Friday, 24 April 2009
Tiarnas an duine dhaonna
Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.
Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: "Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh."
Geineasas 1:26 - 28
Tá an ráiteas sin thuas, dar le James Lovelock, údar "The Vanishing Face of Gaia" ar cheann de na cúiseanna is mó a bhfuil an duine daonna imithe amú. An té a chreideann gur ar dheilbh Dé a cruthaíodh é, creideann sé go bhfuil sé ar leibhéal eile ó gach neach beo eile ar an bpláinéad. An té a chreideann go bhfuil sé de cheart aige tiarnas a bheith aige ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar an talamh, tá cead aige na neacha beo sin a úsáid chun a shástachta féin.
An neach a chreideann gur chóir dó a dhul i líonmhaire, an talamh a líonadh agus smacht a chur ar an talamh sin, déanfaidh sé scrios ar an talamh céanna sin faoina chosa ag deireadh thiar.
Is de bharr na tuisceana sin atá iasc na farraige ag éirí gann, go bhfuil an talamh ag éirí tirim, go bhfuil an spéir ag éirí salach, go bhfuil an t-oighear ag leá.
Ar ndóigh, mar a deir Lovelock, is é nádúr gach ainmhí a dhul i líonmhaire. Cuimhnigh ar ár gcara, an t-iora glas, mar shampla. Tugadh an t-ainmhí sin chun na tíre seo am éicint i gcaitheamh na naoú haoise déag ó Mheiriceá, le bheith mar mhaisiúchán ar eastát boic mhóir eicint i lár tíre. Bhí an t-iora glas torthach, mar a bhíonn ainmhí ar bith a mbíonn an deis sin aige. Chuaigh sé i líonmhaire. Ach de bharr nár bhain sé leis an gcóras nádúrtha a bhí th'éis forbairt anseo in Éirinn thar thréimhse fhada ama, ní raibh aon ainmhí ann a d'íosfadh é, agus a choinneodh é ó bheith ag éirí ró-líonmhar. Anois, tá an t-iora glas chuile áit a bhfuil crann ann in Éirinn. Tá an t-iora dúchasach rua curtha as riocht aige.
Is mar a chéile an scéal ag an duine daonna, ach ar scála i bhfad níos mó. Dar le Lovelock, is é an cumas sin a chúiseos an t-athrú tubaisteach atá romhainn - tubaiste a fheicfeas mo leithéid féin, atá ag druidim leis an leithchéad, le mo linn féin.
Tá súil le hOllmháthair na Cruinne agam (i gcead do MhiseÁine) nach bhfuil an ceart aige, ach feicim an chiall a bhaineann lena argóint....
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
N'fheadar an bhfuil sé baileach chomh simplí sin. Aontaíom go bhfuil tuar Lovelock réasúnta. Ach is róshimplíocht atá ann an locht a chuir ar an dtraidisúin Giúdach-Críostaí amháin.
ReplyDeleteMaidir leis an nath úd:
cead aige na neacha beo sin a úsáid chun a shástachta féin.Tá a mhalairt ann san traidisúin céanna; maorlathas seachas tiarnas tiarnúil atá i gceist.
Is cinnte go bhfuil gá againne san Iarthar an bealach ina mbaineann muid feidhm as acmhainní a scrúdu; ach níl an scéal baileach chomh simplí sin. Uaireanta cuireann feabhas ar mhion scála ar scéal as a riocht ar mhórscála.
Dúshlan ollmhór a bheidh ann.
San Iarthar? An bhfuil a fhios agat cad a dhéantar sa tSín? Sa Rúis? San Ind? Is sinne na daoine is fearr don domhain seo, a chara.
ReplyDeleteMaidir leis an meoin pagánach (bandia is ea Gaeia, dar ndóigh), is cúis iontais dom i gcónaí lucht 'mura mbeadh an cine daonna ann, bheadh an saol ní b'fhearr.' Seafóid.
Agus táimid difriúil ó na hainmhithe, buíochas le Dia.
Cé go bhfuil an Ind agus an tSín sna sála orainn, ar bhonn cloigneacha, is san Iarthar is measa atá an cheist, agus is san Iarthar is fearr is féidir gearradh siar ar cuir amú acmhainní.
ReplyDeleteAch, a Thadhg, sin mar atá - tá cumhacht againn ar na hainmhithe eile, agus ba cheart go mbeadh. Tá difear suntasach eadrainn, daoine daonna, agus ainmhithe, ach ná habair sin os ard le duine ar bith a bhfuil peata aige. Fosta, ní fheicim fadhb mhór a bheith ann le deireadh an domhain, má tharlaíonn sé - sin an fáth a bhfuilimid ann (le himeacht ón domhan seo) agus sílim go mbeadh sé i bhfad níb shuimiúla domsa go pearsanta dá dtarlódh deireadh an domhain uile le linn mo shaolsa.
ReplyDeletePhilip Cummings
Lá Philip a' chléite chughainn? Meas tú an ortsa a chuirfidh do bhean an locht?
ReplyDeleteBa bhreá liomsa James Lovelock agus Freeman Dyson a fheiceáil ag caint le chéile ar an ábhar seo! Is eolaithe iad beirt, de bunadh Breataine. Tá siad mórán an aois chéanna, agus chomh géar le snáthaid.
ReplyDeleteAgus ó chuid eile den leabhar céanna:
ReplyDelete"Téann siad go léir go dtí an áit chéanna; is den luaithreach iad uile agus iompóidh siad ina luaithreach arís. Cé ar eol dó an dtéann spiorad an duine suas nó an dtéann spiorad an ainmhí síos sa talamh? Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?"
Cóheilit 3:20-22
Ní deireadh an domhain, go baileach, atá á thuar ag Lovelock, ach deireadh na sibhialtachta atá thuas faoi láthair. Creideann sé go mairfidh dóthain daoine daonna le speiceas homo sapiens a choinneáil ag imeacht.
ReplyDeleteAgus leis an gceart a thabhairt do Lovelock, is i ndeireadh an leabhair, beagnach go drogallach, a luann sé cúrsaí creidimh, agus is ar bhealach séimh a tharraingíonn sé anuas an cheist. (Tá mé tar éis leatrom a dhéanamh ar an stíl urramach sin leis an gcaoi a chuir mé féin an smaoineamh lárnach seo in bhur láthair.)
An rud atá á rá aige, is rud conspóideach é - go bhfuil an cine daonna tar éis tús áite a thabhairt do chearta daonna thar gach rud eile, an córas éiceolaíochta ina maireann muid go mórmhór. Is furasta dúinn a bhfuil cónaí ag a bhformhór againn i ngnáthóg uirbeach a cheapadh go bhfuil muid scartha ar chaoi eicínt ó chóras nádúrtha an phláinéid - ach níl.
Maidir leis an méid a scríobh Séamas Poncán thuas, tagann an t-ainm Gaia ó mhiotaseolaíocht na Gréige - Gaia ab ea Dia an talaimh.
Luaitear teoiric Lovelock go minic le ngluaiseacht "phágánach" na Nua-Aoise, ach ní leis sin a bhaineann sé ach le saol fuarchúiseach na heolaíochta.
Is iomaí saothar agus togra eolaíochta eile ar baisteadh ainm miotaseolaíochta air - feachtas spáis Nasa, Apollo, cuir i gcás. Ní hionann sé sin a rá gur seafóid phágánach a bhain leis an togra.
Is fiú go mór leabhar Lovelock a léamh, nó ar a laghad ar bith breathnú ar an agallamh ar chuir Dennis a nasc faoinár mbráid an lá cheana.
Sin an rud faoi eolaíocht agus creideamh araon - is féidir mí fheidhm a bhaint astu chun crích eile ar fad.
ReplyDeleteIs fíor gur féidir léamh áirithe a bhaint as an tiarnas a bhronn Dia ar an gcine daonna chun cos ar bholg a imirt ar duine agus dúlra. Agus ní chun tairbhe duine ná dúlra é sin.
Ar an dtaobh eile, iad siúd a fhaigheann cúis i mallachta Naoi ar a mhac Shem chun cos ar bholg a imirt ar an gcuid sin den chine daonna atá gorm, gheobhaidh siad cúis eile i míléamha ar an eolaíocht, ag maíomh go bhfuil an chuid sin den chine a bhfuil cneas níos gile acu "níos fearr ar bhonn eolaíochta"
Ní mór a bheith cúramach, agus gach gné a chuir san áireamh, pé acu eolaíocht nádúrtha nó diagacht atá faoi chamáin.
Agus go mór mhór ní cheart col le dream, a mhaíonn go bhfuil siad a leanacht eolaí, muid a chosc ar an méid atá le rá ina réimse fhéin ag an t-eolaí!
Ham seachas Sem a bhí i gceist thuas.
ReplyDeleteFéach Gein 9:24
Aontaím nár cheart don gcine daonna mí-úsáid a bhaint as ár neart agus ár gcumhacht.
ReplyDeleteNí dóigh liom, mar shampla, go raibh cead ag Ámh na Éabh ainmhithe ná éisc a ithe ag an tús. Athraíodh na rialacha ina dhiaidh sin.D'ith Íosa Críost é féin iasc chomh fada agus is eol dom agus ba mhaith liom focal a bheith agam leis faoi sin nuair a fheicim é amach anseo...
Is é mo thuairimse ná go bhfuil bealaí níos sibhialta ag formhór mhuintir an iarthair (nach bhfuil ár bhformhór bocht) beatha maith folláin agus blasta a fháil seachas a bheith ag déanamh búistéireachta ar ainmhithe/éisc agus créatúirí eile a airíonn pian.
'is sinne na daoine is fearr ar domhain'!!! a deir Séamas Poncán thuas!!! 'Sinne' muintir an iarthair an ea? a mhaireann go breá compordach ar ár sáimhín só de bharr gur bhain, go mbaineann agus go mbainfidh muid úsáid as achmhainní i dtíortha eile an domhain beag beann ar chearta na ndaoine ar leo iad. Fuaimníonn 'na daoine is fearr ar domhain' cosúil le super race éigin, sin é a dúirt Hitler faoi na Gearmánaigh. Coinnimis guaim orainn féin!
ReplyDeleteDeir Lovelock gur gá aiste bia a dhéanfadh staonadh iomlán ón bhfeoil a tharraingt chugainn féin, mar go ngineann na milliúin is na milliúin beithíoch atá tugtha ar an saol againn an t-uafás CO2.
ReplyDeleteMaidir le cé hiad na daoine is fearr, is é an cineál sin argóna a chuir lenár gcuid trioblóidí, dar le Lovelock.
I dtreo dheireadh an leabhair samhlaíonn sé neach a thiocfadh orainn ón spás, a bhreathnódh siar ar an tsibhialtacht seo atá ar tí a teipthe, is a déarfadh "What a tragedy that the intelligent life that evolved on earth was a tribal carnivore".
An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
ReplyDeleteláithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.