
Chuir píosa an lae inné faoi na rannta mé ag cuimhniú ar an tréimhse a chaith mé ag obair leis na gasúir a bhí páirteach sa dlúthdhiosca, Gugalaí Gug! Bhí dhá ghrúpa i gceist - gasúir ó cheantar Indreabháin, a bhí ag freastal ag an am ar Scoil Sailearna, ceann de na bunscoileanna is mó i nGaeltacht Chonamara. An darna grúpa, bhain siad le ceann de na scoileanna is lú - Scoil an Chnoic i Leitir Mealláin. Naonúr gasúr a bhí ar na rollaí nuair a rinne muid an taifeadadh ann i 2005 agus bhí ceathrar acu sin i rang a sé. Dúnadh an scoil an bhliain dar gcionn, ceal scoláirí. Ní raibh an scoil i bhfad tar éis comóradh a dhéanamh ar chéad bliain a bunaithe agus leabhar breá foilsithe acu a chuir síos ar stair na scoile.
I bhFómhar na bliana 2005, d'eagraigh muid ócáid in Ionad Ealaíon an Ark, i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Is é an Ark an t-aon ionad cultúrtha in Éirinn, go bhfios dom, ar ealaín do pháistí amháin a bhíonn le feiceáil agus le cloisteáil ann.
Shocraigh mé naonúr Scoil an Chnoic a thabhairt aniar le ceolchoirm bheag a dhéanamh san Ark agus aird na hardchathrach a dhíriú ar "Gugalaí Gug!"
Tháinig cuid mhaith de na máithreacha linn don lá agus bhí an-scléip againn, agus Bláthnaid Ní Chofaigh mar bhean an tí don ócáid.
Duine de na gasúir ba mhó ar bhain mé féin agus an léiritheoir John Ryan taitneamh as a bheith ag obair léi ná an cailín beag ba óige ar fad sa scoil - Annabel Ní Chonghaile, a bhí ceithre bliana d'aois an uair a rinne muid an taifeadadh. (Creidim féin gur fiú luach Gugalaí Gug lena glóirín álainn a chloisteáil ag aithris "Tic Teaic Tiú, Péire bróga nua").
Ba é seo an chéad uair ag Annabel ar thuras traenach, agus más buan mo chuimhne, a céad chuairt ar Bhaile Átha Cliath. Ba mhór idir garrantaí beaga, bóithríní cúnga agus sconsaí cloiche na háite thiar agus an talamh réidh a bhí le feiceáil taobh thoir de Ghaillimh. Bhí Annabel ina suí trasna uaim agus muid ag sciúrdáil linn trí Churach Chill Dara. Bhain sí lán a súl as an bhfairsinge a bhí ag leathnú roimpí chaon taobh de na ráillí iarainn. Chas sí chuig a mam le hiontas "Breathnaigh a mhama!" a deir sí. "Garraí mór millteach!"