Monday 27 April 2009

Pobalbhreith - Ginmhilleadh




60% agaibh a bhí i bhfábhar ginmhilleadh a bheith dleathach. Bhí dhá fhoghrúpa i gceist anseo - an 25% a cheap gur rogha pearsanta a bhí ann agus an 35% a bhí ar a shon i gcásanna áirithe. 30% a bhí ina choinne agus 10% a cheap go mba chuma mar go bhfuil fáil air sa mBreatain ar aon nós.

Tá pobalbhreith nua ar fáil anois.

7 comments:

  1. Bhreathnaigh mé ar an gcéad nasc anseo agus ní raibh mé in ann tóin ná ceann a dhéanamh de.

    ReplyDelete
  2. Maidir leis an bpobalbhreith nua, níl mo roghasa ann. Ba chóir i bhfad níos lú a dhéanam as Béarla agus as Gaeilge, ach aon rud a dhéantar as Béarla, déantar as Gaeilge é freisin. Nó níos fearr ar fad, ionas go bhfuil bunús Gaeilge ag gach saoránach in Éirinn (mar dhea), ná bactar leis an mBéarla ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  3. Céard atá i gceist agat le "i bhfad níos lú a dhéanamh as Béarla agus as Gaeilge" a Shéamais?

    ReplyDelete
  4. An léitear an chuid is mó de na cáipéisí sin ar chor ar bith? An bhfuil aon ghá leo?

    ReplyDelete
  5. Sin ceist eile, nach ea? Ach ag glacadh leis go bhfuil oiread áirithe ábhair a ghintear, an bhfuil ciall le hairgead a chaitheamh ar an bhfeachtas aistriúcháin mar atá leagtha amach ag an Acht Teanga? Sin í an cheist.

    ReplyDelete
  6. Tá ciall airithe leis. B'fhearr rogha Shéamais, sé sin "Plain English" agus "Gaeilge Ghlé" i ngach cáipéis. Agus níos lú meamraiméis san dá theanga. Go dtí go bhfuil an pointe sin sroichte, ní mór a bheith cinnte go bhfuil an Stát ag labhairt le pobal na Gaeltachta ina dteanga féin - ar a laghad. Seachas a bheith ag cur an Béarla chun cinn, mar a bhí go dtí seo. Uirlis sách místuama is ea an dlí, ach is fearr ann ná as é.

    Cuimhnigh freisin gurbh as buiséid riaracháin na gcomhlachtaí stáit a thagann costas na n-aistriúcháin. Níl airgead a bhaint d'aon scéim fiúntach eile ar son na Gaeilge, mar sin, agus caolseans go gcaithfí go fiúntach aon airgead a bheadh ar fáil de bharr an tAcht a aisghairm.

    ReplyDelete
  7. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete