Thursday 16 April 2009

An Cultúr Idirnáisiúnta Tríthoiseach




D'imigh mo bhean agus an bheirt ba shine go Baile Átha Cliath inné agus fágadh mise sa mbaile leis an mbeirt bheag. Th'éis cúraimí an lae a chur díom (-foirmeacha Fhoras na Gaeilge do phlean foilsitheoireachta na bliana a líonadh, labhairt faoi aistritheoir faoin leabhar Seo Í Mo Scoil a bheas ag teacht uainn sa bhFómhar, idirbheartaíocht ríomhphoist a dhéanamh le foilsitheoir pictiúrleabhar ón Ísiltír atá sa Iordáin faoi láthair agus a bhí ag fágáil domhan an leathanbhanda le cúpla lá a chaitheamh ag fánaíocht sa ngaineamhlach, ar chamall, faoi stiúr treoraí Bedouach,) th'éis an méid sin a fháil déanta, isteach go Gaillimh leis an triúr againn le tráthnóna a chaitheamh ag babhláil, ag imirt púil agus ag breathnú ar scannán.

Bhí Monsters V. Aliens feicthe ag Tadhg Óg an lá cheana agus é ag cóisir lá breithe cara leis, ach bhí sé chomh tógtha sin leis mar scannán ("cheithre réalta, cinnte!") go raibh sé an-sásta a fheiceáil arís. Bhí spéis agam féin in Race to Witch Mountain, ach th'éis dúinn súil a chaitheamh ar chlip fógraíochta ar an ríomhaire sa leaba ar maidin, shíl Róise go raibh sé ró-scanrúil.

An nuaíocht a bhain le Monsters V. Aliens do Thadhg Óg agus é á fheiceáil don darna huair ná go raibh muid ag imeacht an iarraidh seo chuig an Eye Cinema, pictiúrlann atá feistithe le scannáin thríthoiseacha a thaispeáint.

Is mór an spóirt iad na spéaclaí tríthoiseacha a tugadh ag an doras dúinn is muid ar an mbealach isteach. Ní rockstar mise ar nós leis spéaclaí gréine a chaitheamh i gclubanna dorcha oíche, ach th'éis dúinn na gloiní a chur orainn don scannán, is fearr a thuig mé an bua a bhaineann le péire maith spéaclaí spéisiúla, ó thaobh chúrsaí íomhá de, fiú i seomra mór dorcha.

Ní raibh mé ag súil le mórán ó thaobh éifeacht na tríthoiseachta de, ach mura raibh, caithfidh mé a rá go raibh mé an-tógtha leis. Nuair a fheiceann tú bean bhocht, shocair, shéimh ar dearnadh fathach ar airde crann daraigh di, agus í ag flyeáil i do threo, bíonn tú a rá leat féin - mmm, tá sé seo níos fearr ná na seachtóidí, a fhear.

Agus muid ag plé an scannáin in Eddie Rocket's ina dhiaidh, chuimhnigh mé ar an méid a bhí le rá ag Brian anseo an lá cheana faoi "theanga an sclábhaí". Tuigim dó ar bhealach agus don spiorad inar léirigh sé a chuid tuairimí, ach san aois a maireann muid anois ann, tá an cultúr idirnáisiúnta tríthoiseach beagán níos casta ná sin.

In ainneoinn iarrachtaí mo leithéidí scéalta Fiannaíochta a chóiriú d'aoisghrúpa Thaidhg Óig agus Róise, dlúthdhioscaí Gaeilge a chur ar fáil dóibh, cur le réimse na leabhar Gaeilge atá ann dá n-aoisghrúpa, tá cultúr na scannán beochana, na gcluichí leictreonacha, na gclipeanna poiblíochta ar féidir breathnú sa leaba orthu - tá an cultúr sin ina "theanga sclábhaí" ag an domhan ar fad, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orainn, sa Spidéal nó i Seoul, nó i Stockholm.

Is measa an scéal, cinnte, i gcás na Gaeilge, teanga nach bhfuil d'acmhainn inti athghuthú a dhéanamh ar mhórscannáin Hollywood, rud nach n-éireodh go brách leis ar bhonn tráchtála.

Is é an rud is fearr ar féidir linn a bheith ag súil leis do ghlúin mo bheirt-se ná go nglacfaidh siad leis an nGaeilge i gcomhthéacs dátheangach, mar thoise breise den chultúr tríthoiseach ina bhfuil siad ag éirí aníos.

Fágann sé sin, is dóigh, gur saol ceithrethoiseach a bheas acu - níos fearr ná na seachtóidí, a fhear, i bhfad níos fearr.

11 comments:

  1. Is fíor dhuit.
    Cúinní fánacha in iomaíocht leis an mór roinn Béarla atá againn - ach tá siad ag éirí níos fairsinge de réir mar is féidir le hamaitéirigh (san fíor chiall) seilbh a ghlacadh ar an dteicneolaíocht - fiseáin ar youtube agus rl.

    ReplyDelete
  2. Caithfidh muid tosú ag cur níos mó inneachair as Gaeilge suas ar YouTube. Tá ar a laghad amhrán de do chuidse thuas cheana féin, a Thaidhg, fair play dhuit (amhrán an Ghaeilgeora Mhóir)!

    Dála an scéil, bhaineas féin agus mo bheirt nia (aois 4 agus 9) an-taitneamh go deo as an scannán "Hotel For Dogs" a tháinig amach cúpla mí ó shin. Mholfainn duit an DVD a thaispeáint don gclann ar fad am éigin, muna bhfuil sé feicthe cheana féin acu.

    ReplyDelete
  3. GRMA, a Chouchou. Ní mé féin a chuir suas an t-amhrán sin, mar a tharlaíonn sé ach is fíor duit - tá amhráin go leor eile de mo chuid i gcartlann TG4 agus RTÉ araon ar mhaith liom a bheith ar fáil, ach go gcaithfidh mé an scéal a phlé leis na húdaráis chuí.

    Agus go raibh maith agat faoin moladh don scannán "Hotel For Dogs" - bhí spéis ag Tadhg Óg é a fheiceáil nuair a bhí sé amuigh, ach scaoil muid tharainn é ar chúis eicínt.

    Tá an fhírinne ag AOnghus chomh maith - tá muid ag maireachtáil i gcultúr nua idirghníomhach - féach a bhfuil ar siúl eadrainne anseo leis an mblag seo, cuir i gcás. Tá aeráid nua DIY tar éis teacht i réím - ní ghabhfaidh sé in iomaíocht go deo le Disney nó Dreamworks nó Disney ag a leibhéal siúd, ach tá leibhéal eile cruthaitheachta tagtha chun cinn atá níos daonlathaí is a thugann deis do dhaoine rudaí a thriail agus iad féin a chur in iúl ar bhealaí nua.

    ReplyDelete
  4. Ní féidir, faraor, "comment" a chur in eagar - tá "Disney" sa mbreis thuas nár chóir a bheith ann...

    ReplyDelete
  5. Bhíos ag cuimhneamh ar seo beagánín ar feadh an lae agus níl sé soiléir dom fhéin fós. Is breá liom nuair a bhíonn an tuiscuint agam orm fhéin, cén fath go raibh an gubh orm, cad i gcóir an gubh.

    Spreag fear fiain mé lá amháin nuair a sheas sé suas i gcruinniú a bhí againn anseo i gCorcaigh agus dúirt 'Táim ag athrú mo ainm ón slave name - John go dtí Séan Óg'. Bain sé geit asam agus ag an am cheanna do speag sé mé.

    Tá béarla i mo thimpeallacht anseo i gCorcaigh. Sna siopaí, ar an radio, na fógraí, i ngach áit. Tá daoine i gCorcaigh ina chodladh. Ní haon droch rud do bheith i do chodladh, agus tá súil agam go ndúisigh siad.

    D'éirigh mé as an Béarla ar feadh 7 seachtaine. Ní raibh mórán deacraicht agam i gCorca Dhuibhne gan amhras, agus fiú amháin i mBéal Feriste, bhí sé níos fusa/easca ná mar a bhí anseo, agus ní thuigeadar fiú amháin is focal a bhí á rá agam i gCill Mhantáin agus i mBleá Cliath.

    Speagann saol Muhammad Ali mé chomh maith.

    Tá an rogha againn, is féidir linn ár gnó a dhéanamh trí Gaolainn nó trí Bhéarla. Nuair atáim ag déanamh mo gnó trí Gaolainn anseo i gCorcaigh nó i mBAC táim ar nós leanmh arís, agus uaireannta bhí ana chraic agam.

    Nonetheless, it is true to say, that this is the language that was imposed on us for 800 years. It is the language that we were made to speak in school, if we wanted a job, freedom from poverty, or something as basic as soup. It is the language of the oppressor, our 'slave language'.

    ReplyDelete
  6. Ní dóigh liom féin go ndéanfaidh sé aon mhaith don Ghaeilge namhaid a dhéanamh de lucht labhartha an Bhéarla. Ach tuigim do dhearcadh.

    ReplyDelete
  7. Meas tú ina dhiaidh sin, nach bhfuil stair beagán níos casta ná sin ag an mBéarla in Éirinn? Tá pobal mór ó thuaidh nach mbreathnodh air mar theanga sclábhaí. Sílim féin go mb'fhéidir gur chuir an dúil atá ag an Éireannach i dteangacha dlús le tréigean na teanga s'againn féin sa naoú haois déag. Ar ndóigh tá an ceart agat go raibh brú céadach ann chomh maith ón gcóras oideachais, brú an bhochtanais srl.

    ReplyDelete
  8. Feictear dom go bhfuil gaol gairid idir "teanga sclabhaí" agus "brúdh an Ghaeilge siar i mo scórnach" - gur dhá thaobh den easpa féin mhuiníne céanna iad. B'fhearrde dúinn ar fad bheith níos réchuisí faoi - agus smaoineamh go bhfuil an chuid is mó den chine daonna ilteangach!

    Is fiú ceathrar an fear le ceithre teanga, mar a dúirt an té a dúirt.

    Tá súil agam nár chuir mé le goimh aoinne anois...

    ReplyDelete
  9. Agus an bhean le ceithre theanga?

    ReplyDelete
  10. Níos mó fós gan amhras, ag brath ar an faobhar atá orthu! ;-)

    ReplyDelete
  11. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete