Monday, 6 April 2009
Róise agus an tOireachtas
Cuireann an scéal faoi John Cale an lá cheana mé ag cuimhniú ar mo chur chuige féin mar thuismitheoir i dtaobh chúrsaí teanga de. Scaití sílim go bhféadfainn cúpla ceacht a fhoghlaim ó Mhamó sin na Breataine Bige. Tá sé an-deacair an Ghaeilge a choinneáil in uachtar i dteaghlach ar bith na laethanta seo agus an brú atá ann ón gcultúr idirnáisiúnta. Téann na gasúir éagsúla trí thréimhsí éagsúla - scaití dílis go maith (agus an-dílis in amanna), scaití eile, is deacair focal Gaeilge ar bith a bhaint astu.
Tá Róise (8 mbliana) tagtha chun cinn go hiontach le bliain anuas, mar shampla. Ach ní mar sin a bhí i gcónaí. Dhá bhliain ó shin, bhí sé d'onóir mhór agam a bheith tofa mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge, ar feadh na bliana 2007.
De réir mar a bhí Oireachtas na Samhna ag druidim linn, bhí mé ag éirí buartha faoi Róise (a bhí sé bliana d'aois ag an am). Béarla ar fad ab ea an cúram, mar a deir an Ciarraíoch, bíodh is go raibh dalladh Gaeilge aici, agus blas an-deas le cois. Bhí muintir Mhaigh Eo ag maíomh as an Uachtarán óg(!) fuinniúil srl. a bhí roghnaithe acu - ach céard a tharlódh dá mbeinn thuas i gCathair na Mart i measc na maithe is na móruaisle agus Róise bheag ag sodar i mo dhiaidh, ag fógairt orm sa Sacsbhéarla? (Tá a fhios agaibh an tromluí coitianta sin - tá tú ag cruinniú tábhachtach, éiríonn tú i do sheasamh le teacht i láthair an tslua go cumasach, éirimiúil - agus tugann tú faoi deara nach bhfuil snáth éadaigh ort. Bhuel méadaigí é sin faoina chéad agus tuigfidh sibh mo chás).
Faoi dheireadh, shocraigh mé suí síos leis an mbeainín bheag agus an scéal a phlé léi. Nuair a bhí mé th'éis a mhíniú cé chomh deas is a bhí na daoine a roghnaigh a Daid sise leis an slabhra álainn órdha a chaitheamh, agus an cúlra leochaileach sochtheangeolaíochta a bhain leis an onóir sin a chur faoina bráid, las an dá shúil ina cloigeann. "Dad" a deir sí - "don't worry. I'm saving my Gaeilge for the Oireachtas!"
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Tá an scéal san go diabhail a thaidhg. Le deanaí d'éiríos as an Béarla. D'éirigh mé as an Béarla ionas go raibh brón ar mo chroí go raibh an méid san Béarla i mo chloigeann. Anois go bhfuilim ag caint as Gaolainn le chuile dhuine bíonn mo chuid smaointe as Gaolainn.
ReplyDeleteMeasaim nách deineann leanaí aon idirdhealu idir anois ba chóirr dom labhairt as Gaolainn agus anois as Béarla. Labhaireann siad pé teanga atá ar intinn acu.
Tógadh mise as Béarla, fiú amháin gur rugadh sa Ghaeltacht mé......Béarla ar fad a bhí sa tig againn, Gaolainn ar scoil agus sa timpeallacht.
Creidim go mór ina a dúirt Gandhi.....'Be the change you want to see in the world.'
Ní chuirim iachall ar aon duine Gaolainn a labhairt agus ba bhfearr liom mo chlann a speagadh le mo shlí bheatha.
Seo Róisín sin, sílim:
ReplyDeletehttp://philo-celtic.blogspot.com/2007/10/ramonn-clirigh-agus-risn-g-n-sheoigh-i.html
http://philo-celtic.blogspot.com/2007/11/risn-g-n-sheoigh-cuid-d.html
http://philo-celtic.blogspot.com/2007/11/risn-g-n-sheoigh-cuid-tr-croch.html
DAS, ní bhíonn leisce orainn i Nua-Eabhrac Gaeilge a labhairt os comhar duine ar bith - ach is scéal eile ar fad é anseo, tuigim.
Céard a dhéanfaimis gan iad, na páistí soineanta saoithiúla a choinníonn ag gáire agus ag machnamh muid! Nár laga aon Dia ná Ollmháthair na Cruinne ciall agus seiftiúlacht Róise.
ReplyDeleteBeidh sí ina polaiteoir fós, nár laga Dia í!!
ReplyDeleteTá an ballet i gceist go mór faoi láthair - agus tá caint ar chineál naíonra do chaitíní chomh maith....
ReplyDeleteMeasaim gur is í an grá idir do fhéin agus Rosie an rud is tabhachtaí, pé teanga atá á labhairt agaibh.
ReplyDeleteSílim é. Agus sílim go bhfuil an ceart agat faoin rud a dúirt tú ar ball faoi ghasúir - an dream beag, go háirithe, a Bhriain - má tá níos mó ná teanga amháin ar a gcumas agus iad an-óg, ní dhéanann siad i gcónaí idirdhealú cruinn idir eatarthu.
ReplyDelete