Thursday 9 April 2009

Lá na báistí


Deirtí faoi na hEiscimigh (an Iniuit atá orthu na laethanta seo, seans) go raibh an-saibhreas foclóra acu a bhain le sneachta. Ag breathnú amach ar an gcuan, siar ó dheas uaim ó Gharraí JMh, táim ag cuimhniú gur i gcás an chultúir s'againn féin, is í an bháisteach an réimse aimsire is mó a bhfuil scil againn ann, agus ní gan chúis.

Ó bharr mo chinn, mar sin, seo chugaibh mo stór foclóra féin:

Tá sé ag cur báistí
Tá sé ag báisteach
Tá sé ag gleáradh báistí
Tá sé ag clagar (Múscraí) ag clagarnaigh (Corca Dhuibhne) ag clagarnach (Conamara)
Tá sé ina sceana gréasaí
Salachar báistí
Brádán báistí
Cith báistí
Múr báistí
Múraíl scaipthe
Múiréileacha
Fearthainn - ag cur fearthainne srl. (Uladh)
Tháinig an lá ina chac báistí
Tá sé salach
Tá sé broghach (Iorras)
Tá sé ina dhíle
Báisteach throm, éadrom
Aimsir cheathach
Tá sé bog
Tá braon i mbéal na gaoithe
Tá báisteach air
Tá sé ag stealladh (báistí)
Tá sé ag cur (Uladh?)
Tá uisce mór déanta aige (Iorras)
Tá braon caite aige
Aiteall (sos idir dhá mhúr - Conamara)
Téigle (an rud céanna - Iorras)

Tá mé cinnte go bhféadfaí a bheith ag cur leis an liosta sin....

5 comments:

  1. Tá sé ag cur fearthainne....anseo i Múscraí

    ReplyDelete
  2. Má bhí tú in Éirinn míle bliain ó shin, chloisfeá:

    Feraid flechud indossa. = Tá sé ag cur báistí anois.

    Agus in Albain tá sé an-simplí: Tha an t-uisge ann. (!)

    ReplyDelete
  3. Níl mé cinnte faoi seo ach chuala mé trácht ar bháisteach 'leatromach', is dóigh liom gurb é sin báisteach a thiteann in áit amháin agus ní in áit eile (is minic i gConamara go bhfeiceann tú báisteach in áit amháin nuair atá an ghrian ag scalladh in áit eile!)

    ReplyDelete
  4. Báisteach leatromach - is deas é. Cuireann sé sin i gcuimhne dom comhrá teileafóin a bhí agam lá amháin le mo bhean, atá ag obair thiar i dTír an Fhia. Bhí mise i mBaile Átha Cliath don lá agus chuir mé glaoch uirthi. Bhí sé ag dortadh anuas (sin ceann eile!) thiar, mar a bhíonn go minic. "Tá sé ag gleáradh anseo i mBleá Cliath chomh maith" a deirimse léi. "Nach deas é sin a chloisteáil!" a deir sí. (Samhlaíonn muid cinnte gur báisteach leatromach a thiteann ar Chonamara formhór an ama, a fhad is atá an chuid eile den tír ag déanamh bolg le gréin - déanaim amach go bhfuil beagán den choimpléacs géarleanúna ag baint le do nath, a Ursula!).

    Tá sé spéisiúil, a Dennis, go bhfuil an focal "uisge" acu ar bháisteach in Albain. Úsáideann muintir Iorrais (nó muintir na hEachléime ar aon chaoi, an ceantar is fearr aithne agamsa air in Iorras) an focal "uisce" ar bháisteach chomh maith - níl sé cloiste agam mórán in áit ar bith eile - ach ní hionann sé sin is a rá nach bhfuil sé ann.

    ReplyDelete
  5. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete