Ar ndóigh, is iomaí cineál aistriúcháin atá ann. Bím féin, agus mé i mbun foilsitheoireachta, ag plé le sainréimse ar leith - leabhair do pháistí. Tá sainscileanna i gceist leis an obair seo, agus creidim go láidir go bhfuil tábhacht léi mar obair. Go minic, i gcás pictiúrleabhair, cuir i gcás, is cóiriú scaoilte a theastaíonn, seachas aistriúchán.

Tá an obair seo ar siúl leis na blianta, ach ar feadh i bhfad, ní bhíodh mórán cuma ar thoradh na hoibre. Bhíodh leabhair á n-aistriú go Gaeilge agus téacsanna á gcur ar fáil a bhí i bhfad ró-chasta don aoisghrúpa a bhí i gceist. Leis an scéal a dhéanamh níos measa, dhéantaí leabhair aistrithe a scríobhadh i dtosach i mórtheanga éigin agus iad dírithe ar pháistí idir 4 agus 7 mbliana, cuir i gcás, a fhógairt mar leabhair a bhí anois dírithe, i nGaeilge, ar pháistí idir 8 agus 10 mbliana d'aois. Agus b'fhéidir go raibh sé sin fíor ó thaobh leibhéal na teanga san aistriúchán (b'fhéidir - dá mba páiste thú de bheirt Ghaeilgeoirí díograiseacha a raibh céimeanna dochtúra sa léann Ceilteach ag Mamaí agus ag Daidí araon agus sibh ag maireachtáil i dteach gan teilifís, gan mórán teagmhála leis an ngnáthshaol i bhur dtimpeall). Ach ó thaobh leibhéal spéise de, ó thaobh pointe forbartha an pháiste ó thaobh na síceolaíochta de, ní raibh an leagan Gaeilge feiliúnach beag ná mór don aoisghrúpa a raibh sé anois á dhíriú air, ná ó thaobh teanga, ar an aoisghrúpa a raibh sé scríofa dó sa mbunteanga, an chéad lá riamh.
Is gá, mar sin, don aistritheoir atá ag plé le leabhair do pháistí a aistriú go Gaeilge glacadh leis go bhfuil foclóir i bhfad Éireann níos lú ag an nGaeilgeoir óg ná mar atá ag a mhacasamhail a tógadh go haonteangach le mórtheanga. Is gá a bheith cúramach maidir le gan a bheith ró-chanúnach - caithfidh an foilsitheoir a bheith in ann an leabhar a dhíol ó cheann ceann na tíre. Caithfidh an t-aistritheoir glacadh leis nach é a ghnó a bheith ag iarraidh cora deasa cainte a mhúineadh don léitheoir. Fadó, bhíodh oiread cora deasa cainte sna leabhair nach mbíodh fonn ar ghasúr ar bith tabhairt faoina léamh go neamhspleách. Is cinnte gur chóir don léitheoireacht a bheith ag cur le stór foclóra agus eile an léitheora - ach má bhíonn an bhearna ró-mhór idir cumas tuisceana an léitheora agus castacht an téacs, caithfidh an léitheoir óg an leabhar i dtraipisí sula mbíonn mórán de léite aige. Sin obair agus airgead amú.