Friday 3 April 2009

John Cale, an Velvet Underground agus an Bhreatnais

Bhí mé ag éisteacht ar ball le hagallamh ar phodchraoladh ón mBBC dá
gclár ealaíne "Front Row". John Cale, an cumadóir amhrán agus léiritheoir ceoil ón mBreatain Bheag a bhí faoi agallamh - bhuel, is mar cheoltóir ba mhó a bhí aithne go dtí seo air, b'fhéidir. Bhí sé ina bhall den Velvet Underground le Lou Reed sna seascaidí agus sna seachtóidí i Nua Eabhrac, grúpa a raibh an t-ealaíontóir Andy Warhol mar bhainisteoir acu. Tá sé bainteach riamh ó shin leis an gciorcal ceoil agus ealaíne sin i Nua Eabhrac - mar a bhfuil cónaí le dhá scór bliain ó shin air.

An fáth go raibh sé faoi agallamh an tseachtain seo ná go mbeidh sé ag déanamh ionadaíochta thar ceann na Breataine Bige ag Biennale Ealaíne na Veinéise - ní mar cheoltóir, ach mar dhearcealaíontóir, ag an imeacht dearcealaíne is mó ar domhan, b'fhéidir, a bhíonn ar siúl i gcathair an uisce san Iodáil, gach re bliain.

An t-ábhar a bheidh á ionramháil ag John Cale sa taispeántas atá sé ag réiteach don Veinéis ná a thógáil mar chainteoir Breatnaise sna caogaidí. Mhínigh sé san agallamh gur fhás sé suas i dteach a sheanmháthar. Sasanach ba ea a athair agus cainteoir dúchais Breatnaise a mháthair agus a máthair sise. Fear bocht a bhí san athair, mianadóir, fear gan oideachas. Chuaigh an lánúin óg chun cónaithe leis an tseanmháthair th'éis dóibh pósadh.

Bhí an-mheas ag a sheanmháthair ar an oideachas - thuig sí gur bealach éalaithe a bhí ann ó bhochtanas shaol an mhianadóra. Bhí sé le tuiscint ón agallamh chomh maith, cé nár dúradh amach é, go raibh an-drochmheas ag seanmháthair Cale ar an rogha céile a bhí déanta ag a iníon nuair a phós sí an mianadóir bocht Sasanach, nach raibh focal Breatnaise ina phluic aige. Is léir chomh maith go mba deachtóir mná an tseanbhean agus go raibh athair agus máthair Cale araon faoina bois aici.

Bhí cosc iomlán ar Bhéarla sa teach, rud a d'fhág nach raibh focal Béarla ag Cale sular thosaigh sé á fhoghlaim ar scoil agus é seacht mbliana d'aois. D'fhág sé sin (agus seo an rud a ghoilleann ar Cale - go dtí an lá inniu féin, is léir) nach raibh cumarsáid cainte mórán ar bith aige lena athair go dtí go raibh sé seacht mbliana d'aois, nó gur thosaigh sé ag teacht isteach ar an teanga ar scoil.

Cé go bhfuil eolas agam ar cheol John Cale le fada, ba nuaíocht domsa an t-eolas cúlra seo ar fad. An-spéisiúil, a shíl mé.

6 comments:

  1. Nach brónach an sceal é sin... sílim go bhfuil an ceangal idir athair agus mac chomh tábhachtach. Nuair a bhí mise ag fás aníos bhí ceirnín sa teach le JJ Cale a thaitin go mór liom, ní cuimhin liom mórán faoi ach gur thaitin sé liom... ní hé an fear céanna é, an ea?

    ReplyDelete
  2. Is dócha go bhfaca tú "How Green Was My Valley?" Cuir tú sin i gcuimhne dom leis an scéal seo, go háirithe maidir leis an oideachas.

    ReplyDelete
  3. Ursula, is duine difriúil ar fad é JJ Cale. Ceoltóir eile ach píosa beag níos óige. Tig leat é a seiceáil ar Wikapaedia

    ReplyDelete
  4. Is cuimhne liom go maith an chéad uair a chuala mé The Velvet Underground. Fuaireas íosacht ceirnín ó mo chomharsan agus thaithin sé go mór liom. Faoi láthair táim ag filleadh ar ais ar ceol traidisiúnta agus is breá liom an link san atá agat le Julie Fowlis ón Albainn agus Muireann le Danu.

    Is aoibheann liom bhieth ag machnamh, nó ar an mbus ag éisteacht leis an ceol traidisiúnta. Meallann sé m'intinn :)

    ReplyDelete
  5. Tháinig ceithre cinn de nótaí isteach i gcaitheamh na hoíche. Tá an ceart ag Anonymous, a Urscula - duine eile ar fad é JJ Cale. An fáth, b'fhéidir, gur furasta iad a mheascadh ná go raibh faisean ag JJ Cale gan pictiúr dó féin a chur ar chlúdach a chuid albam. Cuimhním ar an racún, mar shampla a bhí ar chlúdach an albam Naturally (ab shin an teideal a bhí air? Bhí amhráin ar nós "They Call Me the Breeze" agus "Magnolia" air.

    Ní fhaca mé riamh "How Green Was My Valley" a Shéamais, cé go n-aithním an teideal, ceart go leor. Caithfidh mé imeacht á thóraíocht.

    Tá mé féín le cúpla bliain do mo bhá féin sa traidisiún arís, a Bhriain. Sílim gurbh é an CD/leabhar sin "Gugalaí Gug" a rinne muid i 2005 a chuir tús leis an athbheochan spéise - bíodh is go raibh sé ann i gcónaí. Tá muintir Chonamara an-bhródúil as a gcultúr féin. Agus feictear dom gur saibhreas gan luach é sin - is teagmháil bheo atá ann leis an dream a chuaigh rompú, cothaíonn sé féinmhuinín, creidim, agus comhbhá le cultúir eile chomh maith.

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agat, a dhuine gan ainm! Bhreathnaigh mé ar Wikipedia agus is cuimhin liom anois gur Grasshopper a bhí ar an albam (ó 1982!!) Tá fonn orm éisteacht leis arís agus dul ar ais ar bhóithríní na smaointe. Bhíos ag súil go mbeadh píosa le cloisteáil ar Wikipedia ach níl, caithfidh mé ceist a chur ar mo mhuintir cá ndeachaigh an t-albam sin...

    ReplyDelete