Thursday 2 April 2009

An Log ar an Lag


Ag tiomáint sior trasna na tíre ar maidin, le seó a dhéanamh i Leabharlann Rath Chairn (Rath Cairn na gréine a thugann muintir na háite air agus ba mhaith a d'fheil an t-ainm inniu dó), bhí an tEarrach ag péacadh ar chuile thaobh agus bhí boladh na saoirse san aer.

Chuimhnigh mé siar ar na samhraíocha a chaith mé ag taisteal na tíre ag casadh ceoil, i ndeireadh na n-ochtóidí agus i dtús na naochaidí. Chaith mé seal de bhlianta ag obair le ceoltóir méarchláir de bhunadh Sunderland Shasana, fear darbh ainm dó Anth Kaley.

Dhéanadh Anth a dhóthain gáire fúm ar na haistir sin ar dhá chúis -an chéad cheann ná mo chuid iarrachtaí bacacha le meabhair a bhaint as na comharthaí bóthair agus achar bealaigh greannta orthu i gciliméadair. Bainimse le glúin a d'fhoghlaim de réir chóras na mílte agus bíonn orm i gcónaí na ciliméadair a aistriú go mílte le go mbeidh mé in ann an t-achar bealaigh a mheas go cruinn. Ach is minic go mbíodh an t-aistear curtha dínn againn faoin am go mbíodh sé oibrithe amach agam cé méad míle a bhí i gceist.

An darna rud a chuireadh Anth ag gáire ná an cur síos a bhíodh agam ar logainmneacha na tíre. Tá an-chion agam ar na logainmneacha céanna agus is breá liom a bheith ag meabhrú dom féin faoina mbrí. Na cinn ba mhó a gcuireadh Anth spéis iontu ná an chuid a raibh claonaistriú déanta orthu, le cuma ní ba dearfaí a chur ar an mbunbhrí.

Thugadh muid "Saatchi and Saatchi translations" orthu. Sampla amháin é Baile na Lobhar, i ndeisceart Átha Cliath. "Leopardstown" an t-ainm Béarla oifigiúil atá ar an áit, ach má bhí neacha beo ag fánaíocht thart ar an mbaile san am a caitheadh agus spotaí ar a gcraiceann acu, ní móide go raibh mórán de dhúchas an chait iontu - bheadh "Lepers' Town" i bhfad ní ba chruinne mar aistriúchán.

An bhfuil aon sampla eile a ritheann libh den chinéal sin cruthaitheacha i gcúrsaí aistriú logainmneacha, a chairde na páirte?

3 comments:

  1. Ceann eile acu seo a tháínig chun cuimhne chugam ó shin - baineann sé arís leis an bhfocal sin "lobhar" - a bhfuil gaol aige, glacaim leis, leis an mbraithar "lobhadh" - bóithrín beag, áit eicínt in Éirinn, a rá "Lána na Lobhar" sa nGaeilge air - Lepers' lane. An Béarla a cuireadh air ná "Lovers' Lane" - go deimhin, in áiteacha in Éirinn, tá fuaim an fhocail "lobhar" an-ghar don bhfocal Béarla "lover". Seans gur lána beag an-deas é don lucht suirí faoin tráth sin é an lána céanna, agus an tseanstair ghruama a bhaineann leis curtha i bhfolach sa gclaonaistriú atá déanta ar an logainm.

    ReplyDelete
  2. Blianta ó shin ar an gclár teilifse Hall's Pictorial Weekly bhí giota ann faoi sráidbhaile nó baile fearainn áit éicint i gcontae Loch Garmain. "Seaview" an t-ainm a bhí air ag na daoine deamhúinte. Ach sé an t-ainm a bhí air ag an gcosmhuintir fadbhunaithe ná "Bastardstown".

    ReplyDelete
  3. Ní haon iontas gurbh fhearr leo Seaview". Péire eile ó Bhleá Cliath - ach ní claoinaistriú baileach ar an gcaoi chéanna atá i gceist leo: Dolphin's Barn (Carnán Cloch - léigh mé áit eicínt faoin mbunús a bhí leis an deilf a raibh an scioból aici i lár BhÁC 8, ach tá ag cinnt orm cuimhniú anois air); Phoenix Park (Páirc an Fhionnuisce - scríobh Seamus Heaney dán faoin gceann seo, mar choimisiún do chruinniú mullaigh a bhí ar siúl i mBÁC an uair dheiridh go raibh Uachtaránacht an AE ag an tír seo).

    ReplyDelete