Friday 7 August 2009

Cathair Saidhbhín


Bhain muid an-sásamh as an sciuird a thug muid faoi Uíbh Ráthach Dé Luain. Sheas muid le haghaidh greim lóin i gCathair Saidhbhín ar an mbealach aneas arís. Rith an cheist seo liom agus muid ann - dá mba i nGaeilge an lae inniu a bheifí ag baisteadh an bhaile, is é is dóichí ná gur "Cathair Shaidhbhín" a thabharfaí ar an áit. Cén uair ar tháinig an séimhiú sin isteach? Samhlaítear do dhaoine, sílim, go raibh gramadach na Sean- agus na Meán-Ghaeilge i bhfad níos casta ná cuid na teanga atá anois ann. Ach an fíor é sin? An bhfuil castachtaí breise tarraingthe againn orainn féin le cúpla céad bliain anuas nach mbíodh ann fadó? Agus má tá, cén fáth gur mar sin a tharla? "Gluaiseann teanga i dtreo na simplíochta" - sin nath ar tháinig mé trasna air in áit eicínt - an fíor dó mar nath?

4 comments:

  1. Dar liomsa, gluaiseann teangacha i ngach uile threo. Ní fíor go mbíonn gach teanga i gcónaí ag máirseáil caol díreach i dtreo na simplíochta. Bíonn tréimhsí ann nuair thagann mearbhall ar dhaoine mar gheall ar rud éigin, mar shampla an séimhiú ar ainmneacha daoine sa tuiseal ginideach, agus forbraítear córas as sin atá níos casta ná mar is gá.

    Tá teangacha cosúil le seanteach a bhfuiltear tar éis cur leis agus é a atógáil cúpla uair leis na blianta. Tá an teach lán de sheanphluiméireacht atá fite fuaite ina chéile, ní thuigeann aon duine é níos mó ach is fearr gan útamáil leis a fhad is a oibríonn sé.

    Agus cad is simplíocht ann, ar aon chuma? Rud atá simplí de réir córais amháin, tá sé casta de réir córais eile. An-chuid de lucht cáinte ghramadach na Gaeilge, bíonn sé le tuiscint go minic gurb é an bhrí atá acu le "simplí" ná "cosúil leis an Bhéarla". Ach níl an Béarla aon phioc níos simplí ná aon teanga eile.

    ReplyDelete
  2. Ach cén fáth agus cén uair ar tosaíodh ar an séimhiú a úsáid sa gcás seo thuas?

    ReplyDelete
  3. Aontaím go hiomlán leat, a Mhíchíl, agus is maith liom meafar an tseantí.

    Maidir le do cheist, a Thaidhg, ba dheas an rud é dá mbeadh freagra pras agam duit... ach níl, faraor. Bhí séimhiú na n-ainmfhocal thar a bheith claochlaitheach idir ré na Sean-Ghaeilge agus ré na Nua-Ghaeilge Clasaicí. Tá na rialacha atá i réim anois réasúnta nua. De réir rialach i nGaeilge na hAlban, mar shampla, séimhítear ainmfhocal éiginnte iolra sa ghinideach -- murab ionann agus i nGaeilge na hÉireann:

    uighean chearc = uibheacha cearc (hens' eggs)

    ReplyDelete