Sunday 5 April 2009

Dán Brónach

Dá mba Lochlannaigh muid fadó,
Ag searmanas báis i nduibhe na hoíche
Tusa ag caoineadh mac do dhearthár
Mise ann de bharr gaol pósta
Ina seasamh dúinn le taobh an tsáile
Ag breathnú anonn ar an mbád mór cogaidh
Í seolta amach ar an gcuan foscaithe
Á hithe ag lasracha na hócáide
Is sínte ina lár, colainn an ghaiscígh,
A spiorad mór leis na splancracha ag ardach
Is á scuabadh chun siúil anonn go Valhalla.

Dá mba Lochlannaigh muid fadó,
Ag cuimhniú ar an saol
A bhí tagtha chun deiridh
Na blianta soir siar
Ar fharraigí arda
Corr-ruathar tugtha faoi mhanaigh na hÉireann
Corr-ab maraithe, corrchailís sciobtha
Scríbhinní maisithe caite sa sáile
Sceon curtha ar mhná is ar pháistí
Le tua luascach, le béiceach is lúireach -

Dá mba Lochlannaigh muid fadó,
Is an laoch seo sínte gan choinne
Ar éigean dhá ribe liath ar a chloigeann,
B’fhéidir go mbeadh muid in ann é a mhíniú.
B’fhéidir go mbeadh muid a rá lena chéile
Gurbh é dia na croise faoi ndear é a bheith scuabtha
Dia na hÉireann, dia na cailíse,
Dia an ab is
An leabhair mhóir bheannaithe.
Dia lán cantail a leagfadh tréanfhear,
A sciobfadh chun siúil é óna bhean is a pháiste.

Ach ní sheo fadó,
Seo maidin Mhárta
Muid bailithe le chéile ag séipéal Chnoc Mhuire
Agus ní bád cogaidh í seo atá romhainn,
Ach eileatram snasta, chomh dubh leis an ngual
Crua a bhuaileann go trom inár gcléibh.

Agus ní dia crosta a leag é ar lár
An gaiscíoch fir seo, an seoltóir mór,
An fear maith sciála, laoch an ghiotáir,
Ach aicíd scáfar nach féidir a smachtú
A réabann leis trí theampall na colainne
Mar Lochlannach bradach ón muir

Is an Dia bog grámhar, cneasta is cóir
A tharraing an sagart anuas ar ball
Ar ardaigh seisean oiread is méar
I gcoinne na tubaiste seo a bhí ag tuar
Le ráithe mór buartha is bróin?

Agus breathnaigh ortsa , a sheanbheainín chaoin,
Ag cur le liodán crua do shaoil
A chaill d’fhear,
Is do dheartháir óg,
Do mhac -
Anuas de Honda 90
D’iníon -
A fritheadh fuar sa leaba.

Beirim ort de bharróg mhór
Scaoilim arís thú, is feicim
Deor, ag sileadh anuas do leiceann
Bán, is cloisim thú de chogar, fann -
“It’s not fair, Tadhg. It’s just not fair.”

5 comments:

  1. Dán a fheileann a ainm dó. Mar a dúirt sí "it's just not fair"...

    ReplyDelete
  2. Aontaím le hÁine faoi theideal an dáin.

    "Is an Dia bog grámhar, cneasta is cóir
    A tharraing an sagart anuas ar ball
    Ar ardaigh seisean oiread is méar
    I gcoinne na tubaiste seo a bhí ag tuar
    Le ráithe mór buartha is bróin?"

    Sin ceann nach dtuigim féin: an contrárthacht idir Dia cineálta agus an cruálachas a fhulaingíonn roinnt den lucht leanúna is dílse atá aige. Tá súil agam go dtuigfidh mé lá éigin é, ach níl mé in ann ciall a bith a bhaint as beir ná beo faoi láthair.

    ReplyDelete
  3. Fuair mac Dé bás ar chros. Ní raibh sin féaráilte ach oiread.

    ReplyDelete
  4. Tá riar píosaí scíofa agam le tamall anuas a bhfuil an creideamh nó an easpa creidimh mar ábhar iontu. Tógadh mé i dteach agus i bpobal a raibh an creideamh an-tréan ann. Chaill mé an creideamh sin sna déaga dom, ach níor chaill mé spéis riamh ann. Ba iad na healaíona mo chreideamh ar feadh na mblianta - is ea i gcónaí, ar go leor bealaí.

    Cuimhním ar an gcéad uair ar chuala mé an t-amhrán "Caoineadh na dTrí Muire" (físeán le hIarla Ó Lionaird, ar dheis) - Tomás Mac Eoin ón gCeathrú Rua a chuala mé á rá ag an Oieachtas i nGaoth Dobhair, thart ar an mbliain 1984 nó mar sin. Ar bhealach, cuireann sé síos ar an rud atá ráite ag an mbeirt agaibh thuas. Caoineadh daonna atá ann ag máthair dá mac daonna. Is iontach an píosa cumadóireachta é.

    Tá an bhraithstint chéanna san amhrán sin is an rud a bhí mise ag iarraidh a chur in iúl anseo - céard atá ar siúl anseo? Cá bhfuil an ceart is an chóir?

    Chomh maith leis sin, tá an t-athrú atá tagtha ar an gcaoi a chuirtear an creideamh i láthair i gceist - le mo linn féin, tá sé athraithe as éadan. Nuair a bhí mise beag, agus cinnte nuair a bhí mo thuismitheoirí beag, bhí an diabhal i bhfad níos tábhachtaí ná mar atá sé anois. Bhí oiread céanna béim ar ifreann is a bhí ar neamh - ar shaol maith a chaitheamh le síoraíocht mhór fhada, (mar a d'abraíodh Bab Feirtéar) in Ifreann a sheachaint seachas le bheith go maith mar gur chóir a bheith. Creideamh crua a bhí ann, creideamh a raibh "Dia lán cantail" ar a chúl, cheapfá.

    Ar aon chaoi, is deis iontach dom an blag seo le dréacht de rud a chur i bhur láthair agus é a phlé. Tá mé an-bhuíoch daoibh faoi bheith páirteach.

    ReplyDelete
  5. Agus, ar thug tú faoi deara riamh go bhfuil an focal 'ifreann' istigh sa bhfocal 'Aifreann'? Sin ceann de na rudaí suaracha a thugaim faoi deara ó am go chéile. Thug mé faoi deara go bhfuil 'asal' in 'Uasal' freisin...

    ReplyDelete