
D'imigh mo bhean agus an bheirt ba shine go Baile Átha Cliath inné agus fágadh mise sa mbaile leis an mbeirt bheag. Th'éis cúraimí an lae a chur díom (-foirmeacha Fhoras na Gaeilge do phlean foilsitheoireachta na bliana a líonadh, labhairt faoi aistritheoir faoin leabhar Seo Í Mo Scoil a bheas ag teacht uainn sa bhFómhar, idirbheartaíocht ríomhphoist a dhéanamh le foilsitheoir pictiúrleabhar ón Ísiltír atá sa Iordáin faoi láthair agus a bhí ag fágáil domhan an leathanbhanda le cúpla lá a chaitheamh ag fánaíocht sa ngaineamhlach, ar chamall, faoi stiúr treoraí Bedouach,) th'éis an méid sin a fháil déanta, isteach go Gaillimh leis an triúr againn le tráthnóna a chaitheamh ag babhláil, ag imirt púil agus ag breathnú ar scannán.
Bhí Monsters V. Aliens feicthe ag Tadhg Óg an lá cheana agus é ag cóisir lá breithe cara leis, ach bhí sé chomh tógtha sin leis mar scannán ("cheithre réalta, cinnte!") go raibh sé an-sásta a fheiceáil arís. Bhí spéis agam féin in Race to Witch Mountain, ach th'éis dúinn súil a chaitheamh ar chlip fógraíochta ar an ríomhaire sa leaba ar maidin, shíl Róise go raibh sé ró-scanrúil.
An nuaíocht a bhain le Monsters V. Aliens do Thadhg Óg agus é á fheiceáil don darna huair ná go raibh muid ag imeacht an iarraidh seo chuig an Eye Cinema, pictiúrlann atá feistithe le scannáin thríthoiseacha a thaispeáint.

Is mór an spóirt iad na spéaclaí tríthoiseacha a tugadh ag an doras dúinn is muid ar an mbealach isteach. Ní rockstar mise ar nós leis spéaclaí gréine a chaitheamh i gclubanna dorcha oíche, ach th'éis dúinn na gloiní a chur orainn don scannán, is fearr a thuig mé an bua a bhaineann le péire maith spéaclaí spéisiúla, ó thaobh chúrsaí íomhá de, fiú i seomra mór dorcha.

Ní raibh mé ag súil le mórán ó thaobh éifeacht na tríthoiseachta de, ach mura raibh, caithfidh mé a rá go raibh mé an-tógtha leis. Nuair a fheiceann tú bean bhocht, shocair, shéimh ar dearnadh fathach ar airde crann daraigh di, agus í ag flyeáil i do threo, bíonn tú a rá leat féin - mmm, tá sé seo níos fearr ná na seachtóidí, a fhear.
Agus muid ag plé an scannáin in Eddie Rocket's ina dhiaidh, chuimhnigh mé ar an méid a bhí le rá ag Brian anseo an lá cheana faoi "theanga an sclábhaí". Tuigim dó ar bhealach agus don spiorad inar léirigh sé a chuid tuairimí, ach san aois a maireann muid anois ann, tá an cultúr idirnáisiúnta tríthoiseach beagán níos casta ná sin.
In ainneoinn iarrachtaí mo leithéidí scéalta Fiannaíochta a chóiriú d'aoisghrúpa Thaidhg Óig agus Róise, dlúthdhioscaí Gaeilge a chur ar fáil dóibh, cur le réimse na leabhar Gaeilge atá ann dá n-aoisghrúpa, tá cultúr na scannán beochana, na gcluichí leictreonacha, na gclipeanna poiblíochta ar féidir breathnú sa leaba orthu - tá an cultúr sin ina "theanga sclábhaí" ag an domhan ar fad, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orainn, sa Spidéal nó i Seoul, nó i Stockholm.
Is measa an scéal, cinnte, i gcás na Gaeilge, teanga nach bhfuil d'acmhainn inti athghuthú a dhéanamh ar mhórscannáin Hollywood, rud nach n-éireodh go brách leis ar bhonn tráchtála.
Is é an rud is fearr ar féidir linn a bheith ag súil leis do ghlúin mo bheirt-se ná go nglacfaidh siad leis an nGaeilge i gcomhthéacs dátheangach, mar thoise breise den chultúr tríthoiseach ina bhfuil siad ag éirí aníos.
Fágann sé sin, is dóigh, gur saol ceithrethoiseach a bheas acu - níos fearr ná na seachtóidí, a fhear, i bhfad níos fearr.