Wednesday 8 April 2009

An Poitigéir agus an Seanfhocal


Bhí cara liom fadó i mBaile Átha Cliath a bhí ag déanamh staidéir ar an gcógasaíocht i gColáiste na Tríonóide. Samhradh amháin, fuair sé jab ina bhaile dúchais in Inis, i gContae an Chláir ag obair i siopa poitigéara (nó cógaslann mar a thugtar na laethanta seo orthu. Is deise liom féin an seanfhocal - is dóigh gur ó "apothecary" an Bhéarla a shíolraigh sé).

Fear mór Gaeilge ab ea mo mhéit agus bhí sé tar éis múineadh dó féin scríobh sa tseanscríbhneoireacht Ghaeilge. Scríobhadh sé litreacha chugam anois is arís sa tseanstíl sin, agus peann dúiche ar an seandéanamh a bhíodh i gcónaí aige.

An samhraidh áirithe seo ar aon chaoi, bhí feachtas Ghlór na nGael ar siúl i mbaile na hInse agus theastaigh ón bpoitigéir go mbeadh cuma mhaith ar a shiopa siúd. Bhí sé th'éis peannaireacht retro mo mhéit a thabhairt faoi deara agus d'iarr sé air rud eicínt a scríobh amach sa tseanstíl le cur i bhfuinneog an tsiop, le cur le taispeántas na bhfuinneog a raibh siopadóirí an bhaile páirteach ann. "A nice old seanfhocal - something in the medical line" a d'iarr an poitigéir.

Chuimhnigh mo mhéit - seanfhocal a bhain le cógasaíocht nó a leithéid. Is ansin a bhuail an splanc ionsparáide é.

An lá dar gcionn, greannta i bhfuinneog an tsiopa, i scríbhneoireacht bhreá Ghaelach bhí muintir an bhaile in ann an tseoid fhealsúnta seo a leámh, ráiteas a spreagfadh muinín duine ar bith i gceird na poitigéireachta:

"Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis".

8 comments:

  1. Agus faoi sin:

    Lasciate ogni speranza voi ch'entrate!

    ReplyDelete
  2. yes pleaze aistriúchán!

    Bhíos fhéin i gCaife sa Daingean le deanaí nuair a bhuaileas le duine a bhí ag caint as Gaolainn. Chuireas aithne air agus bhíomar ag caint ar feadh cúpla nóimead. Nuair a mheasais go raibh a dhóthain cainte aige dheinis iarracht bogadh liom. Chur sé ceist orm, an raibh a sheoladh rphoist/uimhir phóca uaim? Dúirt leis gur ba mhaith liom iad agus thógas amach mo leabhairín beag chun iad a scrobh síos. Bheuil níos raibhis abalta a ainm sloinne a litriú, cé gur ainm áitiúil é, agus dheinis iarracht mo náire a chuir i bhfolach le droch scríobhneoireacht.

    Gan amhras, dheinis iarracht an seoladh rphoist agus an uimhir phóca a bheith cruinn agam, ach bhí imní orm go mbeach an gubh/fearg air le mo buille faoi thuairim so, chasas chuige agus cuiris ceist air......an raibh a ainm scríobhte i gceart agam?

    "Níl" arsa seisan "Ach cad a scríobhann an púca léamhann sé fhéin é."

    An lá eile bhíos ar an idirlín le cara ó Mheirica, ag baint usáid as Google chat (caint na cruinne;) agus bhí sé chomh mall lena chuid freagraí gur chuireas ceist air..........an raibh sé ina a choladh.

    cúig nóimead ina dhiaidh, bhíos fhéin traochta agus thiteas imo choladh. Nuair a dúsaigh mé beagáinín ina dhiaidh, chonaiceas an seanfhocal scrobhte sa mbosca cainte.

    'Is minic poll ar tóin an táilliúra'

    Neadra cé chomh cruinn is atá an litriú.

    Bhí seanfhocal againn do ár dreifiúir aige baile a scaolieach amach as Rehab for Tea. 'Marbh ag tae agus marbh gan é'

    Ach an ceann ab fhearr liom faoi láthair ............'nuair a bhíonn an cat amuigh............!'

    Bricfeasta, agus mo chuid éadaigh a chur isteach i mála...........

    ReplyDelete
  3. Aistriúchán = Abandon all hope ye who enter.
    Is dóigh liom gur ag doras Ifrinn a bhí sé sin scríofa ag tús an 'Inferno' le Dante.
    Ardaíonn do bhlag mo chroí, a Thaidhg, go raibh maith agat!

    ReplyDelete
  4. Scéal an-deas, a Thaidhg. Sílim go bhfaca mé an sean-nath 'Níl leigheas ar an ghrá ach pósadh' ar chárta bainise ar na mallaibh... ní shílim gur thuig an duine a scríobh mar is ceart é.

    ReplyDelete
  5. Bhí sé chomh maith as, b'fhéidir...

    ReplyDelete
  6. Bhí sí b'fhéidir...

    ReplyDelete