Monday 20 April 2009

Trí Nithe

Trí nithe nach gcoinníonn a slacht i bhfad:

Teach ar ard,
Capall bán
Agus bean bhreá.

7 comments:

  1. Cad a spreag an tré seo uait?

    An bhfuil leabhar 'ac Gearailt agat?

    Feictear dom go bhfuil an idirlíon ag cuir dlús le ceann den trí rith is gasta amuigh - mar atá rith éithigh! (Rith tine agus uisce an dís rith eile)

    ReplyDelete
  2. Tá leabhar an Ghearaltaigh agam ceart go leor, ach tagann an ceann seo ón leabhar/dluthdhiosca a rinne mé féin i gcomhar leis an ealaíontóir Ceara Conway agus an cumadóir ceoil John Ryan - Aniar.

    Is maith liom na tríanna seo go mór. Tá gontacht iontach iontu, rud atá an-deacair le déanamh ó thaobh na cumadóireachta de.

    ReplyDelete
  3. Fear a scríobh is dócha...

    ReplyDelete
  4. Cheapfainn é. Tá cuid mhaith de na tríanna, nó na tríréid, a bhaineann leis an tréimhse réamhfheimineachais, má tá a leithéid d'fhocal ann.

    ReplyDelete
  5. Toisc gurbh fir a bhailigh!
    (Agus toisc go mbíonn mná níos géire ar a chéile uaireanta, freisin).

    Tá snáth i bhFarasbarr Feasa ar Éirinn (scagadh Alf Mhic Lochlainn ar fhoclóir an Dúinínigh) ina rianann sé an oiread tearmaí drochmheasa ar mhná atá le fail ann.

    Tá cuid acu anseo:
    http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/focloiri/daoine/lorg.phpCuir isteach "woman" sa ghluais. Nó, gan amhras, man!

    ReplyDelete
  6. An-áis atá ansin - ach ní diúltach ná drochmheasúil ar fad atá siad. Tá focal atá ar fáil i gceann de na rannta ar an CD is deireanaí uainn "Peigín Leitir Móir" - "spionsúirín de chóitín a dhéanfadh beargún mná". Chuartaigh mé anois an focal sin "beargún" ach níl sé ar fáil ann.

    ReplyDelete
  7. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete