tag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post7876186841961371058..comments2023-12-22T08:42:30.161+00:00Comments on Garraí Johnny Mhorgan: Brionglóid i bhfad ó bhaileTadhg Mac Dhonnagáinhttp://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comBlogger3125tag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-4480321752447656112009-03-28T13:49:00.000+00:002009-03-28T13:49:00.000+00:00Is iomaí scéal a insíonn brionglóid, agus is iomaí...Is iomaí scéal a insíonn brionglóid, agus is iomaí teachtaireacht a thugann siad freisin. Maith thú gur éist tú leo, agus gur las tú an choinneal sin. Ní dhéanfaidh sé aon dochar, agus b'fhéidir go ndearna sé maitheas. Cibé scéal é, bhí do chroí san áit cheart, agus nach í sin an teachtaireacht is tábhachtaí!MiseÁinenoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-66961298889799834692009-03-26T20:55:00.000+00:002009-03-26T20:55:00.000+00:00Ag breathnú arís tráthnóna ar an bpíosa seo a scrí...Ag breathnú arís tráthnóna ar an bpíosa seo a scríobh mé ar maidin, agus ag iarraidh a bheith oibiachtúil faoi, aithním go leor "téamaí" sa mbrionglóid seo a bhaineann le mo shaol. Ba droichead idir an Béarla agus an Ghaeilge dom í Mrs. Neary, cuir i gcás. Bhí nathanna cloiste agam uaithi ar nós "the village is proud out of you" ("tá an baile bródúil asat"). Bhí nath cainte Gaeilge chomh maith aici a bhí tagtha anuas ón uair gur éirigh mo mhuintir as an nGaeilge - "D'ith cú ubh amh" (bhí fuaim "ú" leis an bhfocal "ubh" i nGaeilge Mhaigh Eo Thoir agus "ah-wuh" leis an bhfocal "amh"). Bhí sé mar eiseamláir ag an seandream a chuaigh roimpi ar a sheafóidí is a bhí an Ghaeilge - argóint le héirí aisti chomh luath agus ab'fhéidir ab ea an nath sin.

Tá an rud faoin gcailín óg nach bhfuil in ann ainm a chur ar a hathair spéisiúil - airím scaití gur ag séanadh mo dhúchais Bhéarla a bhím leis an nGaelachas seo ar fad - níl labhairt na Gaeilge ach ag duine amháin eile de mo dhream féin. Ach mar phróiséas, tá sé spéisiúil brionglóid a bhreacadh.

Ar aon chaoi, las mé coinneal do Mrs. Neary in ArdEaglais Bhologna inniu....Tadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-12906590679351289852009-03-26T14:07:00.000+00:002009-03-26T14:07:00.000+00:00Is féidir go raibh an ceart ag do mháthair. Tharl...Is féidir go raibh an ceart ag do mháthair. Tharla rud osnadúrtha domsa inné. Bhí mé ag dul trí shean-r-phoist arú-inné, agus d'fhéach mé ar cheann ón Dr. Tom Watson, 2004. Chuaigh mé chun cuairt a thabhairt air ag an am sin, mar iarradh orm paidreacha a rá as Gaeilge ar son na marbh a fuair bás sa choill agus iad ag obair ar an iarnród céad go leith bliain roimhe sin, inimircigh Éireannacha. Deirtear go raibh a spioraid ar siúl sna coill sin. Chuaigh agus rinne, agus níor cheap mé air le blianta go dtí inné. D'fhág mé an r-phost sin daite ar scáileán an ríomhaire arú-inné. Ar maidin inné, fuair mé r-phost ó chara ag tagairt do scéal faoi Duffy's Cut agus go bhfuarthas cnámha faoi dheireadh ann.
Teachtaireacht (buíochas) ó na mairbh? Sílim gurbh ea. Síochán síoraí ar a n-anamacha.

http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/northern_ireland/foyle_and_west/7961564.stmSéamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.com