Sunday 26 April 2009

Amor caecus est


An pléisiur is mó domsa a bhaineann le bheith ag útámáil ar bhonn amaitéarach leis an teangeolaíocht ná an nóiméad sin anois is arís nuair a thagaim ar cheangail nach raibh a fhios agam a bheith ann idir focail i dteangacha éagsúla. Cuimhním fós ar an lá cúpla bliain ó shin agus mé i mo shuí i mbialann Mhic Dhonncha ar shráid na céibhe i nGaillimh agus mé ag tabhairt faoi phláta sceallóg agus trosc, gur thug mé faoi deara ar phóstaer le mo thaobh ar an mballa go raibh gaol idir an focal Gaeilge "trosc" agus "torsk" na Danmhairgise. Is léir gurb iad na Lochlannaigh, nó na Danair, mar a thugtaí go minic orthu agus mise ag dul ar scoil, a thug an focal sin dúinn ar an iasc breá sin atá ag éirí an-ghann na leathanta seo.

Díreach anois a thug mé ceangal eile faoi deara. An lá cheana, chuir mé isteach giuirléidín ar an mblag seo a chuireann seanfhocal Laidine faoinár mbráid chuile lá. Inniu, is é an seanfhocal atá romhainn ná "Amor caecus est" - "Bíonn an grá caoch". Is léir gur ón bhfréamh chéanna a shíolraigh "caoch" agus "caecus" ("cieco" atá ann san Iodáilis).

"Dall" atá ag na Briotáinigh, mar a chéile leis an bhfocal eile atá againn féin sa nGaeilge - an bhfágann sé sin gur ón Laidin a thánig "caecus>caoch" nó an ó na Ceiltigh a fuair na Rómhánaigh é?

8 comments:

  1. Ceist mhaith. Agus ceann a bheadh deacair a réiteach, ó tharla gan fianaise scríofa ann don Ghaeilge roimh teagmháil leis an Laidin.

    ReplyDelete
  2. Is mór an spórt é go deimhin agus déanaimse an rud céanna freisin. Ní mór a bheith cúramach, áfach. Nuair a bhíonn dhá fhocal cosúil le chéile, ní haon chruthúnas é sin gur den bhunús céanna iad. D'fhéadfadh nach bhfuil ann ach comhtharlúint.

    ReplyDelete
  3. Tá sé sin fíor, cinnte. Meas tú féin, a chainteoir an dóchais, an comhtharlúint atá i gceist sa gcás seo?

    ReplyDelete
  4. Seo an méid a scríobh mé faoi i bhfad ó shin:

    http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/focal236.html

    Ní raibh fáil agam ar _Lexique étymologique de l'irlandais ancien_ ag an am sin. Deir Vendryes sa bhfoclóir sin:

    "D'un primitif *kaiko- conservé aussi en latin (caecus « aveugle » ) et en germanique (got. haihs « borgne » ), mot occidental faisant partie de noms d'infirmité à vocalisme 'ai', voir encore 'báith', 'máel', etc."

    Foclóirín: aveugle = dall; borgne = aonsúileach, ar leathshúil

    Níl a fhios agam an bhfuil an ceart aige maidir leis an ngaol i measc "caoch", "maol" agus "baoth", ach is suimiúil an teoiric í.

    Maidir leis na "giuirléidí" atá agat ar an leathanach seo, tá an clog do Sheattle in "Imíonn an tAm" beagán luath! An féidir é a chur ar gcúl uair an chloig? :-)

    ReplyDelete
  5. Féach go bhfuil idir dall agus caoch ag na Breatnaigh freisin, más fíor do leathanach Dennis.

    Maidir le h-am Seattle, meas tú am bhfuil baint aige sin le "sábháil solais an lae"? (Atá i bhfeidhm abhus)

    ReplyDelete
  6. Tá Daylight Savings Time i bhfeidhm anseo freisin, le níos mó ná mí anuas. Deir an clog ar an leathanach seo go bhfuil sé beagán tar éis a naoi a chlog i Seattle. Ach tá sé 8:05 anseo. Agus gan an DST bheadh sé 7:05. Nó an bhfuil dul amú orm go huile is go hiomlán?

    ReplyDelete
  7. Tá an clog ina cheart anois, a Dennis. Tempest fuget a mar a d'abraíodh an Rómhánach fadó.

    ReplyDelete
  8. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete