Monday 27 April 2009

Leabhar na Seachtaine - Cniogaide Cnagaide le Nicholas Williams


Scríofa ar bhrollach na cóipe atá agam den sárleabhar seo le Nicholas Williams, tá an dáta "Dé Sathairn, 7ú Meán Fómhair, 1991" agus an nóta - "an chéad deireadh seachtaine in Inse Chór".

Bhí mé féin agus í féin díreach tar éis bogadh isteach sa teach ar Bhóthar Thír Chonaill, teach a bheadh mar bhaile againn go dtí go bhfágfadh muid Baile Átha Cliath naoi mbliana ina dhiaidh sin. Bhí ár gcéad pháiste, Marcus, ar an mbealach agus is léir ó mo rogha ábhar léitheoireachta go raibh mé ag iarraidh réiteach faoina chóir.

Is gearr go mbeidh ocht mbliana déag caite ó scríobh mé an nóta sin. Tá Marcus níos airde ná mé féin faoin tráth seo (níl mé a rá gur gaisce mhór é sin, ach sin mar atá) agus tá triúr eile tagtha sna sála air. Tá an leabhar agam ó shin agus le blianta beaga anuas, chomh maith le húsáid a bhaint as i saol an teaghlaigh, tá mé th'éis filleadh air arís is arís mar fhoinse ábhair i mo shaol cruthaitheach.

Séard atá in "Cniogaide Cnagaide" ná cnuasach thar a bheith cuimsitheach de rannta traidisiúnta na Gaeilge. Tharraing mé féin go láidir ar bhailiúchán an leabhair agus mé ag roghnú ábhair don dá dhlúthdhiosca/leabhar ón traidisiún atá léirithe agam féin agus John Ryan le roinnt blianta anuas - Gugalaí Gug agus Peigín Leitir Móir.

Tá ábhar anseo ó chuile chanúint agus go leor ó áiteacha sa tír nach gcloistear an Ghaeilge á labhairt mar theanga dhúchais níos mó. D'éirigh liom píosa álainn a aimsiú ann ó Chlár Chlainne Mhuiris, cuir i gcás, le cóiriú agus le taifeadadh don chnuasach is deireanaí uainn, "Peigín Leitir Móir" - "Seo í Olann na Caorach Báine" (tá a fhios agaibh mise agus an tuiseal ginideach...)


Don té a bheadh ag iarraidh cur lena eolas ar an réimse seo den bhéaloideas a bhfuil oiread di ann sa nGaeilge, níl sárú "Cniogaide Cnagaide" ar fáil.

10 comments:

  1. Is fíor dhuit. Ach mar leabhar do thuistí, tá sé ró thiubh, dar liom. Mar fhoinse do leithéidí do shaotharsa, togha. Ach mar a dúirt Eilís tráth "Cén mhaith leabhar gan pictiúr ná comhráití?"

    Tá réimse leathan leabair dírithe ar phaistí ann anois, agus CDanna ag dul leo, buíochas le Dia. Is mór an chabhair domhsa Rabhlaí Rabhlaí, Gugalaí Gug, agus iad san uile, ag bronnadh an Ghaeilge ghlé ar mo chúram.

    Táim tosaithe arís, ó tharla iníon dhá bhliain go léithe agam, agus fiú ó deich bliana ó shin, tá réimse mhór ábhar nua ann - agus sean abhár athfhoilsithe. Tá an chóip den "Bealach Rúnda" a bhí agamsa agus mé chomh haosta léi fós agam - ach anois CD seachas fadcheirnín ag dul leis!

    ReplyDelete
  2. Is fíor duit - leabhar tagartha atá ann, seachas leabhar do pháistí. Agus is fíor go maireann ábhar do pháistí i bhfad, má bhíonn sé déanta go maith an chéad lá. Ceann de na fáthanna go bhfuil réimse leathan ábhair ar an margadh don aoisghrúpa ná go bhfuil margadh mór go maith ann dá leithéid, margadh a bhíonn ag déanamh athnuachana air féin de shíor de réir mar a thagann páistí nua ar an saol. Tráthnóna inniu, beidh mé ag cur ordú 100 cóip de Gugalaí Gug chun bealaigh chuig ÁIS, na dáilitheoirí leabhar i mBaile Átha Cliath. Beidh 7,200 cóip de "Gugalaí Gug" díolta agus an t-ordú sin ag imeacht chun bealaigh. Nuair a chuimhníonn tú gur iomaí leabhar Gaeilge nach ndíolann mórán níos mó ná 100 cóip, feiceann tú gur díolachán suntasach é sin. Is beag leabhar Béarla atá curtha ar an margadh ag foilsitheoir neamhspleách Éireannach a mbeadh an méid sin díolta aige.

    ReplyDelete
  3. Is fíor dhuit. Agus treaslaím leat do shaothar, agus go raibh an rath chéanna ar Pheigín Leitir Mhór, agus a cairde! Tá díol mhaith ar úrscéalta grafacha Chló Mhaigh Eo freisin, de réir mo thuiscint.

    Ach is fíor freisin nach áis ró mhaith Áis. Rinne siopa leabhair anseo i Mullach Íde iarracht Fontenoy a ordú dom. Bhí sé as cló, ach leis na clódoirí. Ní raibh Áis sásta glacadh le réamh-ordú. Tharla rud mar é agus iad ag déanamh stocáireamh - d'iarr siad ar an siopa glaoch thar nais i gceann seachtaine.

    Ní haon ionadh mar sin go bhfuil an tuiscint ag siopaí leabhair nach ann do leabhair i nGaeilge seachas do ghasúir! (Agus go gcuireann siad cinn cosúil leis an gCeatharnach Caolriabhach ina measc!).

    ReplyDelete
  4. An taithí atá agamsa orthu ná go bhfuil daoine breátha ag obair in ÁIS ach tá siad gann ar fhoireann. Tá siad ceaptha daoine nua a fháil le fada ach de bharr útamála a bhaineann leis an bhForas a bheith faoi smacht ag na hÚdaráis Trasteorainn agus an mhoilleadóireacht a bhaineann le bheith ag déileáil le polaiteoirí dílseacha nach mbeidh an Ghaeilge go deo ar an gcloch is mó ar a bpáidrín (de bharr nach mbeidh paidrín acu go deo, is dóigh) níl na ceapacháin tar éis a bheith déanta. Anois agus an t-aer ag titim ar an talamh ó thaobh na heacnamaíochta, is doiligh a rá cén uair a thiocfas biseach ar an scéal sin.

    Ach ní hiad ÁIS amháin a bhíonn ag dáileadh leabhar Gaeilge. Tá ábhar Futa Fata á ndáileadh ag ÁIS chuig siopaí leabhar in Éirinn, ach is féidir le siopaí iad a ordú ón dáilitheoir Argosy chomh maith. Tá fáil orthu le cois ar an idirlíon ó www.futafata.com ó Amazon, ó litriocht.com agus go leor eile.

    ReplyDelete
  5. Bí cinnte nach bhfuil aon duine i saol na Gaeilge gan eolas ar thábhacht an Tuisil Ghinidigh do shaol an Ghaeilgeora Mhóir seo...

    ReplyDelete
  6. B'fhéidir go daoine breátha iad. Ach ní thuigim an baint idir easpa foirne agus diúltú glacadh le hordú.

    Tá's agam go maith gur féidir teacht ar na leabhair ar líne - tá Litríocht agus Cúpla Focal ann chomh maith.

    Ach tá sé de nós agam leabhair a ordú tríd siopa nach ndíolfadh de ghnáth iad, chun go bhfeicfidh siad na leabhair bhreátha atá ann. Ach má bhíonn stró breise ag baint le plé le hÁis...

    ReplyDelete
  7. Agus fair play duit faoin stró sin a chur ort féin - is fiú é agus mar fhoilsitheoir, tá mé buíoch dhíot. Maidir le bheith ag diúltú le hordú, b'fhéidir gurbh fhearr an cheist a chur ar mhuintir Áis iad féin....

    ReplyDelete
  8. Go n-éirí go geal le Peigín Leitir Móir, a Thaidhg. Deacair mná na nOileán a shárú...

    ReplyDelete
  9. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete