Wednesday 1 April 2009

Codladh an diúilicín


Nuair a d'éirigh mé den chathaoir ar maidin th'éis dom mo bhricfeasta a ithe, ní raibh mé in ann meáchan a chur ar mo chois. "Tá codladh an diúilicín ar do chois" a déarfadh an Conamarach nuair a tharlaíonn a leithéidí. "Codladh an ghrifín" atá ag muintir mo mhná ó dheas i gCorca Dhuibhne.

Ceist agam oraibh - cén bunús nó brí atá leis an bhfocal sin "grifín" sa gcomhthéacs seo?

Agus cén leagan a bheadh ag an Ultach le cur síos ar chodladh an diúilicín nó an ghrifín?

14 comments:

  1. Cheap mé riamh gur "pins and needles" a bhí i gceist le codladh an ghrifín. Nach "dead leg" a bhí agatsa th'éis do bhricfeasta?

    Aon sainneolaithe teanga (no leighis) amuigh ansin chun cabhrú linn?

    ReplyDelete
  2. Tá gaol gairid idir an dá rud ina dhiaidh sin, nach bhfuil? Nó an bhfuil idirdhealú le déanamh, meas tú, idir an feiniméan agus an bhraithstint a thagann dá bharr? Más ea, meas tú an bhfuil eagan ar leith ag na Ciarraíochaí ar an rud a dtugann tusa "dead leg" air? (Seans go bhfuil ach nár chuala meise riamh é - caithfidh mé fiafraí di féin nuair a thiocfas sí isteach ón obair).

    ReplyDelete
  3. "leagan ar leith" a bhí i gceist agam thuas, seachas "eagan ar leith"

    ReplyDelete
  4. Codladh diúilicín a chuala mé féin riamh, gan an t-alt, ach níor chuala mé iomrá ar ‘grifín’. Dá mbeadh fonn codlata ort, d’fhéadfá codladh gé a bheith agat, nó fiú codladh an tsicín dá mbeadh tú iontach tuirseach ar fad! Cá mbeadh an codladh diúilicín ansin, meas tú…

    ReplyDelete
  5. Tá codladh an ghaiscígh ag na Ciarraíochaí chomh maith - sílim go raibh dán ag Máire Mhac an tSaoi agus an teideal sin air.

    ReplyDelete
  6. Proinsias Mac a' Bhaird4 April 2009 at 23:02

    Maidir le leagan Ultach, 'Eanglach' a bhí againn - agus orainn - sa bhaile (Árainn Mhór) i dtólamh. Níl a fhios agam cé chomh coitianta is atá sé fríd an Chúige uilig. Chuala mé 'codladh gliúragáin' in úsáid ag duine de bhunadh Rann na Feirste.

    ReplyDelete
  7. Tá "codladh gliúragáin" ag Ó Dónaill. Seans go bhfuil an ceart ag MiseÁine, gur "codladh diúilicín" atá ceart, seachas "codladh an diúilicín" - caithfidh mé beagán taighde a dhéanamh i measc na gcomharsan.

    ReplyDelete
  8. Is cuimhne liom mo mháthair á mhiniú gur Coladh an ghrifín an leagan gaolainn ar pins agus needles :) Cuireas ceist ar mo dhreifiúir inné agus dúirt sí go raibh sé sin i gceart. Neadar cad is brí leis an focal Grifín ach cuirfidh mé an ceist.

    Is breá liom na difrochtaí atá idir Gaolainn na Mumhain agus GnaG/GTC. Focail simplí ar nós sciopaí/faitíos/achan lá agus a leithéid ná chualaim riamh i CM. Ba bhreá liom da mbeach foclóir Gaolainn Béarla ann agus leabhar gramadach don Gaolainn.

    Gan amhras bhí jaib deacair acu an Chaighdeán a chur lé chéile ach i deireadh an lae is meascán de na 'canúintí' atá i gceist.

    An focal tapaigh mar shampla....

    tapaigh
    sciopaí
    gasta

    nách é?

    Táim ag léamh trácht scríobhte ag Antain Mac Lochlainn faoi láthair agus tá sé ana shimiúil. Ach sin scéal eile.

    Níor chuala riamh coladh an ghaiscígh nó fiú amháin coladh an gé ach ní sin lé rá nách núsaidtear iad.

    ReplyDelete
  9. bheuil, dheinis beagánín taidghe. Coladh an ghrifín, nó coladh ghrifín i gCorca Dhuibhne agus ní dheintear aon idirdhealú idir na mothucháin....dead leg/pins and needles. B'fhéidir go ndéatfá a rá tá mo chos ina choladh do dead leg.

    Níl fhios ag mo mhuintir cad is brí leis an focal grifín.

    O thuaidh usáidtear an focal coladh gliuragain/coladh gliugadain?

    Cad is brí le coileach an tae an bhfuil fhios aige aon duine?

    ReplyDelete
  10. Tá an nath "Tá mo chos ina codladh" ag Ó Dónaill. Meas tú an bhfuil an nath sin ann i mBéarla Mheiriceá agus ag na Sasanaigh - "My foot is asleep"?

    ReplyDelete
  11. "Ceist agam oraibh - cén bunús nó brí atá leis an bhfocal sin "grifín" sa gcomhthéacs seo?"

    grifín > griofadach (???)

    ReplyDelete
  12. Seans go bhfuil bunús eicínt leis sin - níor chuala mé an focal sin cheana - an bhfuil sé cloiste sa gcaint agat, a dhuine gan aithne?

    ReplyDelete
  13. níl clue againn cad is brí leis an focal grifín ;) agus rugadh mise sa cheantar!

    ReplyDelete
  14. Seo mar a dúirt cara Ultach liom: 'Is é "codladh gliúireagáin" (níl mé ach ag cumadh an litriú sin!) a deir muidinne má tá do chois ina codladh agus go speisialta nuair atá sí ag teacht chuici féin. Déarfainn gur dócha gur seo an téarma Gaeilge ar "pins and needles" sa Bhéarla... Níl eolas ar bith agam ar an fhocal "grifín" Déarfainn gur ainm duine nó neach éigin atá i gceist (sin mo bharúil). Ó thaobh fhocal Chonamara de "an diúilicín" tá an fhuaim rud beag cosúil le "gliúireagáin" s'againne, (siollaí, ú, 7rl)'.

    D'fhéadfadh mo chara bheith ceart maidir leis an 'grifín' sin, agus d'fhéadfadh baint a bheith aige le hainm duine, ar an gcaoi chéanna agus a déarfadh duine 'beidh lá eile ar an bPaorach' - cibé duine é/í an Paorach!

    Mar sin féin, seans go bhfuil bunús an fhocail gaolta le 'griofadach', mar a lua ár gcara gan ainm thuas.

    Suimiúil, mar sin féin, na cosúlachtaí fuaime a luadh!

    ReplyDelete