Monday 6 April 2009

An Crith Talún san Iodáil


Is tubaisteach an scéala atá tagtha chomh fada linn ón Iodáil le ceithre huaire fichead anuas. Tá sé píosa fada, sílim, ó buaileadh tír ar bith de chuid an Aontais Eorpaigh le crith talún chomh mór leis an gceann a bhuail cathair L'Aquila aréir.

Níor sheas mé riamh sa mbaile sin, ach ón gcur síos atá léite agam faoi inniu, sílim go dtaitneodh sé go mór liom mar bhaile - sráideanna caola, meánaoiseacha, ealaín chuile áit.

Tá cion agam ar an Iodáil agus ar na hIodáiligh. Tá an Iodáilis ar bharr Liosta na dTeangacha a Fhoghlaimeos Mé Nuair a Bheas Deis Agam. Dream oscailte, muinteartha iad.


Agus bí ag caint ar oidhreacht chultúrtha. Seo chugaibh cúpla íomhá a thóg mé agus mé ar cuairt ar Bhologna coicís ó shin. Níl an caighdeán ró-iontach - ar cheamara an fóin a thóg mé iad.

Viva Italia!

1 comment:

  1. Dhá chéad is a seacht maraithe go dtí seo, na créatúir bhochta - agus ar a laghad céad eile go dona tinn.

    ReplyDelete