Saturday 1 August 2009

Ar ais ar an mbóthar


Tá muid ag réiteach anseo tráthnóna le sciuird eile a thabhairt ó dheas. Tá gig againn Dé Luain sa Dromaid, in Uíbh Ráthach. Beidh sé seo ar mo chéad chuairt riamh ar Chiarraí Theas. Cheannaigh mé córas fuaime de mo chuid féin an samhradh seo, rud a fhágann go mbíonn sé i bhfad níos éasca orm seó mar seo a dhéanamh anois. Bhíodh mé ag fáil treallaimh ar cíos ó chomhlachtaí éagsúla i nGaillimh, rud a chuireadh leis an gcostas agus rud a chuireadh brú breise orm chomh maith lá nó oíche na gige - ag iarraidh meabhair a bhaint as córás nó deasc éagsúil chuile oíche a bhínn. Anois tá mo chóras féin agam agus cleachtadh agam air.

Tá seó mór eile romhainn an chéad deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair - beidh muid ag casadh ag an Electric Picnic i gContae Laoise. Tá dea-scéalta go leor cloiste agam faoin bhféile sin agus tá muid ag súil go mór le bheith páirteach sa réimse imeachtaí Gaelacha atá á gcur le chéile ag fear Kila, Rossa Ó Snodaigh. Beidh seó do na gasúir agus seit eile do na daoine fásta i gceist - beidh Róise, Éabha agus Tadhg Óg liom ar an stáitse le haghaidh seó na ndaoine beaga agus do ghig na seanóirí, beidh mo leathbhádóir John Ryan i mo chuideachta, ar an méarchlár.

Sa bhFómhar, tá seó gasúr le cur le chéile agus camchuairt ar Chonamara ar na bacáin agus san athbhliain, tá súil agam aghaidh a thabhairt ar Nua Eabhrac le haghaidh sraith gigeanna - ionaid agus dátaí fós le socrú ach is ag caint ar mhí Feabhra atá muid.

Beidh tuilleadh eolais le fáil anseo, ar leathanach Facebook Futa Fata agus ar leathanach nuachta www.futafata.com chomh maith.

3 comments:

  1. Siúlach scéalach i gcónaí!
    Súil agam go bhfuil sciúird anoir ar an bplean áit éigin.

    ReplyDelete
  2. Go maire tú an córas fuaime nua!

    ReplyDelete
  3. Tá sé i gceist cinnte tuilleadh seónna a dhéanamh ar fud na tíre idir seo agus deireadh 2010. Tá titim le tabhairt faoi deara ar an díolachán trí na siopaí leabhar, mar sin is gá bealaí eile a aimsiú leis an ábhar a chur os comhair an phobail. Ach is deacair mórán a phleanáil go fóill - tá cúrsaí an-éiginnte anois agus an fliú mór ar an mbealach....

    ReplyDelete