Thursday 9 April 2009

Cá ndeachaigh an Ghluaiseacht Fheimineach amú?


Is mé féin agus mo chlann mhac ag tabhairt sciúirde faoin ardchathair inné, le castáil ag aerfort Átha Cliath le cailín Mharcuis, atá ar cuairt chugainn ón Dordogne, bhí deis eile agam éisteacht le halbam Lily Allen. Scríobh mé píosa faoi anseo cúpla seachtainí ó shin. Tá mé an-tógtha le cumadóireacht Iníon Uí Fhallúin (Ní Allúin?) - tá rudaí le rá aici agus is í atá in ann iad a rá in amhráin atá dea-dhéanta agus snasta, ach lán daonnacht ag an am céanna.

Tá amhrán amháin a sheasann amach, ní mar phíosa ceardaíochta, ach sa dearcadh a léiríonn sé ar shaol na mban óg i dtús na mílaoise seo. Sin an t-amhrán 22 (an aois a bhí ag Lily nuair a rinne sí an t-albam seo). Is fiú breathnú ar na liricí:

When she was 22, the future looked bright
But she's nearly thirty now and she's out every night
I see that look in her face, she's got that look in her eye
She's thinking how did I get here and wondering why

It's sad but it's true how society says her life is already over
There's nothing to do and there's nothing to say
'Til the man of her dreams comes along
Picks her up and puts her over her shoulder
It seems so unlikely in this day and age

She's got an alright job but not a career
Whenever she thinks about it, it brings her to tears
'Cause all she wants is a boyfriend, she gets one night stands
She's thinking how did I get here, I'm doing all that I can....

Anois dá mba carachtar in úrscéal de chuid Jane Austen a bhí i gceist, thuigfeá don bhean óg a bhfuil Lily ag trácht uirthi agus í ag déanamh imní faoi bheith fágtha gan phósadh an chuid eile dá saol - ach seo duine óg, neamhspleách, i Londain, i dtimpeallacht liobrálach, ag tús an 21ú haois! Agus airíonn an bhean óg seo (nó airíonn an tsochaí ina timpeall) go bhfuil a saol caite cheana féin aici mar nach bhfuil fear aici? Agus is cosúil ó liricí an amhráin gurb é aimsiú an fhir sin an aidhm is mó atá sa saol aici.

Cá ndeachaigh an ghluaiseacht fheimineach amú?

6 comments:

  1. Is ar an gclog a bhíonn na mná ag faire! An nádúr atá ag caint leo, agus á gcur faoi dheifir b'fhéidir. Is dócha nach feimineach í Ollmháthair na Cruinne...

    ReplyDelete
  2. Tá bóthar fada le siúl ag an ngluaiseacht fheimineach go fóill (mura bhfuil teipthe ar fad uirthi). B'fhéidir go bhfuil sé ag déanamh tinnis do Lily Allen nach bhfuil fear aici, téama mór an Iarthair (Carrie in Desperate Housewives srl.) ach má fhéachann tú níos faide ó bhaile, aon áit a bhfuil cogadh tá éagnú ban ar scála scanrúil, san Afganastáin le déanaí rinne Karzai iarracht dlí nua a thabhairt isteach ag rá nach raibh cead ag bean gnéas a dhiúltú dá fear céile agus go gcaithfidh sí a chead a lorg chun an teach a fhágáil. Tá na mílte ban ar fud an domhain ina sclábhaithe i dtionscal an ghnéis (sa tír seo san áireamh)...d'fhéadfainn leanacht orm ach ní theastaíonn bheith róghruama...b'fhearr liom bheith ag léamh dánta áille Nuala Ní Dhomhnaill (bean a d'fhulaing í fein nuair a dhiúltaigh a muintir glacadh lena rogha fir, muna bhfuil dul amú orm)

    ReplyDelete
  3. Ag caint ar rudaí áille, tá físthéip álainn spioradálta ar YouTube dárbh ainm 'River of Love - Mooji (Embrace 2) (b'fhéidir go dtaitneodh an ceol leatsa, a Thaidhg)

    ReplyDelete
  4. Thaitin an físeán seo go mór liom - cé hé Mooji?

    Aontaím leat faoin méid thuas - an rud ar thug mé suntas dó in amhrán Lily Allen go raibh sé chomh lárnach d'fhéiniúlacht na mná san amhrán go mbeadh fear aici - ag tríocha bliain d'aois? Nó an é sin peirspictíocht Lily Allen agus í dhá bhliain is fiche - go bhfuil duine ar bith níos sine ná cúig bliain is fiche chomh maith a bheith ag réiteach de bheith ag sníomh ciseán in Áras na Seandaoine?

    Ceann de na rudaí faoi bheith ag éirí níos sine ná go n-athraíonn do thuiscint ar na focal sin "óg" agus "sean" de réir mar a imíonn na blianta....

    ReplyDelete
  5. Fear as Jamaica é Mooji atá ina chónaí i mBrixton anois. Bíonn sé ag taisteal thart ag caint le daoine (agus ag tabhairt barróga dóibh!) Chonaic mé in Éirinn é roinnt blianta ó shin. Tá suíomh idirlín aige www.mooji.org

    ReplyDelete
  6. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete