Saturday 4 April 2009

Pobalbhreith Gharraí Johnny Mhorgan - na torthaí

Tá an vótáil déanta sa bpobalbhreith reatha, a chlann. Méadú suntasach ar líon na vótaí don darna pobalbhreith seo - ardú breis is 100% ar an líon vótaí a chaitheamh (nach deas go bhfuil duine eicínt in ann tuairisciú go bhfuil ardú 100% ar rud eicínt seachas cánacha agus rátaí den ghalar dubhach de bharr chúlú na heacnamaíochta?).

Ar chaoi ar bith, bhí 40% agaibh den tuairim gur cheart don ealaíontóir úsáid a bhaint as a chuid ealaíne le cúis pholaitiúil a chur chun cinn - an seasamh a thóg leithéidí Raiftearaí, Woody Guthrie agus ealaíontóirí engagé go leor eile agus iad i mbun saothair.

Bhí 22% den bharúil go mbraitheann sé ar an gclaí ar a bhfuil tú i do shuí - is ann, ar ndóigh, a bhíonn na himreoirí iomána (seachas na healaíontóirí) is fearr.

13% agaibh a thóg an seasamh cúramach sin a mbíonn Concubhar Ó Liatháin ag caitheamh anuas air - (agus iomlán an chirt aige - molaim a mhisneach) - is é sin go bhfuil sé ceart go leor a bheith ag seasamh go poiblí le cúiseanna conspóideacha -ach seachain an mbeadh lucht an sparáin phoiblí míshásta le do chur chuige neamhspleách agus go bhfágfaí ar an ngannchuid thú dá bharr.

13% a raibh dearcadh ní ba spioradálta agaibh, a rá gur bhain an ealaín le cúrsaí an anama agus nár chóir ceisteanna neamhbhuana polaitíochta a lua léi.

Agus ar deireadh, cheap 9% agaibh nár chóir, mar go ndéanfadh an cur chuige engagé díluacháil ar mhianach na healaíne féin, is nach mbeadh inti dá bharr ach bolscaireacht fholamh.

Mo bhuíochas libh faoi bheith páirteach - tá ceist eile á réiteach ag Rannóg na bPobalbhreitheanna anseo sa ngarraí agus beidh sí á foilsiú gan mórán achair.

3 comments:

  1. Cé hé Johnny Morgan in aon chor? Fear ullmhú na bpobalbhreitheanna?

    ReplyDelete
  2. Féach an chéad iontráil riamh sa mblag seo agus freagrófar do sheist, a Shéamais!

    ReplyDelete
  3. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete