Wednesday 25 March 2009

Futa Fata ag Aonach Leabhar na bPáistí, Bologna 2009 - an darna lá


Is cinnte go bhfuil níos mó spáis ag duine siúl thart ar Aonach Leabhar na bliana seo i mBologna. Tá laghdú tagtha ar na seastáin ag na comhlachtaí móra - bhí ceann mór millteach ag Random House anseo anuraidh, mar shampla - tá sé roinnt mhaith níos lú an iarraidh seo.
Chuile bhliain, bíonn náisiún ar leith mar aoi speisialta ag an Aonach - is í an Chóiré atá i mbliana ann. Chaith mé tamall ag faoileáil thart ar sheastáin na tíre sin inniu, ach dáiríre, bheadh sé an-deacair leabhar a aimsiú ann a bheadh feiliúnach le foilsiú in Éirinn, ó thaobh pictiúrleabhar go háirithe - tá stíl ealaíne an domhain thoir an-éagsúil ón gcineál ruda a bhfuil cleachtadh againn san Eoraip leis.
Deirtear liom go bhfuil Aonach Bhologna ag imeacht i léig de bheagán, de réir mar a thagann forbairt ar Aonach Londain, a bheas ar siúl seachtain th'éis na Cásca. Imeacht mhór idirnáisiúnta atá ann i gcónaí ina dhiaidh sin - i bhfad níos lú ná Frankfurt, ach i ngeall ar an bhfócas ar fhoilsitheoireacht don aos óg, tá atmasféar níos deise, níos séimhe, ar bhealach, ag baint leis mar aonach.
Is mór is fiú d'Éireannach ar bith a bhfuil spéis i ngné ar bith d'fhoilsitheoireacht na hóige aige a theacht ann ar a laghad uair amháin. An té atá eagraithe is a chuireann ticéad eitleáin in áirithe in am, is féidir taisteal anonn is anall ó Bhleá Cliath ar €160 ar thicéad fillte. Bíonn an lóistín sách daor (ach an méid sin ráite, tá sé i bhfad níos saoire i mbliana ná mar a bhí anuraidh), agus cosnaíonn cead isteach don tseachtain thart ar €45. Bíonn seimineáir ann d'aistritheoirí, do mhaisitheoirí agus ar ndóigh, d'fhoilsitheoirí.
Tá sé an-úsáideach ó thaobh saol foilsitheoireachta na hÉireann a chur i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá muid bídeach beag mar thionscal. Ach má tá féin, tá sé an-spreagúil, feictear dom féin, a theacht go Bolgona ó thaobh caighdeán idirnáisiúnta a mheas - is cúnamh é sin do dhuine ar bith atá ag iarraidh a chaighdeán inmheánach féin a choinneáil chomh hard agus is féidir.
Agus ar deireadh, tá an bia ann. Is cúis gáiré (nó cúis náire) é an cineál bia a chuirtear ar fáil i gcaitheamh an lae ag Aonach Frankfurt, nuair a chuirtear i gcomparáid le caintín an aonaigh anseo i mBologna é.

No comments:

Post a Comment