Tuesday 21 April 2009

"Glas" agus "green"



Sular tháinig mé chun cónaithe i gConamara, bhíodh mé ag déanamh iontais cén fáth go n-úsáidfeadh cainteoirí breátha focla Béarla i gcásanna áirithe, nuair a bhí focal Gaeilge ar fáil. Thuig mé riamh don bhycicle, do na sweets, don suitcase fhéin - ach cén fáth go mbeadh daoine agus iad ag cur síos ar rud eicínt, a rá go raibh dath "green" air?

Ceist chasta í. Ceann de na cúiseanna gurb ea ná an t-idirdhealú a bhíodh ann (déanaim amach gur treise in Árainn ná i gConamara sa lá atá inniu ann é) idir "uaithne" agus "glas" - d'úsáidtí an focal "uaithne" le cur síos ar rud beo - féar nó duilleog nó planda de chineál ar bith. Bhain "glas" le rudaí neamhbheo - dath péinte nó a leithéidí sin.

Bhuel, b'shin a d'fhoghlaim mo mham ar scoil. Ach an fíor é? I gCorca Dhuibhne, mar shampla, "féar glas" a thugtar ar "grass" agus "féar tirim" ar "hay". Cá bhfágann sé sin "glas" agus "uaithne"?

An rud eile a dhéanann casta mar scéal é ná gurb é an focal coitianta atá i gConamara ar an dath "grey" - go háirithe i gcás fionnach ainmhithe, ná "glas" - an t-iora glas, cuir i gcás. Ach i gcaint na Gaeltachta, áit nach bhfuil mórán crainnte ann, ní áirím ioraí glasa, chloisfeá trácht ar chat glas, nó ar asal glas.

De réir mar a thuigimse an scéal, (agus seans maith nach bhfuil an rud ar fad seo tugtha liom i gceart agam agus bheadh an-spéis agam tuairimí daoine a fháil) baineann an focal "liath" den chuid is mó le gruaig seanduine a bhfuil dath "grey" tagtha uirthi. Ní usáidtear an focal "glas" le cur síos ar ghruaig seanduine - nó an úsáidtear? Chloisfeá "liath" á thabhairt ar dhath na spéire chomh maith, ach fágaimis é sin ar leataobh go fóilleach.

An rud eile, b'fhéidir, a chas daoine in éadan "glas" ná nach mbíodh an oiread sin rudaí neamhbheo ann san am a caitheadh agus dath "green" orthu, rud a d'fhág gurbh é an chiall "grey" i gcás fionnach ainmhithe ba mhó a bhí i gceist le "glas".

Ansin, tháínig Gaeilge na leabhar chun cinn sna scoileanna agus scéalta sna leabhairíní ag tabhairt "glas" air seo agus siúd - agus ag brú an idirdhealaithe a d'fhoghlaim mo mham ar scoil, seans, ar chainteoirí dúchais nár bhain an t-idirdhealú sin leis an gcanúint a bhí acu ón gcliabhán. Chuir sé sin daoine in aer ceart, sa gcaoi is nach raibh siad cinnte an dtuigfí go cruinn iad dá n-úsáidfeadh siad an focal "glas". Cé a thógfadh orthu ina dhiaidh sin ach an focal cruinn "green" a úsáid?

Aimsir thoghcháin, d'fheicfeá póstaeirí á gcrochadh anseo i gConamara, ag moladh do dhaoine tacú le "Gaeltacht Ghlas". Daoine le gruaig liath, cuid mhaith, a bhíonn ag plé leis an ealaín sin....

23 comments:

  1. Ceist shuimiúil, a Thaidhg. Is a mhalairt ar fad a d'fhoghlaim mé féin... d'fhoghlaim mise gur le rudaí beo a bhaineann 'glas' agus le rudaí neamhbheo a bhaineann 'uaithne'. Chomh maith leis sin, de réir léachtóir ollscoile do mo chuidse ní hionann raon na ndathanna sa Ghaeilge agus raon na ndathanna sa Bhéarla... sin an fáth go mbíonn cairéid 'dearg' sa Ghaeilge ach ní thig leo a bheith 'red' sa Bhéarla!

    ReplyDelete
  2. Tá sé sin fíor faoin raon dathanna - tá brí an-leathan leis an bhfocal "buí" - tá an chiall chéanna le "yellow" an Bhéarla aige, ach clúdaíonn sé réimse leathan dathanna eile chomh maith, go háirithe dath craicinn. Tá scéal cáiliúil sa taobh seo tíre faoi fhear a chuaigh ar saoire chun na Spáinne. D'fhill sé ar an mbaile faoi cheann coicíse agus dath breá gréine air. Casadh duine dá chomharsana air cúpla lá th'éis dó leandáil ar ais sa mbaile. "Ar éigean go n-aithneoinn thú" arsa a chomharsa leis. "Tá tú chomh buí le bleaic!"

    ReplyDelete
  3. Sílim go bfhuil an ceart ag Seán - bhí sé trína chéile ag do mham. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach ní bhíonn féar orthu. Plandaí áirithe, ámh!

    ReplyDelete
  4. Tugaim faoi deara gur "uaine" an chéad rogha atá ag an Dónallach mar litriú ar an bhfocal, bíodh is go bhfuil "uaithne" luaite mar mhalairt leagain. (Daithí Ó hUaithne a thugadh an scoláire nach maireann air féin sa nGaeilge, agus David Greene i mBéarla - seans gur uaidh sin a bhí an litriú s'agam féin ag teacht). "Vivid green" an chiall atá ag an Dónallach le "uaine" - níl caint ar bith ar Ábhar beo nó neamhbheo. Tá liosta fada rudaí beo luaite aige leis an bhfocal "glas", rud a thabharfadh le fios go mb'fhéidir go bhfuil cuid den cheart ag Seán Mór. Arís ar ais, luaitear "péint ghlas" go sonrach, rud a chuireann an cat glas i measc na gcolúr agus ceann nár chuala mé sa gcaint go dtí seo, spéir ghlas ar "grey sky". Coinnigh súil ar an spás seo.....

    ReplyDelete
  5. Tá an litriú "úaine" níos fearr ó thaobh na staire de. Seo abairt as "Seirglige Con Culainn" in Lebor na hUidre:

    Indala n-ai brat úaine impe. (An dara duine, (bhí) brat uaine uimpi.)

    ReplyDelete
  6. Is bean rua mé féin = Níl mo chuid gruaige dearg! Múinim na gnáthdhathanna sa rang agus bándearg agus dubhghorm san áireamh. An bhfuil eolas/tuairim faoina leithéid de meascáin eile agat/agaibh? grma

    ReplyDelete
  7. Meas tú cén fhuaim a bhí ag "úa" sa tseanteanga, a Dennis? Défhoghar atá sa "ua" agus tá idirdhealú soiléir ann sa NuaGhaeilge idir é agus "ú". Bíonn síneadh fada ar an u i gcás "úi" - "cúis" cuir i gcás, nó "glúin" nó "Rúiseach".

    Maidir le cásanna eile, ní dóigh liom go n-úsáidtear an nath "duine gorm" mórán i gcaint na Gaeltachta - san Iarthar ar aon nós. "Duine dubh" is mó a chloisfeá, nó i gcaint neamhfhoirmeálta, go háirithe ón nglúin a chaith seal ag obair i Sasana, "bleaic". Níl a fhios agam cé chomh fada siar is a shíneann úsáid an fhocail "dubh" sa gcás seo, in ionad "gorm" - tuairim ar bith ag éinne?

    Tá an focal "pinc" seanbhunaithe go maith sa teanga chomh maith, ach ní fhéadfainn a rá an bhfuil aon difríocht ó thaobh brí idir é agus "bándearg".

    ReplyDelete
  8. Bheuil, tá sé seo suimiúil. Chuala an scéal cheanna le deanaí ó cara liom. Agus is í an chead uair a chuala a leithéid.

    I gCorca Dhuibhne, glas = dark green agus uaine = light green. Níl aon baint lena dathanna le rudaí beo nó neamh bheo. Agus liath is é grey. Sin an gnáth usáid atá againn ar aon nós.

    Ach an rud nár thuigeas riamh ná gur glaotar fir gorm ar daoine ón Afric.

    ReplyDelete
  9. Ní dóigh liom go bhfuil réimse leathan dathanna a i bhfoclóir thraidisiúnta Chonamara.

    Ceann a mbainimse an-taitneamh as i gcónaí ná úsáid an fhocail "buí": "Tá mad(r)a beag BUÍ aige" (i.e. donn).

    ReplyDelete
  10. Proinsias Mac a' Bhaird22 April 2009 at 23:24

    'Glasuaine' atá ag mo mháthair chéile, ach 'glas' amháin atá ag mo bhean chéile - go figure - mar a deir lucht an Oileáin Úir! Is cosúil go raibh tionchar inteacht ag an chóras scolaíochta ar fhoclóir na Gaeltachta. 'Glas' a bheadh agam féin fosta agus creidim gur sin is coitianta i measc na n-óg.
    Deir mo mháthair chéile liom go raibh an dá fhocal aici riamh, 'glas' agus 'glasuaine' agus deir sí gur 'Green' an chiall atá ag gabháil leis an bheirt acu. 'Glasuaine' is mó a chuala mise uaithi fríd na blianta. Níor mhothaigh sí ariamh faoi aon difear datha a bheith ann idir rudaí beo agus rudaí neamhbheo.
    Seo ceist: cad chuige go mbíonn Fir Bhuí againn, ach go mbíonn siad ina mbaill den Ord Oraisteach!!!

    ReplyDelete
  11. Baineann "buí" le réimse dathanna - tan, beige - an réimse sin ar fad. Úsáditear "donn" le cur síos ar dhath gruaige go háirithe ach le haghaidh rudaí eile chomh maith. D'fhéadfadh dath donn a bheith ar mhadra, ach is minic go n-úsáidfí buí, ag brath ar an dath.

    Ceann eile ná go n-úsáidtear "bán" le cur síos ar ghruaig fhionn - Seán Bán Breathnach (bhí sé fionn fadó, nuair a bhí gruaig air!), cailín bán srl. Níor chuala mé "buí" á úsáid riamh le gruaig fhionn a chur in iúl - mar go bhfuil an bhrí eile sin leis an bhfocal "buí" a bhaineann leis na dathanna atá luaite thuas agam.

    Ceist mhaith a Phroinsiais, faoi na Fir Bhuí. Meas tú an focal nua go maith atá in "oráiste?"

    ReplyDelete
  12. Is dóigh liom go bhfuil gaol idir liath agus liathadh, sé sin le rá dáth ag éirí níos laige, fch:

    liath- [réimír]
    i leith na léithe nó na báine (liathchorcra, liathdhearg, liathdhorcha, liathghorm).

    Maidir le hOráiste, tá an crann oráiste in armas muintir Oranien, ar bhain Liam Buí leo.

    Flannbhuí atá san trídhathach de réir na bunreachta.

    Airteagal 7
    An bhratach trí dhath .i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.


    Is féidir an dubh a chuir ina gheal ar dhaoine le lia líocha!

    ReplyDelete
  13. Ós ag caint ar Green muid, ritheann sé liom go dtugann na Gearmáinigh "Déardaoin Uaine" ar Déardaoine na seachtaine Móire. (Gründonnerstag)

    Ach ní an dath atá i gceist in aon chor ó cheart, ach caoineadh - greinenTá an chiall "ámh" ag dul le glas freisin - glas na gcaorach, abair.

    ReplyDelete
  14. An-spéisiúil - ní chuala mé caint ar an réimir sin "liath-" cheana.

    ReplyDelete
  15. Bhí taighde ar bun ag iníon le Kevin Scannell ar dathanna. Tá torthaí don Ghaeilge anseo - tá súil agam nach bhfuil aon rún sceite agam anois

    http://borel.slu.edu/colors/irish.html

    Bhí lear mhór teangacha eile i gceist

    http://borel.slu.edu/colors/results.html

    Níl fhios agam cén tátal a bhain sí as!

    ReplyDelete
  16. Ceist chasta agus ruball léi í ceist na dtéarmaí a thugtar ar dhathanna i dteangacha éagsúla.

    Fadhb amháin ná go roinneann teangacha difriúla speictream na ndathanna in áiteanna difriúla. Fadhb eile ná go mbíonn níos mó na an dath féin i gceist uaireanta: mar shampla an t-idirdhealú idir beo agus neamhbheo i gcás 'green' na Gaeilge. Tá teangacha ann a bhfuil téarmaí difriúla ar 'green' ann ag brath ar chomh fliuch is atá an rud. Agus i dteangacha Slábhacha, is minic dhá théarma ar 'blue' a bheith ann, ceann a bhfuil 'chomh gorm leis an spéir' mar chiall leis agus ceann eile a chiallaíonn gorm 'saorga'.

    Féach mar shampla:
    http://en.wikipedia.org/wiki/Distinguishing_blue_from_green_in_language

    D'fhéadfá do shaol ar fad a chaitheamh i mbun taighde ar an ábhar agus fós ní ídeofá é.

    ReplyDelete
  17. Fíor-spéisiúil, a Chainteoir Dóchais - míle buíochas faoin gceist a chur i gcomhtheács idirnáisiúnta. Feicim san alt sin a mhol tú go raibh focal amháin ("blá") ag na Lochlannaigh ar an dá dhath dubh agus gorm, agus gur chiallaigh "blámenn" fear gorm/dubh. Seans gur uathu sin, b'fhéidir, a fuair muid féin an nós duine gorm a thabhairt ar dhuine dubh.

    ReplyDelete
  18. Tamall ó shoin bhí taispeáintas ag cara liom ar ealaíantóir ise. Eadaí dhathannacha a dhéanann sí agus san fhoilseán seo aici bhí mála láimhe agus scaif. Chuir mé spéis sa scaif a ndearna sí ar seol, snáithe idir olla is cadás a bhí ann agus na dathanna ag imirt ar a chéile. Béarla a labhair sí. Ní green é sin, ar sise, ach gray atá ag cur a dath de. Aililiú, ar mise im aigne : glas glas i gcónaí. Anois tuigim baisteadh na nGael.

    Is ionadh dom i gcónaí na Gaeil ag baint gaisneas as scáthán agus spléaclaí an bhéarla lena dteanga fhéin a mheas

    ReplyDelete
  19. Ach luíonn sé le nádúr go ndeanfadh an duine dátheangach, nó ilteangach comparáid idir na teangacha atá ar eolas aige, nach luíonn? Is corpas mór idirnáisiúnta eolais atá sa teangeolaíocht chomparáideach agus is léir ón méid freagraí a spreag an t-ábhar seo go bhfuil spéis ag daoine inti, fiú ag an leibhéal amaitéarach seo a bhfuilimse ag plé léi.

    ReplyDelete
  20. Dhe. Tá tú níos eolgaisí ar an nádúr ná mise, mhuise, a Thaidhg

    ReplyDelete
  21. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete