Wednesday 30 September 2009

Físeán na Seachtaine - Croíbhualadh - Louis de Paor


Bhí mé páirteach in ócáid de chuid na féile Imram sa gclub cooláilte Crawdaddy i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. I measc na bhfilí agus na gceoltóirí páirteach, bhí an Corcaíoch Louis de Paor a bhfuil cónaí trasna an phortaigh, siar ó thuaidh ón ngarraí uaim anseo, in Uachtar Ard. Ina chuideachta bhí an píobaire Rónan Browne, atá lonnaithe le píosa thart leathmhíle uaim anseo, soir ó thuaidh i mBaile an tSagairt. Tá an bheirt ag obair faoi láthair ar chóiriúcháin cheoil de chuid dánta Louis.

Seo scannán beag álainn a rinne TG4 de cheann de dhánta Louis, "Croíbhualadh".

Saturday 26 September 2009

Lapadán


Bhí plé anseo píosa maith siar faoin bhfocal "lapadán" - "lapadán lathaigh" a bhí cloiste agam anseo i gConamara ar "frog". I gcaitheamh na seachtaine, chuala mé Conall Ó Dufaí (sílim gur mar sin a litríonn sé a shloinne) ag caint ar R na G faoi eilifint agus an focal "lapadán" aige ar bheithíoch na sróine móire. "Lapadán, nó eilifint" a bhí aige, mar gur mheas sé, is dóigh, nach dtuigfeadh chuile éisteoir é gan an ghluais bheag sin a chuir leis.

An bhfuil an bhrí sin den fhocal "lapadán" cloiste ag daoine eile? Níl agamsa - an ceapachán Conallach de chineál eicínt atá ann?

Wednesday 23 September 2009

Éire agus an domhan mór

"The summit was imbued with a sense of gravity with Mr Obama, Mr Ban and Mr Cowen all saying its participants would be judged by history."

Tá an líne sin thuas le léamh i dtuairisc san Irish Times ar maidin faoin gcruinniú mullaigh i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe inné. Is dóigh go luíonn sé le nádúr go ndéanfadh an tIrish Times tuairsciú ar an méid a bhí le rá ag an bhFear Mór s'againn féin. Feictear tuairisceoireacht den chineál sin i nuachtáin na hÉireann chuile lá.

Níl mé a rá go bhfuil an té a scríobh ag iarraidh a chur in iúl gur ceannaire domhanda é Taoiseach na hÉireann a bhfuil an aird chéanna go hidirnáisiúnta air is atá ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

Ach nuair a léifeá an cineál sin tuairisce lá i ndiaidh lae, go háirithe más duine thú nach mbíonn mórán déileála i do chuid oibre nó eile agat leis an domhan mór taobh amuigh d'Éirinn, ghlacfá leis go bhfuil aird ag an domhan ar Éirinn.

Is cinnte go bhfuil dul chun cinn an-mhór déanta le mo linnse ag an an tír seo, ach ní de bharr gur tír bheag í a bhfuil ómós ag náisiúin mhóra an phláinéid uirthi. Tá dhá chúis leis - de bharr gur ball d'Aontas na hEorpa muid agus de bharr infheistiú idirnáisiúnta, go háirithe ó Mheiriceá. Tá cúpla cúis leis an infheistiú Meiriceánach. Tá diaspora mór Éireannach ann agus is i Meiriceá atá a bhformhór, rud a chothaíonn bá leis an seanfhód. Ach ní shin an chúis is mó atá leis an deireadh a bheith le bochtanas forleathan in Éirinn. Tá córas corparáideach cánach sa tír seo ann atá an-tarraingteach do chomhlachtaí Meiriceánacha (faoi láthair ar aon nós). Tá daonra óg againn a bhfuil oideachas maith air agus rud an-tábhachtach i saol idirnáisiúnta an lae inniu, Béarla líofa. Ach an chúis is tábhachtaí, b'fhéidir, ná gur ball í Éire den Aontas Eorpach. Geata isteach sa ngort mór sin í Éire.

Má vótálann muid in éadan Chonradh Liospóin de bharr bolscaireacht bhréagach atá á scaipeadh faoin iliomad ceisteanna nach mbaineann le hábhar, cothófar éiginnteacht go hidirnáisiúnta.

Cúpla bliain ó shin, bhí cur is cúiteamh ann faoin gcóras cánach a bhain le faoiseamh a thabhairt d'infheistíocht i dtograí scannán sa tír seo. Bhí an chuma ar an scéal go raibh deireadh chun teacht leis. Cinneadh síneadh bliana a chur leis an scéim agus le hathbhreithniú a dhéanamh an uair sin air. Ag an am, bhí ag éirí go maith leis an tionscal agus bhí tograí móra á mealladh go hÉirinn. Ach bíonn ar lucht scannán a bheith ag breathnú cúpla bliain chun cinn i gcónaí mar go dtógann sé an t-achar sin togra a thabhairt ó thús go deireadh an phróisis. De bharr na héiginnteachta a bhain leis an athbhreithniú a bhí le teacht, thriomaigh an tobar. Chinn na comhlachtaí scannán a gcuid gnó a dhéanamh áit eicínt eile.

Is tromchúisí go mór an éiginnteacht a chothófaí dá ndiúltódh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin ar an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair.

Friday 18 September 2009

Léigh go Réidh

Bhí mé páirteach in ócáid phléisiúrtha ag an bhféile Imram arís aréir - "Léigh go Réidh" - plé painéil le neart ionchuir óna a raibh i láthair agus muid ar fad ag cur síos ar leabhair Ghaeilge a thaitin linn. Bridget Bhreathnach, Anna Heussaff agus mé féin a bhí i mbun roghnaithe. B'fhéidir gur cuimhin le cuid agaibh gur iarr mé moltaí oraibh anseo píosa ó shin. Is iad an chuid a roghnaigh mé sa deireadh ná:

An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire le Biddy Jenkinson
Nár fhagha mé bás choíche le Liam Mac Con Iomaire
Féar Suaithinseach le Nuala Ní Dhomhnaill
Dúnmharú sa Daingean le EÍlis Ní Dhuibhne agus
Foclóir Gaeilge Béarla le Pádraig Ó Duinnín

Tháinig moltaí go leor eile inár dtreo ón urlár. An ceann ba spéisiúla ná cur síos a rinne Colleen (Cailín?) Gaeilgeoir Meiriceánach a chuir síos ar an gcaoi gur féidir foclóir an DUinnínigh a úsáid mar chlár ouija - cuireann tú ceist ar an bhfoclóir agus osclaíonn tú an leabhar ar an leathanach a dtreoraíonn an chinniúint tú ina threo. Ná trailigí é sin sa mbaile, a chlann......

Thursday 17 September 2009

Ba chóir vótáil ar son Chonradh Liospóin

Cén fáth go samhlaítear údaráis na hEorpa mar lucht comhcheilge ar nós carachtar Peter Sellers sa scannán Doctor Strangelove? Iad ansin ar a míle dícheall thall sa mBruiséal ag pleanáil agus ag scéimeáil maidir leis an méid a dhéanfas siad nuair a bheas an tír seo faoina mbois acu?

Ní mar sin atá! Tá an tír seo th'éis déanamh go maith as an Eoraip agus thar a bheith go maith. Is ar mhaithe linn a bheadh sé an Eoraip a bheith níos éifeachtaí.

Sílim go ndéanann muid dearmad go minic gur pobal oileánda muid. An chuid againn nach bhfágann an t-oileán ach go hannamh, ar mhaithe le sciuird chun na gréine, b'fhéidir, bíonn sé deacair orainn Éire a chur i gcomhthéacs cruinn idirnáisiúnta. Ó tharla go gcaitheann muid ár saol anseo in Éirinn, ag déileáil le hÉireannaigh eile, ní thuigeann muid nach bhfuil oiread céanna spéise ag Eorpaigh eile ionainn.

Le roinnt blianta anuas, tá mise ag freastal ar aontaí trádála a bhaineann le tionscal na teilifíse, an cheoil agus na foilsitheoireachta i gCannes na Fraince, i mBOlogna na hIodáile agus i bhFrankfurt na Gearmáine. An té a chaithfeadh lá nó dhó ag síul thart ar na haontaí sin, thuigfeadh sé nó sí an scála atá i gceist - cúpla acra seastán ag na tíortha móra, coirnéilín beag, ar éigean, ag an tír s'againne. Mar bhall comhtháite den chomhphobal, tá an chuid is fearr den dá leagan amach ag Éire - na suáilcí a bhaineann le bheith ina tír bheag, mhuinteartha agus an fhéiniúlacht bhreise a bhaineann le bheith mar bhall de ghrúpa mór tíortha.

Ba chóir vótáil ar son Chonradh Liospóin.

Wednesday 16 September 2009

Seáinín Smaoiseach - Blaisíní Beatha

Tá an blag seo ar nós mar a bhíodh busanna Bhleá Cliath - bíonn tú an tsíoraíocht ag fanacht ar cheann agus ansin tagann trí nó ceithre cinn in éineacht.

Tá cur síos déanta agam cheana anseo ar shaothar Sheáinín Smaoisigh. Tá cúpla clip nua foilsithe aige féin an tseachtain seo, ina measc athleagan spéisiúil seo ar an gclár cócaireachta Blaisíní Beatha. Is é atá roghnaithe mar fhíseán na seachtaine seo - tuilleadh ábhar staidéir do na sochtheangeolaithe...

Imram


Is fada mé amuigh, mar a dúirt Seán Ó Riordáin, fadó, Is fada mé i mo thost.

Tá mé th'éis a bheith gafa anseo sa ngarraí le tógálaithe, ag iarraidh lúbanna a fágadh ar lár le linn tógáil an tí seo a chur ina gceart, ag cóiriú an gharáiste le spás stórála agus oifig a dhéanamh de agus ag iarraidh luí isteach ar mo script faoi Raiftearaí. Anuas air sin, as seo go ceann coicíse, beidh mé suas agus anuas go Baile Átha Cliath is mé ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla de chuid na féile Imram.

Tá an-séap ar chlár na bliana seo, feictear dom. Bhí an-ócáid aréir sa New Theatre (beagán easpa samhlaíochta san ainm sin, shílfeá) ar Shráid Essex. Istigh taobh thiar de shiopa leabhar Connolly Books atá an amharclann seo - í beag agus leagtha amach go gleoite. Is ann a fógraíodh an gearrliosta do leabhair na bliana. Tá leabhar ag Futa Fata air - Peigín Leitir Móir agus iomaíocht ghéar aici i mbliana uathu seo a leanas: Eachtraí Uchtaigh le Esther Gobl Uí Nualláin (Móinín); Cén t-am é le Siobhán Brogan (Cois Life); Dialann Sár-rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson (Cois Life arís) agus Deirdre agus Mic Uisnigh le Colmán Ó Raghallaigh (Cló Mhaigh Eo) agus leabhar eile miotaseolaíochta, Balor le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson (An tSnáthaid Mhór). Tá iontas orm nach bhfuil leabhar Áine Ní Ghlinn "Brionglóidí agus Aistir Eile" ar an ngearrliosta, go háirithe nuair a bhí sé ar ghearrliosta an ghradaim Bisto níos túisce i mbliana. Fógrófar na buaiteoirí ag an Oireachtas i Leitir Ceanainn.

Beidh mé ag sciúirdeáil suas ann arís tráthnóna amárach le páirt a ghlacadh sa bplé painéil "Léigh go Réidh", i gcuideachta Anna Heussaff agus Bridget Bhreathnach. Ag cur síos ar na cúig leabhar is ansa linn (faoi láthair) a bheas muid. Cathal Póirtéir a bheas sa gcathaoir. Bí ann nó bí i do cheathairshleasán rialta mar a deir lucht na Matamaitice.

Tuilleadh faoi Imram go luath.