Tuesday 28 April 2009

Nuair a theipeann ar chuile shórt eile, lig ort go bhfuil tú caillte


Sin seanfhocal Laidine an lae, a chairde - Quando omni flunkus, moritatus. An rud is mó a thugaim suntas dó sa gceann seo ná an focal sin "flunkus". Samhlaím an focal Béarla "flunk" le leithéidí Tony Soprano "You flunk one more time, you'll be swimmin' with the fishes". Ar ndóigh is de bhunadh na hIodáile é Antaine Mór, ach an ón Laidin a tháinig an focal "flunk" isteach i gcaint sráide Mheiriceá? (In ainneoin an tslada atá déanta ag Béarla Mheiriceá ar Bhéarla na hÉireann - "line" tagtha in áit "queue", "closet" in ionad "press" srl, ní focal é atá cloiste agam ó Éireannaigh d'aois ar bith.)

(Tá súil agam nach gcuirfidh an píosa seo as do shláinte ár gcara, Brian, ar tháinig taom an uair dheiridh ar tharraing mé anuas Béarla na hÉireann, taom a d'fhág beagáinín buartha mé, le fírinne).

11 comments:

  1. Is cosúil sanas nua bheith faighte agat.
    http://dictionary.reference.com/browse/flunk

    Béarlagar mic léinn ollscoile i SAM atá ann, de réir na foinsí thuas. Nascann ceann acu é le "funk" an Bhéarla.

    Sin a deir an suíomh seo freisin:
    http://www.etymonline.com/index.php?search=flunk&searchmode=none

    Ach ó tharla go mbíodh laidin ag lucht Léann, sílim go bhfuil ciall le do shanas sa. Ach tá amhras ag teacht orm freisin. An fíor laidin flunkus? Nó an amhlaidh gur bréag laidin atá san seanfhocal seo?

    ReplyDelete
  2. An é go bhfuil amhras ort faoi iontaofacht an léinn a bhaineann leis na giuirléidí atá feistithe anseo againn i nGarraí Johnny Mhorgan, a Aonghuis?!

    ReplyDelete
  3. Is innealtóir mé. Dlúthchuid dem fearas intinne an amhras!

    Quidquid latine dictum sit, altum sonatur

    Éist le fuaim na hidirlíne agus is breac iad na bric a gheobhaidh tú!

    ReplyDelete
  4. Is cuimhin liom a léamh tamall ó shoin go raibh “Sopranos” faoi gnaoi mhór ar fud an domhain ach amháin san Iodáil. Ní raibh éinne in ann adhmad a bhaint as na bloghanna “Iodáilise”a mhaitear a bheith ann. Shíl na hIodáiligh go raibh sé ar aon dul agus atá “top of the morning” ina Ghaeilge ag an Poncán.

    Fearn

    ReplyDelete
  5. Uh, ní Laidin é. Tagann an mana sin ón gclár (iontach greannmhar) The Red Green Show!

    http://en.wikipedia.org/wiki/The_Red_Green_Show

    ReplyDelete
  6. An-chosúil leis an nath "Illegitimi non carborundum!" (Don't let the bastards grind you down!) Leid amháin, a Thaidhg: níl an litir 'k' in úsáid i Laidin.

    ReplyDelete
  7. Aonghus - cén Laidin atá ar grovel, grovel, grovel? (Is fiú a bheith amhrasach).
    An-mhaith a fheara. Go raibh maith agaibh faoi mé a chur ar an mbóthar ceart.

    Níl eolas agam ar an gclár sin a Shéamais - céard faoi é?

    ReplyDelete
  8. Féach an t-alt sin. Club fear faoin tuath i gCeanada (mar dhea) atá ann, agus clár teilifíse 'fáil poiblí' acu. Chuir mo dheirfiúr in Maine mé ar an eolas faoi, agus cheannaigh mé DVDeanna de tar éis a téip a fheiscint. Sílim gur mhaith leat é. Ní fheadar an bhfuil aon sampla de ar fáil (go neamhdhleathach) ar leithéid de youtube...

    ReplyDelete
  9. Caithfidh mé súil go bhfeicfidh mé. Tá an saol is a mháthair ar YouTube...

    ReplyDelete
  10. Ní bhíonn saoi gan locht. Ceacht eile i scagadh eolais atá ann.

    Cuireann an tidirlíon an tuafás sonraí ar fáil, roinnt fíor, roinnt bréagach. Ach cuireann sé ar ár gcumas freisin é cabhrú go gasta lena chéile teacht go croí na ceiste.

    Sampla bharrúil eile:
    A nimh baolach úd Dihydrogen Monoxide

    ReplyDelete
  11. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete