Sunday 19 April 2009

Leabhar na Seachtaine - Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill, 1942 - atheagrán, 1996, An Gúm


Is é fear an fhoclóra, Niall Ó Dónaill, Conallach ó Loch an Iúir i Rosa Thír Chonaill a chuir an cnuasach scéalta Fiannaíochta seo i dtoll a chéile den chéad uair i 1942. Is ar an gcnuasach scéalta a dtugtar "Agallamh na Seanórach" nó "Agallamh na Seanóirí" atá ábhar an leabhair bunaithe - sraith comhráití a bhí ag Oisín mac Fhinn agus Caoilte mac Rónáin le Pádraig mac Calprainn, an misiúnaí Breatnach a bhí tar éis teacht leis an gCríostaíocht a mhúineadh do phágánaigh na hÉireann.

Castar Caoilte ar Phádraig lá go dtáinig an misiúnaí ag beannú Ráth Droma Deirg, san áit a mbíodh Fionn mac Cumhaill na blianta fada roimhe sin. Tosaíonn comhrá idir an bheirt agus isteach linn ar an bpointe boise sa gcéad scéal.

Tá seacht bpíosa Fiannaíochta is tríocha ar fad sa leabhar álainn seo, ar chuir an Gúm barr slachta ar an atheagrán seo a foilsíodh i 1996, le léaráid chlúdaigh ón ealaíontóir aitheanta, Fionnuala Ní Chiosáin.

Bhí stíl bhreá próis ag an Dónallach - blas foirmeálta air, glór a chuireann an tseandacht in iúl gan na scéalta a mhúchadh leis an iomarca foclaíochta.

An t-aon rud a airím in easnamh ar an leabhar ná cuid den fhilíocht - na laoithe - a bhain leis an bhFiannaíocht. Glacaim leis gur ar mhaithe leis an ábhar a dhéanamh níos inléite don léitheoir ginearálta a socraíodh gan aon chuid de na laoithe a chur san áireamh anseo.

Tá daonnacht iontach sa bhFiannaíocht, taobh leis an draíocht agus leis an ngaisce ar fad agus éiríonn le Niall Ó Dónaill cuisle na daonnachta sin a chur ag preabadh os ár gcomhair in inseacht na scéalta seo.

8 comments:

  1. An-leabhar é seo! Léigh mé den chéad uair é cúpla bliain ó shin agus thaitin sé go mór liom. Tá an spotsolas tuillte aige.

    ReplyDelete
  2. An-smaoineamh leabhar na seachtaine a bheith agat, cuirfidh sé fonn orm leabhair Ghaeilge a léamh, rud nach ndéanaim de ghnáth. (Tá sé cineál deacair bheith ag léamh leabhair i nGaeilge nuair atá leithéidí The Secret Scripture le Sebastian Barry nó Bel Canto ar fáil i mBéarla!!)

    ReplyDelete
  3. Ceist caighdeáin atá ann, nach ea? Tá go leor, leor den scoth ann i nGaeilge, ach foilsítear an iomarca ábhair nach bhfuil ar chaighdeán maith agus déanann sé sin níos deacra é na seoda a aimsiú.

    ReplyDelete
  4. Ábhar colúin liteartha atá ar bun agat...b'fhéidir?

    ReplyDelete
  5. Níl ann ach go bhfuil mé ag iarraidh teorainneacha na blagála a bhrú de bheagán. Ag iarraidh mé fhéin a spreagadh le coinneáil leis ar bhonn laethúil, chomh maith - ach le fírinne, níl mé cinnte cén t-achar a éiriodh liom coinneáil ag imeacht. Anois a thuigm an ghaisce atá déanta ag Concubhar Ó Liatháin le iGaeilge, lá i ndiadh lae. Fair play dhó!

    ReplyDelete
  6. Ná héirí as, a Thaidhg, is cuma muna bhfuil rud éigin ann gach uile lá. Ba mhór an trua dá n-éireofá as, is é do bhlagsa an ceann is fearr i nGaeilge ó thaobh saibhris agus cultúir de. Ná bac na begrudgers!! Maidir leis an méid thuas, ní dóigh liom go bhfuil an saibhreas céanna sa litríocht nua-aimseartha i nGaeilge mar is beag duine a bhfuil máistreacht acu ar an teanga, rud nach bhfuil fíor i mBéarla. Mór an trua ach sin mar atá le teanga atá ag fáil bháis... Mar sin féin is breá liom an fhilíocht Ghaeilge agus dar ndóigh oscailt nua is ea na blaganna, ach meas tú an féidir le héinne úrscéal maith i nGaeilge a mholadh dom... níl sé aimsithe agam féin fós!

    ReplyDelete
  7. Ní dóigh liom gur easpa máistreachta ar an teanga per se an fhadhb, a Ursula - scaití bíonn an iomarca béime ar shaibhreas na teanga, mar a phléigh mé anseo cheana. Easpa eagarthóireachta agus easpa eolais ar cheird na scríbhneoireachta an deacracht, cuid mhaith. Maidir le húrscéal maith, ar thriail tú An Fear Dána le Alan Titley? leabhar dúshlánach ar bhealach é, é scríofa i seanstíl (cineál cosúil leis an rud a rinne an t-úrscéalaí Astrálach Peter Carey lena úrscéal seisean "True History of the Kelly Gang".) An Clóchomhar a d'fhoilsigh, sílim - ba chóir go mbeadh sé ag Litríocht.com

    ReplyDelete
  8. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete