Wednesday 15 April 2009

Lá breithe Famous Seamus


Is breá liom an t-aitheantas atá faighte ag ealaín na filíochta le cúpla lá anuas agus muid ag déanamh ceiliúrtha ar an deich mbliana agus trí scór a bheith slánaithe ag Seamus Heaney. Forlíonadh san Irish Times, fadscannán faisnéise ar RTÉ aréir - léiriú é an t-aitheantas ar fad, creidim, ar an nádúr atá ag an Éireannach leis an bhfilíocht.

Tá ardfhilíocht á cumadh ag muintir na hÉireann ón séú haois i leith, ó aimsir na ndíthreabhach go dtí an lá atá inniu ann. Is cuid an-tábhachtach den traidisiún sin é Seamus Heaney - ginearál cúig réalta an "standing army of Irish poets" mar a thug Patrick Kavanagh ar an líon daoine a bhíonn ag plé, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, leis an ealaín anseo in Éirinn.

Fear é Heaney a bhfuil an-mheas aige ar an traidisiún fada Éireannach lena mbaineann sé agus ar an teanga inar cumadh cuid mhór den fhilíocht atá ar fáil sa traidisiún sin.

Bhí an méid seo le rá aige sa leabhar agallamh leis a chuir Dennis O'Driscoll le chéile faoin teideal "Stepping Stones" is a foilsíodh roimh Nollaig:

"I don't believe that faith in Irish as a language and a value is misplaced; the evidence suggests that it now inheres in the cultural imagination of anglophone Ireland as a vital element. The TV slogan about it may sound trite, but it does express a common enough attitude: it's 'part of what we are'. This isn't to say that the demographics are about to change in its favour; but a line will be held, and there will continue to be a small, small Irish-speaking population."

5 comments:

  1. Dá labhródh a leithéid Gaeilge as comhar na ndaoine, bheadh ní ba mhó ná mionlach á labhairt, b'fhéidir.

    ReplyDelete
  2. Chonaiceas fhéin an clár aréir agus do bhaineas ana thaitneamh as. Ní maith liom a chuid filíochta ach is maith liom an meon atá aige. Tá sé, agus do bhí sé dílis dá ceardaíocht.

    Is fearr liom fhéin filíocht níos simplí, stíl Rumi nó Hafiz.

    Aige baile faoi láthair, bhí turas deas agam go dtí Oilean Cléire (accurately translated as Cape Clear Island!!!!!?), an fharraige, an ciúnas, gan glas ar na dóirse, agus eochracha sna cairt.

    Ag dul go dtí an Cúinne anocht, chun bualadh le cúpla gaelgeóir.

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir, a Shéamais - ach ní hé is measa. Tugann sé aitheantas don Ghaeilge go minic. Bhí mé ag obair i bPáras, cuir i gcás, le RTÉ ag deireadh na naochaidí ag féile mhór ealaíon ó Éirinn a raibh "L'Imaginaire Irlandais" mar theideal air. Bronnadh gradam ar Heaney le linn na féile "Ordre Des Chevaliers" nó ceann de na rudaí sin. I nGaeilge a labhair sé i dtosach an lá sin.

    An bhfaca tú fáinleog ar bith i gCléire, a Bhriain? An-áit do lucht faire na n-éanacha, creidim - ní raibh mé ann mé féin riamh. Ar ndóigh, bhí fáinleog na Fraince le bheith ann chomh maith....

    ReplyDelete
  4. Bhí lá agus oíche ana dheas agam leis an t-éan a tháinig ón bhFrainc. Is aoibhinn liom an ngrá. Chonaiceamar alán faoilean agus a leithéid, agus tá an t-Oilean do-chreithe.

    Ní raibheas ag féachaint amach dos na fáinleoigí mórán a Thaidhg, bhíos ag faire ar an cailín ón bhFrainc. Ahhh is breá liom í, ach caithfidh mé scaolieadh lei. Tá sí ag déanamh turas timpeall na hEirinn ag 'Wwooff-áil'.

    Ag féachaint ar Daithí O Sé faoi láthair.

    Measaim gur scríobh Rumi agus Hafiz ón gcroí. Bhí tuiscuint faoi leith ag Rumi. Ba bhreá le Rumi bheith ag rinnce agus ní raibh paoinn suim aige sa scríobhneoireacht, ach is é ag rinnce thiteach na focail amach as a bhéal. Scríobh na scoláirí na dánta síos.

    Níl mórán eolas agam faoi Famous Seamus ach measaim gur is í an intellect go mór mór atá sna dánta aige. Ba bhfearr liom fhéin léamh faoin anam.

    ReplyDelete
  5. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete