhlú an chur chuige a bheadh ag Pat "the Plank" Kenny agus píosa den chineál céanna á chur i láthair aige. An claonadh a bheadh ann ná an píosa a úsáid le taispeáint don phobal gur fear liobrálach é, gur fear é a bhí eolach ar an gceist, agus gur fear é nach bhfuil spéis dá laghad i ndaoine aige.

Sílim féin gur tubaisteach an craoltóir é Pat Kenny. Bheadh sé alright agus é ag déanamh an jab atá ag Seán O'Rourke ar an News at One - bheadh sé níos postúla, níos mó dírithe ar an spotsolas a dhíriú ar a intleacht féin, ach ó tharla gur beag scil a theastaíonn ó thaobh comhbhá le daoine daonna eile agus tú ag spochadh as polaiteoirí, atá tagtha ar an láthair le babhta sparála a chur díobh agus clár oibre an lae áirithe sin a chur chun cinn ar na haerthonnta, bheadh Pat go maith in ann ag an obair. Éireoidh go breá leis sa leagan nua de Questions and Answers a bheas faoina chúram sa bhfómhar. Is mór an trua nár chloígh sé leis an gcineál sin oibre ar feadh a shaoil. Tá an Late Late ina chiseach le fada aige.

Ní hionann agus Pí Cé, tá bua ag Ryan Tubridy, an bua céanna a rinne réalta de Gay Byrne sa tír seo - tuigeann sé daoine. Tá spéis aige iontu. Tá spéis aige ina gcuid scéalta. Tá spéis aige (agus seo é an comhábhar draíochtúil nach bhfuil ag Ó Cionnaith an Clár Adhmaid) éisteacht lena gcuid scéalta. Tá spéis aige gnéithe dá scéalta a mhealladh amach as daoine, gnéithe, nach n-inseodh siad do chraoltóir eile, ceal muiníne acu as an duine a bhí ag cur agallaimh orthu. Tá spéis ag Tubridy sna gnéithe éagsúla seo den duine, mar gurb é an aidhm atá aige ná a chuid craoltóireachta a úsáid ar mhaithe le rud eicínt a rá faoin saol.

Ní timpiste ar bith é go bhfuil spéis chomh maith sa scríbhneoireacht chruthaitheach aige, ar na cúiseanna ceannann céanna - tá spéis sa duine aige, agus i gcás an duine.

Tá mianach den fhear grinn chomh maith ann - tá sé go maith in ann magadh a dhéanamh faoi féin. Tá na gasúir sa teach seo ag súil go mór lena fheiceáil ar an Toy Show. Ó tharla gurb taobh sin an fhir ghrinn is mó a chonacthas le cúpla bliain anuas ar a chlár "Tubridy Tonight" síleann go leor gur leathamadán é. Ach ní hea. Níl le déanamh agat ach éisteacht leis an agallamh tuisceanach, barrúil, daonna, dúshlánach a chuir sé ar an mbeirt aerach sin ar a chlár ar maidin le tuiscint go bhfuil tréimhse i bhfad níos spéisiúla roimhe amach ag an Late Late ón bhfómhar seo amach. B'fhéidir, fiú, go spreagfadh sé mé fanacht istigh corr-oíche Aoine ón seisiún Tigh Phádraigín sna Forbacha.

Thursday 18 June 2009

Froganna beaga glasa


Tá mé ag cur Gaeilge faoi láthair ar leabhar álainn do pháistí faoi chúrsaí garraíodóireachta agus na bealaí is féidir an nádúr a chothú agus a chaomhnú i do ghairdín féin.

Tá an obair seo do mo chur in aithne arís do mo sheanchairde, na froganna. "Futa Fata seems to have a thing about frogs" a scríobh an léirmheastóir san Irish Times roimh Nollaig agus í ag cur síos ar fhoilseacháin na bliana seo caite. Agus b'fhíor di - idir "Frog sa Spéir" an scéal faoin bhfroigín beag, Frainc, a bhí ag iarraidh eitilt, agus "An Oíche Dhorcha" faoi Fhéilim Frog agus a chairde a bhí scanraithe ag scáileanna na hoíche, bhí scéalta na bhfrog ag hoppáil uainn i gcaitheamh na bliana 2008. Agus muid ag teacht i láthair ar an stáitse le seó teaghlaigh a dhéanamh, ní scaoileann muid an deis tharainn gan "Froganna Beaga Glasa" a rá - tá an ceann sin ar fáil ar "Gugalaí Gug!"

Agus an méid sin ráite, seo í mo cheist - cén fáth gurb é an focal is coitianta, anseo i gConamara ar "frog" an Bhéarla ná "frog" an Bhéarla? Ní fhuaimnítear an focal de réir na Gaeilge, go fiú - "frag" a deirtear.

Agus cén fáth gur "frog" a bheadh ann ar aon nós? Ní thugtar "flaghaidh" ar chuileog, ná "raibin" ar spideog, ná "dancaí" ar "asal". Shílfeá go bhfuil na froganna beaga glasa thart níos faide ná mórán ceann ar bith eile de na créatúir thuasluaite.

Tá focail eile ann, cinnte. Nuair a labhair mé le Caitlín Pheaits (atá le cloisteáil ar chuid mhaith dlúthdhioscaí dár gcuid) dúirt sí liom go raibh an rud céanna tar éis rith léi féin. Bhí sí tar éis an cheist a tharraingt anuas chuig a Daid, Máirtín Pheaits Ó Cualáin - fear a bhfuil an-eolas aige ar chúrsaí nádúir aige. "Lupadán lathaí" a bhí aige siúd (sílim!) - ainm álainn fileata, mar a bhíonn go minic le hainmneacha Gaeltachta ar na neacha beo inár dtimpeall. Tá "loscann" ag Wingléacht agus "boilgín frisc" agus "froga" chomh maith le frog. An bhfuil ceann ar bith acu siúd á n-úsáid sa ngnáthchaint in áit ar bith? Nó focal eicínt eile?

Agus ó tharla na focail agus leaganacha sin a bheith ann, nach aisteach gur focal Béarla atá i gConamara ar neach chomh gaelach leis an bhfrog?

Wednesday 17 June 2009

Céard atá i ndán do Foinse?


Nuair a bhí mise ar an meánscoil, i nGalltacht Mhaigh Eo, thiar sna seachtóidí, bhíodh "Inniu" á fháil againn ón múinteoir Gaeilge. Leagan amach leamh, drochchaighdeán cló, altanna móra fada faoi chúis na Gaeilge - dá mbeifeá ag iarraidh nuachtán a dhearadh leis an aos óg a chasadh i gcoinne na teanga, is é Inniu an páipéar a leagfá amach leis an jab a dhéanamh.

Ina dhiaidh sin, nuair a chuir mé aithne ar na leads i mBéal Feirste, léinn Lá. An rud ab fhearr faoi go mór fada ná colúin ghrinn Mháirtín Uí Mhuilleoir (an cuimhin le héinne an colún "An Tráth Sin den Mhí" - sin tallann atá á chur amú - fill orainn, a Mháirtín na cruthaitheachta!). An deacracht a bhí agam leis an gcuid eile de ná go raibh sé dírithe an iomarca ar shaol na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste.

Bhí Amárach ann chomh maith - ró-ghafa leis an nGaeltacht, a cheap mé.

Is é Foinse, dar liomsa, an páipéar ab fhearr ar éirigh leis freastal ar na tránna éagsúla sin - lucht labhartha na cathrach a bhí sáite sa gcúis, lucht léite níos ginearálta nár bhain go gníomhach leis an gcúis ach a raibh spéis níos mó acu sa teanga ar bhonn cultúrtha, agus an aicme Ghaeltachta a bheadh sásta nuachtán Gaeilge a léamh, dá n-aireoidís go raibh freastal á dhéanamh ag an bpáipéar ar a saol féin.

Seans go bhfuilimse claonta, ó tharla go bhfuil cónaí orm i gCois Fharraige. Seans go bhfuil daoine go leor i nGaeltachtaí eile ann nár airigh nádúr ar bith le Foinse. (Ní miste dom, de ghrá na trédhearcachta, a lua chomh maith go raibh mé i mo cholúnaí ealaíon le Foinse ar feadh cúpla bliain i ndeireadh na naochaidí).

Ceannaíonn muide Foinse chuile dheireadh seachtaine sa teach seo. D'aireodh muid go raibh rud eicínt caillte againn (nó misseáilte againn, le bheith cruinn) mura raibh sé feicthe againn. Bíonn an-réimse ábhair ann. Bíonn sé scríofa go maith. (Cé gur cuireadh léirmheas an-aisteach de leabhar uaim, Aniar i gcló ann uair amháin - ach tá an peaca sin maite.)

An rud is tábhachtaí faoi Foinse ná go léann daoine é. Tá a fhios agam gurb ea, mar gur minic a chloisim é luaite i gcomhráití i measc an phobail anseo - ní ag díograiseoirí teanga amháin, ach ag cainteoirí dúchais nach leor dóibh an rud a bheith i nGaeilge le tacaíocht a thabhairt dó. Luaitear an píosa seo nó an pictiúr siúd a chonaic daoine i bhFoinse.

Dá fheabhas é Lá Nua, níor chuala mé riamh luaite ag duine ar bith de mo lucht aitheantais ar an gcaoi sin é. Tuigim nach bhfuil mórán de bhunús eolaíochta leis sin mar shlat tomhais, ach tá fírinne eicínt ann, ina dhiaidh sin.

Is cinnte go bhféadfadh Foinse a bheith níos fearr nuair a chuirfeá i gcomparáid leis an Irish Times é. Ach d'fhéadfadh an Irish Times a bheith níos fearr agus é curtha i gcomparáid leis an Guardian. Ceist scála agus acmhainní é sin.

Is bocht an scéal é má ligtear dó bás a fháil.

Tuesday 16 June 2009

Garraí Johnny Mhorgan

Bliain go leith ó shin, agus mé i ngreim ag an ngalar dubhach, ní raibh mé in ann díriú ar obair. B'éigean dom éirí as ar feadh cúpla mí. "Céard atá ar siúl agat ina ionad?" a d'fhiafraigh an dochtúir díom. "Ag cartadh sa ngarraí" a dúirt mé leis. Bhí sé an-sásta an méid sin a chloisteáil. "Ní fhéadfá rud ní b'fhearr a dhéanamh nuair a bhíonn tú thíos" a deir sé "ach do láimh a chur sa gcréafóg".

An tEarrach seo, agus an aimsir bhriste a bhí againn, is ag plé le garraí seo na blagála a bhí mé níos minicí ná an garraí taobh amuigh den bhfuinneog. Ach le mí anuas, tá mé ar ais amuigh faoin aer agus tá toradh na hoibre le feiceáil cheana féin - ní hamháin obair na bliana seo ach obair an chúpla séasúir atá caite anseo againn.

Tá na plandaí sú talún faoi ualach torthaí agus bíonn na gasúir amuigh ina measc ag coinneáil súil ghéar ar an dul chun cinn. Beidh na spíonáin réidh le baint an chéad mhí eile. Ar éigean gur chuir mé na fataí in am i mbliana, ach mura chuir féin, tá siad tagtha aníos agus le cúnamh Dé beidh siad ar an mbord roimh dheireadh an tSamhraidh. Tá bleaist cairéidí curtha an deireadh seachtaine seo agam, chomh maith le sraith scailliún. Thug mo chara siar an bóthar, Áine Máire, glac plandaí puimpcín dom agus tá siad sin féin curtha síos.

Tá fealsúnacht ghlas ag baint leis an obair seo, cinnte. Ach seachas é sin, is próiséas é - próiséas a cheanglaíonn le próiséas cianársa an phláinéid mé. Teiripe atá ann. Tá sé cruthaitheach. Tá spioradáltacht áirithe ag baint leis. Tá taobh sóisialta ag baint chomh maith leis - is mór liom an cairdeas atá agam le mo chomhgharraíodóirí. Tá seanchas i gceist le cois - deir muintir Inis Meáin, cuir i gcás, gur fearr an fheamainn a bheith in uachtar ar na fataí mar leasú ná a bheith in íochtar.

Agus seachas rud ar bith, tá sé folláin - an láimh a chur sa gcréafóg.

Monday 15 June 2009

Físeán na Seachtaine - Seán Monaghan - An Dreoilín


Ceoltóir bunúil amach is amach é Seán Monaghan agus seo clasaic dá chuid - an scéilín faoin dreoilín a mharaigh an cat. Tá portaireacht béil ann, tá cineál rap amháin agus tá dúchas Chonamara ann go smior. Bhí mé i láthair nuair a bhain sé an chéad duais i gcomórtas cumadóireachta Réalta ar R na G thart ar an mbliain 1997 nó mar sin. Fiafraíodh dó an raibh amhrán ar bith faoi dhreoilíní cumtha aige agus dúirt sé go raibh. Chroch sé suas stéibh dó - é an-chosúil le hamhrán de chuid Dolly Parton - "Dreoilín, dreoilín, dreoilín, dreo-il-íí-íí-in!"

Is mór an trua nach bhfuil albam aonair déanta riamh ag Seán - ach níl sé ró-dheireanach fós!

Futa Fata Facebook!


Má bhíonn sibh ar Facebook, a chairde, tá leathanach nua ann ag Futa Fata:

http://www.facebook.com/pages/Futa-Fata/92479710339#/pages/Futa-Fata/92479710339?v=wall&viewas=1139807661

Beidh eolas rialta ann faoina bhfuil ar siúl againn, dlúthdhioscaí agus leabhair nua agus imeachtaí. An chéad cheann ná taispeántas agus margadh leabhar a mbeidh cuid mhaith d'fhoilsitheoirí na Gaeilge páirteach ann, Dé Sathairn beag seo ar Shráid an Chapaill Bhuí (Grand Parade) i gCathair Chorcaí, mar chuid de shraith imeachtaí atá eagraithe ag Leabharlanna Chathair Chorcaí, faoin teideal "Bliain an Léitheora Shíoraí - The Year of the Constant Reader". An-phlean é agus tá moladh ag dul do Chris Dorgan agus a chomhghleacaithe i Leabharlanna Chathair Chorcaí faoin ócáid a eagrú agus aitheantas a thabhairt d'fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Thursday 11 June 2009

Cur chuige Nashville

Beidh mé ag bualadh bóthair go Baile Átha Cliath ar ball. Thuas ann amárach, beidh mé ag glacadh páirte i gceardlann cumadóireacht amhrán atá á reáchtáil ag IMRO. Tá sé píosa ó ghlac mé páirt i gceann de na ceardlanna seo - cineál cúrsa spioradálta a bheas ann, má bhíonn sé go maith.

Is cuimhin liom blianta ó shin gur ghlac mé féin agus mo leathbhádóir ceoil, John Ryan páirt i seisiún den chineál céanna. Ceann ní ba mhó a bhí i gceist - bhí tríur ríthe tugtha anall ó Nashville ag IMRO lena ngaois a roinnt linn. Nuair a labhair siad ón stáitse, bhí siad lán de chaint bhogfócasáilte Mheiriceá - "you just gotta write from the heart".

Ach ansin, nuair a shuífeá síos leo ag ól caifé, is ag caint ar airgead a bhíodh siad - na deals a dhéanadh Garth Brooks (a bhí ina mheigea-réalta ag an am) le scríbhneoirí eile le hamhráin a chumadh dó a mbeadh a ainm féin luaite leo mar chumadóir - is é siúd a roghnaíodh an téama.

Tar éis lóin, roinneadh ina ngrúpaí muid agus chuaigh na triúr amigo thart ó ghrúpa go grúpa ag cur comhairle orainn. Cuimhním i gcónaí ar chomhairle Wayland Holyfield, a raibh amhrán dá chuid taifeadta ag leithéidí Charley Pride, Reba McIntyre, Tammy Wynette, Kathy Mattea srl, srl. "The thing about country music" a deir Wayland "is that you have to understand the difference between 'simple' and 'stoopid'. You guys understand the difference between 'simple' and 'stoopid'? Bhreathnaigh sé sa tsúil orainn ar fad, ina suí ina gciorcal thart air. "It's about half a million dollars..."

Wednesday 10 June 2009

Caillte sa gceol

Ag an Aifreann sa Spidéal maidin Dé Domhnaigh seo caite, thug mé cailín óg faoi deara os mo chomhair, is í ag casadh pianó samhailteach ar chúl an tsuíocháin a bhí os a comhair sise. Anonn is anall léi, cordaí ag imeacht leis an lámh chlé, nótaí á mbualadh ag an lámh dheis, a fhad is a bhí an sagart ag dreandán leis i dtaobh Domhnach na Tríonóide.

Seoladh siar na blianta mé. Chuimhnigh mé ar Vinnie Kilduff, a shuigh taobh liom ar scoil i gCoillte Mach fadó. Ceoltóir cumasach feadóige a bhí i Vinnie - is ea i gcónaí. Is leis an gceol a chuaigh sé mar ghairm. Blianta fada ina dhiaidh sin, bhain sé duais Grammy i Meiriceá de bharr na hoibre a rinne sé ar cheann d'albaim Chlannad.

Ach in Earrach na bliana 1975, bliain na Meánteiste, bhí Vinnie cruógach ag múineadh maindilín dó féin. Bhí rialóir aige agus stiallóga (frets - focal nua an lae!) tarraingthe aige air ó thaobh go taobh agus sreanga tarraingthe anuas orthu siúd. Shuíodh sé taobh liom a fhad is a bhí an múinteoir ag cur di faoi bhriathra na Fraincise, ag casadh poirt lena mhéaracha, port a bhí sé in ann a chloisteáil istigh ina chloigeann.

Chuimhnigh mé chomh maith ar an tseachtain i bhFómhar na bliana 1982 nuair a cheannaigh mé mo chéad ghiotár ceart, le mo chéad tseic, ón jab múinteoireachta a fuair mé th'éis dom an coláiste a fhágáil. Yamaha FG-365S2 an giotár a fuair mé - tá sí agam fós agus casaim ar an stáitse i gcónaí í.
Theastaigh uaim fanacht istigh an oíche Aoine sin le haithne a chur uirthi, ach theastaigh ó mo chailín dul amach. Amach linn. Shuigh muid sa bpub, gan mórán á rá ag ceachtar againn. Th'éis píosa, d'airigh mo chailín dinglis ar a láimh. Bhreathnaigh sí síos, agus anonn ormsa, a bhí ag stánadh romham, gan aird agam uirthi siúd ná ar mhórán rud ar bith eile i mo thimpeall. Lig sí osna. "Tadhg" a deir sí "You're playing chords on my arm....."

Tuesday 9 June 2009

Comórtas!


Seo an chéad chomórtas atá á reáchtáil againn anseo sa ngarraí. Breathnaigh arís ar an aistriúchán thíos den "Tower of Song" le Leonard Cohen, a foilsíodh anseo inné. Tá míchruinneas áirithe san aistriúchán a bhaineann le litríocht na Gaeilge. Beidh cóip amháin de rogha leabhair nó CD an iomaitheora ó chatalóg Futa Fata mar dhuais ag an té a aithneoidh an míchruinneas. Seolfar an duais tríd an bpost, áit ar bith ar domhan, chuig an mbuaiteoir. Féach anseo ar a bhfuil ar fáil i gcatalóg Futa Fata.

Monday 8 June 2009

Túr na nAmhrán

Os ag caint ar chúrsaí aoise agus Leonard Cohen muid, agus ó chuir Séamas Poncán aistriúchán breá de líne ó amhrán le Robert Zimmerframe faoinár mbráid anseo thíos ar ball, seo leagan a rinne mé féin fadó de chúpla véarsa den Tower of Song:

Táim chomh liath le broc arsa Eoghan Rua
Le pian i m'ucht is le deor ar mo ghrua
Is is fada liom oíche fhírfhliuch, gan suan, gan srann
I m'aonar go brách is go buan i dtúr na n-amhrán


Ná labhair liom ar uaigneas arsa Seán Ó Riordáin
Nárbh é a spreag mé riamh chun dáin?
Is cloisim é ag casacht, go tuirseach, fann
Céad stór os mo chionn, i dtúr na n-amhrán.

Tá an bunleagan le fáil anseo:

Aois na hÓige


Le linn d'fhéile Rás Aigéin Volvo, ócáid a d'ardaigh an croí ionainn anseo in iarthar na hÉireann le coicís anuas, thug muid an bheirt is óige isteach go Gaillimh tráthnóna amháin, le breathnú ar na báid agus le blaiseadh den ócáid. Bhí na Hothouse Flowers ag casadh an tráthnóna sin ar an stáitse mór a bhí feistithe le taobh an chalafoirt. Tháinig Dí Dé eicínt amach agus é á gcur i láthair, a rá go raibh an grúpa seo ar an mbóthar le fada, fada, fada, fada an lá. "Tá muid an-sásta" a deir sé "go bhfuil urraíocht againn don seó seo tráthnóna ó Zimmer frames na hÉireann".

Bhain an chaint sin stad asam. Zimmer frames? Tá cuimhne agamsa ar aithne a chur ar na Bláthanna Leochaileacha agus an chéad hit acu, "Don't Go!" ag réabadh leis go barr na gcairteacha. Leads óga, ceathair nó cúig de bhlianta níos óige ná mé féin a bhí iontu - agus iad á lua anois le frámaí siúil?

Is ansin a thuig mé gurbh fhíor don té a dúirt gurb éard atá i gceist leis an meánaois ná an tréimhse sin i do shaol nuair a airíonn tú féin go bhfuil tú fós óg, ach nach n-airíonn duine ar bith eile gurb ea.

Ansin, oíche Dé Sathairn, bhain mé an-sólás as an méid a bhí le rá ag Leonard Cohen, ar an DVD iontach den cheolchoirm a rinne sé i Londain an samhradh seo caite. "Tá ceathair nó cúig cinn déag de bhlianta caite ó sheas mé ar stáitse i Londain go deireanach" a deir sé. "Back then, I was sixty years old - just a kid with a crazy dream...."

Thursday 4 June 2009

Físeán na Seachtaine - Kila - Tóg é go bog é


Bhí ceoltóirí Fhíseán na seachtaine seo caite, Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh, thar barr agus iad ag casadh sa Crane Bar i gcathair na Gaillimhe san oíche Dé Luain seo caite. An-seó atá ann - tá trí dháta fós le dul idir seo agus deireadh na seachtaine ar an gcamchuairt seo ar Éirinn leis an albam uathu, Dual, a phoibliú.

Ceoltóirí na seachtaine seo - Kila. Níor éirigh linn iad a fheiceáil agus iad ar an stáitse i nGaillimh ar oíche oscailte na féile Volvo. Grúpa iontach stáitse iad agus beidh siad ar an mbóthar ar feadh an tsamhraidh ag casadh ag féilte ar fud na bhfud.

Is sa sa gceol gaelach atá Kila préamhaithe, ach tá tionchair eile le cloisteáil - ceol iarthar na hAfraice go mórmhór. Gaeilge Bhleá Cliath teanga na n-amhrán - féach cé mhéad de na liricí atá tú in ann a thabhairt leat. (Ceann mall go leor é seo - má éiríonn go maith leat, buail ar aghaidh chuig an gcéad leibhéal eile le hamhrán ar nós Coinnigh an Tine Lasta.)

Tá Kila ag casadh le chéile ó bhí siad ag freastal ar mheánscoil Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath. Tá féiniúlacht cheoil dá gcuid féín acu atá casta agus spéisiúil. Dream an-chruthaitheach iad agus is fiú cluais a thabhairt dóibh.

Gaeilgeoirí, niggers agus queers



Úsáid ar leith a bhaintear as an bhfocal "Gaeilgeoir" anseo i gConamara. Scoláire meánscoile (den chuid is mó) a thagann chuig an gceantar ar chúrsa Gaeilge i gcaitheamh an tsamhraidh an chiall is coitianta atá leis. "Lá breás" a thugtar i gCiarraí orthu, i ngeall ar an ró-úsáid a bhainidís as an nath cainte sin san am a caitheadh (go háirithe lá báistí). "Gael Linns" a thugtar chomh maith orthu ó dheas.

I mBéarla na hÉireann, is é an bhrí atá le "Gaeilgeoir" ná cainteoir Gaeilge. Le fiche bliain anuas, sílim gur fíor a rá gur ciall dhearfach is mó a bhíonn i gceist leis sa mBéarla. Ach ní mar sin a bhíodh i gcónaí agus bíonn lucht na Gaeilge amhrasach faoi mar aidiacht, nuair a thugann duine de "lucht an Bhéarla" orainn é. Shamhlaítí san am a caitheadh gur fanatic a bhí i gceist sa mBéarla leis an aidiacht "Gaeilgeoir". (Tá sé spéisiúil nach bhfuil aon fhocal i ngnáthchaint na Gaeilge againn ar "fanatic"). Duine diúltach a bhíodh i gcónaí ag clamhsán, duine a chaitheadh éadach bréidín ar an lá ba theochta sa mbliain, duine a raibh "an chúis" tarraingthe chuige féin aige (nó aici) mar chreideamh duairc gan dóchas - b'shin Gaeilgeoir.

Taobh istigh de shaol na Gaeltachta, tá ciall eile leis an bhfocal, agus is ciall dhearfach atá i gceist. Chloisfeá Máirtín Tom Sheáinín ar an raidió ag cur síos ar dhuine eicínt, cuir i gcás, a rá "go mba bhreá an Gaeilgeoir" é nó í. Ní ag caint ar dhuine de "lucht na cúise" a bheadh sé, ach ar an gcainteoir dúchais a raibh cumas ar leith cainte ann.

Tá an pátrún sin le fáil i measc cultúir mhionlaigh eile. An pobal aerach, cuir i gcás. Bíonn siad féin ag caint ar "queer cinema" agus ag tabhairt "queers" ar a chéile go magúil, ach dá dtabharfadh duine díreach(?) "queer" suas le héadan duine acu, ba mhór an masla é.

Mar a chéile an scéal leis an bhfocal "nigger". Dé Domhnaigh seo caite, thug mé Marcus s'againne go Baile Átha Cliath lena chur ar eitleán chun na Fraince. Thug mé liom glac dlúthdhioscaí le héisteacht sa gcarr leo ar an mbealach suas. Ceann amháin nach raibh cloiste le píosa agam ná CD leis an amhránaí Meiriceánach, Alicia Keys. Ag deireadh an amhráin "I think I'm jealous of your girlfriend" agus í th'éis a bheith ag cur síos ar na deacrachtaí a bhaineann le déileáil leis an éad a airíonn sí faoin gcaidreamh Platónach (más fíor!) atá ag a fear le cara baineann dá chuid, ligeann sí osna agus ar sise "It's enough to make a nigger go crazy".

Bhí Marcus ag samhlú cén glacadh a bheadh leis an ráiteas sin, dá mba i gcomhthéacs eile a d'usáidfí é. "My fellow Americans, the challenges we face are considerable. They are, in the words of my fellow African-American, Alicia Keys, enough to make..."

Wednesday 3 June 2009

Cárta Poist ó Chonamara, Samhradh 2009


Chuala mé an giota comhrá seo i gcúl an chairr ar ball tráthnóna ó bheirt dhéagóirí, nach n-ainmneofar.

Déagóir 1: I saw a Gaeilgeoir come out of Siopa an Phobail this evening with a bag full of stuff. She said "Taw muh wall-a ana-heavy!".

Déagóir 2: Yeah, they talk so weird.

Ut ameris, ama!


Tá beagán leisce orm seanfhocal Laidine a tharraingt anuas, ón ar léirigh mé don saol mór (nó don saol beag a bhíonn ar cuairt ar Gharraí J Mh ar chaoi ar bith) a laghad scil atá agam i dteanga na Rómhánach. Ach tá ceann an-deas agus an-fhírinneach le feiceáil anseo inniu - Ut ameris, ama: Má tá tú ag iarraidh go dtabharfaí grá duit, tabhair tú féin uait do ghrá. (An féidir Gaeilge a chur ar an nath seo agus gan ach trí fhocal a bheith san aistriúchán?)

Tuesday 2 June 2009

Foilsitheoireacht agus eagarthóireacht

Mar léitheoir agus anois mar fhoilsitheoir, airím go bhfuil an-tábhacht ag baint le hionchur eagarthóireachta i saothar scríbhneoireachta de chineál ar bith. Creidim sa gceardaíocht agus i bhforbairt scileanna, mar bhunús éifeachtach le tallann nádúrtha agus inspioráid scríbhneoirí a chur i láthair.

I gcás na Gaeilge, creidim nach bhfuil na sainscileanna eagarthóireachta ar fáil taobh istigh de phobal labhartha agus scríofa na teanga a theastaíonn le caighdeán ard a bhaint amach i ngach genre scríbhneoireachta. Creidim gur chóir dúinn a bheith ag imeacht taobh amuigh de phobal na Gaeilge leis na scileanna sin a fhoghlaim agus cultúr na Gaeilge a shaibhriú dá réir. I saol na teilifíse agus na scannán, cuir i gcás, déantar é sin an t-am ar fad. D'fhreastail mé féin ar cheardlann seachtaine i Sitges na Spáinne roinnt blianta ó shin, ag féachaint le togra teilifíse a fhorbairt. Bhí scríbhneoirí ann ón bPortaingéil, ón bhFrainc, ón Spáinn féin, ó Shasana agus ó Éirinn. I mBéarla is mó a rinneadh an obair, ach is i dteangacha éagsúla a bhí na tograí le bheith léirithe.

Ba shin an cur chuige a bhí i gceist le ceardlann scríbhneoireachta a d'eagraigh Futa Fata i ndeireadh na bliana seo caite, le scríbhneoirí nua a aimsiú agus le leabhair nua de chuid na scríbhneoirí sin a fhorbairt. Dhírigh muid ar genre amháin - an pictiúrleabhar do pháistí óga. D'iarr mé ar Bharbara Slade, scríbhneoir agus eagarthóir ó Los Angeles a theacht le bheith mar stiúrthóir ar an gceardlann. Fógraíodh an cheardlann go poiblí agus iarraidh ar scríbhneoirí ábhar scéalta a chur faoinár mbráid. Rinne Barbara agus mé féin measúnú ar na scéalta agus roghnaíodh seisear scríbhneoir le páirt a ghlacadh i gceardlann a mhair trí lá. Sna Forbacha a cuireadh ar siúl an cheardlann agus d'éirigh linn sé cinn de scéalta a fhorbairt i gcaitheamh na laethanta a chaith muid le chéile. Ina dhiaidh sin, rinne na scríbhneoirí dhá dhréacht eile dá scéal faoi stiúir Bharbara Slade.

Chuir muid trí cinn de na scéalta isteach ar Scéim Scríbhneoireachta Clár na Leabhar Fhoras na Gaeilge, agus tá an-áthas orm a rá gur éirigh leis na trí cinn acu tacaíocht a fháil faoin scéim. Tá dóchas againn anois go n-éireoidh linn na leabhair sin a fhoilsiú i gcaitheamh na bliana 2010.

Tuilleadh faoi scríbhneoirí nua Futa Fata anseo