Tuesday 21 April 2009

Tadhg Óg agus na Gorillas

Tá muid ar an traein go Gaillimh, tráthnóna samhraidh, th'éis deireadh seachtaine a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Tá dhá bhliain caite ó d'fhág muid slán le Bóthar Thír Chonaill in Inse Chór agus bóthar Chois Fharraige a thabhairt orainn féin. Bhí Tadhg Óg ag druidim leis na trí bliana nuair a d'fhág muid an ardchathair - is gearr anois go mbeidh sé cúig bliana d'aois. Ón uair ar chuir muid fúinn thiar, tá dhá bhliain iontacha caite aige i Naíonra Chois Fharraige, áit a mbíonn sé ar maidin, agus ina dhiaidh sin, sa Naíolann, go dtí go mbionn a Mham aniar tráthnóna ó na hoileáin. Tá sé ag caitheamh an lae le togha na nGaeilgeoirí, idir ghasúir agus daoine fásta agus tá snas ar a bhlas dá réir.

Agus an traein ag sciúrdáil léi trí phortaigh lár na tíre, tá mé féin agus an leaidín beag ag cur is ag cúiteamh faoin gcuairt a thug muid an mhaidin sin ar Zú Bhleá Cliath. Tá Tadhg Óg chomh craiceáilte faoi na hainmhithe is atá mé féin agus is iomaí tráthnóna breá atá caite againn ag póirseáil trí mo bhailiúcháin de leabhair David Attenborough. Anois, tá cuid de na hainmhithe sin feicthe ina steilleabheatha againn. Pléann muid na cinn a thaitníonn linn - Panda Rua na Síne, an tíogar Indiach(atá difriúil ón tíogar Síbéireach sa leabhar sa mbaile), moncaithe beaga Mheiriceá Theas agus mar sin de.

"Céard faoi na gorillas, a Thaidhgín?" a fhiafraímse de, ag cuimhniú ar na hápaí móra a chonaic muid ar ball agus na cloigne arda orthu. "Ara, bhí siad alright" a deir Tadhg Óg "ach ní fear mór gorillas mé".

5 comments:

  1. Ah, tá sin iontach ar fad! Nach breá an rud go bhfuil na nathanna cainte sin beo beathach fós, agus i mbéal an óige.

    Deas do phictiúr, a Thaidhg...

    ReplyDelete
  2. Tá mé th'éis éirí an-liath ó tógadh an ceann sin :)

    ReplyDelete
  3. An-Ghaeilge aige, bail ó Dhia air!

    Ar airigh tú aon éagóir dhá dhéanamh ar na hainmhithe sa sú? 'Bhfuil siad sona? An mbíonn dúshlán intleachtúil acu? An mbeadh siad níos sona áit éigin eile?

    ReplyDelete
  4. D'airigh go deimhin. Scríobh mé amhrán do pháistí faoi dar teideal "An Béar Bán Brónach" - tá sé ar fáil ar an albam Bliain na nAmhrán - féach www.futafata.com

    ReplyDelete
  5. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete