Sunday 26 April 2009

Físeán na Seachtaine - Clannad, Téir Abhaile Riú 1977


Seo an chuma a bhí ar Chlannad an chéad uair ar leag mise súil orthu sa mbliain 1977 ag Féile Cheoil Bhaile Easa Dara i gContae Shligigh. Bhí an darna albam "Clannad 2" ar an saol (bhíodh daoine spárálach leis an tsamhlaíocht an uair sin agus iad ag cumadh teideal dá gcuid albam) agus bhí an fhuaim úr aniar aduaidh ag dul i gcion ar dhaoine. Bhí mise faoi dhraíocht acu - na hamhráin, na cóiriúcháin, an chanúint exotic Gaeilge a bhí acu a bhí an-deacair le tuiscint ach an-spreagúil mar dhúshlán. Cheannaigh mé an chéad albam chomh maith leis an darna ceann is thug faoi na hamhráin ar fad a fhoghlaim. Cuid d'fhuaimrian m'óige é "Téir Abhaile Riú"

3 comments:

  1. Beidh tú sásta go leor (súil agam) le seo a chloisteáil. Ar an droch uair, níl amhráin úr á scríobh ag Clannad don albam úr, ach beidh albam "unplugged" acu i mbliaina, nó i dtús 2010. Tá siad fosta le albam úr a scríobh fá choinne 2010/2011 sa deireadh!! Ach, yeah, coinnigh súil ar ár shuíomh le nuacht a fháil. Ag éisteacht le do leagán de 'Mo Mháire' faoi láthair - níos fearr na leagán Clannad!!

    ReplyDelete
  2. Míle buíochas faoi sin! Rinne Keith Donald (a bhíodh ag casadh tráth le Moving Hearts) jab álainn ar an traic sin leis an dordchlairinéad( - bass clarinet?) - uirlis nach gcloistear rómhinic, a bhfuil glór aoibhinn aige.

    Tá an-spéis agam a chloisteáil go bhfuil albam "unplugged" ar na bacáin ag Clannad. Coinnigh ar an eolas muid!

    ReplyDelete
  3. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete