Wednesday 1 April 2009

Móitífeanna

Tá a fhios agaibh an chaoi go mbíonn móitífeanna ann go hidirnáisiúnta i seanscéalta ó thraidisiúin éagsúla? Scéalta éagsúla ina ndúisítear cailín ó chodladh an bháis le póg, cuir i gcás? Tá an Fhiannaíocht lán de mhóitífeanna a bhaineann le pátrúin éagsúla i saol na laochra.

Bhuel, tá mé ag cur Gaeilge ar leabhar do pháistí faoi láthair, leabhar faoi chúrsaí creidimh ar fud na cruinne. Tá mé ag dul siar anois ar an rannóg a bhaineann leis an Hiondúchas, ag seiceáil nach bhfuil barrchleite amach nó bunchleite isteach ó thaobh na teanga de.

Tá cur síos ann ar nósanna éagsúla de chuid an chreidimh. Ceann acu ná an nós atá ann i gcaitheamh na féile Divali coinnle a chur i bhfuinneog an tí, le cúnamh a thabhairt don dia Rama agus a bhean a mbealach a dhéanamh abhaile slán sábháilte. Tá sé sin an-chosúil leis an nós a bhí againn féin agus muid beag coinneal a lasadh sa bhfuinneog Oíche Nollag, leis an mbealach a lasadh do Mhuire agus do Iosaf agus iad ar a mbealach go Beithil. Níorbh cuid den chreideamh "oifigiúil" an nós sin - ach caithfidh go bhfuil gaol idir é agus an nós Hiondúch - meas sibh?

5 comments:

  1. Ar bhuail tú riamh leis an leabhar seo?

    "Celts and Aryans: Survivals of Indo-European Speech and Society", le Myles Dillon, Simla (1975)

    Is oth liom a rá nach raibh a fhios agam go raibh do blog ann go dtí inniu. Rinne mé é a leabharmharcáil!

    ReplyDelete
  2. Níor chuala mé caint ar an leabhar sin cheana, a Dennis. Caithfidh mé fiosrú le Leabharlann an Spidéil, féachaint an bhféadfadh siad fios a chur ar an leabhar amach as an gcóras lárnach. Leabharlann bheag atá ar an sráidbhaile anseo, ach cuirtear an-tseirbhís ar fáil inti.

    ReplyDelete
  3. bheuil, neadar mar gheall ar sin.

    Is fíor nách bhfuil alán ar eolas agam faoin mythology, seachas scéalta na bhFianna a chuala mé ar scoil.

    An nasc atá tú ag iarraidh déanamh idir mythology Eirineach agus an Inde, bheuil, neadar faoi sin.

    Ar chonaicais an scannán zeitgeist?

    http://www.zeitgeistmovie.com/

    Cuireann an scannán seo síos ar an tslí ina bhfuil gach creideamh ag cothú a chuid mythology fhéin.

    An ceist a chuirim ort.......an bhfuil tú ag lorg an fhírinne sa seana mythology?

    ReplyDelete
  4. Ní miotaseolaíocht atá i gceist agam go baileach, a Bhriain, ach nósmhaireacht. Sa dá thraidisiún atá luaite agam, tá pearsa naofa á threorú ar aistear le coinneal atá lasta i bhfuinneog an tí - sin cosúlacht an-suntasach, feictear dom. Ó tharla gur nósmhaireacht de chuid an phobail seachas cuid de dheasghnátha oifigiúla na hEaglaise Caitlicí, rith sé liom go mb'fhéidir go raibh bunús an-ársa leis agus go mb'fhéidir gur eascair an dá nós ón bhfoinse chéanna i bhfad, i bhfad siar.

    Caithfidh mé súil a chaitheamh ar Zeitgeist - mo bhuíochas leat faoin eolas.

    ReplyDelete
  5. Ceartú beag ar an méid thuas: Ó tharla gur nósmhaireacht de chuid an phobail seachas cuid de dheasghnátha oifigiúla na hEaglaise Caitlicí atá i gceist...

    ReplyDelete