Saturday 11 April 2009

Jade Goody agus cultúr báis na Sasanach



Ceann de na caithimh aimsire ba ghaire do chroí mo Dhaid agus muide beag ná a bheith ag freastal ar shochraidí. B'shin an chuma a bhíodh ar an scéal dúinne, na gasúir, ar aon nós. Nuair a bhíodh na ba blite ar maidin, agus an bainne tugtha leis ar leoraí Mhick Lyons, shuíodh Daid ag an mbord leis an bpáipéar, ag scrúdú na bhfógraí báis go sásta. Corrmhaidin, lasadh an dá shúil ina cheann, d'íslíodh an páipéar agus fógraíodh ar mo Mham "There's one that's dead in the paper, Mary!"

Agus mé ag siúl isteach tigh Dhónaill anseo sa Spidéal tráthnóna inné, is nuair a chonaic mé romham ar sheastán na n-irisí, eagrán eile de chuid an fhoilseacháin lándaite OK, faoin teideal spreagúil "Jade Goody - the Exclusive Funeral edition", nó rud eicínt mar é, chuimhnigh mé ar mo Dhaid.

Is mór idir cultúr báis na hÉireann (faoin tuath, ar aon chaoi) agus an bealach atá ag muintir Shasana déileáil leis an gcuid doshéanta sin den saol. Tharraing an scríbhneoir Sasanach, Diana Athill, caint go leor cúpla mí ó shin nuair a foilsíodh leabhar léi dar teideal "Somewhere Towards the End". Deich mbliana le cois an cheithre scór atá Diana agus maíodh ag an am go raibh a leabhar th'éis dúshlán a thabhairt don tabú a bhaineann leis an mbás i gcultúr na Breataine. Chonaic mé agallamh teilifíse léi ar an mBBC ag an am agus í ag plé an scéil. An rud ba mhó faoin agallamh ar thug mé suntas dó ná gur dhúirt sí nach bhfaca sí riamh corp duine caillte go dtí go raibh sí féin isteach sna seachtóidí.

Sílim féin go mb'fhéidir gurb shin an fáth gur dearnadh sorcas chomh mór de bhás Jade Goody gona macallaí den tsochraid dheireanach a tharraing oiread cainte sa mBreatain - bás Diana.

Má tá tú ag maireachtáil i gcultúr a chuireann daoine caillte chomh mór i bhfolach go bhféadfá do shaol a chaitheamh gan súil a leagan ar chorp go dtí go raibh tú féin ag druidim le bruach na huaighe, ní haon iontas go dtapódh daoine an deis na mothúcháin cheilte ar fad a bhainfeadh leis an mbás a scaoileadh amach nuair a thiocfadh leithéidí Jade Goody faoin spotsholas.

De réir mar a théim in aois is ea is mó an meas atá agam ar chur chuige mo Dhaid agus ar an gcultúr báis lena mbaineann muid anseo in Éirinn.

5 comments:

  1. Blianta ó shin, bhí cara de mo mháthair ag béabaísiteáil do bheirt leanaí, ar clann adhlacóirí iad. Bhí siad uilig ag breathnú ar an teilifís fhad agus a bhí an nuacht ar siúl. Bhí píosa ann faoi duine éicint mór le rá a bhí díreach th'éis bás a fháil, tá 'fhios agat, polaiteoir nó duine mar sin.

    Ar aon nós, ag deireadh na tuairisce, chas cheann de na leanaí don gceann eile agus dúirt,"I wonder, who's looking after the remains?"

    ReplyDelete
  2. Tá ciall eile ag 'cultúr an bháis,' agus ní shílim gur sin an nath is oiriúnaí sa chás seo. Ach nílim ag rá go bhfuil nath níos fearr agamsa! Tá meas ar bheatha an duine fós in Éirinn, den chuid is mó (go bhfios dom). Sin an fáth go dtaispeántar meas don duine marbh.

    ReplyDelete
  3. "Cultúr na hAdhlactha", b'fhéidir? Ní shílim gur ceist measa nó easpa measa ar an mbeatha atá ann, ach cur chuige atá préamhaithe go domhain i gcultúr sóisialta na hÉireann glacadh leis an mbás agus a bheith oscailte faoi. Ócáid pobail atá sa tsochraid in Éirinn - ní hionann agus i Sasana, cuir i gcás, go dtugtar cuireadh do dhaoine teacht ar shochraid (ní i ngach comhluadar i Sasana - tír mhór í agus an-mheascán daoine inti) in Éirinn, fógraítear an tsochraid go poiblí agus tagann daoine ann, lena mbris a chásamh leis na daoine a bhfuil duine muinteartha leo imithe uathu. Rud folláin é sin, agus rud a chabhraíonn, creidim, leis an bpróiséas téarnaimh i ndiaidh an bháis.

    ReplyDelete
  4. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete