Tuesday 28 April 2009

Annabel agus Curach Chill Dara



Chuir píosa an lae inné faoi na rannta mé ag cuimhniú ar an tréimhse a chaith mé ag obair leis na gasúir a bhí páirteach sa dlúthdhiosca, Gugalaí Gug! Bhí dhá ghrúpa i gceist - gasúir ó cheantar Indreabháin, a bhí ag freastal ag an am ar Scoil Sailearna, ceann de na bunscoileanna is mó i nGaeltacht Chonamara. An darna grúpa, bhain siad le ceann de na scoileanna is lú - Scoil an Chnoic i Leitir Mealláin. Naonúr gasúr a bhí ar na rollaí nuair a rinne muid an taifeadadh ann i 2005 agus bhí ceathrar acu sin i rang a sé. Dúnadh an scoil an bhliain dar gcionn, ceal scoláirí. Ní raibh an scoil i bhfad tar éis comóradh a dhéanamh ar chéad bliain a bunaithe agus leabhar breá foilsithe acu a chuir síos ar stair na scoile.

I bhFómhar na bliana 2005, d'eagraigh muid ócáid in Ionad Ealaíon an Ark, i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Is é an Ark an t-aon ionad cultúrtha in Éirinn, go bhfios dom, ar ealaín do pháistí amháin a bhíonn le feiceáil agus le cloisteáil ann.

Shocraigh mé naonúr Scoil an Chnoic a thabhairt aniar le ceolchoirm bheag a dhéanamh san Ark agus aird na hardchathrach a dhíriú ar "Gugalaí Gug!"

Tháinig cuid mhaith de na máithreacha linn don lá agus bhí an-scléip againn, agus Bláthnaid Ní Chofaigh mar bhean an tí don ócáid.

Duine de na gasúir ba mhó ar bhain mé féin agus an léiritheoir John Ryan taitneamh as a bheith ag obair léi ná an cailín beag ba óige ar fad sa scoil - Annabel Ní Chonghaile, a bhí ceithre bliana d'aois an uair a rinne muid an taifeadadh. (Creidim féin gur fiú luach Gugalaí Gug lena glóirín álainn a chloisteáil ag aithris "Tic Teaic Tiú, Péire bróga nua").

Ba é seo an chéad uair ag Annabel ar thuras traenach, agus más buan mo chuimhne, a céad chuairt ar Bhaile Átha Cliath. Ba mhór idir garrantaí beaga, bóithríní cúnga agus sconsaí cloiche na háite thiar agus an talamh réidh a bhí le feiceáil taobh thoir de Ghaillimh. Bhí Annabel ina suí trasna uaim agus muid ag sciúrdáil linn trí Churach Chill Dara. Bhain sí lán a súl as an bhfairsinge a bhí ag leathnú roimpí chaon taobh de na ráillí iarainn. Chas sí chuig a mam le hiontas "Breathnaigh a mhama!" a deir sí. "Garraí mór millteach!"

8 comments:

  1. Is maith liom an pictiúr nua ag barr an leathanaigh, cá bhfuil sé sin?

    ReplyDelete
  2. Tá sé ar fáil sa leabhar "Gugalaí Gug" - caith súil ar http://www.futafata.com/GugalaiGug.html

    ReplyDelete
  3. Níl a fhios agam an é an cuan sa ghrianghraf a bhí i gceist ag Réiltín, ach sin í an cheist atá agamsa ort.

    ReplyDelete
  4. Ah - mo leithscéal! Thóg mé an pictiúr sin le ceamara mo ghutháín phóca agus muid ag fágáil slán le hInis Bó Finne. Ar dheis, tá fothrach álainn mainistreach le feiceáil - téann an bád thairis le teacht chuig céibh an oileáin.

    ReplyDelete
  5. Tá teach ag mo chara Réamonn Ó Cléirigh in Litir Mealláin. Caitheann sé cúpla mí ann gach samhradh.

    ReplyDelete
  6. Grma Dennis, sin a bhí i gceist agam. Wow, tá Inis Bó Finne go hálainn, beidh orm dul ann lá breá éigin! Dála an sc, a Thaidhg, tá Gugalaí Gug agam ach ní cuimhim liom an pictiúr sin, beidh orm breathnú air athuair. Togha leabhair, comhghairdeas!

    ReplyDelete
  7. Tá sé go hálainn, a Réailtín. Bhí an t-ádh orainne é a fheiceáil agus an ghrian ag scalladh, ach tá leagan amach an oileáin go hálainn - cuan breá foscaithe ina chroí-lár agus an fothrach sin ag béal an chuain. Is fiú cuairt a thabhairt air, cinnte!

    ReplyDelete
  8. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete