Thursday 26 March 2009

Brionglóid i bhfad ó bhaile

Dúisím de gheit. Tógann sé nóiméad orm a oibriú amach gur i mo sheomra ar an seachtú urlár den Novotel Fiera i mBologna atá mé. Tá mé th’éis teacht amach as briongloid chasta, brionglóid a d’airigh an-realaíoch, an-soiléir dom agus mé ina lár. Seo mar a bhí aici:

Tá mé féin is mo mhac, Tadhg Óg, ar an bhfeirm inar tógadh mé i gContae Mhaigh Eo. Tá an tuiscint ag an mbeirt againn gur ann atá muid ina gcónaí go buan. Tá Tadhg Óg ceaptha a bheith tugtha ar scoil agam ach tá an bheirt againn amuigh sa ngarraí trasna an bhóthair ón teach inar tógadh mé. Tá mé ag obair, nó ag spraoi, le meaisín. Is cosúil go bhfuil feidhm phraiticiúil leis an meaisín seo – cineál strimmer atá ann (cá bhfuil an Coiste Téarmaíochta nuair a theastaíonn siad ?), ach tá cuid an mhaide i mo láimh ceangailte le paca ar mo dhroim agam - tá mé in ann eitilt leis an meaisín seo chomh maith. Suas liom san aer, ag iarraidh na sreanga leictreachais a shíneann os cionn an gharraí a sheachaint.

Aisteach go leor, (cé nach n-airíonn sé aisteach sa mbrionglóid), níl Tadhg Óg ag tathaint orm deis a bheith aige féin imeacht ag eitilt leis an meaisín. Ag pointe amháin, buailim na sreanga leictreachais le lanntracha an mheaisín – cuid an strimmer, a choinníonn san aer mé, mar a bheadh heileacaptar ann. Tuigim go mbeinn maraithe dá mba ar an talamh a bhí mé agus deis ag an sruth leictreachais ransadh trí mo cholainn.

Faoi cheann píosa, tá an chumhacht ídithe sa meaisín agus ar chúis eicínt nach bhfuil go hiomlán soiléir, tugaim béal dorais é, lena chargeáil. Muintir Neary atá béal dorais linn i Lorgain, mo bhaile fearainn dúchais i gContae Mhaigh Eo. Nuair a théim féin agus Tadhg Óg isteach sa teach, tá an áit lán le daoine. Tá Mrs. Neary (a cailleadh thart ar an mbliain 1992, sílim) ann agus feicim uaim í, cé nach labhrann sí liom go díreach. Tá an-atmasféar ann i measc an chomhluadair sa gcisteanach - ní fhaighim aisteach é sin. (Is ar éigean a lasadh tine ar an teallach ó cailleadh Mrs. Neary – fuair a mac, fear álainn, uasal, ach an-chúthail, deacair glacadh lena bás agus chas isteach ann féin go mór).

I measc an chomhluadair (agus ní aithním duine ar bith acu, cé nach gcuireann sé sin as dom blas) tá triúr deirfiúr, mná dea-ghléasta, i ndeireadh na dtriochaidí nó tús na gceathrachaidí, highlights chostasacha ina gcuid gruaige acu triúr. Faighim an tuiscint uathu go bhfuil said th’éis páirt a ghlacadh le gairid i gclár tallaine ar an teilifís. Fiafráim díobh an raibh said sásta leis an gclár agus bíonn comhrá againn faoinar tharla ar chúla téarmaí, le linn don seó a bheith á dhéanamh.

Ní éistim i gceart leis an gcomhrá seo, mar go gcloisim uaim, ar an taobh eile den seomra, Mrs. Neary ag comhrá le fear as Conamara. Ina suí sa gcathaoir a shuínn fhéin inti i gcónaí ar feadh na mblianta a thugainn cuairt uirthi atá sí, í ag gaeilgeoireacht léi go sásta leis an gConamarach.

Tuigim go bhfuil sé seo as alt leis an saol mar atá, nó mar a bhí. Ní raibh labhairt na Gaeilge ag Mrs. Neary, cé go raibh Béarla an-ghaelach aici agus stór maith focal Gaeilge tríd, mar a bhí ag formhór na glúine sin sa mbaile. Ach an tuiscint atá agam sa mbrionglóid ná go raibh Gaeilge aici ar feadh an ama, ach go gcoinníodh sí faoi rún an cumas sin. Anois, tá Gaeilge ag formhór na ndaoine breátha, bríomhara atá ina timpeall, agus tá sí féin in ann í a labhairt gan fuacht, gan faitíos.

Tagann cailín óg dathúil sna fichidí i mo leith agus cuireann sí caint orm. Tá Gaeilge bhreá aici féin. Deir sí liom gur i Londain a tógadh í agus gur iníon í le pianadóir cáiliúil eicínt a bhfuil cónaí i Luimneach air, bíodh is nach bhfuil sí in ann cuimhniú ar a ainm. Micheál Ó Súilleabháin , b’fhéidir ? Ní mó ná sásta atá sí go luafainn an t-ainm sin léi, ach cinneann uirthi féin ainm a chur ar a hathair.

Agus an comhluadar ag scaipeadh, buailim féin bleid cainte, i mo theanga dhúchais féin, (Béarla Mhaigh Eo), ar fhear a aithním, sílim. (Sa ngnáthshaol, airím nach ndéanaim é seo leath sách minic – déanann daoine cúthaile mo chúthaileacht féin a threisiú agus ní thugaim dóibh ach miongháire. Airím ina dhiaidh go raibh sé de cheart agam labhairt leo).



Fear tuaithe ceart atá sa duine seo é, thart ar an dá scór. Deir sé liom gur duine de mhuintir Cleary é ó Chnoc Mhuire (tá an teach a bhfuil muid ina seasamh ann, nó a bhfuil mise ag brionglódeach muid a bheith ina seasamh ann, thart ar chúig nó sé de mhílte ó thuaidh den bhaile sin). Tá garáiste aige ar an mbaile, a deir sé - ceann beag, mí-eagraithe, a shamhlaím – garáiste ar an sean-nós. “The lasht time I was talkin to you” a deir sé “you were afther me over a car”. Déanaim gáire agus tugaim le fios dó go bhfuil dearmad déanta agam ar pé easaontas a bhí eadrainn – rud atá fíor.



Ritheann sé liom go bhfuil sé in am agam Tadhg Óg a thabhairt ar scoil. Téim amach chuig an gcisteanach cúil leis an meaisín eitile a fháil. Caite ar an urlár atá sé, ach ní chuireann sé as dom go raibh mé ceaptha a phlugáil isteach. Nuair a thugaim amach chuig an gcarr é (cé nár tháinig muid ann i gcarr) ní hé mo charr fhéin atá romham, ach eileatram snasta dubh – an cineál cairr a gcuirtear cónra isteach ann, lá sochraide.
Deireadh mo mháthair fadó gur cheart paidir a chur le hanam duine a thagann ar ais chugat i mbrionglóid, gan choinne, mar a rinne Mrs. Neary ar baillín. Teachtaireacht ó anam i bpéin a bhíonn sa gcineál seo brionglóide, dar le mo Mham – teachtaireacht a chuirtear chugat mar go bhfuil cúnamh ag teastáil ón duine básaithe agus iad faoi bhrú eicínt ar an saol eile.
Socraím go lasfaidh mé coinneal do Mrs. Neary ar ball tráthnóna, i seanséipéal eicínt, agus mé ag fánaíocht thart ar lár Bhologna.

3 comments:

  1. Is féidir go raibh an ceart ag do mháthair. Tharla rud osnadúrtha domsa inné. Bhí mé ag dul trí shean-r-phoist arú-inné, agus d'fhéach mé ar cheann ón Dr. Tom Watson, 2004. Chuaigh mé chun cuairt a thabhairt air ag an am sin, mar iarradh orm paidreacha a rá as Gaeilge ar son na marbh a fuair bás sa choill agus iad ag obair ar an iarnród céad go leith bliain roimhe sin, inimircigh Éireannacha. Deirtear go raibh a spioraid ar siúl sna coill sin. Chuaigh agus rinne, agus níor cheap mé air le blianta go dtí inné. D'fhág mé an r-phost sin daite ar scáileán an ríomhaire arú-inné. Ar maidin inné, fuair mé r-phost ó chara ag tagairt do scéal faoi Duffy's Cut agus go bhfuarthas cnámha faoi dheireadh ann.
    Teachtaireacht (buíochas) ó na mairbh? Sílim gurbh ea. Síochán síoraí ar a n-anamacha.

    http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/northern_ireland/foyle_and_west/7961564.stm

    ReplyDelete
  2. Ag breathnú arís tráthnóna ar an bpíosa seo a scríobh mé ar maidin, agus ag iarraidh a bheith oibiachtúil faoi, aithním go leor "téamaí" sa mbrionglóid seo a bhaineann le mo shaol. Ba droichead idir an Béarla agus an Ghaeilge dom í Mrs. Neary, cuir i gcás. Bhí nathanna cloiste agam uaithi ar nós "the village is proud out of you" ("tá an baile bródúil asat"). Bhí nath cainte Gaeilge chomh maith aici a bhí tagtha anuas ón uair gur éirigh mo mhuintir as an nGaeilge - "D'ith cú ubh amh" (bhí fuaim "ú" leis an bhfocal "ubh" i nGaeilge Mhaigh Eo Thoir agus "ah-wuh" leis an bhfocal "amh"). Bhí sé mar eiseamláir ag an seandream a chuaigh roimpi ar a sheafóidí is a bhí an Ghaeilge - argóint le héirí aisti chomh luath agus ab'fhéidir ab ea an nath sin.

    Tá an rud faoin gcailín óg nach bhfuil in ann ainm a chur ar a hathair spéisiúil - airím scaití gur ag séanadh mo dhúchais Bhéarla a bhím leis an nGaelachas seo ar fad - níl labhairt na Gaeilge ach ag duine amháin eile de mo dhream féin. Ach mar phróiséas, tá sé spéisiúil brionglóid a bhreacadh.

    Ar aon chaoi, las mé coinneal do Mrs. Neary in ArdEaglais Bhologna inniu....

    ReplyDelete
  3. Is iomaí scéal a insíonn brionglóid, agus is iomaí teachtaireacht a thugann siad freisin. Maith thú gur éist tú leo, agus gur las tú an choinneal sin. Ní dhéanfaidh sé aon dochar, agus b'fhéidir go ndearna sé maitheas. Cibé scéal é, bhí do chroí san áit cheart, agus nach í sin an teachtaireacht is tábhachtaí!

    ReplyDelete