Thursday, 30 April 2009
Céad lá ag Obama sa Teach Bán
Shílfeá nach raibh Angela Merkel an-sásta an samhradh seo caite nuair a leandáil Barack Obama sa nGearmáín, le castáil léi, ar ndóigh, ach níos tábhachtaí fós, le labhairt os comhair slua ollmhóir i mBeirlín. Thuigfeá di, ar bhealach. Ach ar bhealach eile, bhain an imeacht sin le hathrú atá tagtha ar leagan amach an domhain mhóir, go háirithe ó tháinig ann don réabhlóid dhigiteach - is pobal comhdhlúite muid i bhfad níos mó ná riamh agus bímis sásta leis nó ná bíodh, tá ról an-lárnach ag an té a bhíonn ina shuí ag an deasc san oifig ubhchruthach sin ar Ascaill Pennsylvania.
Ní haon saineolaí polaitíochta mise, ach mar shaoránach Eorpach, tá mé i bhfad níos compórdaí le cur chuige Obama ná mar a bhí le modus operandi an IarUachtarán Bush. An cur chuige atá ag Obama le muintir na hIaráine, cuir i gcás. Tá sibhialtacht, fhada, shaibhir, chasta, luachmhar ag an Iaráin, nó an Pheirs, mar a thugtaí fadó uirthi.
Ach an oiread le tír ar bith, ní aontaíonn chuile shaoránach leis an gcuir chuige atá ag a nUachtarán féin, leis an mbuaileam sciath a bhíonn aige le hIosrael, cuir i gcás. Rinne Obama an rud ceart, dar liom, geataí na taidhleoireachta a oscailt do mhuintir na hIaráine. B'fhéidir gur simplíocht atá sa dearcadh sin agus b'fhéidir gur simplíocht atá sa bpolasaí nua atá á leanacht ag foireann reatha an Tí Bháin. Ach baineadh triail sách fada as bealach na mbriathra buille agus ní dóigh liom go raibh na torthaí chomh dearfach sin.
Is cinnte go bhfuil seans mór tógtha ag Obama leis an bpacáiste ollmhór atógála, nó athspreagtha nó pé rud a thabharfá air. An éireoidh leis sin? Beidh le feiceáil, mar a deir muintir Bhéal Feirste.
Pé rud a déarfá faoi, caithfidh mé a rá gur faoiseamh aigne dom nár éirigh le Sarah Palin a bealach a dhéanamh aniar aduaidh ó Wassilla go Washington. Tá go leor le rá ar shon John McCain, ach ní bheadh an cinneadh sin a thóg sé bean Alasca a cheapadh mar iarrthóir tánaisteach ar an gceann is stuama a rinne sé i gcaitheamh a shaoil pholaitíochta. Bhain muid an-spórt as an bhfeachtas ina dhiaidh sin anseo sa Spidéal, agus ó tharla ann do YouTube, bhí muid in ann í féin agus Tina Fey a leanacht ó sheachtain go seachtain is ó lá go lá. An-ábhar grinn, marach go raibh na stéiceanna chomh hard (uaireanta bím róleisciúil focal.ie a sheiceáil - mo leithscéal, a léitheoirí).
Beidh sé spéisiúil féachaint an mbeidh Obama fós ina bhuachaill bán againn anseo san Eoraip faoi chéann ceithre bliana eile. (Ní raibh aon díspeagadh ciníoch i gceist leis an leagan cainte deiridh sin, ach mé ag iarraidh an nath juste, mar a déarfadh an Francach, a aimsiú).
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
This comment has been removed by the author.
ReplyDeleteNá creid gach a fheiceann tú ar Saturday Night Live, a dhuine chóir.
ReplyDeleteBhí siad breá sásta le BHO in Berlin agus é ar a fheachtas ansin. Is trua nach bhfuil sé ina uachtarán orthusan.
Léamh eile atá agamsa air, dar ndóigh...
Cúis imní é go bhfuil an scoilt i pobal SAM fós chomh doimhin agus nimhneach. Agus is dócha go mbeadh sin amhlaidh, cuma cé a bhuaigh an toghchán.
ReplyDeleteTáid ann thall a fheiceann tubaist i mBarack Obama, mar a chonaic a lán i nGeorge Bush.
Tá an ghaoth i seolta Bharack abhus fós - go poiblí pé scéal é - ach is deacair polaitíocht na hEorpa agus polaitíocht SAM a chuir i gcomparáid; tá difríochtaí suntasacha san tuiscint ar ról agus dliteannais an Rialtas agus an saoránaigh.
An rud ba spéisiúla faoi Saturday Night Live ná a laghad a bhí le déanamh ag scriptscríbhneoirí Tina Fey le bunráitis Sarah Palin a chur as riocht le ceap magaidh a dhéanamh di. An bhfaca tú í an oiche go raibh an t-agallamh beirte ann idir Sarah Palin, mar dhea agus Hilary Clinton?
ReplyDeleteClinton: I believe that diplomacy is the cornerstone of any foreign policy
Sarah Palin: And I can see Russia from my house!
Tá meas agam ar pholasaíthe taighleoireachta Obama, ar na cúiseanna a luaigh tú. Ach ní mór do na Stáit Aontaithe athrú an-mhór treo a ghlacadh maidir le cúrsaí eacnamaíochta de: tá teipthe ar an gcaipitéalachas gan srian. Mar is eol dúinn, theip ar an sóisialachas freisin. Teastaíonn córas nua éigin - b'fhéidir áit éigin idir an dá shean-chóras sin.
ReplyDeletePobalbhreith na seachtaine seo chugainn, a Thaidhhg: Boston nó Berlin?"
Boston agus Beirlín!
ReplyDeleteFreagracht an duine aonair, agus cosaint don lag. Agus rialacha stuama.
Léigh mé cúpla lá ó shin, tar éis don seanadóir Arlen Specter an Páirtí Republican a thréigean, go bhfuil na Poblachtánaigh níos cosúla le reiligiún anois ná le páirtí polaitíochta. An bhéim ar cheartchreideamh atá acu atá i gceist anseo. Hmmm... agus nach é an Pápa atá sa Róimh faoi láthair a dúirt gurbh fhearr leis níos lú Caitliceach agus iad níos díograisí ná an mhalairt? Sin é go díreach an rud atá ag titim amach i Meiriceá sa Pháirtí Poblachtánach.
ReplyDeleteNíl aon rud mar sin ag tarlú, sin rud cinnte.
ReplyDeleteD'imigh Specter mar go raibh sé chun an fothoghchán a chailliúint mar Phoblachtach. Rinne sé a mhalairt sna seascaidí, nuair a d'iompaigh sé ina Phoblachtach. Níl aon athrú ann maidir le vótaí, mar chaith sé a chuid vótaí mar Dhaonlathach an t-am ar fad. Conas a deirfeá 'dirtbag' as Gaeilge? Mála salachair?
Seo rud eile le léamh, Dennis (ach beidh ort do ríomhaire a ní ina dhiaidh, is dócha)...
ReplyDeletehttp://corner.nationalreview.com/post/?q=YjRkYzY5MThiZGFmOGMzM2NiY2UyNDhlZDliZDMyYTQ=
An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
ReplyDeleteláithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.