Sunday 12 April 2009

Lá gréine i gCois Fharraige - stop press!


Tá seanchas ag muintir Árann go mbíonn an ghrian ag damhsa le háthas sa spéir Domhnach Cásca. Níl a fhios agam an bhfuil dream ar bith ach muintir Árann in ann an radharc seo a fheiceáil - b'fhéidir fiú nach mbaineann sé ach leis an dream a dtugann muintir na n-oileán féin "muintir Árann" orthu - sin iad pobal an oileáin is mó den trí cinn atá le feiceáil agam ó m'fhuinneog anseo sa ngarraí. Níl a fhios agam ach oiread an ndéanann an ghrian an damhsa áthais Domhnach Cásca ar bith a mbíonn sí clúdaithe ag na scamaill. Ar aon chaoi, bíodh an ghrian ag damhsa os cionn na nÁrannach nó ná bíodh, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil sí le feiceáil agus go bhfuil sí ag scalladh anuas ar an ngarraí agus ar Chois Fharraige ar fad.

Cáisc mhaith agaibh, a chlann, cibé cén áit a bhfuil sibh féin.

6 comments:

  1. Go mba hé duit!

    ReplyDelete
  2. Ní déarfainn go raibh sí ag damhsa le háthas anseo i dTír Eoghain, ach bhí sí ag súgradh folach bíog fríd na scamaill i rith an lae.

    ReplyDelete
  3. Bhí boc éigin as Amsterdam ag rá i bpáipéar inniu nach bhfaigheann muid ár ndóthain vitimín D anseo in Éirinn (quelle surprise), ceal gréine (faightear vitimín D ón ngrian, nó ó iasc, ola éisc, bia déiríochta...).

    Agus nach féidir ach timpeall 15% den gcalcium a iteann muid a shúigh isteach sa gcóras gan vitimín D.

    Rinne mise cinneadh inniu an bainne sin le vitimín D breise ann a cheannacht as seo amach, mar nach scairteann an ghrian leath a ndóthain anseo i gCois Fharraige agus nach bhfuilim ag iarraidh a bheith ar an mbean as beirt Éireannach a fhaigheann oistéapóróis.

    ReplyDelete
  4. Bhí mé in Inis Oírr don deireadh seachtaine agus nuair a bhreathnaigh mé amach tríd an bhfuinneog luath maidin Dómhnaigh ní raibh ach ceo trom le feiceáil. Ghlan an ceo tar éis tamaill agus go deimhin thosaigh an ghrian ag damhsa. Bhí gliondar uirthi agus tuige nach mbeadh

    ReplyDelete
  5. Féadfaidh muid glacadh leis mar sin nach leis an oileán mór amháin a bhaineann an rud seo. Tá súil agam gur thapaigh tú an deis, a Réailtín, bleaist vitimín D a fháil ó na gathanna gréine a bhí ag tuirlingt ar Inis Oírr...

    ReplyDelete
  6. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete